|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 17 de 1957. | ||
[EN] |
AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1957. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH MÉADUITHE, LE hÉIFEACHT CHÚLGHABHÁLACH, AR PHINSIN SEIRBHÍSE AGUS PINSIN MHÍCHUMAIS IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 GO 1953. [18 Iúil, 1957.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú. |
1. —(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú cúig déag faoin gcéad. |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo— | |
[EN] | (a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoi na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953, agus | |
[EN] | (b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh. | |
[EN] | (3) Measfar an t-alt seo a theacht i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1956, agus beidh éifeacht ón dáta sin ag méadú faoin alt seo. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1957, a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1957, a ghairm de na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953, agus den Acht seo le chéile. |