|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.) |
[EN] | ||
Uimhir 3 de 1956. | ||
[EN] |
AN tACHT DÍOBHÁLA MARFACHA, 1956. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE FEABHSAITHE CHUN CÚITEAMH A DHÉANAMH LE COMHALTAÍ TEAGHLAIGH AON DUINE A MARAÍTEAR LE GNÍOMH ÉAGÓRACH NÓ LE MAINNEACHTAIN DUINE EILE. [14 Feabhra, 1956.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Tosach feidhme. |
1. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an chéad lá d'Aibreán, 1956. |
[EN] | (2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le bás aon duine roimh thosach feidhme an Achta seo. | |
[EN] |
Minithe. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “cleithiúnaí”, maidir le duine ar gníomh éagórach, faillí nó mainneachtain ba chúis lena bhás, aon chomhalta de theaghlach an éagaigh ar bhain cailliúint dó; | |
[EN] | ciallaíonn “comhalta den teaghlach” bean chéile, fear céile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua, banua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar, deirfiúr leasghaolmhar; | |
[EN] | folaíonn “gníomh éagórach, fáillí nó mainneachtain” coir. | |
[EN] | (2) Nuair a bheas aon ghaolmhaireacht á rianú chun críocha an Achta seo— | |
[EN] | (a) measfar gur sliocht dlisteaneach an uchtóra nó na n-uchtóirí duine a huchtaíodh faoin Acht Uchtála, 1952 (Uimh. 25 de 1952) ; | |
[EN] | (b) faoi réir míre (a), measfar gur sliocht dlisteanach a mháthar agus a athar thoimhdean duine mídhlisteanach; | |
[EN] | (c) duine atá in loco parentis do dhuine eile, measfar gurb é tuismitheoir an duine eile sin é. | |
[EN] |
Caingean más gníomh éagórach, faillí nó mainneachtain ba chúis le bás duine. |
3. —(1) Más é ba chúis le bás duine gníomh éagórach, faillí nó mainneachtain duine eile de shaghas a bhéarfadh teideal don pháirtí a díobháladh, mura mbeadh a bhás, caingean a shuíomh agus damáistí a ghnóthú ina leith, dlífear caingean i leith damáistí a thionscnamh i gcoinne an duine a bheadh faoi dhliteanas amhlaidh ar mhaithe le cleithiúnaithe an éagaigh. |
[EN] | (2) Ní féidir ach an t-aon chaingean amháin a thionscnamh i leith an bháis. | |
[EN] | (3) Féadfaidh ionadaí pearsanta an éagaigh an caingean a thionscnamh nó más rud é, i gceann sé mhí tar éis an bháis, nach mbeidh aon ionadaí pearsanta ann nó nach mbeidh an t-ionadaí pearsanta tar éis aon chaingean a thionscnamh, féadfaidh gach duine nó aon duine de na cleithiúnaithe é a thionscnamh. | |
[EN] | (4) Is caingean ar mhaithe leis na cleithiúnaithe uile an caingean, pé duine a thionscnós é. | |
[EN] | (5) Bhéarfaidh an gearánaí don chosantóir sonraí an duine nó na ndaoine a bhfuil an caingean á thionscnamh dó nó dóibh agus thar a cheann nó thar a gceann, agus sonraí an chineál éilimh a bhfuiltear ag iarraidh damáistí a ghnóthú ina leith. | |
[EN] | (6) Tosnófar an caingean laistigh de thrí bliana tar éis an bháis. | |
[EN] |
Damáistí. |
4. —(1) Is é a bheas sna damáistí faoi alt 3 méid iomlán pé suimeanna is dóigh leis an ngiúiré nó leis an mbreitheamh, do réir mar bheas, a bheith i gcomhréir leis an díobháil a bhain de dheasca an bháis do gach duine de na cleithiúnaithe, faoi seach, ar tionscnadh an caingean dó nó thar a cheann, agus luafar ar leithligh sa dámhachtain gach suim acu sin. |
