An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956) Ar Aghaidh (CUID II. Oifigigh Inphinsin.)

10 1956

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 , a ghairm den Acht seo.

Léiriú.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1925” an t Acht Rialtais Áitiúil, 1925 (Uimh. 5 de 1925) ;

ciallaíonn “Acht 1948” an t Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 (Uimh. 4 de 1948) ;

ciallaíonn “an tAire iomchuí”—

(a) i gcás inar coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil atá i gceist, an tAire Oideachais,

(b) i gcás inar coiste talmhaíochta an t-údarás áitiúil atá i gceist, an tAire Talmhaíochta,

(c) in aon chás eile, an tAire;

folaíonn “stát-sheirbhís”, nuair a húsáidtear í gan cháiliú, i dteannta stát-sheirbhíse an Rialtais, na stát-sheirbhísí a luaitear i míreanna (a), (b), (e) agus (f) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht Aoisliúntas, 1936 (Uimh. 39 de 1936) ;

faoi réir alt 26 agus 46, ciallaíonn “sochar oifige” aon tseomraí, ciondála, nó forliúntais eile in earraí (nó, do réir mar is gá sa chás, íocaíocht airgid in ionad na seomraí, na gciondáil, nó na bhforliúntas eile sin) a ghabhas le hoifig nó fostaíocht, agus táillí, puntáiste agus coimisiún uile oifigigh nó seirbhísigh, sa cháil sin dó, chun a úsáide féin;

tá leis an abairt “post bunaithe”, nuair a húsáidtear í maidir leis an stát-sheirbhís, an bhrí atá léi san Acht Aoisliúntas, 1936 (Uimh. 39 de 1936) ;

ciallaíonn “oifigeach briogáide tóiteáin” oifigeach d'údarás briogáide tóiteáin faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 (Uimh. 7 de 1940) , atá ina oifigeach lán-aimsire den tsórt sin agus ar dualgas dá chuid freastal ag tóiteáin;

ciallaíonn “seirbhíseach briogáide tóiteáin” seirbhíseach d'údarás briogáide tóiteáin faoin Acht Briogáideacha Tóiteáin, 1940 (Uimh. 7 de 1940) , atá ina sheirbhíseach lánaimsire den tsórt sin agus ar dualgas dá chuid freastal ag tóiteáin;

ciallaíonn “údarás cuain” údarás cuain do réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 ( Uimh. 9 de 1946 );

ciallaíonn “údarás áitiúil”, faoi réir fo-ailt (6) d'alt 5 den Acht seo, aon chomhlucht acu seo a leanas:

(a) údarás áitiúil chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1955, seachas bord ospidéil mheabhairghalar,

(b) coiste gairm-oideachais,

(c) coiste talmhaíochta,

(d) coiste freastail scoile,

(e) Bord Ospidéil Fhiabhrais Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “bord ospidéil mheabhair-ghalar” comhbhord do réir bhrí an Achta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ( Uimh. 19 de 1945 );

ciallaíonn “oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar” oifigeach a mbaineann a dhualgais ar fad leis na feidhmeanna atá dílsithe anois in údarás ospidéil mheabhair-ghalar faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) ;

ciallaíonn “seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar” seirbhíseach a mbaineann a dhualgais ar fad leis na feidhmeanna atá dílsithe anois in údarás ospidéil mheabhair-ghalar faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ní fholaíonn “oifigeach” oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar ná duine i seilbh aon oifige dá luaitear in alt 17 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 );

tá leis an abairt “seirbhís áitiúil inphinsin”—

(a) maidir le hoifigeach inphinsin, an bhrí a bheirtear di in alt 12 den Acht seo, agus

(b) maidir le seirbhíseach inphinsin, an bhrí a bheirtear di in alt 35 den Acht seo;

ciallaíonn “oifigeach inphinsin” oifigeach d'údarás áitiúil a bhfuil a ainm ar taifead sa chlár d'oifigigh inphinsin a choimeádas an t-údarás áitiúil sin faoi alt 7 den Acht seo;

ciallaíonn “seirbhíseach inphinsin” seirbhíseach d'údarás áitiúil a bhfuil a ainm ar taifead sa chlár de sheirbhísigh inphinsin a choimeádas an t-údarás áitiúil sin faoi alt 30 den Acht seo;

ciallaíonn “buan-oifigeach” oifigeach ar dearbhaíodh tráth a cheaptha gur i gcáil bhuan a bhí sé á cheapadh;

ciallaíonn “oifigeach inchláraithe” buan-oifigeach—

(a) a bheir a chuid aimsire ar fad do sheirbhís údaráis áitiúil amháin nó níos mó,

(b) i gcás oifigigh atá ag gníomhú mar chláraitheoir maoirseachta breitheanna, básanna agus póstaí nó mar chláraitheoir póstaí, a bheir iarmhar a chuid aimsire do sheirbhís údaráis áitiúil amháin nó níos mó,

