Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtachain A hAthghairmtear.)

5 1957


Uimhir 5 de 1957.


AN tACHT UM STÁDAS BAN PÓSTA, 1957.

[An tiontó oifigiúil].

ACHT DO CHOMHDHLÚTHÚ, LE LEASUITHE, AN DLÍ A BHAINEAS LE STÁDAS BAN PÓSTA AGUS LE DLITEANAIS FHEARCHÉILE. [30 Aibreán, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Feidhm an Achta.

1. —Ach amháin i gcás inar léir a mhalairt, baineann an tAcht seo le daoine a phós roimh thosach feidhme an Achta seo agus le daoine ar phósadh dhóibh agus dá éis sin.

Inniúlacht ban pósta.

2. —(1) Faoi réir an Achta seo, beidh bean phósta—

(a) inniúil ar mhaoin ar bith d'fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt (trí uacht nó eile), agus

(b) inniúil ar chonradh a dhéanamh, agus

(c) inniúil ar dhul, agus ar a cur, faoi dhliteanas, i leith aon toirt, conartha, féich nó oblagáide, agus

(d) inniúil chun agartha agus chun bheith inagartha, agus

(e) faoi réir an dlí a bhaineas le féimheacht agus le breithiúnais agus orduithe a chur i bhfeidhm,

amhail is dá mbeadh sí gan bheith pósta.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) amhail idir bean phósta agus a fearchéile díreach mar atá feidhm aige amhail idir í féin agus aon duine eile.

(3) Féadfaidh bean phósta gníomhú mar iontaobhaí nó mar ionadaí pearsanta amhail is dá mbeadh sí gan bheith pósta.

(4) Beidh feidhm i gcás mná pósta ag na forála de na Settled Land Acts, 1882 to 1890, a bhaineas le tionónta saoil agus le socraíocht agus le talamh socraithe, amhail is dá mbeadh sí gan bheith pósta.

(5) Féadfaidh bean phósta bheith ina tearmannaí ar shocraíocht amhail is dá mbeadh sí gan bheith pósta.

Maoin ban pósta.

3. —An mhaoin uile—

(a) ba mhaoin ar leith le bean phósta nó a bhí ar teachtadh le haghaidh a húsáide féin ar leith i gcothromas, díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, nó

(b) is maoin, tráth a pósta, le bean a phósfas tar éis tosach feidhme an Achta seo, nó

(c) a gheobhas bean phósta nó a chineachós chuici tar éis tosach feidhme an Achta seo,

is maoin léi í amhail is dá mbeadh sí gan bheith pósta agus féadfar an mhaoin sin a dhiúscairt dá réir sin.

Comhinniúlacht fearchéile agus banchéile.

4. —Beidh fearchéile agus banchéile—

(a) inniúil ar aon mhaoin d'fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt i gcomhpháirt nó mar thionóntaí i gcoiteannas, agus

(b) inniúil ar dhul, agus ar a gcur, faoi dhliteanas i gcomhpháirt i leith aon toirt, conartha, féich nó oblagáide, agus

(c) inniúil chun agartha agus chun bheith inagartha, agus

(d) inniúil ar aon chumhacht d'fheidhmiú a tugadh dóibh i gcomhpháirt,

amhail is dá mbeidís gan bheith pósta.

Cearta fearchéile agus banchéile i leith maoine.

5. —Déanfar, chun gach críche a bhaineas le fáil aon mhaoine, faoi dhiúscairt a déanfar nó a thiocfas i ngníomh tar éis tosach feidhme an Achta seo, fearchéile agus banchéile d'áireamh mar bheirt daoine.

Deireadh le srian le réamhaíocht.

6. —Aon tsrian le réamhaíocht nó le coimhthiú a cuireadh (pé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis é) le sealúchas aon mhaoine ag bean agus nach bhféadfaí a chur le sealúchas na maoine sin ag fear, ní bheidh éifeacht ar bith leis.

Arachas chun tairbhe do chéile nó leanaí.

7. —(1) Baineann an t-alt seo le polasaí árachais saoil nó dearlaice a mbeidh sainráite ann gur polasaí chun tairbhe, nó a airbheartós trína théarmaí sainráiteacha tairbhe a dhéanamh, do bhanchéile, d'fhearchéile nó do leanbh an duine árachaithe.

