13 1958


Uimhir 13 de 1958.


AN tACHT TAE (CEANNACH AGUS ALLMHUIRIÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN CEANNACH AGUS ALLMHUIRIÚ TAE A RIALÚ AGUS A STIÚRADH. [28 Bealtaine, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Chuideachta” an chuideachta a beartaítear a chomhdhéanamh agus a chlárú sa Stát faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus ar a dtabharfar “Allmhuireoirí Tae (1958) Tóranta”;

ciallaíonn “mór-reacaire tae láithreach” duine a bhfuil, ar dháta an Achta seo a rith,—

(a) díbhuilciú, cumasc, pacáil agus díol tae le haghaidh athdhíola á sheoladh aige mar ghnó in áitreabh sa Stát, agus

(b) a bhfuil ceadúnas aige a heisíodh faoi alt 7 den Acht Tae (Allmhuiriú agus Imdháil), 1956 ( Uimh. 20 de 1956 ), nó ceadúnas a meastar, de bhuaidh fo-ailt (6) den alt sin 7, é a bheith arna eisiúint faoin alt sin 7;

ciallaíonn “cuideachta Éireannach” cuideachta a cláraíodh sa Stát faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “an Clár” an Clár de Thrádálaithe Tae a bunófar faoi alt 3 den Acht seo;

ciallaíonn an briathar “clárú” clárú sa Chlár;

ciallaíonn “trádálaí tae cláraithe” duine atá cláraithe de thuras na huaire;

ciallaíonn “trádálaí tae” duine a bhfuil ceannach agus díol tae á sheoladh aige in áitreabh sa Stát.

Forála maidir leis an gCuideachta.

2. —(1) D'ainneoin aon ní sna hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, ní bheidh aon athrú a déanfar ar Mheabhrán Comhlachais nó Airteagail Chomhlachais na Cuideachtan gan ceadú an Aire bailí ná éifeachtach.

(2) D'ainneoin ailt 16 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 (Uimh. 14 de 1953) , bainfidh forála an Achta sin le hoibríochtaí na Cuideachtan.

An Clár de Thrádálaithe Tae.

3. —Ar an Acht seo a rith, bunóidh an tAire agus cothabhálfaidh dá éis sin clár dá ngairmfear agus ar a dtabharfar an Clár de Thrádálaithe Tae.

Trádálaithe tae a chlárú.

4. —(1) Nuair a iarrfas mór-reacaire tae láithreach do réir an Achta seo ar an Aire go gclárófar é, cláróidh an tAire an t-iarratasóir sa Chlár.

(2) Más rud é—

(a) go mbeidh beartaithe ag duine is saoránach Éireannach a bhfuil cónaí rialta air sa Stát nó cuideachta nó comhpháirtíocht Éireannach ar saoránaigh Éireannacha a comhaltaí uile gnó díola tae a sheoladh ar chuntas an duine sin féin agus go n-iarrfaidh sé, do réir an Achta seo, ar an Aire go gclárófar é, agus,

(b) gur deimhin leis an Aire—

(i) nach bhfuil cabhair airgid á fháil ag an duine sin ó dhuine ar a bhfuil gnáth-chónaí lasmuigh den Stát nó ó aon chuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus nach gcomhlíonann alt 22 den Acht Arachais, 1936 ( Uimh. 45 de 1936 ), nó alt 42 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 ( Uimh. 22 de 1942 ), agus

(ii) más cuideachta an t-iarratasóir—go bhfuil scaireanna uile na cuideachtan ar únaeracht tairbhiúil ag saoránaigh Éireannacha, agus

(iii) go mbeidh an gnó á bhainistí agus á rialú ag saoránach Éireannach ar a bhfuil cónaí rialta sa Stát nó ag beirt shaoránach Éireannacha nó níos mó a bhfuil cónaí rialta ar gach duine acu sa Stát,

cláróidh an tAire an t-iarratasóir sa Chlár.

(3) Ní clárófar aon duine ach amháin do réir fo-ailt (1) nó (2) den alt seo.

(4) Is i pé foirm a ordós an tAire a déanfar iarratas ar chlárú sa Chlár agus bhéarfar ann pé sonraí a ordós sé maidir le húnaeracht agus airgeadasú an ghnótha lena mbainfidh an t-iarratas.

(5) Nuair a chlárós an tAire aon duine sa Chlár cuirfidh sé an clárú sin in iúl don Chuideachta.

