Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Na Comhaontuithe.)

18 1957


Uimhir 18 de 1957.


AN tACHT UM CHOMHAONTUITHE BRETTON WOODS, 1957.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE MAIDIR LEIS AN RIALTAS DO GHLACADH LEIS NA COMHAONTUITHE I LEITH AN CHISTE AIRGEADAÍOCHTA IDIRNÁISIÚNTA AGUS AN BHAINC IDIRNÁISIÚNTA LE hAGHAIDH ATHINMHITHE AGUS FORBAIRTE AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ) A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Iúil, 1957.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Comhaontú Ciste” an comhaontú, chun comhlucht idirnáisiúnta dá ngairmfear an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a bhunú agus d'oibriú, a hullmhaíodh ag Comhdháil Airgeadaíochta agus Airgeadais na Náisiún Aontaithe a tionóladh i mBretton Woods i New Hampshire i Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Iúil, 1944, agus a bhfuil téacs a chuid Airteagal leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Comhaontú Bainc” an comhaontú, chun comhlucht idirnáisiúnta dá ngairmfear an Banc Idirnáisiúnta le haghaidh Athinmhithe agus Forbairte a bhunú agus d'oibriú, a hullmhaíodh ag Comhdháil Airgeadaíochta agus Airgeadais na Náisiún Aontaithe a tionóladh i mBretton Woods i New Hampshire i Stáit Aontaithe Mheiriceá i mí Iúil, 1944, agus a bhfuil téacs a chuid Airteagal leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a bunaíodh faoin gComhaontú Ciste;

ciallaíonn “an Banc” an Banc Idirnáisiúnta le haghaidh Aithinmhithe agus Forbairte a bunaíodh faoin gComhaontú Bainc.

Glacadh a cheadú.

2. —Ceadaítear leis seo an Comhaontú Ciste agus an Comhaontú Bainc a ghlacadh ag an Rialtas.

Forála airgeadais agus forála eile.

3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a síneofar an Comhaontú Ciste agus an Comhaontú Bainc thar ceann an Rialtais.

(2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar is iomchuí agus nuair is iomchuí iad d'íoc thar ceann an Rialtais, d'íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis:

(a) íocaíochtaí i leith suibscríobh chun an Chiste,

(b) íocaíochtaí faoi mhír (a) d'Alt 4 d'Airteagal III den Chomhaontú Ciste,

(c) íocaíochtaí faoi mhír (b) nó mír (d) d'Alt 8 d'Airteagal IV den Chomhaontú Ciste,

(d) íocaíochtaí faoi Alt 3, Alt 7 nó Alt 8 d'Airteagal V den Chomhaontú Ciste,

(e) íocaíochtaí faoi Alt 3 d'Airteagal XIII den Chomhaontú Ciste,

(f) íocaíochtaí faoi Sceideal D den Chomhaontú Ciste,

(g) íocaíochtaí faoi Sceideal E den Chomhaontú Ciste,

(h) íocaíochtaí i leith suibscríobh chun an Bhainc,

(i) íocaíochtaí faoi Alt 9 d'Airteagal II den Chomhaontú Bainc,

(j) íocaíochtaí faoi fho-mhír (iv) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VI den Chomhaontú Bainc.

(3) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon nótaí neamh-úsmhara, do-thráchta nó aon oblagáidí neamh-úsmhara, do-thráchta eile, dá bhforáltar le hAlt 5 d'Airteagal III den Chomhaontú Ciste agus le hAlt 12 d'Airteagal V den Chomhaontú Bainc, a chruthnú agus d'eisiúint chun an Chiste nó chun an Bhainc i pé foirm is oiriúnach leis, agus déanfar aon íocaíochtaí i leith aon nótaí nó oblagáidí den tsórt sin a cruthnófar agus a heiseofar amhlaidh d'íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna is gá faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan chuige agus, chun an céanna a thógaint ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint, agus iad faoi pé ráta úis agus faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(5) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús a heiseofar faoi fho-alt (4) den alt seo, agus na costais faoina raghfar i leith a n-eisiúna, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(6) Déanfar aon airgead a gheobhas an Rialtas ón gCiste nó ón mBanc nó a cruinneofar trí urrúis faoi fho-alt (4) den alt seo a chur chun creidiúna cuntais an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

(7) Gníomhóidh Banc Ceannais na hÉireann mar thaisclann le haghaidh sealúchas d'airgeadra an Stáit agus sócmhainní eile an Chiste agus an Bhainc agus féadfaidh sé aon tsuim nó suimeanna is gá faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo d'airleacan chun an Aire Airgeadais.

(8) Beidh feidhm dlí sa Stát—

(a) ag forála Alt 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8 agus 9 d'Airteagal IX den Chomhaontú Ciste,

(b) ag forála Alt 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8 agus 9 d'Airteagal VII den Chomhaontú Bainc, agus

(c) ag an gcéad abairt de mhír (b) d'Alt 2 d'Airteagal VIII den Chomhaontú Ciste,

ar choinníoll nach ndéanfar aon ní in Alt 9 d'Airteagal IX den Chomhaontú Ciste nó in Alt 9 d'Airteagal VII den Chomhaontú Bainc d'fhorléiriú mar ní—

(i) a bheir teideal don Chiste nó don Bhanc chun earraí d'allmhuiriú saor ó dhleacht chustam gan aon tsrian lena ndíol ina dhiaidh sin sa tír chun ar hallmhuiríodh iad,

(ii) a bheir aon díolúine don Chiste nó don Bhanc ó dhleachta nó cánacha is cuid de phraghas na n-earraí a díolfar, nó

(iii) a bheir aon díolúine don Chiste nó don Bhanc ó chánacha nó dleachta nach bhfuil iontu iarbhír ach táillí i leith seirbhísí a rinneadh.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht um Chomhaontuithe Bretton Woods, 1957 , a ghairm den Acht seo.