|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) | Ar Aghaidh (CUID III. Na hAchta a Leasú.) |
AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1957
[EN] | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID II. Méaduithe ar Phinsin, Liúntais agus Aiscí faoi na hAchta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
An tsuim iomchuí. |
3. —(1) Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn “an tsuim iomchuí” maidir le pinsean— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) mura mó ná £100 sa bhliain méid an phinsin, cúig déag faoin gcéad de mhéid an phinsin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) más mó ná £100 sa bhliain ach nach mó ná £125 sa bhliain méid an phinsin, £15 sa bhliain, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) más mó ná £125 sa bhliain ach nach mó ná £150 sa bhliain méid an phinsin, dó dhéag faoin gcéad de mhéid an phinsin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) más mó ná £150 sa bhliain ach nach mó ná £200 sa bhliain méid an phinsin, £18 sa bhliain, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) más mó ná £200 sa bhliain ach nach mó ná £300 sa bhliain méid an phinsin, naoi faoin gcéad de mhéid an phinsin, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) más mó ná £300 sa bhliain ach nach mó ná £450 sa bhliain méid an phinsin, £27 sa bhliain. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, is é méid a bheas i bpinsean ná méid an phinsin iomláin, pé acu atá an pinsean i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach nó nach bhfuil sé i gcúrsa a íoctha ar chor ar bith. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) San alt seo ní fholaíonn “pinsean” pinsean breise faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 ná pinsean pósta. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin chréachta agus ar aiscí faoi alt 1 d'Acht 1923. |
4. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis agus roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, is é méid a bheas ann, in ionad méide arna ríomh do réir fo-ailt (2) d'alt 14 d'Acht 1953, pé méid acu seo a leanas is lú— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) an méid is iníoctha leis an oifigeach sin faoi fho-alt (2) d'alt sin 14, móide an tsuim iomchuí, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchta dá mba ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é, agus dá mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | TAIBLE I | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Oifigeach dob oifigeach pósta do réir bhrí Rialachán Óglaigh na hÉireann do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá roimh lá a urscaoilte as na fórsaí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | TAIBLE II | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Oifigeach nárbh oifigeach pósta do réir bhrí Rialachán Óglaigh na hÉireann do rialú páighe oifigeach a bhí i bhfeidhm an lá roimh lá a urscaoilte as na fórsaí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Déantar leis seo alt 1 d'Acht 1923 a leasú trí “£175” a chur in ionad “£100” agus “£105” a chur in ionad “£60,” i bhfo-alt (3), agus is dá réir sin a bheas éifeacht ag alt 3 d'Acht 1923 (a mhéid a bhaineas sé le haisce a dheonadh). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 3 d'Acht 1923. |
5. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim oifigigh sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim shaighdiúra sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1923. |
6. —(1) Sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1923 (a shonraíos liúntais do chleithiúnaithe oifigeach éagtha áirithe) — | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i mír 1, cuirfear “£151” in ionad “£90” agus “£188” in ionad “£120”, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i mír 2 agus i mír 3, cuirfear “£41 10s.” in ionad “£36” agus “£69” in ionad “£60”, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i mír 4, cuirfear “£60” in ionad “£35”, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) i mír 5, cuirfear “£1 14s. 6d.” in ionad “£1 10s”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo alt 4 den Acht Arm-Phinsean (Méadú), 1949 ( Uimh. 28 de 1949 ). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1923. |
7. —Sa Tríú Sceideal a ghabhas le hAcht 1923 (a shonraíos liúntais do chleithiúnaithe saighdiúirí éagtha áirithe) — | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i mír 1, cuirfear “£1 10s. 3d.” in ionad “£1 6s. 3d.” agus “£78 10s.” in ionad “£45 10s. 0d.”, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i mír 2, cuirfear “8s. 9d.”, “6s.” agus “14s. 9d.” in ionad “5s.”, “3s. 6d.” agus “8s. 6d.”, faoi seach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i mír 3, cuirfear “£60” in ionad “£35”, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) i mír 4, cuirfear “£1 6s.” in ionad “£1 2s. 6d.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 9 d'Acht 1927. |
8. —(1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a gabhas leis an Acht seo ag uimhiar thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 10 d'Acht 1927. |
9. —(1) Déanfar méid pinsin mhítheora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, a chinneadh do réir na bhfórál atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seibhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán 1922-Meán Fómhair, 1924, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, míchumas de dheasca galair dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin chréachta agus aiscí faoi alt 11 d'Acht 1927. |
10. —(1) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 11 d'Acht 1927 trí “céad agus seachtó cúig puint” a chur in ionad “céad punt” agus “céad agus cúig puint” a chur in ionad “trí fichid punt.” | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin chréachta agus aiscí airithe faoi alt 12 d'Acht 1927. |