Clárá a chealú

5. —(1) I gcás inar deimhin leis an Aire, maidir le duine atá cláraithe de bhun fo-ailt (1) d'alt 4 den Acht seo, go bhfuil an duine sin tar éis scor de ghnó mar thrádálaí tae a bheith á sheoladh aige, féadfaidh an tAire, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, clárú an duine sin sa Chlár a chealú.

(2) I gcás inar deimhin leis an Aire, maidir le duine atá cláraithe de bhun fo-ailt (2) d'alt 4 den Acht seo—

(a) go bhfuil an duine sin tar éis scor de ghnó trádálaí tae a bheith á sheoladh aige, nó

(b) go bhfuil airgead á fháil ag an duine sin ó aon duine ar a bhfuil gnáth-chónaí lasmuigh den Stát nó ó aon chuideachta a corpraíodh lasmuigh den Stát agus nach gcomhlíonann alt 22 den Acht Arachais, 1936 ( Uimh. 45 de 1936 ), nó alt 42 d'Acht an Bhainc Cheannais, 1942 ( Uimh. 22 de 1942 ), nó

(c) más cuideachta an duine sin—nach bhfuil scaireanna uile na cuideachtan ar únaeracht tairbhiúil ag saoránaigh Éireannacha, nó

(d) nach bhfuil an gnó á bhainistí agus á rialú ag saoránach Éireannach ar a bhfuil cónaí rialta sa Stát nó ag beirt shaoránach Éireannacha nó níos mó a bhfuil cónaí rialta ar gach duine acu sa Stát, nó

(e) gur ciontaíodh an duine sin i gcion faoin Acht seo,

féadfaidh an tAire, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, clárú an duine sin sa Chlár a chealú.

(3) Beidh feidhm ag na forála seo a leanas maidir le clárú dhuine sa Chlár a chealú—

(a) ní chealóidh an tAire an clárú sin mura dtuga agus go dtuga sé, tríd an bpost cláraithe, don duine sin fógra coicíse ar a laghad i scríbhinn á insint go bhfuil an cealú sin á bhreithniú ag an Aire agus ag insint na bhforas ar a bhfuil an cealú sin á bhreithniú amhlaidh,

(b) breithneoidh an tAire aon uiríolla i dtaobh an chealuithe sin a chuirfeas an duine sin faoina bhráid sara mbeidh deireadh leis an bhfógra sin.

(4) I gcás ina gcealóidh an tAire clárú dhuine faoin alt seo, cuirfidh sé an cealú sin in iúl don Chuideachta.

Oblagáidí thrádálaithe tae cláraithe áirithe.

6. —(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le trádálaí tae cláraithe atá cláraithe faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Acht seo.

(2) Aon trádálaí tae cláraithe lena mbaineann an t-alt seo cuirfidh sé in iúl i scríbhinn don Aire é laistigh d'ocht lá fhichead má bhíonn aon athrú ábhartha tagtha ar na sonraí maidir le húnaeracht nó airgeadasú a ghnótha mar thrádálaí tae a tugadh ina iarratas ar chlárú.

(3) Féadfaidh an tAire fógra a sheirbheáil, tríd an bpost cláraithe, ar aon trádálaí tae cláraithe lena mbaineann an t-alt seo á cheangal air tuairisceán ina mbeidh pé eolas a sonrófar sa bhfógra maidir le húnaeracht, airgeadasú agus rialú an ghnótha a bhfuil an trádálaí tae sin cláraithe ina leith a chur chun an Aire laistigh de cheithre lá déag tar éis na seirbheála sin.

Srianta le halímhuiriú agus ceannach tae.

7. —(1)  (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, tiocfaidh fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) den alt seo i ngníomh an lú lá d'Iúil, 1958.

(b) Féadfaidh an tAire le hordú, más oiriúnach leis, dáta nach luaithe ná an 1ú lá d'Iúil, 1958, a shocrú mar an dáta a thiocfas fo-ailt (2), (3), (4) agus (5) den alt seo i ngníomh, agus má dhéanann sé sin, ansin, tiocfaidh an fo-alt sin i ngníomh ar an dáta a socrófar amhlaidh.

(2) Ní dhéanfaidh aon duine ach amháin an Chuideachta tae d'allmhuiriú.

(3) Ní allmhuireoidh an Chuideachta tae mura ndéana an Chuideachta—

(a) é d'allmhuiriú díreach ón tír inar táirgeadh é, nó

(b) é d'allmhuiriú faoi réim agus do réir údaráis ón Aire.

