An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1956) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mál.)

22 1956

AN tACHT AIRGEADAIS, 1956

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1956-57.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, a mhuirearú do réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1955, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1956, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1956, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Leasú ar alt 32 den Income Tax Act, 1918.

2. —Déantar leis seo alt 32 den Income Tax Act, 1918, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh mar leanas:

(i) i mír (c) d'fho-alt (3) cuirfear “or, where special terms apply to the insurance on the life of the insured person, of the prescribed capital sum” isteach i ndiaidh “capital sum assured” agus cuirfear “or the prescribed capital sum” isteach i ndiaidh “any such capital sum” agus i ndiaidh “the sum actually assured”;

(ii) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fo-ailt (3):

“(3A) In paragraph (c) of subsection (3) of this section—

‘special terms’ in relation to an insurance means terms which, by reason of special circumstances concerning the health of the insured person, are less favourable as to the amounts of the premiums payable or as to the capital sum payable on death, than those which would otherwise be available from the same insurer;

‘the prescribed capital sum’ means, in relation to an insurance (in this definition referred to as the said insurance), to which special terms apply, on the life of an insured person, the capital sum which would have been payable by the insurer on the death of that person by virtue of an insurance to which special terms did not apply and which, except as regards the capital sum payable on death, was in all respects the same as the said insurance.”

Diolúine i leith úis áirithe.

3. —(1) Más rud é go n-áirítear nó go n-áireofaí mura mbeadh an t-alt seo, in ioncam iomlán pearsan don bhliain mheasúnuithe, aon tsuimeanna (dá ngairmtear na suimeanna sin san alt seo) a híocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais, i mBanc Taisce an Phoist nó in aon cheann de na bainc thráchtála, tabharfar neamhaird ar na suimeanna sin chun críocha uile na nAcht Cánach Ioncaim mura mó, nó sa mhéid nach mó, na suimeanna sin ná cúig puint fhichead, ach beidh feidhm amhail is nár hachtaíodh an t-alt seo ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le pearsa do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo faoi réir an choinníll seo a leanas, eadhon, má dhéanann fear pósta nó a bhean chéile iarratas don bhliain mheasúnuithe faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta a bhaineas le Sceidil A, B, C, D agus E den Income Tax Act, 1918, nó faoi alt 8 den Acht sin, agus gur mó ná cúig puint fhichead comhiomlán na suimeanna sin a háirítear, nó a háireofaí mura mbeadh an t-alt seo, in ioncaim iomlána na lánún, gurb é an méid de na suimeanna sin a dtabharfar neamhaird air don bhliain sin i gcás gach duine ar leith den lánúin ná an méid a bhfuil idir é agus cúig puint fhichead an cothrom céanna atá idir méid na suimeanna sin a háirítear, nó a háireofaí mura mbeadh an t-alt seo, in ioncam iomlán an duine sin den lánúin agus comhiomlán na suimeanna sin a háirítear, nó a háireofaí mura mbeadh an t-alt seo, in ioncaim iomlána na lánún; agus, mura ndéantar aon iarratas mar adúradh, go ndéanfar a shamhail sin de chionroinnt, más gá.

(3) Má tá neamhaird le tabhairt, de bhuaidh an ailt seo, ar aon tsuimeanna a bheas ag fás chun aon phearsan, ní measfar, de bhíthin na neamhairde sin, go bhfuil scortha ag an bpearsa sin de bheith i seilbh iomlán buna aonair do réir bhrí ailt 10 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) .

(4) San alt seo—

ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas do réir forál na nAcht Cánach Ioncaim;

ciallaíonn “na bainc thráchtála” Banc na hÉireann, an Banc Ibeirneach, Teoranta, Banc Mumhan agus Laighean, Teoranta, an Banc Náisiúnta, Teoranta, Banc an Tuaiscirt, Teoranta, Banc Proibhinseach na hÉireann, Teoranta, Banc Ríoga na hÉireann, Teoranta, Banc Uladh, Teoranta, Ansbacher agus a Chuideachta, Teoranta, an Chuideachta Bhaincéireachta Tráchtála, Teoranta, Mag Aonghusa agus Ó Mathúna, agus Banc Náisiúnta na Cathrach, Teoranta;

tá le “banc taisce iontaobhais” an bhrí atá leis sna Trustee Savings Banks Acts, 1863 go 1920.

Méadú ar an liúntas pearsanta d'fhear pósta.

4. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of three hundred and ten pounds” a chur in ionad “a deduction of three hundred pounds”.

Asbhaintí i leith leanaí.

5. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, trí “and a child in respect of whom an adoption order under the Adoption Act, 1952 (No. 25 of 1952), is in force” a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin.

(2) Leasaítear leis eo fo-alt (2) d'alt 21 den Finance Act, 1920, trí na focail “at the commencement of that year” a scrios sa chéad áit a bhfuilid sa bhfo-alt sin.

Méadú ar an asbhaint i leith gaoil chleithiúnaigh.

6. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1920, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a leasú tuilleadh trí “a deduction of sixty pounds” a chur in ionad “a deduction of fifty pounds”.

Leasú ar alt 7 den Acht Airgid, 1932 .

7. —(1) San alt seo ciallaíonn “an príomh-alt” alt 7 den Acht Airgid, 1932 ( Uimh. 20 de 1932 ).

(2) Más rud é—

(a) gur eisigh cuideachta aon stoic, scaireanna nó urrúis ar tugadh deimhniú faoi fho-alt (2) den phríomh-alt ina leith atá fós in éifeacht, agus

(b) go n-eiseoidh an chuideachta ina dhiaidh sin, pé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, aon stoic, scaireanna nó urrúis—

(i) a tairgfear do shealbhóirí i gcáil shealbhóirí na stoc, na scaireanna nó na n-urrús céadluaite nó aicme áirithe díobh, nó a leithroinnfear orthu, tráth na heisiúna sin ina dhiaidh sin nó timpeall an trátha sin, agus

(ii) a tairgfear nó a leithroinnfear amhlaidh ar fhoras a ríomhfar do réir gabháltas na sealbhóirí sin faoi seach,

ansin, chun críocha an phríomh-ailt, measfar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis a eiseos an chuideachta ina dhiaidh sin mar adúradh a bheith á n-eisiúint lena suibscríobh ag an bpobal.

(3) D'ainneoin aon ní i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (2) den phríomh-alt, féadfar deimhniú a thabhairt faoin bhfo-alt sin i leith aon stoc, scaireanna nó urrús de chuid cuideachtan a heisíodh nó a heiseofar mar stoic, scaireanna nó urrúis láníoctha agus a measfar, de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, a bheith arna n-eisiúint lena suibscríobh ag an bpobal.

(4) Má tugtar deimhniú faoi fho-alt (2) den phríomh-alt i leith aon stoc, scaireanna nó urrús a meastar, de bhuaidh fo-ailt (2) den alt seo, a bheith arna n-eisiúint lena suibscríobh ag an bpobal, ní déanfar, mar sin féin, faoiseamh ná aisíoc faoi fho-alt (1) den phríomh-alt a thabhairt i leith aon díbhinne nó úis ar na stoic, na scaireanna nó na hurrúis a bhí iníoctha roimh dháta an deimhnithe.