(c) ar gá dhó bheith ina lia-chleachtóir cláraithe, nó

(d) is bean chabhartha a bhfuil a hainm ar taifead faoi alt 28;

faoi réir ailt 26, ciallaíonn “tuarastal” íocaíochtaí mar thuarastal le hoifigeach, i gcáil oifigigh, chun a úsáide féin agus, i gcás oifigigh ar fionraí nó as láthair faoi chead nach bhfaghaidh, i leith na tréimhse ar fionraí nó as láthair, cuid de na híocaíochtaí mar thuarastal leis chun a úsáide féin a gheobhadh sé dá mbeadh sé gan bheith ar fionraí nó as láthair faoi chead, folaíonn sé an chuid sin;

folaíonn “seirbhíseach” duine a shealbhaíos aon oifig dá luaitear in alt 17 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), seachas oifig chróinéara, ach ní fholaíonn sé seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar;

ciallaíonn “lá seirbhíse”—

(a) lá d'oibrigh an seirbhíseach, i gcáil lánaimsire, d'údarás áitiúil amháin nó níos mó, ar obair nach obair (seachas obair i gcáil mhaoirseachta nó obair ar gá taithí nó oilteacht speisialta chuici nár tugadh dhó i ndáil le fostaíocht a sholáthar dó nó fóirithint ar a ghátar) ar aon obair nó scéim oibreacha a n-íoctar a costais go hiomlán nó go páirteach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas chun fostaíocht a sholáthar agus fóirithint ar ghátar,

(b) lá (seachas Domhnach) ar tugadh saoire le páigh ina leith don tseirbhíseach,

(c) lá (seachas Domhnach) ar íoc údarás áitiúil cúiteamh ina leith leis an seirbhíseach faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, ar choinníoll gur ar lá mar luaitear i mír (a) den mhíniú seo a tharla an tionóisc agus—

(i) nár shia ná bliain an tréimhse go léir ar híocadh an cúiteamh ina leith, nó

(ii) má ba shia ná bliain an tréimhse go léir ar híocadh an cúiteamh ina leith, gur thit an lá sa chuid den tréimhse a bhí ann sarar caitheadh bliain óna tosach, nó

(d) lá (seachas Domhnach nó lá a bhí sé ar buan-seirbhís) a raibh an seirbhíseach ag freastal agus ag comhlíonadh a dhualgais mar chomhalta de na hÓglaigh Cúltaca ar lán-pháigh;

ciallaíonn “na hAchta Aoisliúntas” na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1954;

ciallaíonn “neamhoiriúnacht” neamhoiriúnacht oifigigh nó seirbhísigh le haghaidh a oifige nó a fhostaíochta, ach ní fholaíonn sé neamhoiriúnacht de dheasca éiglíochta meabhrach nó coirp nó de dheasca sean-aoise;

faoi réir ailt 46, ciallaíonn “páigh” íocaíochtaí mar pháigh le seirbhíseach i gcáil sheirbhísigh chun a úsáide féin agus—

(a) i gcás seirbhísigh ar fionraí nó as láthair faoi chead nach bhfaghaidh, i leith na tréimhse ar fionraí nó as láthair, cuid de na híocaíochtaí mar pháigh leis chun a úsáide féin a gheobhadh sé dá mbeadh sé gan bheith ar fionraí nó as láthair faoi chead, folaíonn sé an chuid sin, agus

(b) i gcás seirbhísigh a bhfuil cúiteamh á íoc leis faoi na hAchta um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, ag údarás áitiúil, folaíonn sé an pháigh a gheobhadh sé mura mbeadh an cúiteamh sin á fháil aige.

Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais.

3. —Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Tosach feidhme Coda II.

4. —Tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú chuige sin.

Tosach feidhme Coda III.

5. —(1) Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh maidir le húdarás áitiúil, is údarás áitiúil a rith rún faoi alt 5 d'Acht 1948, an 1ú lá d'Aibreán díreach tar éis an tAcht seo a rith.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil, nach údarás áitiúil a rith rún faoi alt 5 d'Acht 1948, a chinneadh, le rún, go nglacfaid le Cuid III den Acht seo amhail ar lá sonraithe agus ó lá sonraithe (arb é an lú lá d'Aibreán a bheas ann) nach luaithe ná mí tar éis dáta an rúin.

(3) Is fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na n Acht um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus chun críocha na nAcht i dtaobh bainistí aon chontae-bhuirge, rún a rith faoin alt seo.

(4) Má ritheann údarás áitiúil rún faoin alt seo á chinneadh go nglacfaid le Cuid III den Acht seo amhail ar lá sonraithe agus uaidh sin amach, tiocfaidh an Chuid sin i ngníomh i gcás an údaráis sin an lá sin.

(5) Tiocfaidh Cuid III den Acht seo i ngníomh mar foráltar le fo-ailt (1) agus (4) den alt seo agus ní thiocfaidh ar aon tslí eile.

(6) Ní fholaíonn tagairt i gCuid III den Acht seo d'údarás áitiúil tagairt d'aon údarás áitiúil nach mbeidh an Chuid sin tar éis teacht i ngníomh ina gcás ach amháin nuair is tagairt í a bhaineas le seirbhís mar oifigeach.

(7) Ní bheidh d'éifeacht le tosach feidhme Coda III den Acht seo i gcás údaráis áitiúil go dtabharfar feidhm d'alt 53 d'Acht 1925 maidir leis an údarás áitiúil sin.

Caiteachais an Aire.

6. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh aon Aire ag riaradh an Achta seo.