Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin A hAthghairmtear.)

1 1956


Uimhir 1 de 1956.


AN tACHT CHUN ONNMHAIRE A RIALÚ (FORÁLA SEALADACHA), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN ONNMHUIRIÚ EARRAÍ SEACHAS TÁIRGÍ TALMHAÍOCHTA AGUS IASCAIGH A RIALÚ AR FEADH TRÉIMHSE TORANTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [9 Feabhra, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

folaíonn “onnmhuiriú” onnmhuiriú earraí a tugadh isteach sa Stát lena dtarloingsiú, pé acu faoi bhanna nó ar shlí eile é;

ní fholaíonn “earraí” táirge talmhaíochta ná táirge iascaigh mar mínítear iad sin in alt 1 den Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Uimh. 18 de 1947) ;

ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna eisíúint faoi ordú faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Toirmeasc ar earraí d'onnmhuiriú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is cuí leis, onnmhuiriú earraí d'aon tsórt sonraithe, ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais, a thoirmeasc le hordú, faoi réir pé eisceacht, más aon eisceacht é, is oiriúnach leis.

(2) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Gnóthaí Eachtracha, onnmhuiriú earraí d'aon tsórt sonraithe go dtí ceann scríbe sonraithe, ach amháin faoi réim agus do réir cheadúnais, a thoirmeasc le hordú, faoi réir pé eisceacht, más aon eisceacht é, is oiriúnach leis.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo foráil a dhéanamh i dtaobh pé nithe eile is dóigh leis an Aire is gá chun a thabhairt go ndéanfar an t-ordú d'oibriú agus a chur i bhfeidhm go cuí.

(4) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

(5) Scoirfidh ordú faoin alt seo d'éifeacht a bheith aige i gceann dhá mhí dhéag óna thosach feidhme.

(6) Gach ordú a déanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, tráth ar bith le linn an t-ordú sin a bheith i bhfeidhm, rún a rith ag neamhniú an orduithe sin, beidh an t-ordú sin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin.

Ceadúnais.

3. —(1) Féadfaidh an tAire dá rogha féin ceadúnas d'eisiúint nó a dhiúltú.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis agus a shonrós sé sa cheadúnas a chur ag gabháil le ceadúnas.

(3) Féadfaidh an tAire ceadúnas a chúlghairm.

(4) Gach duine a dhéanfas, d'fhonn ceadúnas d'fháil dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó faisnéis is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phone ábhartha beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(5) Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo.

Cumhachta an Aire d'aistriú chun Aire eile.

4. —(1) Féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, na cumhachta uile a bheirtear don Aire leis an Acht seo d'aistriú chun Aire eile agus a dhílsiú ann, chomh fada agus atá feidhm nó baint ag na cumhachta sin maidir le haon earraí áirithe a sonraítear san ordú sin.

(2) Aon uair a bheas cumhachta an Aire faoin Acht seo maidir le haon earraí áirithe dílsithe de thuras na huaire in Aire eile de bhuaidh orduithe faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Rialtas le hordú na cumhachta sin d'athaistriú chun an Aire agus d'athdhílsiú ann, chomh fada agus atá feidhm nó baint ag na cumhachta sin maidir leis na hearraí áirithe sin.

(3) Féadfaidh an Rialtas tráth ar bith le hordú aon ordú a rinneadh roimhe sin faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a leasú.

(4) Aon uair a bheas, agus an fhaid a bheas, na cumhachta a bheirtear don Aire leis an Acht seo, chomh fada agus atá feidhm nó baint acu maidir le haon earraí áirithe, dílsithe in Aire eile de bhuaidh orduithe faoin alt seo, ansin, déanfar na tagairtí atá in ailt 2 agus 3 den Acht seo don Aire d'fhorléiriú maidir leis na hearraí áirithe sin mar thagairtí don Aire ina mbeidh na cumhachta sin dílsithe amhlaidh.

(5) Ní dhéanfaidh aon aistriú ná athaistriú cumhacht faoin alt seo dochar ná difir do bhailíocht, d'oibriú ná do ré feidhme aon orduithe ná aon ruda a bheas déanta i bhfeidhmiú na gcumhacht sin roimh an aistriú nó an athaistriú sin (pé acu é) ag an Aire ina raibh na cumhachta sin dílsithe de thuras na huaire, agus forléireofar tagairtí in aon ordú den tsórt sin don Aire a rinne an t-ordú sin, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí don Aire ina mbeidh na cumhachta sin dílsithe de thuras na huaire.

Caiteachais.

5. —Déanfar na caiteachais uile faoina raghaidh an tAire nó aon Aire eile faoin Acht seo d'íoc, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

6. —(1) Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

(2) Tiocfaidh fo-alt 1 den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1956.

Gearrtheideal agus ré feidhme

7. —(1) Féadfar an tAcht chun Onnmhaire a Rialú (Forála Sealadacha), 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Leanfaidh an tAcht seo i bhfeidhm go ceann tréimhse trí mblian agus raghaidh in éag ansin.