An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Báis.) Ar Aghaidh (CUID V. Allúntais Infheistíochta Loingis: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.)

20 1957

AN tACHT AIRGEADAIS, 1957

CUID IV.

Cáin Bhrabús Corparáide.

Leasú ar alt 13 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

16. —Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 ( Uimh. 47 de 1956 ), tríd na fo-ailt seo a leanas a chur leis:

“(9)     (a) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta is tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1958, beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo amhail is dá gcuirfí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt.

(b) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta is tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1958, beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo amhail is dá gcuirfí ‘laghdófar go neamhní’ in ionad ‘laghdófar caoga faoin gcéad’ sa bhfo-alt.

(10)     (a) I gcás aon tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann fo-alt (9) den alt seo, féadfar, d'ainneoin aon ní san alt seo, cáin bhrabús corparáide is iníoctha ag cuideachta a laghdú fiche cúig faoin gcéad a mhéid a bhaineas sí le brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát, ach is laghdú é in ionad, agus ní laghdú é i dteannta, aon laghduithe eile ar cháin bhrabús chorparáide faoi fhorála an ailt seo don tréimhse chuntasaíochta.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim pé cionroinnt a dhéanamh is dóigh leo is gá chun críocha an fho-ailt seo.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar gurb é an ‘brabús ó dhíol earraí a honnmhuiríodh as an Stát’ pé suim a mbeidh idir í agus an méid de bhrabúis na cuideachtan don tréimhse chuntasaíochta, arna ríomh chun críocha cánach brabús corparáide, is inchurtha i leith díol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) an cothrom céanna a bheas idir an méid a bhí le fáil sa tréimhse chuntasaíochta ó dhíol earraí a honnmhuiríodh agus an méid iomlán a bhí le fáil ag an gcuideachta ó dhíol earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh) sa tréimhse chuntasaíochta.”