(2) Bunóidh an polasaí iontaobhas i bhfabhar na gcuspóirí a bheas ainmnithe ann.

(3) An fhad a bheas aon chuid den iontaobhas gan comhlíonadh, ní bheidh an t-airgead is iníoctha faoin bpolasaí ina chuid d'eastát ná faoi réir fiacha, an duine árachaithe.

(4) Má cruthaítear gur tógadh amach an polasaí agus gur híocadh na préimheanna d'intinn calaois a dhéanamh ar chreidiúnaithe an duine árachaithe, beidh teideal acu, i leith a bhfiacha, íocaíocht d'fháil as an airgead is iníoctha faoin bpolasaí, ach sin ar shlí nach mó iomlán na n-íocaíochtaí sin ná méid na bpréimheanna a híocadh amhlaidh.

(5) Féadfaidh an duine árachaithe, leis an bpolasaí nó le haon mheabhrán faoina láimh, iontaobhaí nó iontaobhaithe a cheapadh don airgead is iníoctha faoin bpolasaí, agus féadfaidh ó am go ham iontaobhaí nó iontaobhaithe nua a cheapadh dhó, agus féadfaidh socrú a dhéanamh chun iontaobhaí nó iontaobhaithe nua a cheapadh dhó agus chun an t-airgead is iníoctha faoin bpolasaí d'infheistiú.

(6) Mura ndéantar aon iontaobhaí a cheapadh amhlaidh, dílseoidh an polasaí, láithreach ar é a bheith tógtha amach, sa duine árachaithe agus in ionadaithe dlíthiúla pearsanta an duine árachaithe ar iontaobhas chun na gcríoch adúradh.

(7) Beidh admháil ó iontaobhaí nó iontaobhaithe a ceapadh go cuí nó, nó murar ceapadh aon iontaobhaí amhlaidh nó murar tugadh fógra don árachóir gur ceapadh, beidh admháil ó ionadaí dlíthiúil pearsanta an duine árachaithe ina chúiteántas maith don árachóir i leith aon tsuime d'íoc sé faoin bpolasaí.

(8) San alt seo, folaíonn “leanbh” leas-leanbh, leanbh neamhdhlisteanach, duine uchtaithe (do réir bhrí an Achta Uchtála, 1952 ( Uimh. 25 de 1952 ) ), agus duine ag a bhfuil an duine árachaithe in loco parentis.

(9) Beidh feidhm ag an alt seo pé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin a tógadh amach an polasaí.

Conartha chun tairbhe do chéile nó leanaí.

8. —(1) Má bhíonn sé sainráite i gconradh (seachas conradh lena mbaineann alt 7) gur conradh é chun tairbhe nó go n-airbheartaíonn sé trína théarmaí sainráiteacha tairbhe a dhéanamh, don tríú duine, eadhon, banchéile, fearchéile nó leanbh dhuine de na páirtithe sa chonradh, féadfaidh an tríú duine é a chur i bhfeidhm ina ainm nó ina hainm féin amhail is dá mba pháirtí ann an tríú duine.

(2) Beidh an ceart a bheirtear don tríú duine leis an alt seo faoi réir aon chosanta a bheadh bailí idir na páirtithe sa chonradh.

(3) Mura bhforála an conradh a mhalairt, féadfar é a chealú le comhaontú na bpáirtithe sa chonradh tráth ar bith sara nglaca an tríú duine leis go sainráiteach nó óna iompar.

(4) Tá feidhm ag an alt seo pé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin a rinneadh an conradh.

(5) San alt seo, folaíonn “leanbh” leas-leanbh, leanbh neamhdhlisteanach, duine uchtaithe (do réir bhrí an Achta Uchtála, 1952 ( Uimh. 25 de 1952 ) ), agus duine ag a bhfuil an páirtí sa chonradh in loco parentis.

Imeachta coiriúla chun maoin daoine pósta a chosaint.