11. —(1) Déanfar méid pinsin chréachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, a chinneadh do réir na bhforál atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse seachas tréimhse na héigeandála, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon phinsean créachta a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta dob inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na Achta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 12 d'Acht 1927— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) trí “céad agus dá fhichead punt” a chur in ionad “ceithre fichid punt” agus “ocht bpuint agus cúig scillinge déag” a chur in ionad “ráta cúig bpunt” i mír (a), | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) trí “seachtó punt” a chur in ionad “dachad punt” agus “ceithre puint seacht scillinge agus sé pingne” a chur in ionad “ráta dhá phunt agus deich scillinge” i mír (b). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhas le hAcht 1949 tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Coda II (a shonraíos méid an phinsin chréachta is iníoctha le saighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí an 30ú lá d'Iúil. 1949, nó dá éis): | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “CUID II. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Pinsin Chréachta—Saighdiúirí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 13 d'Acht 1927. |
12. —(1) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh go mb'oifigeach é, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a hurscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis agus roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, is é méid a bheas ann, in ionad méide arna ríomh dá réir fo-ailt (2) d'alt 23 d'Acht 1953, pé méid acu seo a leanas is lú— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) an méid is iníoctha leis an oifigeach sin faoi fho-alt (2) den alt sin 23, móide an tsuim iomchuí, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) an méid dob iníoctha leis an oifigeach sin faoi na hAchta dá mb'ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é agus go mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do duine ar cinneadh go mba shaighdiúir é, agus is iníoctha faoi na hAchta do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Aon phinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a hurscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha do réir an ráta a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas le hAcht 1953 is infheidhme ina chás, iníoctha do réir an ráta mhéadaithe a sonraítear chuige sin sna forála sin den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is infheidhme ina chás. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927. |
13. —Sa Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a shonraíos liúntais do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí)— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i mír 1 de Chuid I, cuirfear “£151” agus “£188” in ionad “£135” agus “£ 120”, faoi seach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i míreanna 2 agus 3 de Chuid I, cuirfear “£41 10s.” agus “£69” in ionad “£24” agus “£40”, faoi seach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i mír 4 de Chuid I, cuirfear “£60” in ionad “£35”, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) i mír 1 de Chuid II, cuirfear “£1 10s. 3d.” agus “£78 10s.” in ionad “£ 1 6s. 3d.” agus “£45 10s.”, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (e) i mír 2 de Chuid II, cuirfear “8s. 9d.”, “6s.” agus “14s. 9d.” in ionad “5s.”, “3s. 6d.” agus “8s. 6d.”, faoi seach, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (f) i mír 3 de Chuid II, cuirfear “£60” in ionad “£35”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927. |
14. —(1) Cuirfear na Coda seo a leanas in ionad Coda I agus Coda II den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a shonraíos liúntais do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “Liúntais do Chleithiúnaithe. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | CUID I. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Oifigigh. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | CUID II. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Saighdiútrí. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Measfar gur tagairt do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid I agus do mhíreanna 1 agus 3 den Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo an tagairt in alt 25 d'Acht 1953 do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid I agus do mhíreanna 1 agus 3 de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar Cuid III den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943) d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí “£90” agus “£180” i mír 6 in ionad “£78” agus “£112 10s.”, faoi seach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Déanfar Cuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhas le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943) d'fhorléiriú amhail is dá gcuirtí “£45” agus “£180” i mír 6 in ionad “£39” agus “£112 10s.”, faoi seach. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin chréachta, mhíthreora agus phósta agus ar aiscí faoi alt 10 d'Acht 1932. |
15. —(1) Aon phinsean créachta nó pinsean míthreora a deonadh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1932 trí “céad agus tríocha punt” a chur in ionad “cúig puint sheachtód”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Aon phinsean pósta a deonadh faoi fho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha do réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is do réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (5) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1932. |
16. —Sa Dara Sceideal a ghabhas le hAcht 1932 (a shonraíos liúntais agus aiscí d'aicmí áirithe daoine) - | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i mír l i gCuid I, cuirfear “£116” agus “£150” in ionad “£101 5s. 0d.” agus “£90”, faoi seach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i míreanna 2 agus 3 i gCuid I, cuirfear “£31” agus “£52” in ionad “£27” agus “£45”, faoi seach, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i mír 5 i gCuid II, cuirfear “26s.” in ionad “22s. 6d.”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 19 d'Acht 1937. |
17. —Leasaítear leis seo alt 19 d'Acht 1937 (a dhéanas foráil le haghaidh aiscí do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha d'eagrais áirithe) trí “de chéad agus ochtó punt” a chur in ionad “de chéad agus dhá phunt déag agus deich scillinge”, i bhfo-alt (3). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin faoi alt 26 d'Acht 1937. |
18. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha do réir punt dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain, is do réir punt agus sé scillinge sa tseachtain a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain, is do réir punt agus ceithre scillinge déag agus sé pingne sa tseachtain a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin faoi ailt 28 agus 29 d'Acht 1937. |
19. —Beidh éifeacht ag alt 28 agus ag alt 29 d'Acht 1937 (a dhéanas foráil le haghaidh pinsean do shean-chomhaltaí de na fórsaí agus do chomhaltaí d'eagrais áirithe i leith créacht nó galar a forthromaíodh de bharr seirbhíse) amhail is dá gcuirtí an Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad an Sceidil a ghabhas leis an Acht sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar liúntais chleithiúnaithe faoi alt 37 d'Acht 1937. |
20. —I bhfo-alt (2) agus i mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 37 d'Acht 1937 (a dhéanas foráil le haghaidh liúntas do ghaolta áirithe chomhaltaí éagtha d'eagrais áirithe) cuirfear na focail “seasca a naoi puint” in ionad na bhfocal “seasca punt”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1941. |
21. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha do réir punt dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain, is do réir punt agus sé scillinge sa tseachtain a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain is do réir punt agus ceithre scillinge déag agus sé pingne sa tseachtain a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin faoi alt 4 d'Acht 1943. |
22. —Cuirfear an Sceideal seo a leanas in ionad an Sceidil a ghabhas le halt 4 d'Acht 1943 (a leathnaíos forála áirithe d'Acht 1927 ionas go mbainid le comhaltaí Sheirbhíse Altranais an Airm): | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “AN SCEIDEAL. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Scála Pinsean Míthreora agus Pinsean Créachta do Chomhaltaí Sheirbhíse Altranais an Airm. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1943. |
23. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha do réir punt agus dhá scilling agus sé pingne sa tseachtain, is do réir punt agus sé scillinge sa tseachtain a bheas sé iníoctha. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha do réir punt agus deich scillinge sa tseachtain, is do réir punt ceithre scillinge déag agus sé pingne sa tseachtain a bheas sé iníoctha. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Méadú ar phinsin faoi alt 12 d'Acht 1946. |
24. —Beidh éifeacht ag alt 12 d'Acht 1946 (a dhéanas foráil le haghaidh pinsean i leith eitinne a forthromaíodh de bharr seirbhíse i rith na tréimhse éigeandála) amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad an Dara Sceidil a ghabhas leis an Acht sin: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “AN DARA SCEIDEAL. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Rátaí Pinsean faoi Alt 12 den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 16 d'Acht 1953. |
25. —Leasaítear leis seo alt 16 d'Acht 1953 (a dhéanas foráil le haghaidh méaduithe ar phinsin bhreise faoi ailt 2 agus 3 d'Acht 1923) trí “cúig tríochad faoin gcéad” a chur in ionad “cúig fichead faoin gcéad.” | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 24 d'Acht 1953. |
26. —Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1953 (a dhéanas foráil le haghaidh méaduithe ar phinsin phósta faoi ailt 9 go 13 d'Acht 1927 agus faoi alt 5 d'Acht 1946) trí “cúig tríochad faoin gcéad” a chur in ionad “cúig fichead faoin gcéad”. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Srian le pinsean a mhéadú. |
27. —Más rud é— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) go bhfuil pinsean míchumais á fháil ag duine, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) go bhfuil pinsean Óglaigh na hÉireann á fháil freisin ag an duine sin, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) gur £450 sa bhliain nó faoina bhun sin comhshuim— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) an phinsin mhíchumais, agus | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) glan-mhéid an phinsin Óglaigh na hÉireann, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | agus go mba mhó ná £477 sa bhliain an chomhshuim sin, dá méadaítí an pinsean míchumais faoi na forála sin roimhe seo den Acht seo, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ansin, ní déanfar an pinsean míchumais a mhéadú ach de mhéid a bhéarfas comhshuim an phinsin mhíchumais agus glan-mhéid an phinsin Óglaigh na hÉireann suas go dtí £477 sa bhliain. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Gan feidhm a bheith ag na forála sin roimhe seo den Chuid seo. |
28. —Ní bheidh feidhm ag na forála sin roimhe seo den Chuid seo maidir le haon phinsean míchumais is iníoctha le duine a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, ar mó ná £450 sa bhliain a mhéid leis féin nó ar é a chomhshuimiú le pinsean Óglaigh na hÉireann. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Pinsin mhíchumais áirithe a mhéadú. |
29. —I gcás duine a hurscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá d'Aibreán, 1950, agus atá ag fáil pinsin mhíchumais ar mó ná £450 sa bhliain a mhéid leis féin nó ar é a chomhshuimiú le haon phinsean Óglaigh na hÉireann is iníoctha leis an duine sin, ansin, méadófar an pinsean míchumais go dtí pé méid acu seo a leanas is lú— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) méid an phinsin mhíchumais ar é a mhéadú 6 faoin gcéad, | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) méid an phinsin mhíchumais dob iníoctha leis an duine sin dá mb'ar an 2ú lá de Shamhain, 1952, a hurscaoileadh as na fórsaí é agus go mb'ionann a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta sin agus a chéim agus a sheirbhís sa chéim sin ar an dáta a hurscaoileadh é iarbhír agus gurb é an scála pinsin a bhain leis an scála iomchuí atá sna Táiblí a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 4 den Acht seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Tosach feidhme na Coda seo. |
30. —Measfar go dtáinig an Chuid seo i ngníomh an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus beidh éifeacht ón dáta sin ag an méadú ar phinsin (lena n-áirítear pinsin bhreise agus pinsin phósta) agus ar liúntais agus ar aiscí dá bhforáltar leis an gCuid seo. |