13 1956


Uimhir 13 de 1956.


AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE 1933, MAIDIR LE hIOMPAR MARSANTAIS I bhFEITHICLÍ FRUILITHE. [26 Aibreán, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 8 de 1933) , arna leasú leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934 (Uimh. 17 de 1934) , leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935 (Uimh. 23 de 1935) , le Cuid VII den Acht Iompair, 1944 (Uimh. 21 de 1944) , agus leis an Acht Iompair (Forála Ilghnéitheacha), 1955 (Uimh. 21 de 1955) .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Iompar marsantais i bhfeithicil fruilithe.

2. —(1) Má déantar feithicil inneallghluaiste d'fhruiliú (ach amháin faoi chomhaontú fruilcheannaigh do réir bhrí an Achta Fost-Cheannaigh, 1946 ( Uimh. 16 de 1946 )) agus go n-úsáidfear í, le linn tréimhse an fhruilithe, chun marsantas d'iompar, nó chun feithicil ina bhfuil marsantas a tharraingt, measfar gnó iompair marsantais de bhóthar a bheith ar siúl ag fruilitheoir na feithicle agus an marsantas a bheith á iompar aige i gcúrsa an ghnótha sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le húsáid sealadach feithicle a bheas fruilithe ag únaer cláraithe feithicle dá samhail, in ionad a fheithicle féin—

(a) chun a earraí féin d'iompar,

(b) chun marsantas a sholáthraíos sé de ghnáth i gcúrsa a thrádála nó a ghnótha a sheachadadh dá chustaiméirí, nó,

(c) chun marsantas a mbeidh deisiú, glanadh, níochán nó dathú le déanamh nó déanta aige air i ngnáth chúrsa a thrádála nó a ghnótha a sheachadadh dá chustaiméirí agus a bhailiú uathu,

más rud é nach féidir a fheithicil féin d'úsáid chuige sin toisc gur gá í a dheisiú nó d'imchóiriú agus dá thoisc sin amháin.

Gearrtheideal.

3. —Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1956 , a ghairm den Acht seo.