An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Fadú na dTréimhsí Tórann i gCás Míchumais, Admhála, Páirt-íocaíochta, Calaoise agus Dearmaid.)

6 1957

REACHT NA dTRÉIMHSÍ, 1957

CUID II.

Tréimhsí Tórann maidir le hAicmí Difriúla Caingean.

Cuid II a bheith faoi réir forál Coda III maidir le míchumas, admháil, páirt-íocaíocht, calaois agus dearmad.

10. —Beidh éifeacht ag na forála ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo faoi réir na bhforál de Chuid III den Acht seo a dhéanas foráil chun na tréimhsí tórann i gcás míchumais, admhála, páirt-íocaíochta, calaoise agus dearmaid a fhadú.

Caingin chonartha agus toirt agus caingin áirithe eile.

Tréimhsí tórann do chaingin chonartha agus toirt agus do chaingin áirithe eile

11. —(1) Ní tionscnófar na caingin seo a leanas tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin—

(a) caingin ar conradh simplí is bonn dóibh;

(b) caingin ar samhail-chonradh is bonn dóibh;

(c) caingin chun cúirt-bhanna a chur i bhfeidhm;

(d) caingin chun dámhachtain a chur i bhfeidhm, i gcás gan an comhaontú eadrána a bheith faoi shéala nó i gcás eadrána faoi aon Acht seachas an t Acht Eadrána, 1954 (Uimh. 26 de 1954) ;

(e) caingin chun aon tsuim a ghnóthú is inghnóthuithe de bhuaidh aon achtacháin, seachas

(i)   pionós nó forghéilleadh nó suim i modh pionóis nó forghéilleadh, nó

(ii)  fiach a bunaíodh le fo-alt (2) d'alt 14 nó le halt 125 den Companies (Consolidation) Act, 1908, nó

(iii) suim is inghnóthuithe ag tortóir faoi alt 4 nó 5 d'Acht na dTortóirí, 1951 (Uimh. 1 de 1951) .

(2) (a) Faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, ní déanfar caingean ar tort is bonn dó a thionscnamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(b) Aon chaingean ag éileamh damáistí mar gheall ar fhaillí, núis nó sárú dualgais (pé acu is dualgas é de bhuaidh conartha nó de bhuaidh forála arna déanamh le reacht, nó faoi reacht, nó ar leithligh ó aon chonradh nó ó aon fhoráil den tsórt sin) i gcás inarb é a bheas sna damáistí, nó ina bhfolóidh na damáistí, a bheas á n-éileamh ag an ngearánaí mar gheall ar an bhfaillí, an núis nó an sárú dualgais, damáistí i leith díobhála pearsanta d'aon duine, ní tionscnófar é tar éis trí bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(c) Ní déanfar caingean ag éileamh damáistí mar gheall ar bhéad-chaint a thionscnamh tar éis trí bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(3) Ní déanfar caingean chun suim a ghnóthú is inghnóthuithe ag tortóir faoi alt 4 nó 5 d'Acht na dTortóirí, 1951 (Uimh. 1 de 1951) , i leith dliteanas an tortóra do dhuine díobhálaithe, a thionscnamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(4) Ní déanfar caingean i leith cuntais a thionscnamh maidir le haon ní a tharla níos mó ná sé bliana sarar tionscnaíodh an caingean.

(5) Ní déanfar na caingin seo a leanas a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin:—

(a) caingean ar ionstraim faoi shéala, seachas caingean ar ionstraim faoi shéala chun aon ní acu seo a leanas a ghnóthú—

(i)  riaráistí cíos-mhuirir nó cíosa choinbhinsiúin, nó

(ii) aon phríomhshuim airgid atá urraithe le morgáiste nó le muirear eile, nó

(iii) riaráistí úis i leith aon tsuime airgid atá urraithe le morgáiste nó le muirear eile, nó

(iv) riaráistí blianachta atá de mhuirear ar mhaoin phearsanta;

(b) caingean chun dámhachtain a chur i bhfeidhm, nuair is comhaontú faoi shéala an comhaontú eadrána;

(c) caingean chun fiach a ghnóthú a bunaíodh le fo-alt (2) d'alt 14 nó le halt 125 den Companies (Consolidation) Act, 1908.

(6) (a) Ní tionscnófar caingean iar bhreithiúnas tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta a tháinig an breithiúnas chun bheith infheidhmithe.

(b) Ní gnóthófar aon riaráistí úis i leith aon fhéich bhreithiúnais tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig an t-ús chun a bheith dlite.

(7) (a) Sa bhfo-alt seo, ní fholaíonn “pionós” fíneáil a dlífear a chur ar aon duine arna chiontú i gcion coiriúil.

(b) Ní déanfar caingean chun aon phionós nó forghéilleadh nó suim i modh pionóis nó forghéilleadh a ghnóthú, is inghnóthuithe de bhuaidh aon achtacháin, a thionscnamh tar éis dhá bhliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin.

(8) (a) Bainfidh fo-alt (1) den alt seo le caingean chun páigh mairnéalach a ghnóthú.

(b) Ach amháin mar foráltar le mír (a) den fho-alt seo, ní bhainfidh an t-alt seo le haon chúis chaingin laistigh de dhlínse Aimiréalachta na hArd-Chúirte is inchurtha i bhfeidhm in rem.

(9) (a) Ní bhainfidh an t-alt seo le haon éileamh ar shainchomhlíonadh conartha nó ar urghaire nó ar fhaoiseamh cothromais eile.