9. —(1) Faoi réir fo-ailt (3), beidh ag gach bean phósta, ina hainm féin in aghaidh gach uile dhuine riamh, agus a fearchéile d'áireamh, na leigheasanna agus an sásamh céanna trí imeachta coiriúla chun cosanta agus slándála a maoine a bheadh aici dá mbeadh sí gan bheith pósta.

(2) Faoi réir fo-ailt (3), beidh ag fearchéile in aghaidh a bhanchéile na leigheasanna agus an sásamh céanna trí imeachta coiriúla chun cosanta agus slándála a mhaoine a bheadh aige dá mba nárbh í a bhanchéile í.

(3) I gcás aon mhaoin a bheith á héileamh ag céile amháin (dá ngairmtear an t-éilitheoir sa bhfo-alt seo), ní bhunóidh an t-éilitheoir aon imeachta coiriúla de bhuaidh fo-ailt (1) nó fo-ailt (2) ina leith in aghaidh an chéile eile le linn dóibh bheith ina gcónaí le chéile ná, le linn dóibh bheith ina gcónaí ar leithligh ó chéile, i leith aon ghnímh a rinne an céile eile agus iad ina gcónaí le chéile murar thóg an céile eile an mhaoin sin go héagórach agus an céile eile sin ag fágaint nó ag tréigean an éilitheora nó ar tí an t-éilitheoir d'fhágaint nó a thréigean.

(4) In aon imeachta coiriúla lena mbaineann an t-alt seo a tionscnófar in aghaidh céile amháin, féadfar, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon achtachán nó riail dlí, an céile eile a ghairm mar fhinné ar son an inchúisimh nó ar son na cosanta agus sin gan toiliú an duine a cúisíodh.

(5) In aon díotáil nó próis is foras d'imeachta coiriúla maidir le maoin mhná pósta, is leor a líomhnadh gur maoin léi an mhaoin.

Fiacha agus dliteanais banchéile roimh phósadh dhi.

10. —Tar éis a pósta leanfaidh bean de bheith faoi dhliteanas i leith na bhfiach uile faoina ndeachaigh sí agus na gconradh nó na dtort uile a rinne sí roimh phósadh di, lena n-áirítear aon tsuimeanna a mbeidh sí faoi dhliteanas ina leith mar rannpháirtí, pé acu roimh nó tar éis í a chur ar an liosta rannpháirtithe faoi réim agus de bhuaidh an Companies (Consolidation) Act, 1908, agus féadfar í d'agairt i leith aon fhéich den tsórt sin agus i leith aon dliteanais i ndamáistí nó eile faoi aon chonradh den tsórt sin nó i leith aon toirt den tsórt sin.

Deireadh le dliteanas fearchéile maidir le tortanna, conartha, fiacha agus oblagáidí a bhanchéile.

11. —(1) Aon fhearchéile mná—

(a) ní bheidh sé faoi dhliteanas aon toirt a rinne sí roimh a bpósadh nó dá éis sin, ná

(b) ní déanfar agra air, ná ní déanfar páirtí dhe in aon imeachta dlíthiúla a tionscnófar, i leith aon toirt den tsórt sin, ná

(c) ní bheidh sé faoi dhliteanas i leith aon chonartha a rinne sí, ná i leith aon fhéich ná oblagáide faoina ndeachaigh sí, roimh a bpósadh, ná

(d) ní bheidh sé faoi dhliteanas i leith aon chonartha faoina raghaidh sí, ná i leith aon fhéich nó oblagáide faoina raghaidh sí (seachas mar ghníomhaire), tar éis a bpósta, ná

(e) ní déanfar agra air, ná ní déanfar páirtí dhe in aon imeachta dlíthiúla a tionscnófar, i leith aon chonartha, féich nó oblagáide den tsórt sin,

de bhíthin amháin gurb é a fearchéile é.

(2) Má d'ordaigh cúirt don fhearchéile ailiúnas d'íoc agus nár íoc sé é sin go cuí, beidh sé, d'ainneoin fo-ailt (1), faoi dhliteanas i dtaobh riachtanas a soláthraíodh le haghaidh úsáide a bhanchéile.

Ceisteanna idir fearchéile agus banchéile i dtaobh maoine a chinneadh.

