An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Seirbhísigh Inphinsin.)

10 1956

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (AOISLIÚNTAS), 1956

CUID II.

Oifigigh Inphinsin.

Clár d'oifigigh imphinsin.

7. —(1) Coimeádfaidh údarás áitiúil clár ar a dtabharfar an clár d'oifigigh inphinsin (dá ngairmtear an clár sa Chuid seo den Acht seo).

(2) Má thagann duine chun bheith ina oifigeach inchláruithe d'údarás áitiúil, taifeadfaidh an t-údarás áitiúil a ainm sa chlár agus cuirfidh sin in iúl dó laistigh de mhí.

(3) Aon oifigeach d'údarás áitiúil arb éagóir leis an t-údarás áitiúil dá dhiúltú nó dá mhainniú a ainm a thaifeadadh sa chlár, féadfaidh sé achomharc i gcoinne an diúltuithe nó na mainneachtana a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an ainm a thaifeadadh sa chlár amhail ó dháta sonraithe agus, sa chás deiridh sin, taifeadfaidh an t-údarás áitiúil an ainm sa chlár amhail ón dáta sin.

(4) Coimeádfaidh údarás áitiúil an clár ar oscailt ina bpríomhoifig gach tráth réasúnach lena iniúchadh ag a n-oifigigh agus—

(a) i gcás bardais bhuirge, ag comhaltaí comhairle na buirge, nó

(b) in aon chás eile, ag comhaltaí an údaráis áitiúil.

Duine a bhaint den chlár ar é a scor de bheith ina oifigeach inchláraithe.

8. —(1) Bainfidh údarás áitiúil den chlár ainm aon duine a scoirfeas de bheith ina oifigeach inchláraithe don údarás áitiúil sin agus cuirfidh sin in iúl dó laistigh de mhí.

(2) Féadfar ainm a bhaint den chlár trí nóta a chur sa chlár ina n-inseofar go bhfuil an ainm bainte de agus dáta a bainte de, agus féadfar ainm a chur ar ais sa chlár trí nóta a chur sa chlár ina n-inseofar go bhfuil an ainm curtha ar ais agus dáta a curtha ar ais.

(3) Aon duine arb éagóir leis údarás áitiúil do bhaint a ainme den chlár, féadfaidh sé, laistigh de shé mhí tar éis a chur in iúl dó gur baineadh de í, achomharc a dhéanamh chun an Aire iomchuí i gcoinne a ainm a bhaint de agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an ainm a chur ar ais sa chlár agus, sa chás deiridh sin, cuirfidh an t-údarás áitiúil an ainm ar ais sa chlár.

Eolas a thabhairt d'údarás áitiúil ar dhuine a scor de bheith i seilbh oifige faoi údarás áitiúil eile.

9. —Má scoireann oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil d'aon oifig a shealbhú fúthu, cuirfid é sin in iúl d'aon údarás áitiúil eile faoina bhfuil aon oifig nó fostaíocht á sealbhú ag an oifigeach sin.

Tóranta ginearálta leis an seirbhís a bheas le háireamh ag oifigeach inphinsin.

10. —(1) Aon fhoráil sa Chuid seo den Acht seo a bheir teideal d'oifigeach inphinsin aon tréimhse d'áireamh mar sheirbhís, beidh sí faoi réir an choinníll sháraithigh nach mbeidh sé i dteideal tréimhse áirithe d'áireamh amhlaidh níos mó ná uair amháin ná nach mbeidh sé i dteideal aon tréimhse acu seo a leanas d'áireamh amhlaidh:

(a) aon tréimhse nach raibh sé, le linn teideal a bheith aige sa ghnáth-shlí chun luach saothair i leith poist ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, ag fáil an luach saothair sin, más tréimhse tar éis dáta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo í agus nach tréimhse í a leanas as tréimhse dá samhail dar críoch an dáta sin,

(b) aon tréimhse a bhfuair sé cnapshuim, liúntas nó aisce ina leith cheana faoin Acht seo nó faoi aon Acht eile a bhaineas le haoisliúntas nó faoi aon scéim a bhaineas le haoisliúntas ar féidir seirbhís chuige d'áireamh faoin Acht seo, mura rud é, i gcás aisce, go raibh sé i dteideal an aisce sin d'aisíoc agus go ndearna sé sin,

(c) aon tréimhse a ndearnadh aon ranníoca le haghaidh aoisliúntais ina leith a thabhairt ar ais dó, mura rud é go raibh sé i dteideal na ranníoca sin d'aisíoc agus go ndearna sé sin,

(d) aon tréimhse roimh dháta a cuireadh nó a scaoileadh as a phost é de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta,

(e) más duine é atá i dteideal seirbhís, nach seirbhís faoi údarás áitiúil, d'áireamh faoin Acht seo, aon tréimshe den tseirbhís sin nach bhféadfadh sé a áireamh dá bhfanadh sé i seilbh an phoist inar thug sé an tseirbhís sin,

(f) aon tréimhse roimh dháta tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo a fhanfas sé as láthair ón áit a mbíonn a dhualgais á ndéanamh aige faoi údarás áitiúil nó a fhágfas sé na dualgais sin gan déanamh, más go toiliúil agus gan údarás a fhanfas sé as láthair nó a fhágfas sé na dualgais sin gan déanamh amhlaid.

(2) Más rud é, ag féachaint do mhír (f) d'fho-alt (1) den alt seo, go gcaillfidh oifigeach d'údarás áitiúil tréimhse sheirbhíse—

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil fógra i scríbhinn i dtaobh na cailliúna a thabhairt don oifigeach,

(b) féadfaidh an t-oifigeach, tráth nach déanaí ná mí tar éis an fógra sin a thabhairt dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire iomchuí i gcoinne na cailliúna,

(c) féadfaidh an tAire iomchuí, le hordú, diúltú don achomharc nó a dhearbhú go dtabharfar ar ais iomlán na tréimhse seirbhíse nó cuid di agus, sa chás deiridh sin, beidh éifeacht ag an mír sin (f) faoi réir an dearbhuithe.