(b) Ní forléireófar mír (a) den fho-alt seo mar ní a choisceas ar Chúirt aon fhoráil den alt seo a chur i bhfeidhm trí analach díreach mar cuirtí i bhfeidhm go dtí seo an t-achtachán comhréire a cúlghairmtear leis an Acht seo.

Tréimhse thórann i gcás comhshóití comhleanúnacha, agus teideal únaera earraí comhshóite a bheith múchta.

12. —(1) I gcás—

(a) ina mbeidh aon chúis chaingin maidir le comhshó airnéise nó coinneáil éagórach airnéise tar éis faibhriú chun aon duine, agus

(b) go dtarlóidh comhshó nó coinneáil éagórach eile sara n-aisghabhfaidh sé seilbh ar an airnéis,

ansin, faoi réir ailt 26, ní déanfar aon chaingean i leith an chomhshóite nó na coinneála éagóraí eile a thionscnamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an chúis chaingin i leith an chomhshóite nó na coinneála éagóraí bunaidh.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh aon chúis chaingin maidir le comhshó nó coinneáil éagórach airnéise tar éis faibhriú chun aon duine, agus

(b) go mbeidh an tréimhse caite atá socair chun an caingean sin a thionscnamh agus chun aon chaingean a thionscnamh maidir le comhshó nó coinneáil éagórach eile den tsórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, agus

(c) nár aisghabh sé seilbh ar an airnéis in imeacht na tréimhse sin,

ansin, faoi réir ailt 26, beidh teideal an duine sin chun na hairnéise múchta.

Caingin chun talamh d'aisghabháil.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun talamh d'aisghabháil.

13. —(1) (a) Faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo. ní thionscnóidh údarás Stáit aon chaingean chun aon talamh d'aisghabháil tar éis tríocha bliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun údaráis Stáit nó, más chun duine éigin trína mbeidh an t-údarás Stáit ag éileamh d'fhaibhrigh sé ar dtús, chun an duine sin.

(b) Féadfaidh údarás Stáit caingean chun urthrá d'aisghabháil a thionscnamh tráth ar bith sara mbeidh seasca bliain caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun údaráis Stáit.

(c) I gcás aon cheart caingin, chun talamh d'aisghabháil nach urthrá feasta ach atá fós ar únaeracht ag an Stát, d'fhaibhrigh nuair dob urthrá an talamh, féadfar an caingean a thionscnamh tráth ar bith sara mbeidh seasca bliain caite ó dháta faibhrithe an chirt chaingin, nó daichead bliain ón dáta a scoir an talamh de bheith ina urthrá, pé tréimhse acu is túisce a bheas caite.

(2) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le caingean ag duine (seachas údarás Stáit) chun talamh d'aisghabháil—

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, ní déanfar aon chaingean den tsórt sin a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine a thionscnós é nó, más chun duine éigin trína mbeidh sé ag éileamh d'fhaibhrigh sé ar dtús, chun an duine sin;

(b) más chun údaráis Stáit d'fhaibhrigh an ceart caingin ar dtús, féadfar an caingean a thionscnamh tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse ina bhféadfadh údarás Stáit an caingean a thionscnamh, nó sara mbeidh dhá bhliain déag caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun duine éigin seachas údarás Stáit, pé tréimhse acu is túisce a bheas caite.

(3) Chun críocha an Achta seo—

(a) i gcás ceart caingin chun aon talamh d'aisghabháil d'fhaibhrigh chun na Corónach roimh an 6ú lá de Nollaig, 1922, measfar an ceart caingin d'fhaibhriú chun údaráis Stáit ar an dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun na Corónach ar dtús;

(b) i gcás ceart caingin chun aon talamh d'aisghabháil d'fhaibhrigh chun Saorstát Éireann roimh an 29ú lá de Nollaig, 1937, measfar an ceart caingin d'fhaibhriú chun údaráis Stáit ar an dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun Saorstát Éireann ar dtús;

(c) i gcás ceart caingin chun aon talamh d'aisghabháil d'fhaibhrigh chun an Stáit roimh an dáta feidhme, measfar an ceart caingin d'fhaibhriú chun údaráis Stáit ar an dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an Stáit ar dtús.

Ceart caingin (leasa láithreacha i dtalamh) d'fhaibhriú.

14. —(1) I gcás an duine a thionscnós caingean chun talamh d'aisghabháil nó duine éigin trína mbeidh sé ag éileamh a bheith i seilbh na talún sin agus, le linn dó teideal a bheith aige chun na talún sin, gur díshealbhaíodh é nó gur scoir sé dá sheilbh, measfar an ceart caingin d'fhaibhriú ar dháta an díshealbhuithe nó an scoir.

(i) ar dhíshealbhú nó ar scor.

(2) I gcás—

(a) ina dtionscnóidh aon duine caingean chun aon talamh le duine éagtha d'aisghabháil, pé acu faoi uacht nó ar dhíthiomnacht é, agus

(b) maidir leis an duine éagtha—

(ii) má mainnítear seilbh a ghlacadh ar bhás duine.

(i) go raibh sé, ar dháta a bháis, i seilbh na talún nó, i gcás cíos-mhuirir a bunaíodh le huacht nó a ghlacfadh éifeacht ar é d'fháil bháis, i seilbh na talún faoi mhuirear, agus

(ii) gurb é an duine deiridh é agus teideal aige chun na talún a bhí i seilbh na talún,

measfar an ceart caingin d'fhaibhriú ar dháta a bháis.