12. —(1) Baineann an t-alt seo le cinneadh aon cheiste a tharlós idir fearchéile agus banchéile i dtaobh an teidil chun aon mhaoine nó i dtaobh seilbhe aon mhaoine.

(2) Féadfaidh ceachtar páirtí nó aon duine lena mbaineann an scéal iarratas a dhéanamh go hachomair chun na hArd-Chúirte nó (de rogha an iarratasóra, is cuma cad é luach na maoine a bheas faoi dhíospóid) na Cúirte Cuarda chun an cheist a chinneadh agus féadfaidh an Chúirt pé ordú is cuí léi a dhéanamh maidir leis an maoin a bheas faoi dhíospóid agus maidir leis na costais a leanfas as an iarratas.

(3) Más mó ná £2,000 luach na maoine pearsanta (seachas airnéis réadach) nó más mó ná £60 luacháil inrátuithe na talún agus gur chun na Cúirte Cuarda a déanfar an t-iarratas, déanfaidh an Chúirt sin, má iarrann cosantóir nó freagróir é, na himeachta d'aistriú chun na hArd-Chúirte, ach is bailí d'aon ordú nó gníomh a rinneadh i gcúrsa na n-imeacht sin roimh an aistriú sin mura ndéantar é d'urscaoileadh nó d'athrú le hordú ón Ard-Chúirt.

(4) Má iarrann ceachtar páirtí é, féadfaidh an Chúirt an t-iarratas d'éisteacht go príobháideach.

(5) In aon imeachta faoin alt seo is mar gheallchoimeádaí, agus mar sin amháin, a háireofar, chun críocha costas nó eile, duine ar bith (seachas an fearchéile nó an bhanchéile) is páirtí sna himeachta sin.

(6) Is forála gan dochar do na cearta a bheirtear le halt 2 forála an ailt seo.

Cosaint do shocraíochtaí.

13. —(1) Faoi réir ailt 6 agus fo-ailt (2) den alt seo, ní bhacfaidh aon ní san Acht seo, ná ní chuirfidh ó bhail, aon tsocraíocht ná aon chomhaontú socraíochta a rinneadh nó a bheas le déanamh roimh a pósadh nó tar éis a pósta maidir le maoin mná pósta, ach ní mó an fheidhm ná an bhailíocht a bheas ag aon tsocraíocht, ná ag aon chomhaontú socraíochta, i gcoinne creidiúnaithe na mná sin ná mar bheadh ag a shamhail de shocraíocht nó de chaomhaontú socraíochta, a dhéanfadh fear, i gcoinne creidiúnaithe an fhir sin.

(2)  (a)  Beidh éifeacht ag forála an fho-ailt seo maidir le socraíocht nó le comhaontú socraíochta arna dhéanamh an 1ú lá d'Eanáir, 1908, nó dá éis, roimh a phósadh nó dá éis, ag a fearchéile nó ag fear a bhí lena pósadh maidir le maoin aon mhná a bhí sé le phósadh nó a phós sé.

(b)   Ní bailí dhó mura ndearna sí nó mura ndéana sí, más lán-aois di, é d'fhorghníomhú nó, más rud é nárbh lán aois nó nach lán-aois di, é a dhaingniú tar éis teacht i lán-aois.

(c)   Má gheibheann sí bás ina naíon di, cuirfidh aon chúnant nó diúscairt a rinne a fearchéile agus a bheas sa tsocraíocht nó sa chomhaontú socraíochta faoi cheangal nó aistreoidh sé aon leas in aon mhaoin dá cuid a bhféadfadh seisean teacht ina teideal ar ise d'fháil bháis agus a bhféadfadh seisean é a chur faoi cheangal nó a dhiúscairt dá mba nár ritheadh an Married Women's Property Act, 1907, agus an tAcht seo.

(d)   Ní chuirfidh aon ní sa bhfo-alt seo ó bhail aon tsocraíocht nó comhaontú socraíochta a rinneadh nó a bheas le déanamh faoi fhorála an Infants Settlements Act, 1855.

Briseadh iontaobhais ag mná pósta.