Seirbhís oifigigh inphinsin d'áireamh.

11. —(1) Beidh oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil i dteideal aon tseirbhís acu seo a leanas d'áireamh mar sheirbhís:

(a) seirbhís mar oifigeach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile,

(b) seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile,

(c) seirbhís a thug sé mar oifigeach nó seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar agus a bhí sé i dteideal a áireamh mar sheirbhís chun críocha Coda VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 (Uimh. 19 de 1945) , nó aon achtacháin roimhe sin atá ar comhréir leis an gCuid sin VIII,

(d) seirbhís i bpost inphinsin faoi údarás cuain,

(e) seirbhís is ináirithe chun críocha na nAcht Aoisliúntas (nó a ndéanfaí, dá leantaí dhi go dtí tosach feidhme ailt 7 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1950 (Uimh. 14 de 1950) , í d'áireamh de bhuaidh an ailt sin chun críocha na nAcht Aoisliúntas), más seirbhís í atá comhleanúnach le seirbhís ina diaidh mar oifigeach inphinsin nó seirbhíseach inphinsin don údarás áitiúil nó d'aon údarás áitiúil eile nó le seirbhís ina diaidh i bpost a bhfuil seirbhís ann ináirithe chun críocha na nAcht sin,

(f) seirbhís (a mhéid a cheadós an tAire go ginearálta nó in aon chás áirithe) i bpost inphinsin faoi chomhlucht a cheadaigh an tAire chun críocha na míre seo ar an bhforas gur comhlucht é a dheonas cearta pinsin de shaghas gur cearta pinsean cómalairteacha i gcoitinne iad féin agus na cearta pinsin dá bhforáltar leis an Acht seo,

(g) seirbhís arb é atá inti i gcás oifigigh do choiste gairmoideachais—

(i) aon tréimhse sheirbhíse inphinsin mar mhúinteoir meánscoile nó múinteoir scoile náisiúnta seachas aon tréimhse a raibh ranníoca iníoctha i leith seirbhíse í gcaitheamh na tréimhse sin agus nár híocadh na ranníoca sin ina haghaidh,

(ii) aon tréimhse mar mhúinteoir meánscoile a chríochnaigh roimh an dáta deiridh ar a bhféadfadh sé glacadh de rogha bheith ina chomhalta de Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí agus ar dheimhnigh an tAire Oideachais gur seirbhís í d'fhéadfaí a áireamh mar sheirbhís inphinsin inaísce chun críocha na Scéimeanna sin, ar chontar go gcomhlíonfadh an t-oifigeach pé coinníollacha (lena n-áirítear ranníoca d'íoc leis an údarás áitiúil) a cheanglós an tAire Oideachais mar choinníoll a bhainfeas le heisiúint an deimhnithe sin, nó

(iii) tréimhse nach giorra ná cúig bliana, nó tréimhsí nach giorra ná cúig bliana a gcomhiomlán,—

(I) a thosnaigh tar éis an t-oifigeach do shlánú bliain agus fiche d'aois agus a chríochnaigh roimh an 31 Iúil, 1924, agus

(II) ar deimhin leis an Aire Oideachais ina leith go ndearna an t-oifigeach sin ar feadh iomlán na tréimhse sin a chuid aimsire ar fad a thabhairt faoi stiúrú Chonradh na Gaeilge do theagasc na Gaeilge nó d'eagrú a teagaisc,

(h) ar bheith dhó ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil, seirbhíle hÓglaigh na hÉireann a measfaidh an tAire, agus sa mhéid go measfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Cosanta, go mba sheirbhís í mar sheirbhíss each don údarás áitiúil, mura mbeadh gur sheirbhís í le hÓglaigh na hÉireann.

(2) I mír (a) agus i mír (e) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar oifigeach inphinsin” seirbhís—

(a) a raibh an t-oifigeach i dteideal, tráth ar bith roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid II d'Acht 1948 (measfar chun na críche sin fo-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1948 a bheith arna achtú d'éagmais míre (b)),

(b) a mbeadh an t-oifigeach i dteideal, tráth ar bith roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid II d'Acht 1948 (dá mbeadh alt 18 den Acht sin arna achtú gan mír (b) a bheith ann), nó

(c) a raibh sé i dteideal, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, í d'áireamh faoi Chuid IV d'Acht 1925 nó faoi pé Acht arna rith roimh Acht 1925 a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás.

(3) Más rud é, i gcás oifigigh inphinsin,—

(a) go raibh tréimhse sheirbhíse tugtha aige chun críocha Coda IV d'Acht 1925 nó chun críocha pé Achta arna rith roimh Acht 1925 a bhain le haoisliúntas agus a raibh feidhm aige ina chás, agus

(b) go dtáinig, díreach i ndiaidh na tréimhse a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo, tréimhse sheirbhíse i bpost a bhféadfadh sé, d'éagmais fo-ailt (2) den alt seo, seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo,

beidh an duine sin i dteideal, i leith na tréimhse a sonraítear i mír (a) den fho-alt seo, í d'áireamh mar sheirbhís.

(4) I mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo measfar go bhfolaíonn “seirbhís mar sheirbhíseach inphinsin” seirbhís (ar seirbhís í nár sheirbhís mar sheirbhíseach inphinsin d'éagmais an fho-ailt seo) mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil ar seirbhís í a mbeadh an t-oifigeach i dteideal í d'áireamh chun críocha aoisliúntais dá bhfanadh sé ina sheirbhíseach den tsórt sin.

Seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh inphinsin.

12. —(1) Chun críocha an Achta seo, is é a bheas i seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh inphinsin tráth ar bith an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí a bheas sé i dteideal an tráth sin, faoin gCuid seo den Acht seo, a áireamh mar sheirbhís.

(2) D'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, más mó ná fiche bliain go leith an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí a fhéadfas oifigeach inphinsin arb oifigeach briogáide tóiteáin é a áireamh mar sheirbhís faoin gCuid seo den Acht seo, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo, is é a bheas i seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh sin an tréimhse sin nó an comhiomlán sin i dteannta na breise a bheas ag an tréimhse sin nó ag an gcomhiomlán sin ar fiche bliain.

Blianta a chur le seirbhís áitiúil inphinsin oifigigh inphinsin.

13. —(1) Má bhíonn deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin ag oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil agus—

(a) go gcuirfear as oifig é ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht,

(b) go gcuirfear deireadh lena oifig, nó

(c) go ndearnadh a phost d'athrú go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar choinníollacha an phoist gan chúis réasúnach agus go n-éireoidh sé as a oifig,

féadfaidh an t-údarás áitiúil, más oiriúnach leo é, tréimhse a chur lena sheirbhís áitiúil inphinsin nach sia ná—

(i) i gcás fiche bliain nó níos mó de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige—deich mbliana,

(ii) i gcás a sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith faoi bhun fiche bliain—leath na seirbhíse sin.

(2) Má scoireann oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a bhfuil deich mbliana nó níos mó de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar shlí seachas trína chur as oifig de dheasca mí-iompair nó neamhoiriúnachta, féadfaidh an t-údarás áitiúil, más oiriúnach leo é, tréimhse nach sia ná deich mbliana nó, i gcás inar cuireadh tréimhse lena sheirbhís faoi fho-alt (1) den alt seo, nach sia ná an difríocht idir an tréimhse sin agus deich mbliana, a chur lena sheirbhís áitiúil inphinsin, ach ní cuirfear amhlaidh le seirbhís oifigigh ach amháin sna himthosca seo a leanas agus do réir rialachán a dhéanfas an tAire:

(a) i gcás ina scoirfidh an t-oifigeach de bheith i seilbh oifige lena mbainfidh Acht na nUdarás Áitiúla (Oifigigh agus Fostaithe), 1926 (Uimh. 39 de 1926) , tráth a scortha, toisc gur cáilíochtaí gairmiúla na cáilíochtaí le haghaidh na hoifige,

(b) i gcás ina scoirfidh an t-oifigeach de dheasca buanéiglíochta meabhrach nó coirp,

(c) i gcás ina scoirfidh an t-oifigeach de bheith i seilbh oifige mar gheall ar aois-thórainn agus nár choinníoll a ghabh lena cheapadh go mbeadh air scor ar é do shlánú na haoise sin,

(d) i gcás—

(i) inar shealbhaigh an t-oifigeach, ar feadh tréimhse nó ar feadh tréimhsí comhleanúnacha, oifig nó oifigí faoi údarás áitiúil nó faoi údaráis áitiúla i gcáil shealadach,

(ii) ina mbeadh an tréimhse nó na tréimhsí ináirithe faoin Acht seo dá mba i gcáil bhuan a shealbhaigh sé an oifig nó na hoifigí i gcaitheamh na tréimhse nó na dtréimhsí, agus

(iii) ina raibh an tréimhse nó na tréimhsí comhleanúnach le seirbhís mar oifigeach d'údarás áitiúil is ináirithe faoin Acht seo agus gur thréimhse nó tréimhsí díreach roimpi í nó iad,

(e) i gcás ina raibh an t-oifigeach, roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ar fostú mar chúntóir pearsanta ag oifigeach d'údarás áitiúil faoi shocrú a cheadaigh an t-údarás áitiúil sin agus go raibh tréimhse na fostaíochta sin comhleanúnach le seirbhís mar oifigeach d'údarás áitiúil is ináirithe faoin Acht seo agus gur thréimhse roimpi í,

(f) i gcás inar shealbhaigh an t-oifigeach, roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, oifig i gcáil bhuan ar feadh tréimhse a bheadh ináirithe chun críocha an Achta seo dá dtagadh díreach ina diaidh seirbhís atá ináirithe faoin Acht seo, nó

(g) i gcás ina raibh uimhir de bhlianta iomlána agus codán de bhliain is mó ná trí ceathrúna i seirbhís chomhiomlán an oifigigh.

(3) Ní bheidh aon tréimhse a cuirfear le seirbhís oifigigh faoi threoir míre (d), míre (e) nó míre (f) d'fho-alt (2) den alt seo níos sia ná leath na tréimhse nó na dtréimhsí dá dtagartar sa mhír sin (d) nó na tréimhse dá dtagartar sa mhír sin (e) nó sa mhír sin (f) (do réir mar oireas).

(4) Féadfaidh údaráis áitiúil más cuí leo é, tréimhse a chur le seirbhís oifigigh, do réir míre (d) d'fho-alt (2) den alt seo, d'ainneoin gur lú ná deich mbliana seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh, agus féadfar pé tréimhse a cuirfear amhlaidh le seirbhís oifigigh agus is gá chun seirbhís áitiúil inphinsin an oifigigh a mhéadú go dtí cúig bliana i gcás aisce, nó deich mbliana i gcás aon liúntais agus cnapshuime, d'áireamh chuige sin mar sheirbhís áitiúil inphinsin.

