23 1958


Uimhir 23 de 1958.


AN tACHT UM BAINC THAISCE, 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA TRUSTEE SAVINGS BANKS ACTS, 1863 TO 1920, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN FORÁLA ÁIRITHE SNA hACHTA SIN AGUS SNA POST OFFICE SAVINGS BANK ACTS, 1861 TO 1920, A SCOR, AGUS DO LEATHNÚ AILT 11 DEN POST OFFICE SAVINGS BANK ACT, 1861. [23 Iúil, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchta” na Trustee Savings Banks Acts, 1863 to 1920;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Poist agus Telegrafa.

(2) Sa mhéid go mbaineann an tAcht seo le Banc Taisce an Phoist, forléireofar é féin agus na Post Office Savings Bank Acts, 1861 to 1920, mar aon ní amháin agus, sa mhéid go mbaineann sé le bainc thaisce iontaobhais, forléireofar é féin agus na hAchta mar aon ní amháin.

Earlaisí a ghlacadh agus a aisíoc.

2. —I gcás aon bhanc taisce iontaobhais, d'ainneoin aon ní sna hAchta nó sna rialacha agus na rialacháin chun an banc a bhainistí—

(a) féadfar taiscí a ghlacadh agus a aisíoc trí sheic nó ionstraim sho-shannta eile nó trí ordú poist nó ordú airgid,

(b) féadfar glacadh agus aisíoc taiscí a dhéanamh laistigh nó lasmuigh de ghnáth-uaire an bhainc sin do ghnó poiblí,

(c) féadfar méid taisce, pé acu le glacadh nó le aisíoc a bheidh sé, a sheachadadh tríd an bpost, agus

(d) chun críocha scéime taisce grúpa a bheidh á hoibriú ag an mbanc in aon áit, féadfaidh iontaobhaí, bainisteoir nó oifigeach íoctha don bhanc taiscí a ghlacadh thar ceann an bhainc san áit sin laistigh nó lasmuigh de ghnáth-uaire an bhainc do ghnó poiblí.

Aoisliúntas d'fhoireann bhanc taisce iontaobhais.

3. —(1) Féadfaidh iontaobhaithe bhainc thaisce iontaobhais, le toiliú an Aire, scéim a ullmhú agus a chur i bhfeidhm de réir a théarmaí chun go ndéanfar, faoi réir pé coinníollacha agus teoranta a forordófar sa scéim, sochair aoisliúntais faoi ghné pinsin nó aisce nó faoi ghné pinsin agus aisce a dheonadh do dhaoine, nó i leith daoine, lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Féadfaidh na hiontaobhaithe aon tráth, le toiliú an Aire, scéim faoin alt seo a leasú.

(3) Maidir leis an méid a bheidh i sochair aoisliúntais faoi scéim faoin alt seo agus leis na coinníollacha a ghabhfaidh lena ndeonadh, lena bhforceannadh nó lena bhfionraí is méid é agus is coinníollacha iad a bheidh comhionann ar gach slí, a mhéid is féidir sin, le méid sochar aoisliúntais, agus leis na coinníollacha a ghabhann le deonadh, forceannadh nó fionraí sochar aoisliúntais, faoi na hAchta Aoisliúntas, 1834 go 1956, arna leasú nó arna leathnú le aon achtachán dá éis sin.

(4) Baineann an t-alt seo le—

(a) daoine a ghlacfaidh fostaíocht i mbuan-seirbhís lánaimsire an bhainc tar éis an tAcht seo a rith,

(b) daoine ar fostú i mbuan-seirbhís lán-aimsire an bhainc díreach roimh an Acht seo a rith agus a ghlacfaidh forála scéime faoin alt seo.

(5) Ní dheonfar cúiteamh faoi alt 3 den Savings Banks Act, 1904, do dhuine lena mbaineann an t-alt seo.

(6) Déanfar an costas faoina ngabhfaidh iontaobhaithe ag ullmhú agus ag seoladh scéime faoin alt seo a íoc mar chuid de chostas reatha an bhainc.

Leabhair thaisce gan rialacha iontu a eisiúint.

4. —(1) D'ainneoin aon ní in alt 52 den Trustee Savings Banks Act, 1863, féadfar leabhar taisce nach mbeidh cóip ann de rialacha deimhnithe bhainc thaisce iontaobhais a thabhairt do thaisceoir sa bhanc.

(2) Déanfar cóip de rialacha deimhnithe an bhainc a thabhairt, ar éileamh, do thaisceoir dar tugadh leabhar taisce den tsórt a sonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo agus cuirfear cóipeanna de na rialacha sin ar fáil do thaisceoirí in oifig agus i mbrainsoifigí an bhainc.

Deireadh le sriantachtaí leis an méid cuntas a bheidh i mbainc thaisce.

5. —(1) Scoirfidh alt 38 den Trustee Savings Banks Act, 1863 (a thoirmisceas cuntais dhúbailte i mbainc thaisce iontaobhais), fo-alt (2) d'alt 1 den Savings Banks Act, 1887 (a fhorálann go dtoirmiscfidh rialacháin ar dhuine a bheith ina thaisceoir i mbanc taisce iontaobhais agus i mBanc Taisce an Phoist nó dhá chuntas ar leith a bheith aige i mBanc Taisce an Phoist), agus fo-alt (1) d'alt 12 den Savings Banks Act, 1891 (a dhéanann foráil chun méideanna a bheidh taiscthe go mídhleathach a fhorghéilleadh) d'éifeacht a bheith acu.

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh ag foráil an dearbhaithe a hiarrfar ar thaisceoir ar chuntas a oscailt i mbanc taisce iontaobhais agus féadfar ríalacháin a dhéanamh faoi alt 11 den Post Office Savings Bank Act, 1861, ag forordú an dearbhaithe a hiarrfar ar thaisceoir ar chuntas a oscailt i mBanc Taisce an Phoist.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht um Bainc Thaisce, 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861, go 1958, a ghairm de na Post Office Savings Bank Acts, 1861 to 1920, agus den méid den Acht seo a bhaineann le Banc Taisce an Phoist.

(3) Féadfar na hAchta um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1958, a ghairm de na hAchta agus den méid den Acht seo a bhaineann le bainc thaisce iontaobhais.