|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 27 de 1957. | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1957. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ NA n ACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1955. [17 Nollaig, 1957.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Forléiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1939” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939 (Uimh. 24 de 1939) ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 (Uimh. 15 de 1952) ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] | (2) Forléireofar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1955, agus an tAcht seo mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Síneadh ar an tórainn ama chun ráthaíochtaí a thabhairt faoi Chuid III d'Acht 1952. |
2. —(1) Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1952 (a bhaineas leis an tórainn ama le tabhairt ráthaíochtaí faoi Chuid III den Acht sin) trí “deich mbliana ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “cúig bliana ó dháta an Achta seo a rith”. |
[EN] | (2) Measfar go dtáinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 3ú lá d'Iúil, 1957, agus, dá réir sin, aon ní a rinneadh an lá sin nó dá éis agus roimh dháta an Achta seo a rith agus d'airbheartaigh a bheith arna dhéanamh de bhun aon fhorála i gCuid III d'Acht 1952 measfar go bhfuil sé, agus go raibh sé ariamh, bailí cuí agus measfar é a bheith arna dhéanamh de bhun na forála sin. | |
[EN] |
Deontais ón mBord le haghaidh muirear úis ar íasachtaí áirithe. |
3. —(1) Féadfaidh an Bord, dá roghain féin, deontais a thabhairt faoi chomhair ús d'íoc ar iasachtaí a gheobhfar tar éis dáta an Achta seo a rith ar shlí seachas faoi ráthaíocht faoi Chuid III d'Acht 1952 agus a húsáidfear chun cóiríocht shaoire a dhéanamh, a mhéadú, d'fhreacnairciú nó d'fheabhsú. |
[EN] | (2) Ní raghaidh comhiomlán na ndeontas a bhéarfas an Bord faoin alt seo in aon bhliain airgeadais áirithe thar seachtó a cúig míle punt nuair a suimeofar iad i dteannta comhiomlán na ndeontas a bhéarfas an Bord faoi Chuid III d'Acht 1952 sa bhliain sin. | |
[EN] |
Deontais d'údaráis áitiúla agus do chuideachtana forbairte áitiúla. |
4. —(1) Forléireofar mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 5 (a bhaineas le feidhmeanna an Bhoird) d'Acht 1952 mar mhír a chumasaíos don Bhord deontais a thabhairt chun na gcríocha a luaitear sa mhír sin— |
[EN] | (a) d'údaráis áitiúla, agus | |
[EN] | (b) do chuideachtana a bunaíodh faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, ar cuspóir acu taithneamhachtaí agus saoráidí a sholáthar in áiteanna cuartaíochta agus an trácht cuartaíochta in áiteanna den tsórt sin nó chucu d'fhorbairt. | |
[EN] |
Mótar-óstáin. |
5. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1939 mar leanas: |
[EN] | (i) tríd an mír seo a leanas a chur le fo-alt (1) d'alt 24 (a bhaineas leis na cláir atá le coimeád ag an mBord): | |
[EN] | “(f) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairmtear san Acht seo an clár de mhótar-óstáin.”; | |
[EN] | (ii) tríd an mír seo a leanas a chur le halt 25 (a bhaineas le háitreabh a bheith inchláruithe); | |
[EN] | “(f) an carachtar ginearálta is gá a bheith ag aon áitreabh agus an saghas cóiríochta agus seirbhísí is gá a bheith ar fáil ann agus na cáilíochtaí eile is gá a bheith aige chun é a bheith inchláruithe sa chlár de mhótaróstáin.”; | |
[EN] | (iii) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh ailt 37: | |
[EN] | “37A.—(1) I gcás áitribh ar bith, ní dleathach dá dhílseánach nó dá áititheoir é féin, ná ní dleathach dó a cheadú do dhuine ar bith, an t-áitreabh sin a thuairisciú ar aon chuma acu seo a leanas ná a thabhairt le tuiscint gurb aon ní acu seo a leanas atá ann— | |
[EN] | (a) mótar-óstán, | |
[EN] | (b) mótar-lios, | |
[EN] | (c) cóist-óstán, | |
[EN] | (d) mótar-ósta, | |
[EN] | (e) mótar-chúirt, | |
[EN] | (f) cuairt-lios, nó | |
[EN] | (g) áitreabh de thuairisc ar bith eile a hordaítear chun críocha an ailt seo, | |
[EN] | mura mbeidh an t-áitreabh sin cláraithe sa chlár de mhótar-óstáin agus an dílseánach nó an t-áititheoir sin cláraithe sa chlár sin mar dhílseánach cláraithe an áitribh sin. | |
[EN] | (2) Duine ar bith a dhéanfas aon ní contrártha don alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fineáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, ina theannta sin, más cion leanúnach é, fíneáil nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire.”; | |