(5) D'ainneoin aon ní sna fo-ailt roimhe seo den alt seo, ní bheidh tréimhse a cuirfear le seirbhís oifigigh de bhun an ailt seo chomh mór sin go ndéanfaidh sí fad na seirbhíse níos sia ná ceathracha bliain.

Seirbhís oifigigh inphinsin ar a oifig d'fhorceannadh.

14. —Chun críocha na Coda seo den Acht seo, is é a bheas i seirbhís oifigigh inphinsin ar a oifig d'fhorceannadh ná a sheirbhís áitiúil inphinsin i dteannta aon bhlianta breise a cuirfear léi faoi alt 13 den Acht seo.

Cnapshuim agus liúntas a dheonadh d'oifigeach inphinsin ar é a scor de bheith i seilbh oifige.

15. —(1) Más rud é—

(a) go scoirfidh oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil de bheith i seilbh a oifige agus nach bhfostófar i bpost eile é ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, agus

(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sé i gcoitinne san oifig sin go dícheallach dílis agus chun a sástachta nó, mura dóigh leo sin, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta a cháis, cnapshuim agus liúntns laghdaithe a dheonadh dhó,

deonfaidh an t-údarás áitiúil cnapshuim agus liúntas dó in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.

(2) Is iad seo a leanas na cásanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) i gcás an t-oifigeach a scor de bheith i seilbh a oifige ar shlí seachas trína chur as oifig agus—

(i) seasca bliain d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,

(ii) é a bheith ina oifigeach briogáide tóiteáin, cúig bliana caogad d'aois a bheith slán aige agus fiche bliain ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige, nó

(iii) é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(b) i gcás an t-oifigeach a chur as a oifig ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(c) i gcás deireadh a chur le hoifig an oifigigh agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(d) i gcás post an oifigigh a bheith athraithe go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar choinníollacha an phoist gan chúis réasúnach, agus é d'éirí as a oifig agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige;

(e) i gcás an t-oifigeach a scor de bheith i seilbh a oifige toisc an aois-thórainn chuige sin a bheith sroichte aige, agus deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin a bheith aige,

ach eisiafar aon chás, más cás é de shaghas a sonraítear i mír (b) nó i mír (c) den fho-alt seo, inar cuireadh, nó inar éirigh, an t-oifigeach as oifig faoi alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), nó faoin alt sin arna leasú le halt 17 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ( Uimh. 9 de 1955 ), in imthosca a bheir de bhuaidh fo-ailt (3) den alt sin, nach bhfuil feidhm ag fo-alt (2) den alt sin 24.

An chnapshuim d'oifigeach inphinsin a chinneadh.

16. —(1) Is é a bheas sa chnapshuim a deonfar faoi alt 15 den Acht seo d'oifigeach inphinsin méid is ionann agus—

(a) an tríochadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta iomlána seirbhíse ar a oifig d'fhorceannadh, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh, nó

(b) oiread go leith a luach saothair inphinsin, pé acu is lú.

(2) Má bhí feidhm ag fo-alt (6) d'alt 37 d'Acht 1948 maidir le hoifigeach inphinsin, déanfar, i gcás aon fheidhm a thabhairt ina leith d'fho-alt (1) den alt seo, an fo-alt sin d'fhorléiriú amhail is dá bhforáladh sé go mbeadh an tsuim is lú a luaitear ansin le méadú leath faoin gcéad den tsuim sin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána dá dtagartar sa bhfo-alt sin (6).

An liúntas d'oifigeach inphinsin a chinneadh.

17. —Is é a bheas sa liúntas a deonfar d'oifigeach inphinsin faoi alt 15 den Acht seo ar é a scor de bheith i seilbh oifige—

(a) liúntas do réir ráta sa bhliain is comhionann leis an ochtódú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta iomlána seirbhíse ar a oifig d'fhorceannadh, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh, nó

(b) liúntas do réir ráta sa bhliain is comhionann le leath a luach saothair inphinsin,

pé acu is lú.

Cnapshuim agus liúntas oifigigh inphinsin a laghdú mar gheall ar sheirbhís neamhshásúil.

18. —Má chinneann údarás áitiúil, faoi alt 15 den Acht seo, gur cnapshuim agus liúntas laghdaithe a deonfar d'oifigeach inphinsin, déanfaid méid na cnapshuime agus ráta bliantúil an liúntais a deonfar dó faoi alt 15 den Acht seo a laghdú faoi bhun an mhéid agus an ráta dob iomchuí dhó sin faoi ailt 16 agus 17 den Acht seo agus oiread nach lú ná caoga faoin gcéad.

Aisce ghearrsheirbhíse a dheonadh d'oifigeach inphinsin.

19. —(1) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh bliain ar a laghad agus níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, a scor de bheith i seilbh a oifige, deonfaidh an t-údarás áitiúil, in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, aisce dhó de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta iomlána de sheirbhís áitiúil inphinsin, gan aon chorrchodán de bhliain iomlán d'áireamh.

(2) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh cúig bliana ar a laghad agus níos lú ná deich mbliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, a scor de bheith i seilbh a oifige, deonfaidh an t-údarás áitiúil, in aon chás dá sonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo, aisce dhó de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná a luach saothair inphinsin.