(3) I gcás—

(iii) má mainnítear seilbh a ghlacadh faoi fhorcinntiú.

(a) ina dtionscnóidh aon duine caingean chun talamh d'aisghabháil is eastát nó leas i seilbh arna fhorcinntiú, ar shlí seachas trí uacht, dó féin nó do dhuine éigin trína mbeidh sé ag éileamh, ag duine a bhí, ar an dáta a ghlac an forcinntiú éifeacht,—

(i) i seilbh na talún, nó

(ii) i gcás cíos-mhuirir a bunaíodh leis an bhforcinntiú, i seilbh na talún faoi mhuirear, agus

(b) nach raibh duine ar bith i seilbh na talún de bhuaidh an fhorcinntithe,

measfar an ceart caingin d'fhaibhriú ar an dáta a ghlac an forcinntiú éifeacht.

Ceart caingin (leasa todhchaí i dtalamh) d'fhaibhríú.

15. —(1) Faoi réir a bhforáltar anseo ina dhiaidh seo san alt seo, measfar, maidir leis an gceart caingin chun aon talamh d'aisghabháil—

(i) ar leas todhchaí a theacht i seilbh dhuine.

(a) i gcás inarbh eastát nó leas frithdhílse nó fuíll, nó aon eastát nó leas todhchaí, an t-eastát nó an leas a beifear a éileamh, agus

(b) nár ghlac aon duine seilbh ar an talamh de bhuaidh an eastáit nó an leasa a beifear a éileamh,

gur ar an dáta a thit an t-eastát nó an leas chun seilbhe, trí fhorceannadh an eastáit nó an leasa roimhe, d'fhaibhrigh an ceart caingin.

(ii) i gcás únaer roimhe sin a bheith as seilbh.

(2) (a) Mura raibh an duine ag a raibh teideal chun an eastáit nó an leasa roimhe sin, nár théarma blianta iomlán, i seilbh na talún ar dháta a fhorceannta, ní dhéanfaidh an duine ag a mbeidh teideal chun an eastáit nó an leasa ina dhiaidh sin caingean a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine ag a raibh teideal chun an eastait nó an leasa roimhe sin nó sé bliana ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine ag a mbeidh teideal chun an eastáit nó an leasa ina dhiaidh sin, pé tréimhse acu is deireannaí a bheas caite.

(b) Más ag an Stát a bheas teideal chun an eastáit nó an leasa ina dhiaidh sin, beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach tagairt do thríocha bliain a chur in ionad na tagairte do dhá bhliain déag agus tagairt do dhá bhliain déag a chur in ionad na tagairte de shé bliana.

(iii) cosaint do leasa sainoidhreachta.

(3) Ní bhainfidh na forála roimhe seo den alt seo le haon eastát ná leas a thitfeas chun seilbhe ar leas sainoidhreachta d'fhorceannadh agus d'fhéadfadh an duine i dteideal an leasa shainoidhreachta d'urchosc.

(iv) coimhthiú agus an t-am ag rith.

(4) Ní thionscnóidh duine ar bith caingean chun go n-aisghabhfaidh aon eastáit nó leas i dtalamh faoi fhorcinntiú a ghlacfadh éifeacht tar éis an ceart caingin d'fhaibhriú chun an duine a rinne an forcinntiú nó chun duine éigin trínar éiligh sé nó chun duine éigin ag a raibh teideal chun eastáit nó leasa roimhe sin, mura bhféadfadh an duine a rinne an forcinntiú caingean den tsórt sin a thionscnamh.

(v) urchosc le leas todhchaí má bhíonn urchosc le leas láithreach an duine chéanna.

(5) I gcás—

(a) teideal a bheith ag aon duine chun aon eastáit nó leas i dtalamh i seilbh, agus

(b) le linn dó an teideal sin a bheith aige, teideal a bheith freisin ag an duine sin chun aon eastáit nó leasa thodhchaí sa talamh sin, agus

(c) a cheart chun an eastáit nó an leasa i seilbh d'aisghabháil a bheith urchosctha faoin Acht seo,

ní dhéanfaidh an duine sin ná aon duine a bheas ag éileamh tríd aon chaingean a thionscnamh i leith an eastáit nó an leasa thodhchaí mura mbeidh duine i dteideal eastáit nó leasa idirmheánaigh tar éis seilbh na talún d'aisghabháil idir dhá linn.

Ceart caingin (forghéilleadh nó sárú coinníll) d'fhaibhriú.

16. —(1) Measfar ceart chun talamh d'aisghabháil de bhuaidh forghéilleadh nó sárú coinníll d'fhaibhriú ar an dáta a tabhaíodh an forghéilleadh nó a sáraíodh an coinníoll.

(2) I gcás—

(a) ceart caingin chun talamh d'aisghabháil de bhuaidh forghéilleadh nó sárú coinníll a bheith faibhrithe chun duine ag a raibh teideal chun eastáit nó leasa frithdhílse nó fuíll, agus

(b) nár haisghabhadh an talamh dá bhuaidh sin,

ní measfar an ceart caingin chun an talamh d'aisghabháil a bheith faibhrithe chun an duine sin go dtí gur thit a eastát nó a leas chun seilbhe amhail is nár tharla aon fhorghéilleadh ná sárú coinníll den tsórt sin.

Ceart caingin (tionóntachtaí áirithe) d'fhaibhriú.

17. —(1)  (a) Chun críocha an Achta seo, measfar tionóntacht ar thoil d'fhorceannadh ar bhliain a bheith caite ó dháta tosnuithe na tionóntachta sin, mura mbeifear tar éis é d'fhorceannadh roimhe sin.