14. —Na forála den Acht seo a bhaineas le dliteanas ban pósta beidh réim acu maidir le haon dliteanas a thiocfas de bhriseadh iontaobhais nó devastavit ag bean phósta, roimh a pósadh nó tar éis a pósta, ina cáil mar iontaobhaí nó mar ionadaí pearsanta agus ní bheidh a fearchéile faoi dhliteanas ina leith de bhíthin amháin gurb é a fearchéile é.

Uacht mná pósta.

15. —Beidh feidhm ag alt 24 (a dhéanas foráil i dtaobh na gcásanna ina mbeidh uacht le forléiriú mar ní a labhras ó bhás an tiomnóra) den Wills Act, 1837, maidir le huacht mná pósta a rinneadh le linn lánúnachais pé acu atá nó nach bhfuil sí i seilbh nó teideal aici chun aon mhaoine tráth a dhéanta agus ní gá an t-uacht sin d'athfhorghníomhú ná d'athfhoilsiú tar éis bháis a fearchéile.

Cumhacht aturnae mná pósta.

16. —Pé acu is naíon í nó nach ea, beidh de chumhacht ag bean phósta, amhail is dá mbeadh sí gan bheith pósta agus go raibh sí i lánaois, aturnae a cheapadh thar a ceann, trí ghníomhas, chun gníomhas ar bith d'fhorghníomhú nó aon ghníomh eile a dhéanamh d'fhéadfadh sí féin d'fhorghníomhú nó a dhéanamh; agus beidh feidhm ina leith sin ag forála na Conveyancing Acts, 1881 to 1911, maidir le hionstraimí a bhunaíos cumhachta aturnae.

Cosaint maidir le himeachta ar feitheamh agus le breithiúnais áirithe a chur i bhfeidhm.

17. —(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon imeachta dlíthiúla maidir le haon tort má tionscnaíodh imeachta ina leith roimh thosach feidhme an Achta seo.

(2) Ní thabharfaidh aon ní san Acht seo go bhféadfar aon bhreithiúnas nó ordú i gcoinne mná pósta i leith conartha a rinneadh, nó i leith féich nó oblagáide faoina ndeachthas, roimh thosach feidhme an Achta seo, a chur i bhfeidhm i bhféimheacht nó a chur i bhfeidhm in aon tslí seachas i gcoinne a maoine.

Bronntanais mar chalaois ar chreidiúnaithe.

18. —(1) Ní déanfar aon ní san Acht seo d'fhorléiriú mar ní a bhéarfas gur bailí, amhail i gcoinne creidiúnaithe an fhearchéile, d'aon bhronntanas maoine ó fhearchéile dá bhanchéile, agus a leanfas, tar éis an bronntanas sin a thabhairt amhlaidh, de bheith ar a ordú nó ar dhiúscairt nó ara únaeracht ainme ag an bhfearchéile ná d'aon taisceadh nó infheistiú eile airgid de chuid an fhearchéile a rinne a bhanchéile nó a rinneadh ina hainm mar chalaois ar a chreidiúnaithe, agus féadfar aon airgead den tsórt sin a taisceadh nó a hinfheistíodh amhlaidh a leanúint amhail is nár ritheadh an tAcht seo.

(2) Ní déanfar aon ní san Acht seo d'fhorléiriú mar ní a bhéarfas gur bailí, amhail i gcoinne creidiúnaithe an bhanchéile, d'aon bhronntanas maoine ó bhanchéile dá fearchéile, agus a leanfas, tar éis an bronntanas sin a thabhairt amhlaidh, de bheith ar a hordú nó ar a diúscairt nó ar únaeracht ainme ag an mbanchéile ná d'aon taisceadh nó infheistiú eile airgid de chuid an bhanchéile a rinne a fearchéile nó a rinneadh ina ainm mar chalaois ar a creidiúnaithe, agus féadfar aon airgead den tsórt sin a taisceadh nó a hinfheistíodh amhlaidh a leanúint amhail is nár ritheadh an tAcht seo.

Athghairm iarmartach.

19. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún.

Gearrtheideal agus tosach feidhme. Alt 19.

20. —(1) Féadfar an tAcht um Stádas Ban Pósta, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an chéad lá de Mheitheamh, 1957.