(3) Is iad seo a leanas na cásanna dá dtagartar i bhfo-alt (1) agus i bhfo-alt (2) den alt seo:

(a) i gcás an t-oifigeach a scor de bheith i seilbh oifige toisc é a bheith éagumasach ar a dhualgais a chomhlíonadh de dheasca buan-éiglíochta meabhrach nó coirp;

(b) i gcás an t-oifigeach a chur as a oifig ar chúis seachas mí-iompar nó neamhoiriúnacht;

(c) i gcás deireadh a chur le hoifig an oifigigh;

(d) i gcás an t-oifigeach d'éirí as oifig toisc gur hathraíodh a phost go hábhartha chun dochair dó trí athruithe a rinneadh ar a choinníollacha gan chúis réasúnach,

ach eisiafar aon chás, más cás é de shaghas a sonraítear i mír (b) nó i mír (c) den fho-alt seo, inar cuireadh, nó inar éirigh, an t-oifigeach as oifig faoi alt 24 den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ), nó faoin alt sin arna leasú le halt 17 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ( Uimh. 9 de 1955 ), in imthosca a bheir, de bhuaidh fo-ailt (3) den alt sin, nach bhfuil feidhm ina leith ag fo-alt (2) den alt sin 24.

Aisce a dheonadh d'ionadaí dlíthiúil pearsanta oifigigh inphinsin mhairbh.

20. —(1) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh oifige agus bliain ar a laghad agus níos lú ná cúig bliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce de pé méid is dóigh leo is ceart ach nach mó ná an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir dá bhlianta iomlána de sheirbhís áitiúil inphinsin, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh.

(2) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil d'fháil bháis i seilbh oifige agus cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionad aí dlíthiúil pearsanta aisce de mhéid is ionann agus—

(a) an tríochadú cuid dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir (nach mó ná cúig ceathrachad) de bhlianta iomlána ina sheirbhís áitiúil inphinsin gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh, nó

(b) a luach saothair inphinsin,

pé acu sin is mó.

Aisce a dheonadh faoi alt 15 d'ionadaí dlíthiúil pearsanta deonaí mhairbh.

21. —I gcás duine, ba oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil agus ar deonadh dó faoi alt 15 den Acht seo cnapshuim agus liúntas ar é a scor de bheith i seilbh oifige, d'fháil bháis sara mbeidh iomlán na suimeanna uile a gheobhaidh sé ar scór na cnapshuime agus an liúntais comhionann lena luach saothair inphinsin, deonfaidh an t-údarás áitiúil dá ionadaí dlíthiúil pearsanta aisce is comhionann leis an difríocht idir an méid iomlán sin agus an luach saothair inphinsin sin.

Aisce a dheonadh do bhan-oifigeach inphinsin ar phósadh dhi.

22. —Má scoireann ban-oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh cúig bliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aici, de bheith i seilbh a hoifige toisc í a phósadh nó a bheith le pósadh agus go ndéanfaidh sí, laistigh de thrí mhí i ndiaidh a scortha nó de pé tréimhse is sia ná trí mhí ina dhiaidh a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, deimhniú a pósta a thabhairt ar aird don údarás áitiúil, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:

(a) más dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina hoifig go dícheallach dílis agus chun a sástachta, deonfaidh an t-údarás áitiúil aisce dhi de mhéid is ionann agus—

(i) an dóú cuid déag dá luach saothair inphinsin arna iolrú faoin uimhir de bhlianta iomlána ina seirbhís áitiúil inphinsin, gan aon chorr-chodán de bhliain iomlán d'áireamh, nó

(ii) a luach saothair inphinsin, pé acu sin is lú;

(b) más rud é, bíodh nach dóigh leis an údarás áitiúil gur fhónaigh sí ina hoifig go dícheallach dílis agus chun a sástachta, go gcinnfid mar sin féin gur ceart, in imthosca speisialta an cháis, aisce laghdaithe a dheonadh di, deonfaid aisce dhi de mhéid is comhionann leis an méid dob iomchuí faoi mhír (a) den alt seo arna laghdú an oiread sin, nach lú ná caoga faoin gcéad, is dóigh leo is ceart.

Ranníoca ó oifigigh inphinsin.

23. —(1) Déanfaidh oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil ranníoca leis an údarás áitiúil sin chun críocha na Coda seo den Acht seo do réir ráta sa bhliain is ionann agus cúig faoin gcéad—

(a) dá thuarastal bliantúil, agus

(b) de luach bliantúil a shochar oifige,

faoi réir an choinníll nach ndéanfar aon ranníoca i leith tréimhse nach bhfuair sé tuarastal ná sochair oifige ina haghaidh.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil an ranníoc ó oifigeach inphinsin don údarás áitiúil sin faoin alt seo d'fháil trí asbhaintí tréimhsiúla as a thuarastal agus a shochair oifige ach, mura ndéantar aon asbhaint den tsórt sin is cuí d'údarás áitiúil a dhéanamh as a thuarastal agus a shochair oifige, féadfaidh an t-údaras áitiúil sin, gan dochar d'aon leigheas eile, an tsuim a ghnóthú trína coimeád as aon tsuimeanna a bheas dlite uathu dhó nó as aon chnapshuim, liúntas nó aisce is iníoctha acu leis nó ina leith.

(3) Más rud é, faoi alt 55 den Acht seo, go mbeidh cnapshuimeanna, liúntais nó aiscí a dheonfas údarás áitiúil á n-íoc ag údarás áitiúil eile, aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite sin ó am go ham (ach uair sa ráithe ar a laghad) chun an údaráis áitiúil eile—

(a) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite —leath na suimeanna uile a fuaireadar i bhfoirm ranníoca faoin alt seo nó faoi fho-mhír (ii) de mhír (g) d'fho-alt (1) d'alt 11 den Acht seo, agus

(b) in aon chás eile—iomlán na suimeanna sin uile.

Ranníoca ó oifigigh inphinsin a thabhairt ar ais.

24. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “na ranníoca”, maidir le hoifigeach inphinsin, comhshuim a ranníoc le haghaidh aoisliúntais i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo.

(2) I gcás oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná bliain de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, d'fháil bháis, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dá ionadaí dlíthiúil pearsanta.