(i) tionóntacht ar thoil.

(b) Measfar ceart caingin dhuine ag a bhfuil teideal chun talún atá faoi thionóntacht ar thoil d'fhaibhriú ar dháta na tionóntachta d'fhorceannadh.

(c) Ní measfar, chun críocha an fho-ailt seo, morgáisteoir ná tairbhí ar bith a bheith ina thionónta ar thoil ag a mhorgáistí nó a iontaobhaí.

(ii) tionóntacht, gan léas i scríbhinn, ó bhliain go bliain, nó ar feadh tréimhse eile.

(2) (a) Measfar, chun críocha an Achta seo, tionóntacht ó bhliain go bliain nó ar feadh tréimhse eile, gan léas i scríbhinn, a bheith forceannta ag deireadh na céad bhliana nó na tréimhse eile.

(b) Measfar ceart caingin dhuine ag a bhfuil teideal chun talún faoi thionóntacht ó bhliain go bliain nó ar feadh tréimhse eile, gan léas i scríbhinn, d'fhaibhriú ar dháta na tionóntachta d'fhorceannadh, mura mbeifear tar éis aon chíos nó íocaíocht tréimhsiúil eile d'fháil ina dhiaidh sin i leith na tionóntachta, agus sa chás sin measfar an ceart caingin d'fhaibhriú ar an dáta deiridh a fuarthas cíos nó íocaíocht tréimhsiúil eile.

(iii) cíos coinbhinsiúin faoi léas i scríbhinn d'fháil go héagórach.

(3) I gcás—

(a) aon duine a bheith i seilbh talún de bhuaidh léasa i scríbhinn trína bhforcoiméadtar cíos coinbhinsiúin bliantúil nach lú ná fiche scilling, agus

(b) an cíos a bheith á fháil ag duine éigin (dá ngairmtear an fáltóir éagórach sa bhfo-alt seo) adeir go héagórach go bhfuil teideal aige chun na talún i bhfrithdílse agus sin ar feitheamh díreach ar an léas d'fhorceannadh, agus

(c) gan an duine ag a bhfuil an teideal ceart chuige d'fháil aon chíosa ina dhiaidh sin,

measfar gur ar an dáta a fuair fáltóir éagórach an cíos den chéad uair, agus nach ar dháta an léasa d'fhorceannadh, d'fhaibhrigh ceart caingin an duine dheiridh sin a luaitear chun an talamh d'aisghabháil.

(4) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le tionóntacht ar thoil a dheoin údarás Stáit, agus ní bhainfidh fo-alt (3) den alt seo le léas a dheoin údarás Stáit ná le léas a bhfuil leas an léasóra faoi dílsithe in úharás Stáit.

Gan ceart caingin d'fhaibhriú ach i gcás seilbhe codarsna.

18. —(1) Ní measfar aon cheart caingin chun talamh d'aisghabháil d'fhaibhriú muran i seilbh (dá ngairmtear seilbh chodarsna san alt seo) dhuine éigin ar féidir don tréimhse thórann rith ina fhábhar atá an talamh.

(2) I gcás—

(a) ina measfar faoi na forála roimhe seo den Acht seo ceart caingin chun talamh d'aisghabháil d'fhaibhriú ar dháta áirithe, agus

(b) nach bhfuil seilbh chodarsna ag aon duine ar an talamh ar an dáta sin,

ní measfar ceart caingin d'fhaibhriú mura nglacfar ná go dtí go nglacfar seilbh chodarsna ar an talamh.

(3) I gcás ina mbeidh ceart caingin chun talamh d'aisghabháil tar éis faibhriú agus, ina dhiaidh sin, sara mbeidh urchosc ar an gceart caingin, go scoirfidh an talamh de bheith i seilbh chodarsna, ní measfar a thuilleadh an ceart caingin a bheith tar éis faibhriú agus ní measfar aon cheart caingin nua d'fhaibhriú mura nglacfar ná go dtí go nglacfar seilbh chodarsna arís ar an talamh.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) measfar gur seilbh chodarsna ar an gcíos-mhuirear seilbh aon talún faoi chíos-mhuirear ag duine (seachas an duine ag a bhfuil teideal chun an chíos-mhuirir) nach n-íocann an cíos-mhuirear, agus

(b) measfar gur seilbh chodarsna ar an talamh an cíos coinbhinsiúin faoi léas d'fháil ag duine adeir go héagórach go bhfuil teideal aige chun na talún i bhfrithdhílse agus sin ag feitheamh díreach ar an léas d'fhorceannadh.

Leigheas i gcás forcinntiú díshaoinoidhreach atá lochtach.

19. —I gcás—

(a) duine atá i dteideal an fhuíll faoi shocraíocht i gcás eastáit shainoidhrithe in aon talamh a bheith tar éis forcinntiú a dhéanamh air a fhágas gan urchosc an sliocht sainoidhreach nó na heastáit a ghlacas éifeacht ar an eastát sainoidhrithe d'fhorceannadh nó a fhágas gan urchosc na heastáit sin amháin, agus

(b) aon duine (seachas duine éigin ag a bhfuil teideal chun seilbhe de bhuaidh na socraíochta) a bheith i seilbh na talún le dhá bhliain déag ó thosach an ama óna mbeadh an forcinntiú, dá ndéanadh an duine ag a raibh teideal chun an eastáit shainoidhrithe é d'fhorghníomhiú an uair sin, ag oibriú, gan toiliú aon duine eile, chun an sliocht sainoidhreach agus na heastáit sin, d'urchosc,

ansin, ar an tréimhse sin a bheith caite, oibreoidh an forcinntiú, agus measfar gur oibrigh sé riamh, chun an sliocht sainoidhreach agus na heastáit sin d'urchosc.

