Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. An Bord Gráin.)

24 1958


Uimhir 24 de 1958.


AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR) (LEASÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (ARBHAR), 1933 GO 1956, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN BORD DÁ nGAIRFEAR AN BORD GRÁIN A BHUNÚ LE BARRACHAS CRUITHNEACHTA A DHIÚSCAIRT, DO DHÉANAMH FORÁLA CHUN TOBHACH AR CHRUITHNEACHT D'ÍOC LEIS AN mBORD GRÁIN, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [29 Iúil, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1933, Uimh. 7 .

1956, Uimh. 5 .

1. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1933” an tAcht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933;

ciallaíonn “Acht 1956” an tAcht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1956 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1956;

ciallaíonn “an Bord” an Bord Gráin a bhunaítear leis an Acht seo;

folaíonn “feidhmeanna”, maidir leis an mBord, cumhachtaí agus dualgais agus folaíonn tagairtí do chomhlíonadh feidhmeanna tagairtí d'fheidhmiú cumhacht agus comhlíonadh dualgas;

ciallaíonn “an Ciste” an Ciste Gráin a bhunaítear le halt 5 den Acht seo;

ciallaíonn “muilleoir ceadúnaithe” duine a shealbhaíonn ceadúnas muilleoireachta a deonadh faoi alt 21 d'Acht 1933;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “ceannaitheoir”, maidir le cruithneacht, duine (seachas duine a cheannaíonn cruithneacht mar shíol le cur i dtalamh a bheidh á chur aige) ag a bhfuil, de bhua ordaithe faoi alt 2 d'Acht 1956, údarás chun cruithneacht a cheannach ó fhásóir an chéanna i rith an tséasúir dhíola atá arna cheapadh leis an ordú sin maidir leis an gcruithneacht sin;

ciallaíonn “cruithneacht” cruithneacht inmheilte dúchais;

ciallaíonn “tobhach cruithneachta” an tobach a bhainfidh ceannaitheoirí faoi alt 2 den Acht seo as praghas cruithneachta a cheannófar ó fhásóirí.

(2) Déanfar tagairtí san Acht seo d'fhasóir cruithneachta a fhorléiriú, má ceannaíodh an chruithneacht sin sular sabháladh í, mar thagairtí do cheannaitheoir na cruithneachta sin.

(3) Déanfar na hAchtanna agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

Tobhach cruithneachta.

2. —(1) Nuair a dhéanfar cruithneacht a sábháladh aon bhliain áirithe a cheannach ó fhásóir, bainfidh an ceannaitheoir, sula n-íoca sé as an gcruithneacht sin, as praghas na cruithneachta tobhach de cibé méid is iomchuí ag féachaint don ráta a bheidh socair faoi alt 3 den Acht seo maidir le cruithneacht a sábháladh an bhliain sin.

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, déanfaidh ceannaitheoir a cheannóidh aon chruithneacht ó fhásóir méid an tobhaigh chruithneachta is iomchuí maidir leis an gcruithneacht sin a íoc leis an mBord i cibé slí agus laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an Bord.

(3) I gcás ina gceannófar cruithneacht ó fhásóir roimh an lá ceaptha, déanfaidh an ceannaitheoir méid an tobhaigh chruithneachta is iomchuí maidir leis an gcruithneacht sin a íoc leis an Aire i cibé slí agus laistigh de cibé tréimhse a shonróidh an tAire agus déanfaidh an tAire méid an tobhaigh chruithneachta a íocfar leis amhlaidh a tharchur chun an Bhoird a luaithe is féidir tar éis an lae cheaptha.

(4) San alt seo agus sa chéad alt eile ina dhiaidh seo ciallaíonn “an lá ceaptha” an lá a cheapfar, le hordú ón Aire faoin alt seo, ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo agus an chéad ailt eile ina dhiaidh seo.

(5) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo agus an chéad ailt eile ina dhiaidh seo.

Ráta an tobhaigh chruithneachta.

