|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Cionta, Pionóis agus Imeachta Dlí.) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.) |
AN tACHT UM ÁITRIBH OIFIGE, 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID VII. Ilghneitheach. | |
[EN] |
Cóiríocht agus saoráidí a chur ar fáil i gcomhar. |
45. —An chóiríocht agus na saoráidí a bheas le cur ar fáil ag aon duine faoin Acht seo féadfaidh an duine sin an céanna a chur ar fáil é féin nó i gcomhar le daoine eile. |
[EN] |
Dualgais dhaoine a fostaítear. |
46. —Ní bhacfaidh aon duine a fostaítear in oifig, ná ní mhí-úsáidfidh sé, go toiliúil aon deis, fearas, feiste nó rud eile a bheas curtha ar fáil de bhun an Achta seo ar mhaithe le sláinte, sábháltacht nó leas na ndaoine a fostaítear san oifig. |
[EN] |
Toirmeasc ar shuimeanna a bhaint as páigh. |
47. —Ach amháin mar foráltar a mhalairt go sainráiteach faoin Acht seo, ní dhéanfaidh áititheoir oifige, i leith aon ní atá le déanamh nó le cur ar fáil aige de bhun an Achta seo, aon tsuim a bhaint as an méid a ndeachaigh sé i gconradh é d'íoc le haon duine ar fostú ná aon íocaíocht a ghlacadh, ná a cheadú d'aon duine ar fostú aige í a ghlacadh, ó aon duine den tsaghas sin. |