Ní chaomhnóidh dul isteach foirmiúil ná síor-éileamh ceart caingin.

20. —Chun críocha an Achta seo—

(a) ní measfar aon duine a bheith i seilbh aon talún de dhroim amháin go ndeachaigh sé isteach go foirmiúil ar an talamh sin,

(b) ní chaomhnóidh aon tsíor-éileamh ná aon éileamh eile, ar thalamh, ná ina aice, aon cheart caingin chun an talamh d'aisghabháil.

Gan seilbh ag comhoidhrseach amháin, etc., a bheith ina sheilbh ag daoine eile.

21. —I gcás aon duine amháin nó níos mó de dhaoine iomaí ag a raibh teideal chun aon talún mar chomhoidhrseacha, nasc thionóntaí, no tionóntaí i gcoiteannas, a bheith i seilbh na talún sin go léir, nó i seilbh níos mó ná a scair nó a scaireanna neamhroinnte den talamh sin, chun leasa dó féin nó dóibh féin nó chun leasa aon duine nó daoine seachas an duine nó na daoine ag a raibh teideal chun na scaire nó na scaireanna eile den talamh sin, ansin, chun críocha an Achta seo, ní measfar gur sheilbh ag an duine sin, nó ag na daoine sin, is déanaí a luaitear, ná ag aon duine acu an tseilbh sin.

Ní seilbh oidhre seilbh dearthár shóisir, etc.

22. —I gcás deartháir shóisir nó gaol eile leis an duine ag a bhfuil teideal mar oidhre chun aon talún do ghabháil seilbhe ar an talamh sin, ansin, chun críocha an Achta seo, ní measfar gur seilbh an duine atá i dteideal mar oidhre an tseilbh sin.

Dáta an bháis dáta an riaracháin.

23. —Chun críocha na bhforál den Acht seo a bhaineas le caingin chun talamh d'aisghabháil, measfar riarthóir eastáit dhuine éagtha a bheith ag déanamh éilimh amhail is nach raibh aon eatramh ama idir dáta báis an duine éagtha agus dáta na litreacha riaracháin a dheonadh.

Teideal chun talún a bheith múchta ar bheith caite don tréimhse thórann le haghaidh caingean chun talamh d'aisghabháil.

24. —Faoi réir ailt 25 den Acht seo agus ailt 52 d'Acht 1891, ar bheith caite don tréimhse a socraítear leis an Acht seo chun aon duine do thionscnamh caingin chun talamh d'aisghabháil, beidh teideal an duine sin chun na talún múchta.

Estáit chothramais i dtalamh agus talamh ar iontaobhas.

25. —(1) Faoi réir ailt 44 den Acht seo, bainfidh forála an Achta seo le heastáit chothramais i dtalamh, lena n-áirítear leasa sna fáltais ó thalamh a dhíol a bhí ar iontaobhas i gcóir díola, mar bhainid le heastáit dlíthiúla i dtalamh agus, dá réir sin, measfar, chun críocha an Achta seo, ach chucu sin amháin, ceart caingin chun an talamh d'aisghabháil d'fhaibhriú chun duine ag a bhfuil teideal i seilbh chun eastáit chothromais i dtalamh ar an modh céanna agus sna cúinsí céanna agus ar an dáta céanna a bhfaibhreodh sé dá mba eastát dlíthiúil sa talamh a eastát.

(2) I gcás aon talamh a bheith ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, agus an tréimhse a bheith caite a socraítear leis an Acht seo chun na hiontaobhaithe do thionscnamh caingin chun an talamh d'aisghabháil, ní bheidh eastát na n-iontaobhaithe múchta, mura mbeidh agus an fhad nach mbeidh an ceart caingin, chun an talamh d'aisghabháil, atá ag aon duine ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sa talamh nó sna fáltais díola, faibhrithe nó gan bheith urchosctha leis an Acht seo, ach, má bhíonn agus an uair a bheas gach ceart caingin den tsórt sin urchosctha amhlaidh, beidh eastát na n-iontaobhaithe múchta.

(3) I gcás aon talamh a bheith ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, féadfaidh na hiontaobhaithe caingean chun an talamh d'aisghabháil a thionscnamh thar ceann aon duine ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil i seilbh sa talamh nó sna fáltais dhíola agus nach bhfuil a cheart caingin urchosctha leis an Acht seo, d'ainneoin go mbeadh ceart caingin na n-iontaobhaithe urchosctha leis an Acht seo ar leith ón bhforáil seo.

(4) I gcás aon talamh socraithe, do réir bhrí na Settled Land Acts, 1882 to 1890, nó aon talamh ar iontaobhas i gcóir díola, a bheith i seilbh dhuine ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sa talamh nó sna fáltais dhíola, nach duine ag a bhfuil an teideal aonair iomlán chun na talún sin, ní measfar, chun críocha an Achta seo, aon cheart caingin chun an talamh d'aisghabháil d'fhaibhriú le linn na seilbhe sin chun aon duine ina bhfuil an talamh dílsithe mar iontaobhaí ná chun aon duine eile ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sa talamh nó sna fáltais dhíola.

Caingin chun airnéisí socraithe d'aisghabháil.

Caingin chun airnéisí socraithe d'aisghabháil.