3. —(1) Socróidh an tAire gach bliain le hordú an ráta tobhaigh chruithneachta maidir le cruithneacht a shábhálfar an bhliain sin.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú.

(3) Sula ndéana an tAire ordú faoin alt seo rachaidh sé i gcomhairle leis an mBord nó, i gcás ordaithe arna dhéanamh roimh an lá ceaptha, le cibé duine nó daoine a roghnóidh an tAire agus a mheasfaidh sé a bheith ionadaitheach d'fhásóirí cruithneachta.

Bunú an Bhoird.

4. —(1) Bunaítear leis seo Bord ar a dtabharfar an Bord Gráin chun na feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar don Bhord sin leis an Acht seo nó faoi.

(2) Beidh feidhm maidir leis an mBord ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

An Ciste Gráin.

5. —(1) Bunóidh, cothabhálfaidh agus bainisteoidh an Bord, de réir an Achta seo, ciste (dá ngairtear an Ciste san Acht seo) ar a dtabharfar an Ciste Gráin.

(2) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leis an gCiste:

(a) íocfar isteach sa Chiste an t-airgead go léir a gheobhaidh an Bord i leith tobhaigh chruithneachta nó ar scór cruithneacht a dhíol ag an mBord, agus aon airgead eile a gheobhaidh an Bord,

(b) íocfar as an gCiste praghas ceannaigh cruithneachta a cheannóidh an Bord agus méid aon chostais (lena n-áirítear costas iompair, tiormúcháin, láimhsithe, stórasaithe agus árachaithe chruithneachta) faoina rachaidh an Bord i ndáil lena idirbhearta maidir le ceannach nó díol cruithneachta, agus an t-eisíoc eile go léir a dhéanfaidh nó an costas eile go léir faoina rachaidh an Bord ag comhlíonadh a fheidhmeanna nó ar shlí eile faoin Acht seo,

(c) féadfar suimeanna a gheofar ar iasacht faoi alt 11 den Acht seo a chur faoi urrús an Chiste,

(d) féadfaidh an Bord an méid sin den Chiste nach mbeidh ag teastáil faoi láthair, i dtuairim an Bhoird, chun íocaíochtaí a dhéanamh faoi mhír (b) den fho-alt seo a infheistiú in urrúis a mbeidh údarás dlí de thuras na huaire ag iontaobhaithe cistí iontaobhais a infheistiú iontu,

(e) féadfaidh an Bord ó am go ham, dá rogha féin, aon airgead (is cuid den Chiste) a bheidh infheistithe faoin bhfo-alt seo a mhalairtiú nó a aistriú chun infheistíochtaí eile a bheidh údaraithe leis an bhfo-alt seo agus féadfaidh aon tráth na hinfheistíochtaí nó cuid de na hinfheistíochta go léir a bheidh déanta aige faoin bhfo-alt seo a dhíol agus a shóinseáil in airgead,

(f) íocfar isteach sa Chiste na díbhinní agus an t-ús go léir a gheobhaidh an Bord as infheistíochtaí (is cuid den Chiste) a bheidh déanta aige faoin bhfo-alt seo nó i leith aon infheistíochtaí den sórt sin a dhíol.

An Bord do cheannach agus do dhíol cruithneachta.

6. —(1) Ceannóidh an Bord gach bliain cibé cainníochtaí cruithneachta a chinnfidh (má chinneann) an tAire ó am go ham tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála gur barrachas sin ar riachtanais na muilleoirí ceadunaithe agus díolfaidh sé an chruithneacht sin laistigh nó lasmuigh den Stát cibé tráth nó trátha agus ar cibé praghas nó praghsanna is dóigh leis an mBord is fearr a thabharfaidh sochar maidir leis an gcruithneacht sin.

(2) Chun críocha an ailt seo, féadfaidh an Bord socrú a dhéanamh le haghaidh cruithneacht a cheannach agus a dhíol thar a cheann ag gníomhairí (lena n-áirítear ceannaitheoirí cruithneachta) agus féadfaidh sé cibé airleacain, ar cibé téarmaí is cuí leis, a thabhairt dá ghníomhairí chun cruithneacht a cheannach thar a cheann.