(4) Ní cheannóidh aon duine tae lena allmhuiriú mura rud é—

(a) gurb í an Chuideachta nó trádálaí tae cláraithe an duine sin, agus

(b)     (i) gur cheannaigh an duine sin an tae sin sa tír inar táirgeadh í, nó

(ii) go bhfuil an tAire tar éis a údarú don Chuideachta é a cheannach in áit seachas an tír inar táirgeadh é.

(5) Ní bhaineann fo-alt (2), (3) ná (4)—

(a) le tae a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur mar shampla a hallmhuiríodh é, ná

(b) le tae—

(i) a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur chun úsáide pearsanta an allmhuireora nó a lín tí a hallmhuiríodh é, agus

(ii) má tá níos mó ná cúig puint meáchain ann, a hallmhuiríodh faoi réim agus do réir cheadúnais a dheoin an tAire.

An Chuideachta do ghníomhú mar ghníomhaire do thrádálaithe tae cláraithe.

8. —Gníomhóidh an Chuideachta, ar iarratas ó thrádálaí tae cláraithe, mar ghníomhaire chun tae d'allmhuiriú a cheannaigh an trádálaí tae cláraithe sin sa tír inar táirgeadh an tae agus a hallmhuireofar díreach ón tír sin.

Cionta.

9. —Aon duine—

(a) a shárós (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon cheann d'fhorála an Achta seo,

(b) a chuirfeas, in aon iarratas ar chlárú a dhéanfas an duine sin faoi alt 4 den Acht seo, aon ráiteas a bheas bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó

(c) más trádalaí tae cláraithe é atá cláraithe faoi fho-alt (2) d'alt 4 den Acht seo—a mhainneos déanamh do réir fógra a seirbheáladh air faoi fho-alt (3) d'alt 6 den Acht seo nó a chuirfeas, in aon tuairisceán uaidh de bhun aon fhógra den tsórt sin, aon ráiteas a bheas bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Inchúiseamh ag an Aire.

10. —Féadfar cion faoin Acht seo d'inchúiseamh ar agra an Aire.

Forála idirlinne maidir le tae i seilbh Allmhuireoirí Tae, Tóranta, a dhiúscairt.

11. —I gcás trádálaí tae cláraithe (dá ngairmtear an ceannaitheoir san alt seo) dá iarraidh, roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1959, ar an gCuideachta, faoi alt 8 den Acht seo, gníomhú mar ghníomhaire i ndáil le coinsíneacht áirithe tae (dá ngairmtear coinsíneacht an cheannaitheora san alt seo) d'allmhuiriú, cuirfidh an Chuideachta an t-iarratas in iúl láithreach d'Allmhuireoirí Tae, Tóranta (dá ngairmtear an Chuideachta láithreach san alt seo), agus, air sin, d'ainneoin aon ní san alt sin 8, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—

(a) ní dhéanfaidh an Chuideachta do réir iarratas an cheannaitheora mura dtuga agus go dtuga an Chuideachta láithreach údarás di é sin a dhéanamh,

(b) d'fhonn stoic tae ina seilbh nó faoina hurláimh an tráth sin a dhiúscairt, féadfaidh an Chuideachta láithreach, laistigh de thréimhse cheithre lá déag dar tosach an dáta a cuireadh iarratas an cheannaitheora in iúl di amhlaidh, fógra a sheirbheáil, tríd an bpost cláraithe, ar an gceannaitheoir á cheangal ar an gceannaitheoir cainníocht shonraithe de na stoic sin a cheannach uaithi laistigh de thréimhse shonraithe agus ar phraghas sonraithe, is cainníocht ar dóigh leis an gCuideachta láithreach gur cainníocht chothromach í ag féachaint do chainníocht choinsíneachta an cheannaitheora agus do chainníocht na stoc sin,

(c) má seirbheáltar an fógra sin ar an gceannaitheoir agus go ndéanfaidh an ceannaitheoir dá réir, údaróidh an Chuideachta láithreach gan aon mhoill don Chuideachta déanamh do réir iarratais an cheannaitheora,

(d) má chinneann an Chuideachta láithreach gan gníomhú faoi mhír (b) den alt seo, údaróidh an Chuideachta láithreach, a luaithe is féidir é tar éis di cinneadh amhlaidh, don Chuideachta déanamh do réir iarratais an cheannaitheora.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar an tAcht Tae (Ceannach agus Allmhuiriú), 1958 , a ghairm den Acht seo.