An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (REACHT NA dTRÉIMHSÍ, 1957) Ar Aghaidh (CUID II. Tréimhsí Tórann maidir le hAicmí Difriúla Caingean.)

6 1957

REACHT NA dTRÉIMHSÍ, 1957

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar Reacht na dTréimhsí, 1957 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1959.

Forála ginearálta maidir le léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891;

folaíonn “caingean” aon imeacht (seachas imeacht coiriúil) i gCúirt arna bunú le dlí;

folaíonn “caingean chun talamh d'aisghabháil”—

(a) caingean ag éileamh dearbhú teidil chun talún,

(b) imeachta ag morgáistí ag lorg seilbh talún ó mhorgáisteoir,

(c) imeachta faoi alt 13 den Acht um Chlárú Teidil, 1942 ( Uimh. 26 de 1942 ), ag duine atá cláraithe faoi Acht 1891 mar únaer muirir ar thalamh cláraithe ag lorg seilbh na talún;

tá le “eadráin”, “comhaontú eadrána” agus “dámhachtáin” na bríonna atá leo san Acht Eadrána, 1954 (Uimh. 26 de 1954) ;

ciallaíonn “cíos coinbhinsiúin” cíos is iníoctha faoi léas nó conradh eile tionóntachta (pé acu i scríbhinn dó nó nach ea agus pé acu sainráite dhó nó inchiallaithe) agus folaíonn sé an cíos is iníoctha ag tionónta reachtúil do réir bhrí an Achta Shrianta Cíosa, 1946 ( Uimh. 4 de 1946 ), ach ní fholaíonn sé cíos feo-fheirme is iníoctha faoi dheontas a bhunaíos comhbhaint thiarna talún agus tionónta;

ciallaíonn “urthrá” an méid sin, síos ó líne barr láin na ngnáth-thaoidí nó na meán-taoidí, de ghrinneall agus trá na farraige agus na n-abhann taoide agus na n-inbhear taoide uile agus de ghrinneall agus trá sruthchlaisí, crompán, agus bánna uile na farraige nó aon abhann nó inbhir den tsórt sin;

ciallaíonn “morgáiste breithiúnais” mionnscríbhinn únaerachta arna clárú faoin Judgment Mortgage (Ireland) Act, 1850;

folaíonn “talamh” oidhreachtáin chorpracha agus cíos-mhuirir, agus leas i bhfáltais ó thalamh a dhíol a bhí ar iontaobhas i gcóir díola, ach ní fholaíonn sé aon oidhreachtán neamhchorprach ach amháin mar atá ráite;

folaíonn “morgáiste” morgáiste cothromais agus morgáiste breithiúnais agus forléireófar dá réir sin “morgáisteoir”, “morgáistí” agus focail ghaolmhara;

ciallaíonn “an dáta feidhme” an 1ú lá d'Eanáir, 1959;

ciallaíonn “achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann” aon achtachán (seachas an tAcht seo) a bhaineas le tréimhsí do chaingin;

ní fholaíonn “eastát pearsanta” airnéisí réadacha;

folaíonn “díobhála pearsanta” aon ghalar agus aon dochar do staid choirp nó mheabhrach dhuine;

ní fholaíonn “maoin phearsanta” airnéisí réadacha;

ciallaíonn “ionadaí pearsanta” seiceadóir bunaidh nó seiceadóir trí ionadaíocht, nó riarthóir, do dhuine éagtha agus, maidir le talamh lena mbaineann na hAchta Talamh-Cheannaigh, folaíonn sé duine a ceapadh, faoi na hAchta sin agus chun críocha imeachta faoi na hAchta sin, ina riarthóir ar eastát pearsanta dhuine éagtha nó a hainmníodh mar ionadaí do dhuine atá marbh, as láthair nó faoi mhíchumas;

ciallaíonn “talamh cláraithe” talamh a bhfuil an teideal chuige cláraithe faoi Acht 1891;

ciallaíonn “cíos-mhuirear” aon bhlianacht nó aon tsuim thréimhsiúil airgid atá ina mhuirear ar thalamh nó is iníoctha as, agus folaíonn sé—

(a) aon íocaíocht bhliantúil nó thréimhsiúil le Coimisiún Talún na hÉireann, lena n-áirítear blianacht ag aisíoc morgáiste thráthchoda is iníoctha isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise, agus

(b) aon íocaíocht thréimhsiúil a bhí, díreach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, inbhailithe faoi na Crown Lands Acts, 1829 to 1913, agus arb é a bhí ann—

