Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

8 1958


Uimhir 8 de 1958.


AN tACHT IONTAOBHAITHE (INFHEISTÍOCHTAÍ ÚDARAITHE), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NA nINFHEISTÍOCHTAÍ INA bhFÉADFAR CISTÍ IONTAOBHAIS D'INFHEISTIÚ, DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH AIRGEAD FAOI URLÁMHAS NÓ FAOI RÉIR ORDUITHE AON CHÚIRTE D'INFHEISTIÚ SNA hINFHEISTÍOCHTAÍ SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [2 Aibreán, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Infheistíochtaí údaraithe.

1. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad ailt 1 den Trustee Act, 1893:

“1.—A trustee may, unless expressly forbidden by the instrument (if any) creating the trust, invest any trust funds in his hands, whether at the time in a state of investment or not, in manner following, that is to say:

(a) in securities of the Government (including Savings Certificates);

(b) in securities guaranteed as to capital and interest by the Minister for Finance;

(c) in the stock of the Bank of Ireland;

(d) in securities of the Electricity Supply Board;

(e) in securities of the Agricultural Credit Corporation, Limited;

(f) in securities of Bord na Móna;

(g) on real securities in the State;

(h) in securities or mortgages of any of the following authorities in the State:—

(i) the council of a country,

(ii) the corporation of a country borough,

(iii) the corporation of Dun Laoghaire,

(iv) the Dublin Port and Docks Board,

(v) the Cork Harbour Commissioners,

(vi) the Limerick Harbour Commissioners,

(vii) the Waterford Harbour Commissioners;

(i) in debentures or debenture stock, quoted on a Stock Exchange, of any industrial or commercial company registered in the State, provided that the total of the debentures, debenture stock or debentures and debenture stock of the company does not exceed the paid-up share capital (including payments in respect of share premiums) and that a dividend of not less than five per cent. has been paid on the ordinary shares of the company in each of the five years last past before the date of investment;

(j) in an interest bearing deposit account with any of the following banks:

(i) Bank of Ireland,

(ii) Guinness & Mahon,

(iii) Hibernian Bank, Ltd.,

(iv) Munster & Leinster Bank, Ltd.,

(v) National Bank, Ltd.,

(vi) National City Bank, Ltd.,

(vii) Northern Bank, Ltd.,

(viii) Provincial Bank of Ireland, Ltd.,

(ix) Royal Bank of Ireland, Ltd.,

(x) Ulster Bank, Ltd.,

(xi) the Post Office Savings Bank,

(xii) a Trustee Savings Bank in the State;

(k) in British Government securities inscribed or registered in the State,

and may also from time to time vary any such investment.”

Infheistíochtaí údaraithe d'athrú le hordú.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais le hordú athrú a dhéanamh, trí bhreisiú nó fágáil ar lár,—

(a) ar na hinfheistíochtaí a sonraítear in alt 1 den Trustee Act, 1893, arna leasú le halt 1 den Acht seo, nó

(b) i gcás na hinfheistíochtaí sin a bheith arna n-athrú le hordú faoin bhfo-alt seo, ar na hinfheistíochtaí sin arna n-athrú amhlaidh.

(2) Nuair a beartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní déanfar an t-ordú nó go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.

(3) Sara leaga an tAire, de bhun fo-ailt (2) den alt seo, dréacht faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, raghaidh sé i gcomhairle leo seo a leanas—

(a) Breitheamh den Ard-Chúirt a ainmneos an Príomh-Bhreitheamh,

(b) Gobharnóir an Bhainc Cheannais,

(c) an tIontaobhaí Poiblí,

(d) Cathaoirleach Bhuan-Choiste na mBanc Éireannach,

(e) Uachtarán Dhlí-Chumann Corpraithe na hÉireann,

(f) Uachtarán Stoc-Mhargadh Bhaile Atha Cliath, agus

(g) Uachtarán Stoc-Mhargadh Chorcaighe

i dtaobh téarmaí an orduithe bheartaithe.

Airgead faoi rulámhas nó faoi réir orduithe Chúirte d'infheistiú.

3. —(1) Féadfar airgead faoi urlámhas nó faoi réir orduithe aon Chúirte d'infheistiú—

(a) in aon infheistíocht dá sonraítear in alt 1 den Trustee Act, 1893, arna leasú le halt 1 den Acht seo, nó

(b) i gcás na hinfheistíochtaí sin a bheith arna n-athrú le hordú faoi alt 2 den Acht seo, in aon cheann de na infheistíochtaí sin arna n-athrú amhlaidh,

agus ní infheisteofar é in aon tslí eile.

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon Acht eile nó in aon riail chúirte.

(3) Ní dhéanfaidh an t-alt seo difir do dhlínse aon chúirte chun a ordú nó a cheadú aon airgead faoina hurlámhas nó faoi réir orduithe uaithi d'úsáid ar mhaithe le haon duine ag a bhfuil teideal chuige nó leas ann—

(a) chun íocaíochtaí a dhéanamh i ndáil le haon talamh nó gnó, nó aon scair in aon ghnó, d'fháil, d'úsáid nó a bhainistí, nó

(b) chun suibscríobh i leith urrús a tairgfear ar théarmaí tairbheacha do shealbhóirí an chineáil chéanna urrús

Polasaithe árachais bhannaí infhuascailte.

4. —(1) Féadfaidh iontaobhaí polasaithe árachais bhannaí infhuascailte a bhaint amach i gcoinne fuascailte trí bhannaí a tharraingt ar phraghas is lú ná an praghas reatha nó an praghas a chosnaíodar, agus féadfaidh, dá rogha féin agus gan toiliú aon duine eile d'fháil, préimheanna na bpolasaithe sin d'íoc—

(a) as ioncam na mbannaí nó as ioncam aon mhaoine eile atá faoi réir na n-iontaobhas céanna, nó

(b) as caipiteal na mbannaí nó as caipiteal aon mhaoine eile atá faoi réir na n-iontaobhas céanna, nó

(c) go páirteach as an ioncam sin agus go páirteach as an gcaipiteal sin.

(2) Baineann an t-alt seo le hiontaobhais a cruthnaíodh roimh an Acht seo a rith nó dá éis, ach ní údaróidh aon ní san Acht seo d'aon iontaobhaí aon ní a dhéanamh a toirmisctear go sainráiteach air a dhéanamh, nó aon ní d'fhágáil gan déanamh a hordaítear go sainráiteach dó a dhéanamh, le hionstraim chruthnuithe an iontaobhais.

(3) San alt seo tá le “iontaobhaí”, “iontaobhas”, “maoin” agus “ionstraim” na bríonna a bheirtear do “trustee”, “trust”, “property” agus “instrument” faoi seach le halt 50 den Trustee Act, 1893.

Cosaint d'infheistíochtaí áirithe.

5. —D'ainneoin aon ní san Acht seo, i gcás cistí do réir bhrí an Trustee Act, 1893, nó airgead faoi urlámhas nó faoi réir orduithe aon Chúirte a bheith ar infheistiú i slí a bhí údaraithe do réir dlí nuair a rinneadh an t-infheistiú ach atá tar éis scor, ar leith ón alt seo, de bheith údaraithe amhlaidh, bheirtear údarás leis seo leanúint de na cistí nó an t-airgead a choimeád infheistithe sa tslí sin.

Athghairm.

6. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar an tAcht Iontaobhaithe (Infheistíochtaí Udaraithe), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta Iontaobhaithe, 1888 go 1958, a ghairm d'Achta na nIontaobhaithe, 1888 go 1931, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar bheith caite do thréimhse trí mhí dar tosach lá an Achta seo a rith.