3 1957


Uimhir 3 de 1957.


AN tACHT UM AN ACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 (BUANÚ), 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'FHAIDIÚ NA TRÉIMHSE A BHEAS AN tACHT SOLÁTHAIRTÍ AGUS SEIRBHÍSÍ (FORÁLA SEALADACHA), 1946 , I bhFEIDHM. [30 Márta, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1. —San Acht seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Uimh. 22 de 1946) .

An Príomh-Acht a bhuanú.

2. —(1) Mura bhforceanntar roimhe sin é faoi fho-alt (2) den alt seo, leanfaidh an Príomh-Acht í bhfeidhm go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1957.

(2) Féadfaidh an Rialtas, le hordú, a dhearbhú go raghaidh an Príomh-Acht in éag ar dháta sonraithe, roimh an 31ú lá de Nollaig, 1957, agus sa chás sin raghaidh an Príomh-Acht in éag dá réir sin.

Athghairm.

3. —Athghairmtear leis seo an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú agus Leasú), 1955 (Uimh. 3 de 1955) , agus an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1956 (Uimh. 11 de 1956) .

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4. —(1) Féadfar an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú), 1957, a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an Príomh-Acht, an tAcht um an Acht Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 (Buanú agus Leasú), 1950 (Uimh. 34 de 1950) , agus an tAcht seo d'fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na h Achta Soláthairtí agus Seirbhísí (Forála Sealadacha), 1946 go 1957, a ghairm díobh le chéile.