26. —(1) I gcás aon airnéisí a bheith ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, agus an tréimhse a bheith caite a socraítear leis an Acht seo chun na híontaobhaithe do thionscnamh caingin chun na hairnéisí d'aisghabháil, ní bheidh teideal na n-iontaobhaithe múchta má bhíonn agus an fhad a bheas ceart caingin aon duine ag a bhfuil teideal tairbhiúil chun na n-airnéisí gan faibhriú nó gan bheith urchosctha leis an Acht seo, ach, má bhíonn agus an uair a bheas an ceart caingin sin urchosctha amhlaidh, beidh teideal na n-iontaobhaithe múchta.

(2) I gcás aon airnéisí a bheith ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, féadfaidh na hiontaobhaithe caingean chun na hairnéisí d'aisghabháil a thionscnamh thar ceann duine ar bith ag a bhfuil teideal tairbhiúil i seilbh chun na n-airnéisí nó na fáltais dhíola agus nach bhfuil a cheart caingin urchosctha leis an Acht seo, d'ainneoin go mbeadh ceart caingin na n-iontaobhaithe urchosctha leis an Acht seo ar leith ón bhforáil seo.

(3) I gcás aon airnéisí ar iontaobhas, lena n-áirítear iontaobhas i gcóir díola, a bheith i seilbh dhuine ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sna hairnéisí nó sna faltais dhíola, nach duine ag a bhfuil an teideal aonair iomlán chucu sin, ní measfar, chun críocha an Achta seo, aon cheart caingin chun na hairnéisí d'aisghabháil d'fhaibhriú le linn na seilbhe sin chun aon duine ina bhfuil na hairnéisí dílsithe mar iontaobhaí ná chun aon duine eile ag a bhfuil teideal chun leasa thairbhiúil sna hairnéisí nó sna fáltais dhíola.

Caingin chun riaráistí cíos-mhuirear, cíosa choinbhinsiúin, duair agus blianachtaí atá ina muirir ar mhaoin phearsanta a ghnóthú.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí cíos-mhuirir a ghnóthú.

27. —(1) Ní tionscnófar caingean, ná ní déanfar tocsal, chun riaráistí cíos-mhuirir ná damáistí ina leith a ghnóthú, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ní fholaíonn an focal “caingean” imeachta faoi alt 37 den Acht Talún, 1927 (Uimh. 19 de 1927) .

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí cíosa choinbhinsiúin a ghnóthú.

28. —Ní tionscnófar aon chaingean nó ní déanfar tocsal, chun riaráistí cíosa choinbhinsiúin ná damáistí ina leith a ghnóthú, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite.

Barántais faoi alt 28 den Acht Talún, 1933.

29. —(1) Ní eiseoidh Coimisiún Talún na hÉireann aon bharántas faoi alt 28 den Acht Talún, 1933 (Uimh. 38 de 1933) , i leith aon airgid a tháinig chun bheith dlite dhóibh agus iníoctha leo níos mó ná sé bliana roimh dháta an bharántais.

(2) Leanfaidh barántas faoi alt 28 den Acht Talún, 1933, i bhfeidhm go ceann tréimhse sé bliana ón dáta a bheas air, agus ní níos sia ná sin, agus ní scoirfidh de bheith i bhfeidhm toisc an duine a bheas ainmnithe ann mar mhainneachtnóir a bheith tar éis bháis nó tar éis scor ar shlí eile, i rith na tréimhse sin, de na tailte a bheas tuairiscithe ann a bheith ar áitiú aige.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí duair a ghnóthú.

30. —Ní tionscnófar aon chaingean, ná ní déanfar tocsal, chun riaráistí duair ná damáistí ina leith a ghnóthú, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí blianachta atá ina muirear ar mhaoin phearsanta a ghnóthú.

31. —Ní tionscnófar aon chaingean, chun riaráistí blianachta atá ina muirear ar mhaoin phearsanta ná damáistí ina leith a ghnóthú, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig na riaráistí chun bheith dlite.

Caingin maidir le morgáistí agus muirir.

Tréimhse thórann i gcás caingean ag eireadóirí á éileamh go ndíolfar talamh.

32. —(1) Ní dhéanfaidh údarás Stáit aon chaingean á éileamh go ndíolfar talamh atá faoi mhorgáiste nó muirear, a thionscnamh tar éis tríocha bliain a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun údaráis Stáit, nó, más chun duine éigin trína bhfuil údarás Stáit ag éileamh d'fhaibhrigh sé ar dtús, chun an duine sin.

(2) Bainfidh na forála seo a leanas le caingean ag duine (seachas údarás Stáit) á éileamh go ndíolfar talamh atá faoi mhorgáiste nó muirear:—

(a) faoi réir míre (b) den fho-alt seo, ní tionscnófar aon chaingean den tsórt sin tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun an duine a thionscnós é nó, más chun duine éigin trína bhfuil sé ag éileamh d'fhaibhrigh sé ar dtús, chun an duine sin;

(b) más chun údaráis Stáit d'fhaibhrigh an ceart caingin ar dtús, féadfar an caingean a thionscnamh tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse ina bhféadfadh údáras Stáit an caingean a thionscnamh nó sara mbeidh dhá bhliain déag caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin chun duine éigin seachas údarás Stáit, pé tréimhse acu is túisce a bheas caite.

Múchadh teidil mhorgáistí chun talún morgáistithe ar bheith caite don tréimhse le haghaidh caingean á éileamh go ndíolfar talamh.

