An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1956) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

5 1956

AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1956

AN CHEAD SCEIDEAL.

Forála ag a mbeidh éifeacht maidir le Saosúr Díola.

Alt 2.

1. Sa Sceideal seo—

ciallaíonn “an saosúr díola” an saosúr díola a ceapfar leis an ordú iomchuí faoi alt 2 den Acht seo;

ciallaíonn “cruithneacht” cruithneacht dúchais inmheilte a baineadh sa bhliain a rinneadh an t-ordú sin;

ciallaíonn “ceannaitheoir údaraithe cruithneachtan” duine dár húdaraíodh leis an ordú sin cruithneacht a cheannach ó fhásóir na cruithneachtan sin;

ciallaíonn “gníomhaire ceadúnaithe” duine dár húdaraíodh le ceadúnas faoin ordú sin gníomhú mar ghníomhaire chun cruithneacht a cheannach.

2. (1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, i rith an tsaosúir dhíola, aon chruithneacht a dhíol ná a thairiscint chun a díolta, mar chruithneacht síl a tiormaíodh go saorga, mura rud é—

(a) nár mhó ná sé déag faoin gcéad taisleach na cruithneachtan tráth a díolta, agus

(b) gur choimeád sé an chruithneacht stóráilte mar ba cheart.

(2) Mura bhfuil taisleach cruithneachtan tráth a díolta níos mó ná an cúigiú cuid d'aon faoin gcéad thar sé déag faoin gcéad, déanfar chun críche fo-mhíre (1) den mhír seo í d'áireamh an tráth sin mar shé déag faoin gcéad.

(3) Ní dhéanfaidh duine ar bith, i rith an tsaosúir dhíola, aon chruithneacht ar lú ná ochtó a hocht faoin gcéad a cothrom ginte de thuras na huaire a dhíol, ná a thairiscint chun a díolta, mar shíol.

3. Ní dhéanfaidh duine ar bith, i rith an tsaosúir dhíola, aon chruithneacht ná táirge aon chruithneachtan a mhalairtiú ar aon earra eile ná aon earra eile a mhalairtiú ar aon chruithneacht ná ar tháirge aon chruithneachtan.

4. (1) Féadfaidh cigire dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh a mbeidh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint go bhfuil cruithneacht stóráilte ann, chun a díolta nó eile, agus aon chruithneacht san áitreabh sin d'iniúchadh.

(2) Déanfaidh gach duine is únaer ar aon ghnó, nó atá ar fostú i ndáil le haon ghnó, atá ar siúl in áitreabh ar bith ina bhfuil cruithneacht stóráilte, chun a díolta nó eile, gach saoráid réasúnach a thabhairt do chigire chun aon stoic chruithneachtan san áitreabh d'iniúchadh agus a thomhas.

5. (1) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, fógra a sheirbheáil ar aon cheannaitheoir údaraithe cruithneachtan á cheangal air pé taifid a choimeád a sonrófar sa bhfógra i dtaobh cruithneacht a cheannós sé agus a dhíolfas sé.

(2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, fógra a sheirbheáil ar aon ghníomhaire ceadúnaithe á cheangal air pé taifid a choimeád a sonrófar sa bhfógra i dtaobh cruithneacht a ceannófar agus arb eisean an gníomhaire ina leith.

(3) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, fógra a sheirbheáil ar aon cheannaitheoir údaraithe cruithneachtan á cheangal air tuairisceáin tréimhsiúla nó tuairisceáin eile, ina mbeidh pé sonraí a sonrófar sa bhfógra, a thabhairt don Aire, pé trátha a sonrófar ann, i dtaobh cruithneacht a cheannós sé agus a dhíolfas sé.

(4) Féadfaidh an tAire, aon uair agus gach uair is oiriúnach leis é, fógra a sheirbheáil ar aon ghníomhaire ceadúnaithe á cheangal air tuairisceáin tréimhsiúla nó tuairisceáin eile, ina mbeidh pé sonraí a sonrófar sa bhfógra, a thabhairt don Aire, pé trátha a sonrófar ann, i dtaobh cruithneacht a ceannófar agus arb eisean an gníomhaire ina leith.

(5) Féadfaidh fógra faoi fho-mhír (3) nó fo-mhír (4) den mhír seo a cheangal gur i bhfoirm a sonrófar sa bhfógra a bheas aon tuairisceán a bhéarfar dá réir.

(6) Nuair a seirbheálfar fógra faoin mír seo ar dhuine ar bith, déanfaidh sé do réir an fhógra.

(7) Féadfaidh cigire gach taifead a coimeádfar de bhun fógra faoin mír seo d'iniúchadh gach tráth réasúnach agus bhéarfaidh an duine a dhlífeas an taifead a choimeád, agus gach duine ar fostú aige, an taifead ar aird lena iniúchadh nuair a héileofar sin agus fós gach forcuntas, nóta coinsíneachta, admháil agus doiciméad eile (lena n-áirítear cóipeanna díobh sin mura mbeidh na cinn bhunaidh ar fáil) a éileos an cigire do réir réasúin d'fhonn aon taifead d'fhíorú nó aon easnamh ar an taifead a mhíniú.