Feidhmeanna breise a shannadh don Bhord maidir le harbhar, etc.

7. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham le hordú—

(a) cibé feidhmeanna breise a shannadh don Bhord is oiriúnach leis an Aire maidir le harbhar (gan cruithneacht a allmhairíodh le meilt a áireamh), táirgí arbhair agus ábhair bheatha d'ainmhithe,

(b) cibé foráil a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is inmhianaithe maidir le hábhair a ghabhfaidh le, nó a éireoidh as, sannadh feidhmeanna chun an Bhoird, nó comhlíonadh feidhmeanna ag an mBord, a shanntar dó faoin alt seo.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a leasú.

Iompar, tiormú, láimhsiú agus stóráil chruithneachta ag an mBord.

8. —(1) Soláthróidh an Bord dó féin cibé saoráidí is dóigh leis is gá lena chuid cruithneachta a iompar, a thiormú, a láimhsiú agus a stóráil.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo féadfaidh an Bord—

(a) socrú a dhéanamh le húinéirí na saoráidí sin chun iad a úsáid ag an mBord nó thar ceann an Bhoird,

(b) le toiliú an Aire, áitribh a thógáil, a threalamhú agus a chothabháil,

(c) le toiliú an Aire, inneallra, feithiclí agus trealamh a cheannach nó a ghlacadh ar fruiliú.

(3) Féadfaidh an Bord aon innealra, trealamh nó feithiclí a dhíol is dóigh leis an mBord nach mbeidh ag teastáil uaidh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

Oifigí agus áitribh.

9. —(1) Soláthróidh an Bord dó féin cibé oifigí agus áitribh is dóigh leis is gá.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord oifigí agus áitribh a threalamhú agus a chothabháil.

Ceannach agus díol talún ag an mBord.

10. —(1) Chun críocha alt 8 agus 9 den Acht seo féadfaidh an Bord aon talamh, oifigí nó áitribh a cheannach nó a ghlacadh ar léas.

(2) Féadfaidh an Bord aon talamh, oifigí nó áitreabh a bheidh aige agus is dóigh leis an mBord nach mbeidh ag teastáil uaidh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh a dhíol nó a ligean ar léas.

Cumhacht an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht.

11. —Féadfaidh an Bord le toiliú an Aire, cibé suimeanna is dóigh leis an mBord ó am go ham is gá a fháil ar iasacht chun críocha caipitiúla nó chun críocha reatha.

Iasachtaí a ráthú.

12. —(1) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis agus le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht chun an Bhoird a ráthú.

(2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo, féadfaidh sé ráthaíocht a thabhairt i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus an t-ús sin a íoc.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná £3,500,000 méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí a bheidh i bhfeidhm faoi na fo-ailt seo de thuras na huaire i dteannta méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

(4) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Bord don Aire, má fhoréilíonn an tAire, cibé urrús a shonrófar sa bhforéileamh chun aisíoc aon airgid a urrú don Aire a bheidh sé faoi dhliteanas a íoc nó tar éis a íoc faoin ráthaíocht.

(5) A luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina luafar, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a aisíocadh (má aisíocadh) leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.

(6) Déanfaidh an Bord aon airgead d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air, má cheanglaíonn an tAire Airgeadais sin, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airleacain.

(7) Má bhíonn an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a cheanglann fo-alt (6) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomhchiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomhchiste, leanfaidh an Bord de bheith faoi dhliteanas don Aire i leith na suime sin agus déanfaidh an Bord an tsuim sin (maraon le hús uirthi, má cheanglann an tAire Airgeadais é, de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire cibé trátha agus i cibé tráthchoda a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéantar aisíoc mar adúradh, beidh sé gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, inghnóthaithe mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Bord leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón mBord faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

(10) Is as an bPríomhchiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire chun suimeanna a íoc a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin Acht seo.