(i) coróin-chíos, nó

(ii) cíos cúiteach, nó

(iii) cíos iomalairte, nó

(iv) aon chíos-mhuirear eile, agus

(c) cíos feo-fheirme, pé acu a bhunaíos nó nach mbunaíonn an deontas faoinarb iníoctha é comhbhaint thiarna talún agus tionónta,

ach ní fholaíonn sé—

(d) cíos coinbhinsiúin, ná

(e) ús ar mhorgáiste nó muirear ar thalamh, ná

(f) blianacht infhorceannta is iníoctha i leith iasachta faoi Achta na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934;

folaíonn “long” gach saghas árthaigh a húsáidtear chun loingseoireachta agus nach le maidí rámha a gluaistear í;

ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb é atá ann—

(a) Aire Stáit, nó

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éireann, nó

(c) Coimisiún Talún na hÉireann, nó

(d) na Coimisinéirí Ioncaim, nó

(e) an tArd-Aighne.

“Iontaobhaí.”

(2) (a) San Acht seo, ní fholaíonn “iontaobhaí”—

(i) duine ar ó fhorléiriú an dlí nó ó a bheith intuigthe ón dlí, agus uaidh sin amháin, a thig a chomhbhaint mhuiníneach agus nach meastar le haon riail dlí gur comhbhaint mhuiníneach í, ná

(ii) ionadaí pearsanta i gcáil ionadaí phearsanta.

(b) I gcás—

(i) leasa (dá ngairmtear an leas nua sa mhír seo) i dtalamh, a tíolacfar do cheannaitheóir nó a dílseofar ann faoi na hAchta Talamh-Cheannaigh, arb é atá ann nó a meastar gurb é atá ann, faoi aon fhoráil de na hAchta sin nó ar shlí eile, greamacht ar aon sean-leas sa talamh sin nó in aon talamh eile, agus

(ii) an leas nua a bheith faoi réir aon cheart nó cothromas de dhroim gur greamacht den tsórt sin é,

ní bheidh an ceannaitheoir, ná aon duine a bheas ag éileamh tríd, ina iontaobhaí chun críocha an Achta seo i leith an leasa nua, de dhroim na nithe a luaitear i bhfo-mhíreanna (i) agus (ii) den mhír seo agus dá ndroim sin amháin.

(c) I gcás—

(i) duine a bheith cláraithe faoi Acht 1891 mar únaer talún, agus

(ii) an clárú a bheith, de bhun fo-ailt (3) d'alt 29 d'Acht 1891, faoi réir na gceart nó na gcothromas dá dtagartar sa bhfo-alt sin,

ansin, ní bheidh an duine sin, ná aon duine a bheas ag éileamh tríd, ina iontaobhaí chun críocha an Achta seo i leith na talún sin de dhroim an chláruithe sin agus dá dhroim sin amháin.

(d) Ní bheidh ionadaí pearsanta, i gcáil ionadaí phearsanta dhó, ina iontaobhaí chun críocha an Achta seo de dhroim ailt 1 den Executors Act, 1830, nó ailt 86 d'Acht 1891, agus dá dhroim sin amháin.

(3) Chun críocha an Achta seo, measfar cúis chaingin chun suim a ghnóthú is inghnóthuithe ag tortóir faoi alt 4 nó 5 d'Acht na dTortóirí, 1951 (Uimh. 1 de 1951) , maidir le dliteanas an tortóra do dhuine díobhálaithe, d'fhaibhriú ar an dáta ar a bhfuair an duine díobhálaithe breithiúnas in aghaidh an tortóra.

Feidhm an Achta maidir le muirir i leith príomhshuimeanna ar thalamh cláraithe.

(4) Nuair a beifear ag tabhairt feidhme don Acht seo maidir le talamh cláraithe a ndearnadh muirear chun príomhshuim d'íoc a bhunú ina leith faoi alt 40 d'Acht 1891—

(a) forléireofar tagairtí do mhorgáisteoir mar thagairtí don únaer cláraithe a chuir an talamh faoi mhuirear,

(b) forléireofar tagairtí don mhorgáistí mar thagairtí d'únaer cláraithe an mhuirir,

(c) forléireofar tagairtí do mhorgáiste mar thagairtí d'ionstraim an mhuirir,

agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

Eileamh trí dhuine.

(5) (a) Chun críocha an Achta seo—

(i) measfar duine do dhéanamh éilimh trí dhuine eile más tríd an duine eile sin, nó faoi, nó trína ghníomh, a tháinig sé i dteideal an chirt a beifear a éileamh;

(ii) duine a bhféadfaí a eastát nó a leas d'urchosc ag duine i dteideal leasa shainoidhreachta i seilbh, measfar é a bheith ag éileamh tríd an duine ar leis an teideal sin.

