|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. Na Gnóthairí Gáis Sceidealta.) |
AN tACHT UM RIALÚ GÁIS, 1957
[EN] | ||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL. Coistí Comhairlitheachta um Tháillí Gáis. | |
[EN] | ||
[EN] | An Painéal. | 1. Sa Sceideal seo, ciallaíonn “an Painéal” Painéal na gCoistí Comhairlitheacha Praghsanna. |
[EN] | Comhaltas Choiste Chomhairlithigh. | 2. Beidh Coiste Comhairlitheach comhdhéanta de thriúr comhaltaí ar a laghad agus cúigear comhaltaí ar a mhéid, agus is é an tAire a cheapfas iad go léir ó dhaoine is comhaltaí den Phainéal tráth an cheapacháin. |
[EN] | Cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh. | 3. (1) Beidh Cathaoirleach ar Choiste Comhairlitheach. |
[EN] | (2) Bainfidh na forála seo a leanas le hoifig chathaoirligh Choiste Chomhairlithigh— | |
[EN] | (a) is é a bheas ina chathaoirleach pé comhalta den Choiste Comhairlitheach sin a ainmneos an tAire chun bheith ina chathaoirleach, | |
[EN] | (b) má scoireann an cathaoirleach de bheith ina chomhalta den Choiste Comhairlitheach sin, scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach, | |
[EN] | (c) má tharlaíonn don duine a shealbhós an oifig sin go mbeidh sé neamhábalta go sealadach ar chúis ar bheith ar dhualgais na hoifige sin a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire comhalta den Phainéal nach comhalta den Choiste Comhairlitheach sin san am d'ainmniú chun dualgais na hoifige sin a chomhlíonadh ar feadh tréimhse sonraithe (nach sia ná ré na neamhábaltachta sealadaí sin) agus beidh cumhachta uile an chathaoirligh ar feadh na tréimhse sin ag an duine a hainmneofar amhlaidh agus measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é cathaoirleach an Choiste Chomhairlithigh sin é agus gur comhalta dhe é. | |
[EN] | Comhalta de Choiste Comhairlitheach d'éirí as ofiig nó a chur as oifig. | 4. (1) Féadfaidh comhalta de Choiste Comhairlitheach éirí as oifig. |
[EN] | (2) Féadfaidh an tAire comhalta de Choiste Comhairlitheach a chur as oifig— | |
[EN] | (a) má bhíonn sé éagumasach mar gheall ar easláinte ar a dhualgais mar chomhalta den tsórt sin a chomhlíonadh go héifeachtúil, nó | |
[EN] | (b) má bhíonn sé tar éis scor de bheith ina chomhalta den Phainéal, nó | |
[EN] | (c) más dóigh leis an Aire gur gá é a chur as oifig ar mhaithe le dualgais an Choiste Chomhairlithigh sin a chomhlíonadh go héifeachtúil tíobhasach. | |
[EN] | Corr-fholuntais. | 5. Má tharlaíonn go mbeidh corr-fholúntas i gcomhaltas Choiste Chomhairlithigh, féadfaidh an tAire duine is comhalta den Phainéal de thuras na huaire a cheapadh chun an folúntas a líonadh. |
[EN] | Luach saothair agus caiteachas chomhaltaí Choiste Chomhairlithigh. | 6. Féadfar pé luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachais a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le comhalta Choiste Chomhairlithigh. |
[EN] | Comhalta de Choiste Chomhairlitheach do chur leasa in iúl. | 7. Má bhíonn leas pearsanta i ngnó díola gháis ag comhalta de Choiste Comhairlitheach a bheas ag fiosrú faoi tháillí a beifear a éileamh i leith gáis, cuirfidh sé sin in iúl don Aire, agus air sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas— |
[EN] | (a) ní ghníomhóidh sé, gan údarás ón Aire, mar chomhalta den Choiste Comhairlitheach sin, | |
[EN] | (b) féadfaidh an tAire é a chur den Choiste Comhairlitheach sin agus duine eile den Phainéal a cheapadh ina chomhalta nua ina ionad ar an gCoiste Comhairlitheach sin. | |
[EN] | Oifigigh agus seirbhísigh de Choiste Comhairlitheach. | 8. (1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé oifigigh agus seirbhísigh a cheapadh is dóigh leis is gá chun cabhrú le Coiste Comhairlitheach i gcomhlíonadh a dhualgas. |