33. —Ar an tréimhse a bheith caite a socraítear leis an Acht seo chun morgáistí do thionscnamh caingin á éileamh go ndíolfar an talamh morgáistithe, beidh teideal an mhorgáistí chun na talún múchta.

Tréimhse thórann i gcás caingean fuascailte (talamh).

34. —(1)  (a) I gcás seilbh a bheith ag morgáistí talún ar aon chuid den talamh morgáistithe le dhá bhliain déag, ní dhéanfaidh an morgáisteoir ná aon duine a bheas ag éileamh tríd aon chaingean a thionscnamh ina dhiaidh sin chun an talamh a bhfuil an morgáistí ina sheilbh amhlaidh d'fhuascailt.

(b) Níl feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir le morgáiste Breathnach.

(2) I gcás morgáistí talún faoi mhorgáiste Breathnach a fhorálas go bhfuil na cíosa agus na brabúis le húsáid chun na príomhshuimeanna agus an t-ús a laghdú a bheith i seilbh na talún le dhá bhliain déag dar tosach an dáta a glanadh na príomhshuimeanna agus an t-ús uile, ní dhéanfaidh an morgáisteoir ná aon duine a bheas ag éileamh tríd aon chaingean chun an talamh d'fhuascailt a thionscnamh ina dhiaidh sin.

Teidoal morgáisteora chun talún morgáistithe a bheith múchta ar bheith caite don tréimhse le baghaidh caingean chun talamh d'fhuascailt.

35. —Faoi réir ailt 52 d'Acht 1891, ar an tréimhse a bheith caite a socraítear leis an Acht seo chun morgáisteoir do thionscnamh caingin chun talamh faoi mhorgáiste d'fhuascailt, beidh teideal an mhorgáisteora chun na talún múchta.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun príomhshuim a ghnóthú atá urraithe le muirear ar thalamh nó ar mhaoin phearsanta.

36. —(1) (a) Ní déanfar aon chaingean chun aon phríomhshuim a ghnóthú atá urraithe le morgáiste nó muirear ar thalamh nó ar mhaoin phearsanta (seachas long) a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart chun an t-airgead d'fháil.

(b) Maidir le na feidhm—

(i) i leith morgáiste, a bhfuil ús air iníoctha isteach i gCiste Temporáltachtaí na hEaglaise, nó

(ii) i leith muirir ar thalamh faoi alt 31 den Land Law (Ireland) Act, 1881, nó

(iii) i leith muirir ar thalamh faoi Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus 1934,

beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo amhail is dá gcuirtí “tríocha bliain” in ionad na bhfocal “dhá bhliain déag.”

(2) Measfar, chun críocha an ailt seo, an ceart chun aon phríomhshuim d'fháil atá urraithe le morgáiste nó muirear eile a bheith gan faibhriú an fhad is cuid den mhaoin ar a bhfuil an morgáiste nó an muirear aon leas todhchaí nó aon pholasaí árachais saoil atá gan aibiú nó gan forceannadh.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun riaráistí úis ar mhorgáiste nó ar mhuirear a ghnóthú.

37. —(1) Ní déanfar aon chaingean, chun riaráistí úis is iníoctha i leith aon phríomhshuime a ghnóthú atá urraithe le morgáiste nó muirear ar thalamh nó ar mhaoin phearsanta (seachas long), nó dámáistí a ghnóthú i leith riaráistí den tsórt sin, a thionscnamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig an t-ús chun bheith dlite.

(2) I gcás—

(a) morgáistí tosaíochta nó eireadóir tosaíochta eile a bheith i seilbh na maoine faoi mhuirear, agus

(b) go ndéanfaidh eireadóir ina dhiaidh sin caingean a thionscnamh laistigh de bhliain tar éis scor den tseilbh sin,

féadfaidh sé, leis an gcaingean sin, na riaráistí úis uile a tháinig chun bheith dlite i rith na tréimhse a bhí an t-eireadóir tosaíochta i seilbh, nó damáistí ina leith sin, a ghnóthú d'ainneoin an tréimhse a bheith níos sia ná sé bliana.

(3) I gcás—

(a) inar cuid de mhaoin faoi mhorgáiste nó muirear aon leas todhchaí nó polasaí arachais saoil, agus

(b) gur téarma den mhorgáiste nó den mhuirear go ndéileálfar le riaráistí úis mar chuid den phríomhshuim a hurraíodh leis an morgáiste nó an muirear,

ní measfar ús a theacht chun bheith dlite roimh an tráth d'fhaibhrigh, nó a measfar d'fhaibhrigh, an ceart chun an phríomhshuim d'fháil.

Ceart morgáistí nó muirearóra chun féich mhorgáiste a bheith múcha ar bheith caite don tréimhse le haghaidh caingean chun talamh d'aisghabháil nó chun a éileamh go ndíolfar talamh.

38. —Ar bheith caite don tréimhse a socraítear leis an Acht seo chun morgáistí talún do thionscnamh caingin chun an talamh d'aisghabháil, nó chun duine a bheas ag éileamh mar mhorgáistí nó muirearóir do thionscnamh caingin go ndíolfar an talamh, beidh ceart an mhorgáistí nó an duine sin chun na príomhshuime agus an úis a hurraíodh leis an morgáiste nó an muirear múchta.

Ceart morgáistí nó muirearóra chun príomhshuime a hurraíodh le morgáiste nó muirear ar mhaoin phearsanta a bheith múchta ar bheith caite don tréimhse le haghaidh caingean chun príomhshuim a ghnóthú.

