23 1956


Uimhir 23 de 1956.


AN tACHT CAIPITIL THELEFÓNA, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO SHOLÁTHAR TUILLEADH AIRGID CHUN AN CÓRAS TELEFÓNA POIBLÍ D'FHORBAIRT AGUS CHUN CRÍOCHA EILE A BHAINEAS LEIS SIN. [11 Iúil, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Eisiúint bhreise chun an córas telefóna d'fhorbairt.

1. —I dteannta an airgid a húdaraítear leis na hAchta Caipitil Thelefóna, 1924 go 1951, is cead go n-eiseoidh an tAire Airgeadais, as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, pé suimeanna, nach mó san iomlán ná sé mhilliún punt, a bhí nó a bheas ag teastáil ón Aire Poist agus Telegrafa chun an córas telefóna poiblí d'fhorbairt do réir meastachán arna gceadú ag an Aire Airgeadais.

Féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht d'fháil chun críocha an Achta seo.

2. —(1) Chun airgead a sholáthar i gcóir na suimeanna a n-údaraítear leis an Acht seo iad d'eisiúint as an bPríomh-Chiste nó chun airgead a sholáthar chun gach suim nó aon tsuim, a heiseofar as an bPríomh-Chiste faoi údarás an Achta seo, d'aisíoc leis an gCiste sin, féadfaidh an tAire Airgeadais iasacht d'fháil trí bhlianachta infhorceannta a rithfeas ar feadh tréimhse nach sia ná cúig bliana fichead.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste an t-airgead uile a gheofar ar iasacht faoin alt seo.

(3) Na blianachta infhorceannta uile a cruthnófar faoin alt seo, íocfar iad as airgead a sholáthrós an tOireachtas agus, mura leor an t-airgead sin, déanfar, sa mhéid nach leor é, iad d'airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis, agus aisíocfar gach airleacan den tsórt sin leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Ailt 3 agus 4 den Acht Caipitil Thelefóna, 1927, a chorprú.

3. —Corpraítear leis an Acht seo ailt 3 agus 4 den Acht Caipitil Thelefóna, 1927 (Uimh. 8 de 1927) .

Gearrtheideal agus lua.

4. —(1) Féadfar an tAcht Caipitil Thelefóna, 1956 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Caipitil Thelefóna, 1924 go 1956, a ghairm de na hAchta Caipitil Thelefóna, 1924 go 1951, agus den Acht seo le chéile.