An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FORAOISEACHTA, 1956)

6 1956

AN tACHT FORAOISEACHTA, 1956

AN SCEIDEAL.

Míreanna a cuirtear isteach in alt 17 den Príomh-Acht.

Alt 2.

Cuid I.

Mír a cuirtear isteach i ndiaidh míre (a) d'fho-alt (2).

(aa) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de thrí mhí tar éis cinneadh críochnaitheach an chúitimh, iarratas chun an Aire á iarraidh an cúiteamh d'íoc leis agus—

(i) gur deimhin leis an Aire go raibh sealúchas an leasa sin ag an duine sin ar feadh tréimhse leanúnaí nár lú ná sé bliana díreach roimh an dáta dílsithe,

(ii) gur deimhin leis an Aire nach féidir leis an duine sin cúiteántas éifeachtach a thabhairt sa chúiteamh, agus an cúiteamh á áireamh chun na críche sin mar thoradh as an leas sin a dhíol díreach roimh an dáta dílsithe, nó nach bhféadfadh sé sin a dhéanamh ach ar chostas iomarcach,

(iii) go dtabharfaidh an duine sin don Aire pé fianaise i dtaobh a theidil chun an leasa sin is réasúnach leis an Aire, agus

(iv) gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do na himthosca uile, gur cóir an cúiteamh d'íoc de bhun na míre seo,

íocfaidh an tAire an cúiteamh leis an duine sin.

CUID II.

Mír a cuirtear isteach i ndiaidh míre (a) d'fho-mhír (4).

(aa) i gcás ina ndéanfaidh duine ar bith, laistigh de thrí mhí tar éis an dáilithe sin, iarratas chun an Aire á iarraidh an tsuim sin d'íoc leis agus—

(i) gur deimhin leis an Aire go raibh sealúchas an leasa sin ag an duine sin ar feadh tréimhse leanúnaí nár lú ná sé bliana díreach roimh an dáta dílsithe,

(ii) gur deimhin leis an Aire nach bhféadfadh an duine sin cúiteántas éifeachtach a thabhairt sa tsuim sin, agus an tsuim sin á háireamh chun na críche sin mar ghlantoradh as an leas sin a dhíol díreach roimh an dáta dílsithe, nó nach bhféadfadh sé sin a dhéanamh ach ar chostas iomarcach,

(iii) go dtabharfaidh an duine sin don Aire pé fianaise i dtaobh a theideal chun an leasa sin is réasúnach leis an Aire, agus

(iv) gurb é tuairim an Aire, ag féachaint do na hiomthosca uile, gur cóir an tsuim sin d'íoc de bhun na míre seo,

íocfaidh an tAire an tsuim sin leis an duine sin.