[EN] | (2) Ina theannta sin, féadfar damáistí a dhámhachtain i leith costas adhlaicthe agus costas eile faoina ndeachaigh an t-éagach, na cleithiúnaithe nó an t-ionadaí pearsanta, iarbhír, mar gheall ar an ngníomh éagórach, an fhaillí nó an mhainneachtain. | |
[EN] | (3) Nuair a bheas cosantóir ag íoc airgid isteach sa chúirt i leith an chaingin, is leor dó é d'íoc in aon tsuim amháin mar chúiteamh do na cleithiúnaithe uile gan é a chionroinnt eatorthu. | |
[EN] | (4) Déanfar an tsuim a gnóthófar sa chaingean a roinnt, tar éis na costais nár gnóthaíodh ón gcosantóir a bhaint di, ar na daoine a bheas ina teideal, i pé scaireanna a bheas cinnte ag an ngiúiré nó ag an mbreitheamh, do réir mar bheas. | |
[EN] |
Suimeanna nach gcuirfear san áireamh le linn damáistí a mheasúnú. |
5. —Nuair a beifear ag measúnú damáistí faoin Acht seo, ní cuirfear san áireamh— |
[EN] | (a) aon tsuim dob iníoctha ar bhás an éagaigh faoi aon chonradh árachais, | |
[EN] | (b) aon phinsean, aisce ná sochar eile dá samhail dob iníoctha faoi reacht nó eile de bhíthin báis an éagaigh. | |
[EN] |
An chúis chaingin do mharthain i ndiaidh báis. |
6. —(1) Ní dliteanas air féin amháin dliteanas aon duine faoin Acht seo, ná ní chuirfidh a bhás deireadh leis an dliteanas ach leanfaidh sé tar éis a bháis agus beidh ina dhliteanas ar a eastát réadach agus pearsanta amhail mar bheadh, agus leis an tosaíocht chéanna lena mbeadh, fiach nó dliteanas eile faoi chonradh simplí, agus féadfar imeachta faoin Acht seo a thionscnamh i gcoinne a ionadaí phearsanta ina leith. |
[EN] | (2) Ní raghaidh imeachta a tionscnófar i gcoinne aon duine faoin Acht seo ar ceal ar é d'fháil bháis, ach féadfar leanúint díobh i gcoinne a ionadaí phearsanta. | |
[EN] |
Bás de dheasca feithicil Stáit a bheith á tiomáint go faillíoch. |
7. —(1) Más é ba chúis le bás duine feithicil inneallghluaiste leis an Stát a bheith á tiomáint, á hionramháil nó á rialú go faillíoch, dlífear caingean i leith damáistí faoin Acht seo ar mhaithe le cleithiúnaithe an éagaigh a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais. |
[EN] | (2) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfar na himeachta a thionscnamh i gcoinne an Aire Airgeadais, gan fiat an Ard-Aighne d'fháil. | |
[EN] | (3) Gach pléadáil i gcosaint a bheadh inúsáidte ag máistir ar a n-agrófaí damáistí i leith faillí a sheirbhísigh (lena n-áirítear pléadáil go ndearnadh faillí rannpháirteach agus, freisin, pléadála á aighniú nach i gcúrsa a fhostaíochta a bhí an duine ag gníomhú a bhfuiltear ag éileamh na ndamáistí i leith a fhaillí), beidh sí inúsáidte ag an Aire Airgeadais agus, má cruthaítear í, is cosaint mhaith í amhail is dá mba é an tAire máistir an duine sin iarbhír. | |
[EN] | (4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun aon duine a shaoradh ó dhliteanas i leith cailliúna a bhain dó de dheasca a fhaillí féin. | |
[EN] |
Oiriúnú tagairtí d'Achta athghairmthe. |
8. —Forléireofar mar thagairt don Acht seo tagairt in aon achtachán do na Fatal Accidents Acts, 1846 to 1908, nó d'aon cheann acu. |
[EN] |
Athghairm. |
9. —Athghairmtear leis seo na hachtacháin dá dtagartar sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a mhéid a sonraítear i gcolún (3). |
[EN] |
Gearrtheideal. |
10. —Féadfar an tAcht Díobhála Marfacha, 1956 , a ghairm den Acht seo. |