(11) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh faoi chomhair airleacan as an bPríomhchiste faoin alt seo, aon suim nó suimeanna a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh sé, chun críocha na hiasachta sin, urrúis a chruthnú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a thógfar ar iasacht amhlaidh.

(12) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoin alt seo agus na costais faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint a mhuirearú ar an bPríomhchiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

Oifigigh agus seirbhísigh an Bhoird.

13. —(1) Féadfaidh an Bord, ó am go ham de réir mar is gá, cibé daoine, agus cibé méid daoine, is oiriúnach leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord.

(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.

(3) Déanfaidh an Bord cibé luach saothair agus liúntais a chinnfidh an Bord ó am go ham a íoc as an gCiste lena oifigigh agus a sheirbhísigh.

(4) (a) Féadfaidh bainisteoir a bheith ar áireamh oifigeach an Bhoird.

(b) Féadfaidh an bainisteoir a bheith ina chomhalta den Bhord.

(5) Féadfaidh an Bord tráth ar bith aon oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a chur ó bheith ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Bhord.

Feidhmeanna an Bhoird a chomhlíonadh trína oifigigh nó a sheirbhísigh.

14. —Féadfaidh an Bord aon fheidhmeanna dá chuid a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh a bheidh údaraithe chuige sin ag an mBord.

Tobhach cruithneachta a ghnóthú.

15. —(1) Gach suim is iníoctha ag ceannaitheoir cruithneachta leis an mBord nó leis an Aire le tarchur chun an Bhoird le haghaidh nó ar cuntas tobhaigh chruithneachta is fiach gnáth-chonartha í a bheidh dlite den cheannaitheoir sin don Bhord agus beidh sí inghnóthaithe dá réir sin ag an mBord ón gceannaitheoir sin in aon Chúirt dlínse inniúla.

(2) In aon imeachtaí dlíthiúla ag an mBord i gcoinne ceannaitheora chruithneachta i leith aon airgid adeirtear atá dlite den cheannaitheoir sin don Bhord i leith tobhaigh chruithneachta—

(a) beidh deimhniú faoi shéala an Bhoird á dheimhniú go raibh an ceannaitheoir sin faoi dhliteanas faoin Acht seo méid shonraithe tobhaigh chruithneachta a íoc agus go bhfuil suim shonraithe dlite den cheannaitheoir sin agus gan íoc aige ar scór tobhaigh chruithneachta, nó

(b) i gcás inar iníoctha an tobhach cruithneachta de réir forálacha fo-ailt (3) d'alt 2 den Acht seo, beidh deimhniú faoi shéala oifigiúil an Aire á dheimhniú go raibh an ceannaitheoir sin faoi dhliteanas faoin Acht seo méid shonraithe tobhaigh chruithneachta a íoc agus go bhfuil suim shonraithe dlite den cheannaitheoir sin agus gan íoc aige ar scór tobhaigh chruithneachta, maraon le deimhniú faoi shéala an Bhoird á dheimhniú nach bhfuil an tsuim sin íoctha ag an gceannaitheoir sin leis an mBord,

ina fhianaise prima facie ar an dliteanas i leith, agus ar mhéid, an tobhaigh chruithneachta agus ar an tsuim atá dlite den cheannaitheoir sin agus gan íoc aige i leith an chéanna.

Iniúchadh ag oifigigh don Bhord ar thaifid i dtaobh cruithneacht a ceannaíodh.

16. —(1) Féadfaidh oifigeach don Bhord a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an mBord chun na cumhachtaí a fheidhmiú a thugtar d'oifigeach don Bhord leis an alt seo iniúchadh a dhéanamh ar thaifid, agus cóipeanna a dhéanamh de thaifid, i dtaobh gach ar cheannaigh ceannaitheoirí de chruithneacht, a bheidh á gcoimeád ag ceannaitheoirí nó thar ceann ceannaitheoirí agus chuige sin féadfaidh sé dul isteach gach tráth réasúnach in aon áitreabh a mbeidh cúis aige a chreidiúint taifid den sórt sin a bheith á gcoimeád ann.

