20 1956


Uimhir 20 de 1956.


AN tACHT TAE (ALLMHUIRIÚ AGUS IMDHÁIL), 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO RIALÚ AGUS DO RIALÁIL ALLMHUIRIÚ AGUS IMDHÁIL MHÓR-REACA TAE. [29 Bealtaine, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Ré an Achta.

1. —Raghaidh an tAcht seo in éag an 31ú lá de Mhárta, 1958, nó pé lá roimhe sin a socrófar le hordú ón Rialtas.

Mínithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “ceadúnas allmhuirithe tae” ceadúnas a heisíodh, nó a meastar a heisíodh, faoi alt 4;

ciallaíonn “ceadúnas mór-reacaire tae” ceadúnas a heisíodh, nó a meastar a heisíodh, faoi alt 7.

Allmhaire a rialú.

3. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith tae d'allmhuiriú ach amháin do réir cheadúnais allmhuirithe tae a heisíodh chun an duine sin.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1)—

(a) le tae nach mó ná deich bpuint meáchain a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur chun úsáide pearsanta an allmhuireora nó a lín tí a hallmhuiríodh é;

(b) le tae a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur mar shampla a hallmhuiríodh é.

Ceadúnas allmhuirithe tae d'eisiúint.

4. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas d'fháil ó dhuine ar bith ag lorg ceadúnais chun tae d'allmhuiriú, an t-iarratas a dheonadh nó a dhiúltú dá rogha féin.

(2) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas allmhuirithe tae.

(3) Ní bheidh ceadúnas allmhuirithe tae inaistrithe.

(4) Féadfaidh an tAire ceadúnas allmhuirithe tae a chúlghairm.

(5) Aon cheadúnas faoin Ordú um Allmhuiriú Tae, 1950 (I.R. Uimh. 51 de 1950), a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith, fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna eisiúint faoin alt seo.

Imdháil mhór-reaca a rialú.

5. —Ní dhéanfaidh duine ar bith—

(a) tae a cheannach lena dhíol ar mór-reic, ná

(b) tae a dhíol ar mór-reic, ná

(c) gnó díola tae ar mór-reic a sheoladh,

ach amháin do réir cheadúnais mhór-reacaire tae a heisíodh chun an duine sin.

Daoine atá cáilithe chun ceadúnais mhór-reacaire tae d'iarraidh.

6. —Beidh gach duine acu seo a leanas—

(a) saoránach d'Éirinn a bhfuil cónaí rialta air sa Stát,

(b) comhlucht corpraithe a corpraíodh sa Stát,

(c) comhpháirtíocht nach bhfuil inti ach beirt daoine nó níos mó den tsórt sin,

cáilithe chun ceadúnas mór-reacaire tae d'iarraidh más deimhin leis an Aire—

(i) go bhfuil beartaithe ag an duine sin gnó díola tae ar mór-reic a sheoladh ar a chonlán féin, agus

(ii) nach bhfuil cabhair airgid á fháil ag an duine sin ó aon duine ar a bhfuil gnáth-chónaí lasmuigh den Stát ná ó aon chomhlucht corpraithe a corpraíodh lasmuigh den Stát agus nach gcomhlíonann alt 22 den Acht Arachais, 1936 ( Uimh. 45 de 1936 ), nó alt 42 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 ( Uimh. 22 de 1942 ), agus

(iii) i gcás comhluchta chorpraithe, go bhfuil na scaireanna uile ar únaeracht tairbhiúil ag saoránaigh Éireannacha, agus

(iv) go mbeidh an gnó a bhainistí agus á rialú go héifeachtúil ag saoránach Éireannach nó ag saoránaigh Éireannacha a bhfuil cónaí rialta ar gach duine acu sa Stát.

Ceadúnas mór-reacaire tae d'eisiúint.

7. —(1) Is í pé foirm a ordós an tAire a déanfar iarratas chuige ar cheadúnas mór-reacaire tae, agus bhéarfar ann pé sonraí a ordós sé.

(2) Más deimhin leis an Aire, ar an iarratas d'fháil dó, an t-iarratasóir a bheith cáilithe faoi alt 6, eiseoidh an tAire ceadúnas á údarú don duine sin gnó díola tae ar mór-reic a sheoladh.

(3) Féadfaidh an tAire pé coinníollacha is cuí leis a chur le ceadúnas mór-reacaire tae.

(4) Ní bheidh ceadúnas mór-reacaire tae inaistrithe.

(5) Más deimhin leis an Aire, tar éis dó ceadúnas mór-reacaire tae d'eisiúint faoin alt seo, nach bhfuil an ceadúnaí cáilithe a thuilleadh faoi alt 6, féadfaidh an tAire an ceadúnas a chúlghairm.

(6) Aon cheadúnas a deonadh, nó a meastar a deonadh, faoi Airteagal 13 den Ordú Tae, 1950 (I.R. Uimh. 146 de 1950), agus a bheas i bhfeidhm ar dháta an Achta seo a rith, fanfaidh sé i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna éisiúint faoin alt seo.

Cionta.

8. —Duine ar bith a shárós alt 5 nó coinníoll a bheas ag gabháil le ceadúnas a heisíodh, nó a meastar a heisíodh, faoin Acht seo, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air agus ina theannta sin, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach mó ná cúig puint in aghaidh gach lae a leanfar den chion.

Pionós mar gheall ar ráitis bhréagacha.

9. —Duine ar bith a bhéarfas, in iarratas ar cheadúnas mórreacaire tae nó i ndáil leis sin, aon ráiteas nó eolas is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

Inchúiseamh i leith cionta.

10. —Féadfaidh an tAire inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin Acht seo.

Caiteachais.

11. —Íocfar na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar an tAcht Tae (Allmhuiriú agus Imdháil), 1956 , a ghairm den Acht seo.