(3) Má scoireann oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh níos lú ná deich mbliana de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar aon chúis seachas mí-iompar, agus nach nglacfaidh sé aon phost eile ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo agus nach ndeonfar aisce dhó faoi alt 19 nó alt 22 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dó.

(4) Má scoireann oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil, a mbeidh deich mbliana ar a laghad de sheirbhís áitiúil inphinsin aige, de bheith i seilbh a oifige ar aon chúis seachas mí-iompar, agus nach nglacfaidh sé aon phost eile ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo agus nach mbeidh teideal aige chun cnapshuime agus liúntais faoi alt 15 den Acht seo ná chun aisce pósta faoi alt 22 den Acht seo, bhéarfaidh an t-údarás áitiúil na ranníoca ar ais dó.

(5) Má cuirtear oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil as oifig de dheasca mí-iompair, beidh cumhacht ag an údarás áitiúil, a bheas infheidhmithe dá rogha féin agus nach mbeidh aon achomharc indéanta ina coinne d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, na ranníoca a thabhairt ar ais dó má mheasaid go bhfuil fátha speisialta ann chun sin a dhéanamh.

(6) Má thugann údarás áitiúil na ranníoca ar ais agus go mbeidh sa mhéid a bhéarfar ar ais suim i leith ranníoc le haghaidh aoisliúntais d'íoc an t-oifigeach a bheas i gceist i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo agus atá ar seilbh ag aon chomhlucht eile, cúiteoidh an comhlucht sin an tsuim sin leis an údarás áitiúil.

(7) Má thugann comhlucht, ar féidir seirbhís fúthu d'áireamh faoin Acht seo, ranníoca ar ais a híocadh le haghaidh aoisliúntais i leith seirbhíse is féidir d'áireamh faoin Acht seo agus go mbeidh sa mhéid a tugadh ar ais suim i leith ranníoc a bheas ar seilbh ag aon údarás áitiúil, cúiteoidh an t-údarás áitiúil sin an tsuim sin leis an gcomhlucht.

(8) Beidh feidhm, maidir le ranníoca a bhéarfar ar ais faoin alt seo, ag an gcoinníoll atá ag gabháil le fo-alt (1) d'alt 31 den Finance Act, 1922.

Ranníoca a tugadh ar ais (oifigeach inphinsin) d'aisíoc.

25. —(1) Más rud é, tar éis na ranníoca a thabhairt ar ais faoi alt 24 den Acht seo d'oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil ar é a scor de bheith ina oifigeach inphinsin, go bhfostófar é i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a cheaptha iardain, an tsuim a thug an t-údarás áitiúil ar ais amhlaidh d'aisíoc leo, agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh leis an údarás áitiúil déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.

(2) Más rud é, tar éis ranníoca a bheith tugtha ar ais, faoi alt 32 d'Acht 1948, ag údarás áitiúil do dhuine, go bhfostófar an duine sin i bpost ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, beidh teideal aige, roimh dheireadh dhá mhí dhéag, nó pé tréimhse is sia ná sin a mheasfas an t-údarás áitiúil a bheith réasúnach in imthosca an cháis áirithe, i ndiaidh a fhostuithe amhlaidh, an tsuim a thug an t-údarás áitiúil ar ais amhlaidh d'aisíoc leo, agus má aisíocann sé an tsuim sin agus go mbeidh aon chomhlucht eile tar éis aon chuid di a chúiteamh leis an údarás áitiúil, déanfaidh an t-údarás áitiúil an t-aisíoc iomchuí leis an gcomhlucht eile.

(3) Más rud é—

(a) go mbeidh ag oifigeach inphinsin d'údarás áitiúil aon tréimhse sheirbhíse (seachas mar oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil) d'fhéadfaí, dá ndéanadh sé an t-aisíoc dá bhforáltar leis an bhfo-alt seo, d'áireamh faoin Acht seo, agus

(b) go mbeifear tar éis ranníoca i leith na seirbhíse a thabhairt ar ais dó,

beidh teideal aige an tsuim a tugadh ar ais amhlaidh d'aisíoc leis an údarás áitiúil roimh dheireadh pé tréimhse is réasúnach leis an údarás áitiúil in imthosca an cháis.

(4) Más rud é—

(a) go mbeifear tar éis aisíoc a dhéanamh faoin alt seo le húdarás áitiúil, agus

(b) gur cás é ina mbeadh aon chnapshuim, liúntas nó aisce a dheonfadh an t-údarás áitiúil sin á íoc ag údaras áitiúil eile,

aistreoidh an t-údarás áitiúil céadluaite chun an údaráis áitiúil eile—

(i) más coiste gairm-oideachais an t-údarás áitiúil céadluaite—leath an aisíoca, agus

(ii) in aon chás eile—an t-aisíoc go léir.

Nithe nach n-áireofar i dtuarastal ná i sochair oifige.

26. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ní fholóidh “tuarastal” ná “sochair oifige” aon ní acu seo a leanas:

(a) íocaíochtaí i leith breis-aimsire,

(b) costais taistil,

(c) íocaíochtaí as gníomhú mar chléireach do choiste pinsean áitiúil faoi alt 8 den Old Age Pensions Act, 1908, nó d'fho-choiste arna cheapadh ag aon choiste den tsórt sin,

(d) íocaíochtaí as gníomhú mar chláraitheoir maoirseachta breitheanna, básanna agus póstaí nó mar chláraitheoir póstaí,

(e) íocaíochtaí as obair speisialta, ócáideach ná sealadach,

(f) íocaíochtaí as post a líonadh go sealadach mura tréimhse dhá bhlian nó níos mó, á háireamh siar ón dáta a scoireadh de bheith i seilbh na hoifige, an tréimhse a ndearnadh na híocaíochtaí ina leith,

(g) liúntais le haghaidh costas nó riachtanas áirithe.