[EN] | (2) Na hoifigigh agus na seirbhísigh a ceapfar faoi fho-mhír (1) den mhír seo sealbhóid oifig ar pé téarmaí agus gheobhaid pé luach saothair a chinnfeas an tAire Airgeadais. | |
[EN] | Duine a cheapadh chun cabhrú le Coiste Comhairlitheach. | 9. (1) I gcás ina n-iarrfaidh Coiste Comhairlitheach go gceapfar duine chun cabhrú leis ag seoladh fiosrúcháin, féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, pé duine is cuí leis a cheapadh chuige sin. |
[EN] | (2) Féadfar pé luach saothair agus liúntas le haghaidh caiteachais a chinnfeas an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, d'íoc le duine a faoi ceapfar fho-mhír (1) den mhír seo. | |
[EN] | Nós imeachta ag cruinnithe de Choiste Comhairlitheach. | 10 (1) Is é cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh a bheas i gceannas gach cruinnithe den Choiste Comhairlitheach sin, agus ní comórfar aon chruinniú den Choiste Comhairlitheach sin mura mbeidh sé i láthair. |
[EN] | (2) Gach ceist a éireos ag cruinniú de Choiste Comhairlitheach cinnfear é le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheas i láthair agus a vótálfas ar an gceist, agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an Choiste Chomhairlithigh sin. | |
[EN] | (3) Féadfaidh Coiste Comhairlitheach gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc na gcomhaltaí. | |
[EN] | (4) Is é is córam do chruinniú de Choiste Comhairlitheach pé líon a shocrós sé ó am go ham, agus, mura mbeidh córam socair amhlaidh de thuras na huaire, triúr. | |
[EN] | (5) Aon fhiosrúchán a dhéanfas Coiste Comhairlithleach ní déanfar go hiomlán ná go páirteach go poiblí é, ach amháin le toiliú an Aire roimh ré i scríbhinn. | |
[EN] | (6) Faoi réir forál na míre seo, féadfaidh Coiste Comhairlitheach a nós imeachta agus a ghnó a rialú, lena n-áirítear an modh ar a gcuirfidh daoine faoina bhráid nithe maidir le hábhar aon fhiosrúcháin a bheas á dhéanamh aige. | |
[EN] | Cumhacht Chathaoirligh Choiste Chomhairlithigh chun finnéithe a thoghairm, etc. | 11. (1) Féadfaidh Cathaoirleach Choiste Chomhairlithigh, chun críocha feidhmeanna an Choiste Chomhairlithigh sin— |
[EN] | (a) finnéithe a thoghairm chun teacht i láthair an Choiste Chomhairlithigh sin; | |
[EN] | (b) aon fhinné a thiocfas i láthair an Choiste Chomhairlithigh sin a cheistiú faoi mhionn (agus údaraítear leis seo don chathaoirleach é a chur faoi mhionn); | |
[EN] | (c) a cheangal ar aon fhinné den tsórt sin aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a thabhairt ar aird don Choiste Comhairlitheach sin. | |
[EN] | (2) Aon toghairm chun finné a ghairm i láthair Choiste Chomhairlithigh beidh sé faoi láimh chathaoirligh an Choiste Chomhairlithigh sin. | |
[EN] | (3) Beidh finné i láthair Choiste Chomhairlithigh i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é. | |
[EN] | (4) Duine ar bith— | |
[EN] | (a) a toghairmfear go cuí os comhair Choiste Chomhairlithigh agus a mhainneos teacht i láthair, nó | |
[EN] | (b) a bheas i láthair mar fhinné agus a dhiúltós mionn a thabhairt a ceanglófar alr go dlíthiúil a thabhairt nó aon doiciméad ar a chumas nó faoina urláimh a ceanglófar air go dlíthiúil a thabhairt ar aird nó aon cheist d'fhreagairt a cheanglós an Coiste Comhairlitheach sin air go dlíthiúil d'fhreagairt, nó | |
[EN] | (c) a dhéanfas aon ní eile a bheadh, dá mba chúirt bhreithiúnais ag a raibh cumhacht chimithe mar gheall ar dhísbeagadh cúirte an Coiste Comhairlitheach sin, ina dhísbeagadh ar an gcúirt sin, | |
[EN] | féadfaidh an Coiste Comhairlitheach sin cion an duine sin a dheimhniú faoina lámha don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Ard-Chúirt, tar éis pé fiosrúchán is cuí léi, an duine sin a phionósú nó bearta a dhéanamh chun é a phionósú amhail is dá mbeadh sé ciontach i ndísbeagadh ar an Ard-Chúirt. |