[EN] | (iv) trí “áitribh a bheas cláraithe sa chlár de mhótar. óstáin” a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 45 (a bhaineas leis an mBord d'fhoilsiú liosta d'áitribh chláraithe gach bliain) i ndiaidh “de bhrughanna ógraidh,”. | |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1952 trí “mótar-óstáin” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (2) i ndiaidh “brúnna saoire.” | |
[EN] |
Táille i gcás iarratais leasaithe ar chlárú. |
6. —Más rud é— |
[EN] | (a) go gcuirfear iarratas ar chlárú chun an Bhoird faoi alt 26 d'Acht 1939, agus | |
[EN] | (b) go ndéanfar, sara mbeidh breith tugtha ag an mBord ar an iarratas, an t-iarratas a leasú ionas gur iarratas ar chlárú i gclár eile a bheas ann, | |
[EN] | cuirfidh an Bord an táille a híocadh maidir leis an gcéad iarratas i leith méid na táille is gá, faoi mhír (c) d'fho-alt (2) den alt sin 26, a chur i dteannta iarratais ar chlárú sa chlár eile sin. | |
[EN] |
Iarratas ar chlárú tar éis diúltú do chlárú a dhéanamh nó tar éis clárú a chealú. |
7. —I gcás— |
[EN] | (a) an Bord a bheith tar éis diúltú faoi mhír (b) nó mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 27 d'Acht 1939 d'aird a thabhairt ar iarratas ar chlárú, | |
[EN] | (b) an Bord a bheith tar éis diúltú faoi mhír (b) nó mír (d) d'fho-alt (4) d'alt 30 d'Acht 1939 d'aird a thabhairt ar iarratas ar chlárú d'athnuachaint, nó | |
[EN] | (c) an Bord a bheith tar éis clárú a chealú faoi mhír (b) nó mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 32 d'Acht 1952, | |
[EN] | ní féadfar aon iarratas ar chlárú an áitribh sa chlár céanna ag an mBord a dhéanamh í rith na tréimhse naoi mí dar tosach dáta an diúltuithe nó an chealuithe. | |
[EN] |
Tagairtí d'áitribh a leathnú. |
8. —I gCuid III d'Acht 1939 agus i gCuid IV d'Acht 1952, déanfar, i gcás ina bhfuil príomh-fhoirgint ann a húsáidtear nó a beartaítear d'úsáid chun cóiríocht nó seirbhís a chur ar fáil d'aoianna agus uirtheach nó uirthithe nó fo-dhéanmhas nó fodhéanmhais eile leis an bpríomh-fhoirgint a húsáidtear nó a beartaítear d'úsáid chun an chóiríocht nó an tseirbhís sin a chur ar fáil, aon tagairt d'áitreabh d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt don phríomh-fhoirgint agus tagairt don uirtheach nó do na huirthithe nó don fho-dhéanmhas nó do na fo-dhéanmhais sin. |
[EN] |
Liostaí d'áitribh neamhchláraithe d'fhoilsiú. |
9. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord, aon uair agus a mhinicí is oiriúnach leis, liosta d'fhoilsiú, nó a chur faoi deara go bhfoilseofar liosta, d'áitribh a chuireas cóiríocht ar fáil do chuairteoirí ach nach bhfuil cláraithe ag an mBord, agus féadfar, i gcás aon áitribh ar an liosta sin, pé eolas is cuí leis an mBord a chur sa liosta maidir leis an gcóiríocht a bheas ar fáil, na táillí a baintear amach ina leith agus aon nithe eile is ábhar suime de chuairteoirí. |
[EN] | (2) Ní cuirfear aon áitreabh i liosta a foilseofar de bhun fo-ailt (1) den alt seo mura n-iarra dílseánach an áitribh é nó mura dtoilí sé leis, ná ní tabharfar aon eolas in aon liosta den tsórt sin maidir le haon áitreabh a luafar ann mura dtoilí dílseánach an áitribh leis. | |
[EN] |
Leasuithe ilghnéitheacha ar Acht 1939. |
10. —(1) Leasaítear leis seo alt 29 d'Acht 1939 trí “i mí Dheireadh Fómhair” agus “i mí na Samhna” a scrios as fo-alt (1) agus “an 15ú lá de Dheireadh Fómhair nó roimhe sin” agus “an 15ú lá de Shamhain nó roimhe sin” a chur ina n-ionad faoi seach. |
[EN] | (2) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 33, fo-alt (2) d'alt 34, fo-alt (2) d'alt 35, fo-alt (2) d'alt 36 agus fo-alt (2) d'alt 37 d'Acht 1939 trí “maraon le, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach lae a leanfar den chion” a chur i ndeireadh gach fo-mhíre acu. | |
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 41 d'Acht 1939 mar leanas: | |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1) cuirfear “oifigeach cláruithe” in ionad “cigire”, cuirfear “mar oifigeach cláruithe” in ionad “mar chigire” agus cuirfear “don oifigeach cláruithe sin” in ionad “don chigire sin”, | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2) cuirfear “oifigeach cláruithe” in ionad “cigire”, cuirfear “d'oifigeach cláruithe” in ionad “do chigire” gach áit a bhfuil na focail sin agus cuirfear “an t-oifigeach cláruithe sin” in ionad “an cigire sin”, | |
[EN] | (c) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fo-ailt (3): | |
[EN] | “(3) San alt seo ciallaíonn an abairt ‘oifigeach cláruithe’ oifigeach don Bhord arna cheapadh i scríbhinn ag an mBord chun bheith ina oifigeach cláruithe chun críocha an ailt seo.” | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
11. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1957 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1957, a ghairm de na h Achta um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1955, agus den Acht seo le chéile. |