(b) Aon duine a thiocfas i dteideal aon eastáit nó léasa de bhuaidh cumhachta ceapacháin speisialta ní measfar chun críocha an Achta seo é a bheith ag éileamh tríd an té a cheap é.

Ceart chun seilbh a ghabháil, chun tocsail, etc., a bheith ar áireamh cirt chaingin chun talamh d'aisghabháil.

(6) San Acht seo—

(a) folóidh tagairtí do cheart caingin chun talamh d'aisghabháil tagairtí do cheart chun seilbh a ghabháil ar an talamh nó, i gcás cíos-mhuirir, tocsal a dhéanamh le haghaidh riaráistí an chíos-mhuirir,

(b) folóidh tagairtí do chaingean a thionscnamh chun talamh d'aisghabháil tagairtí do sheilbh a ghabháil ar an talamh nó, i gcás cíos-mhuirir, tocsal a dhéanamh le haghaidh riaráistí an chíos-mhuirir.

Seilbh agus díshealbhú i gcás cíos-mhuirear.

(7) San Acht seo—

(a) déanfar, i gcás cíos-mhuirir, tagairtí do sheilbh talún d'fhorléiriú mar thagairtí don chíos-mhuirear d'fháil, agus

(b) déanfar, i gcás cíos-mhuirir, tagairtí do dháta an díshealbhuithe, nó do dháta an scoir de sheilbh, maidir le talamh, d'fhorléiriú mar thagairtí don dáta deiridh a fuarthas an cíos-mhuirear.

(8) San Acht seo, forléireofar tagairtí d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Feidhm maidir leis an Stát.

3. —(1) Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráite san Acht seo agus gan dochar d'alt 7 den Acht seo, beidh feidhm ag an Acht seo maidir le himeachta ag údarás Stáit nó ina choinne ionann is dá mba dhuine príobháideach an t-údarás Stáit sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag an Acht seo —

(a) maidir le haon imeachta chun aon tsuim a ghnóthú a bheas dlite i leith cánach nó dleachta a bheas de thuras na huaire faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim nó aon úis ar an gcéanna, ná

(b) maidir le haon imeachta chun aon fhíneáil, pionós nó forghéilleadh a ghnóthú a tabhaíodh i ndáil le haon cháin nó dleacht den tsórt sin, ná

(c) maidir le haon imeachta i leith forghéilleadh faoi na hAchta Custam nó faoi na hAchta a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir do cheart an Stáit chun aon mhianaigh óir nó airgid.

Gan feidhm a bheith ag an Acht seo maidir le himeachta i leith long d'fhorghéilleadh.

4. —Ní bheidh feidhm ag an Acht seo maidir le haon imeachta i leith long nó leas i loing d'fhorghéilleadh faoin Acht Loingis Thráchtála, 1955 (Uimh. 29 de 1955) .

Cosaint maidir le dlínse chothromais chun faoiseamh a dhiúltú ar fhoras toileachais nó eile.

5. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir d'aon dlínse chothromais chun faoiseamh a dhiúltú ar fhoras toileachais nó eile.

Forála maidir le fritháireamh agus i frithéileamh.

6. —Chun críocha an Achta seo, measfar gur caingean ar leithligh aon éileamh i modh fritháirimh nó frithéilimh a tionscnaíodh ar aon-dáta leis an gcaingean inar pléadáladh an fritháireamh nó an frithéileamh.

Cosaint d'achtacháin eile i dtaobh tréimhsí tórann i gcás caingean.

7. —Ní bheidh feidhm ag an Acht seo—

(a) maidir le haon chaingean dá bhfuil tréimhse thórann socair le haon achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann ná

(b) maidir le haon chaingean a bhfuil údarás Stáit ina pháirtí ann agus a mbeadh, dá mba dhuine príobháideach an t-údarás Stáit sin, tréimhse thórann socair dó le haon achtachán eile i dtaobh tréimhsí tórann.

Forála maidir le caingin faoi urchosc agus ar feitheamh ar an dáta feidhme,

8. —Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo—

(a) cumas a thabhairt chun aon chaingean a thionscnamh a bhí faoi urchosc, roimh an dáta feidhme, ag aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo, ach amháin sa mhéid go mb'fhéidir an chúis chaingin nó an ceart caingin d'athbheochan trí admháil nó pairtíocaíocht do réir Choda III den Acht seo, ná

(b) difir d'aon chaingean a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme ná don teideal chun aon mhaoine is ábhar d'aon chaingean den tsórt sin.

Athghairm.

9. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.