(2) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, a ordú, maidir le híocaíochtaí de shaghas sonraithe, ar saghas é a luaitear i mír (a) nó i mír (g) d'fho-alt (1) den alt seo, go mbeid, chun críocha na Coda seo den Acht seo, ina gcuid de thuarastal oifigigh áirithe nó oifigeach d'aicme áirithe nó gach oifigigh, agus air sin, d'ainneoin fo-ailt (1) den alt seo, folóidh “tuarastal” sa Chuid seo den Acht seo, i gcás an oifigigh sin, oifigeach den aicme sin nó gach oifigigh (do réir mar oireas), íocaíochtaí den tsaghas sin.

Luach saothair inphinsin oifigigh inphinsin a riomh.

27. —(1) Cinnfidh údarás áitiúil ó am go ham an luach bliantúil in airgead atá ar gach sochar oifige (más aon cheann é), is é sin, aon tseomraí, ciondála nó forliúntais eile in earraí, de chuid oifigigh inphinsin.

(2) Is é a bheas i luach saothair inphinsin oifigigh inphinsin chun críocha na Coda seo den Acht seo—

(a) má bhí sé ina oifigeach d'údarás áitiúil ar feadh na tréimhse iomchuí go léir agus nach ndearnadh, i rith na tréimhse iomchuí agus na tréimhse (más ann) ina dhiaidh sin dar críoch dáta a scortha de bheith i seilbh oifige, a thuarastal d'athrú ach amháin do réir athruithe a bhain go ginearálta leis an aicme, an sórt nó an grád oifigeach lenar bhain an t-oifigeach sin i ndeireadh na tréimhse iomchuí—ráta bliantúil a thuarastail ar dháta a scortha maraon le meánmhéid bliantúil a shochar oifige (má b'ann) in aghaidh na tréimhse iomchuí;

(b) in aon chás eile—meánmhéid bliantúil a thuarastail agus a shochar oifige (má b'ann) i gcaitheamh na tréimhse iomchuí.

(3) Más rud é nach raibh an t-oifigeach ina oifigeach ach ar feadh coda den tréimhse iomchuí agus go raibh sé ar feadh iarmhair uile na tréimhse sin, nó ar feadh coda dhe, ina sheirbhíseach d'údarás áitiúil déanfar, chun críocha míre (b) d'fho-alt (2) den alt seo, a pháigh mar sheirbhíseach den tsórt sin d'áireamh mar thuarastal.

(4) D'ainneoin aon fhorál eile den Acht seo, i bhfo-alt (2) den alt seo beidh le “tuarastal” agus “sochair oifige”, maidir le haon phost nach post faoi údarás áitiúil agus ar féidir seirbhís ann d'áireamh faoin Acht seo, na bríonna céanna faoi seach atá leo sna forála maidir le haoisliúntas a bhaineas leis an bpost agus, ina theannta sin, folóidh “tuarastal” luach saothair seirbhísigh in aon phost den tsórt sin.

(5) Ní bheidh d'éifeacht le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, i gcás oifigigh a fuair ardú céime, go mbeidh aon liúntas, cnapshuim nó aisce níos lú ná bheadh dá mba nach bhfuair sé an t-ardú céime.

(6) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” —

(a) más lú ná trí bliana an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí a fhéadfas an t-oifigeach a áireamh mar sheirbhís faoin gCuid seo den Acht seo— an tréimhse sin nó comhiomlán na dtréimhsí sin, agus

(b) in aon chás eile—an tréimhse nó comhiomlán na dtréimhsí sna trí bliana deiridh dá sheirbhís.

Forála idirlinne do Chuid II.

28. —(1) Taifeadfar sa chlár, amhail ó thosach feidhme na Coda seo den Acht seo,—

(a) ainm gach duine a raibh a ainm ar taifeadadh sa sean chlár díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, agus

(b) ainm gach duine a mbeadh a ainm ar taifeadadh sa seanchlár díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo dá ndéanadh sé an t-iarratas dá bhforáltar le fo-alt (1) d'alt 37 d'Acht 1948.

(2) Chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) den alt seo, measfar fo-alt (1) d'alt 37 d'Acht 1948 a bheith arna achtú gan an srian i dtaobh gan cúig bliana caogad d'aois nó seasca bliain d'aois a bheith slán ag duine.

(3) Beidh de dhualgas ar údarás áitiúil na taifid go léir faoin alt seo (seachas taifid de dhroim achomharc faoi fho-alt (13) den alt seo) a chur sa chlár laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo.

(4) Má bhíonn aon duine a chlárós Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath faoin alt seo, tar éis aon tréimhse sheirbhíse a chaitheamh mar oifigeach nó seirbhíseach do Irish Enterprises Ltd., nó d'aon cheann dá réamhtheachtaithe, beidh sé i dteideal an tréimhse sin d'áireamh mar sheirbhís.

(5) Más rud é, i gcás duine a dtaifeadfar a ainm faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) go raibh sé, díreach sara dtáinig sé chun bheith ina oifigeach bunaithe do réir bhrí Achta 1948, i seilbh poist i stát-sheirbhís an Rialtais, agus

(b) díreach sara ndeachaigh sé i seilbh an phoist sin, go raibh tréimhse sheirbhíse aige chun críocha Coda IV d'Acht 1925,

féadfaidh an duine sin an tréimhse dá dtagartar i mír (b) den fho-alt seo d'áireamh mar sheirbhís.

(6) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 23 den Acht seo le n-íoc, i gcaitheamh tréimhse leanúnaí seirbhíse a thosnós ar dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ag duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo, más rud é, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, nach raibh a ainm ar taifeadadh sa sean-chlár nó, má bhí sí ar taifeadadh amhlaidh, nár dhuine é an uair sin a dhligh ranníoca a dhéanamh faoi Acht 1948.