39. —Ar bheith caite don tréimhse a socraítear leis an Acht seo chun morgáistí nó muirearóir do thionscnamh caingin chun príomhshuim a hurraíodh le morgáiste nó muirear ar mhaoin phearsanta (seachas long) a ghnóthú, beidh ceart an mhorgáistí nó an mhuirearóra chun na príomhshuime agus an úis múchta.

Tréimhse thórann i gcás caingean maidir le cearta pearsanta áirithe i dtalamh nó ina leith, mar shampla, ceart cothabhála, etc.

40. —Ní déanfar caingean i leith cirt de chineál liain ar luach airgid i dtalamh nó i leith talún ar feadh tréimhse tóranta nach sia ná saol, mar shampla, ceart cothabhála nó ceart cónaithe, nach ceart cónaithe eisiach i gcuid nó ar chuid shonraithe den talamh, a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin.

Ceart pearsanta i dtalamh nó i leith talún, mar shampla, ceart cothabhála, etc., a bheith múchta ar bheith caite don tréimhse le haghaidh caingean i leith an chirt sin.

41. —Ar bheith caite don tréimhse a socraítear leis an Acht seo chun aon duine do thionscnamh caingin i leith cirt de chineál liain ar luach airgid i dtalamh nó i leith talún ar feadh tréimhse tóranta nach sia ná saol, mar shampla, ceart cothabhála nó ceart cónaithe, nach ceart cónaithe eiseach i gcuid nó ar chuid shonraithe den talamh, beidh an ceart sin múchta.

Srian le hús ar airnéismhorgáistí a ghnóthú faoi alt 26 den Acht Cairde Thalmhaíochta, 1947 .

42. —An tsuim i leith úis a bheas dlite ar scór airnéis-mhorgáiste (do réir bhrí an Achta Chairde Thalmhaíochta, 1947 ( Uimh. 14 de 1947 ) ), a deimhneofar in ordú faoi alt 26 den Acht sin, ní fholóidh sí aon ús d'fhaibhrigh chun bheith dlite níos mó ná sé bliana roimh dháta an orduithe.

Caingin maidir le maoin iontaobhais.

Tréimhse thórann i gcás caingean i gcoinne iontaobhaithe.

43. —(1) (a) Faoi réir ailt 44 den Acht seo, ní déanfar caingean, chun airgead nó maoin eile a ghnóthú nó d'aisghabháil nó mar gheall ar aon tsárú iontaobhais, caingean dá socraítear tréimhse thórann le haon fhoráil eile den Acht seo, a thionscnamh i gcoinne iontaobhaí, ná i gcoinne aon duine a bheas ag éileamh tríd, tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart caingin.

(b) Chun críocha míre (a) den fho-alt seo, ní measfar ceart caingin d'fhaibhriú chun tairbhí ag a bhfuil teideal chun leasa thodhchaí i maoin iontaobhais go dtí go dtitfidh an leas chun seilbhe.

(2) Aon tairbhí a mbeadh cosaint mhaith ina choinne de bhuaidh an ailt seo, ní bhfaighidh sé ó bhreithiúnas nó ordú a fuair tairbhí eile aon tairbhe is mó ná mar d'fhéadfadh sé d'fháil ná thar mar d'fhéadfadh sé d'fháil dá mba é féin a thionscain an caingean agus gur pléideáladh an tAcht seo mar chosaint.

Ní háirítear caingin i gcoinne iontaobhaithe i gcásanna calaoise nó coinneála maoine iontaobhais.

44. —Ní bheidh feidhm ag aon tréimhse thórann a socraítear leis an Acht seo maidir le caingean i gcoinne iontaobhaí nó aon duine a bheas ag éileamh tríd i gcás—

(a) ina mbeidh an t-éileamh bunaithe ar aon chalaois nó sárú calaoiseach iontaobhais a raibh an t-iontaobhaí páirteach nó inpháirteach ann, nó

(b) gurb é atá san éileamh éileamh chun maoin iontaobhais d'aisghabháil atá á choimeád, nó na fáltais uaidh atá á gcoimeád, ag an iontaobhaí, nó a fuair an t-iontaobhaí roimhe sin agus a chomhshóigh sé chun a úsáide féin.

Caingin maidir le heastáit dhaoine éagtha.

Tréimhse thórann i gcás caingean chun eastát pearsanta dhao ne éagtha d'aisghabháil.

45. —(1) Faoi réir ailt 46 den Acht seo, ní déanfar aon chaingean i leith aon éilimh chun eastáit phearsanta dhuine éagtha nó chun aon scaire nó leasa san eastát sin, pé acu faoi uacht nó ar dhíthiomnacht é, a thionscnamh tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ón dáta d'fhaibhrigh an ceart chun an scair nó an leas d'fháil.

(2) Faoi réir ailt 46 den Acht seo, ní déanfar aon chaingean chun riaráistí úis, nó damáistí i leith na riaráistí sin, a ghnóthú i leith aon leagáide a thionscnamh tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tháinig an t-ús chun bheith dlite.

Ní háirítear caingin i gcoinne ionadaithe pearsanta i gcásanna calaoisc.

46. —Ní bheidh feidhm ag aon tréimhse thórann a socraítear leis an Acht seo maidir le caingean i gcoinne ionadaí phearsanta, ná aon duine a bheas ag éileamh tríd, i gcás an t-éileamh a bheith bunaithe ar aon chalaois a raibh an t-ionadaí pearsanta páirteach nó inpháirteach ann.