(7) (a) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 23 den Acht seo le n-íoc i gcaitheamh tréimhse seirbhíse leanúnaí a thosnós ar dháta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, ag duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo, is duine dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, más rud é, díreach sarar taifeadadh a ainm sa sean-chlár, go raibh feidhm ag fo-alt (5) d'alt 63 d'Acht 1948 ina leith nó go mbeadh feidhm ina leith ag fo-alt (5) d'alt 63 d'Acht 1948 i gcás iarratas a bheith déanta aige faoi fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt sin, nó más rud é, díreach sarar taifeadadh a ainm sa sean-chlár, go raibh sé ina sheirbhíseach agus go mbeadh feidhm ina leith ag fo-alt (5) d'alt 48 den Acht seo mura mbeadh go raibh a ainm ar taifeadadh amhlaidh.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, measfar fo-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 63 d'Acht 1948 a bheith arna n-achtú gan an srian i dtaobh gan cúig bliana caogad d'aois nó seasca bliain d'aois a bheith slán ag duine.

(8) Ní bheidh aon ranníoc faoi alt 23 den Acht seo le n-íoc, i gcaitheamh tréimhse leanúnaí seirbhíse tar éis dó teacht chun bheith ina oifigeach inphinsin, ag duine a bhí díreach sara dtáinig sé chun bheith ina oifigeach inphinsin, ina dhuine lenar bhain fo-alt (5) nó (8) d'alt 48 den Acht seo.

(9) I gcás duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 13 den Acht seo amhail is dá gcuirtí “nó gur bean chabhartha pháirt-aimsire íclainne an t-oifigeach” i ndeireadh míre (a).

(10) (a) Aon duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo i gcás nach ndéanfar achomharc faoi fho-alt (13) den alt seo, más duine é ar roimh an lú lá d'Aibreán, 1948, a thosnaigh a bhuan-seirbhís leanúnach, mar oifigeach d'údarás áitiúil dar críoch dáta thosach feidhme na Coda seo den Act seo, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an dáta thosach feidhme sin, fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás áitiúil go bhfuil feidhm le bheith ina chás ag na forála a sonraítear i bhfo-alt (11) den alt seo, agus air sin beidh feidhm amhlaidh ag na forála sin.

(b) Aon duine a dtaifeadfar a ainm faoin alt seo i gcás ina ndéanfar achomharc faoi fho-alt (13) den alt seo, más duine é ar roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1948, a thosnaigh a bhuan-seirbhís leanúnach, mar, oifigeach d'údarás áitiúil, dar críoch dáta thosach feidhme na Coda seo den Acht seo, féadfaidh sé, laistigh de shé mhí tar éis cinneadh an achomhairc a chur in iúl dó, fógra i scríbhinn a thabhairt don údarás áitiúil go bhfuil feidhm le bheith ina chás ag na forála a sonraítear i bhfo-alt (11) den alt seo, agus air sin beidh feidhm amhlaidh ag na forála sin.

(11) Is iad seo a leanas na forála dá dtagartar i bhfo-alt (10) den alt seo:

(a) ní deonfar cnapshuim de bhun ailt 15 den Acht seo,

(b) in alt 17 den Acht seo, cuirfear “seascadú” in ionad “ochtódú” agus “dhá dtrian” in ionad “leath”,

(c) ní bheidh feidhm ag alt 18 den Acht seo,

(d) in alt 19 den Acht seo cuirfear “an séú cuid” in ionad “an dóú cuid déag “i bhfo-alt (1) agus cuirfear “oiread go leith” isteach roimh “a luach saothair inphinsin” i bhfo-alt (2),

(e) ní bheidh éifeacht ag ailt 20 agus 21 den Acht seo.

(12) Más rud é go dtaifeadfar ainm duine faoin alt seo agus nuair a rinneadh an ceapachán chun na hoifige a shealbhós sé tráth an taifeadta nach ndearnadh dearbhú gur cheapachán i gcáil bhuan é, measfar chun críocha na Coda seo den Acht seo go ndearnadh an dearbhú sín an uair sin i dtaobh an cheapacháin sin.

(13) (a) Aon duine arb éagóir leis údarás áitiúil dá dhiúltú nó dá mhainniú a ainm thaifeadadh faoin alt seo sa chlár, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme na Coda seo don Acht seo, achomharc i gcoinne an diúltuithe nó na mainneachtana a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an ainm a thaifeadadh sa chlár amhail ó thosach feidhme na Coda seo den Acht seo agus, sa chás deiridh sin, taifead faidh an t-údarás áitiúil an ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.

(b) Aon duine arb éagóir leis údarás áitiúil do thaifeadadh a ainme faoin alt seo sa chlár, féadfaidh sé, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme na Coda seo den Acht seo, achomharc i gcoinne an taifeadta a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an taifead sa chlár a scrios agus, sa chás deiridh sin, déanfaidh an t-údarás áitiúil an taifead sa chlár a scrios amhail ón tosach feidhme sin.

(14) San alt seo ciallaíonn “an sean-chlár” an clár a bhí á choimeád roimh thosach feidhme na Coda seo den Acht seo ag an údarás áitiúil faoi alt 8 d'Acht 1948.

Srian ginearálta le deontais (oifigigh).

29. —(1) Ach amháin faoin Acht seo, ní dheonfaidh údarás áitiúil aon phinsean, liúntas, aisce, cnapshuim ná aistabhairt ranníoc d'aon duine, ná i leith aon duine, dá n-oifigigh.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo difir do mhír (3) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Siltin Airtéirigh, 1945 (Uimh. 3 de 1945) .