(2) Aon duine a mbeidh ina sheilbh nó ar urláimh aige taifid i dtaobh cruithneacht a cheannach ag ceannaitheoir, déanfaidh sé, ar oifigeach don Bhord a bheidh údaraithe mar adúradh á iarraidh sin air, na taifid sin a thabhairt ar aird agus aon eolas a thabhairt dó a éileoidh sé le réasún maidir le haon ní sna taifid sin.

(3) Ní bhacfaidh ná ní choiscfidh aon duine oifigeach don Bhord agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an bhfo-alt seo.

(4) Nuair a bheidh oifigeach don Bhord ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar leis an alt seo tabharfaidh sé a údarás ar aird, má iarrtar sin air, d'aon duine lena mbainfidh.

Tuairisceáin chun an Bhoird i dtaobh cruithneacht a ceannaíodh.

17. —(1) Féadfaidh an Bord, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar cheannaitheoir cruithneachta, a cheangal ar an gceannaitheoir cruithneachta tuairisceáin a thabhairt don Bhord i cibé foirm agus cibé tráth nó trátha a shonróidh an Bord sa bhfógra, ag insint an dáta a ceannaíodh aon chruithneacht agus an méid agus an cineál cruithneachta, agus an bhail a bhí ar an gcruithneacht, a ceannaíodh.

(2) Féadfar fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar cheannaitheoir cruithneachta—

(a) tríd an bhfógra a sheachadadh dó, nó

(b) tríd an bhfógra a chur chuige tríd an bpost cláraithe i gclúdach a bheidh dírithe chuige go dtí an seoladh ag a bhfuil gnáth-chónaí air nó gnó ar siúl aige.

(3) Chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, measfar gnó a bheith ar siúl ina hoifig chláraithe ag cuideachta atá cláraithe faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, agus measfar gnó a bheith ar siúl ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó sa Stát ag gach comhlacht corpraithe eile agus ag gach comhlacht neamhchorpraithe eile.

(4) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo ar cheannaitheoir cruithneachta, déanfaidh sé de réir an fhógra.

Cionta.

1934, Uimh. 41 .

18. —(1) Aon duine a sháróidh (trí ghníomh nó neamhghníomh) foráil d'alt 16 nó d'alt 17 nó foráil d'ordú faoi alt 7 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear, más é an chéad chion aige é, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, más é an dara cion nó aon chion dá éis sin aige é, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(2) Féadfaidh an Bord mar inchúisitheoir inchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo.

(3) Má chiontaítear muilleoir ceadúnaithe i gcion faoin alt seo, measfar, chun críocha ailt 34 d'Acht 1933, é a bheith arna chiontú i gcion faoin Acht sin agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag an alt sin 34, arna leasú le halt 13 den Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1934.

Ní nochtfaidh an Bord eolas.

19. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní dhéanfar eolas a gheofar faoi alt 16 nó alt 17 den Acht seo a nochtadh do dhuine nach comhalta den Bhord nó oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht faoin mBord mura measa an Bord gur gá, lena fheidhmeanna a chomhlíonadh go cuí, an t-eolas a nochtadh don duine sin.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le nochtadh eolais chun críocha aon imeachtaí dlíthiúla (sibhialta nó coiriúil) a thionscnófar nó a bheartófar a thionscnamh faoin Acht seo.

Cuntais agus iniúchadh.

20. —(1) Coimeádfaidh an Bord na cuntais go léir is gnáth agus is cuí ar an airgead go léir a gheobhaidh sé nó a chaithfidh sé, lena n-áirítear clár comhardaithe.

(2) A luaithe is féidir tar éis an 31ú lá de Lúnasa gach bliain tar éis na bliana 1958, cuirfidh an Bord a chuntais don dá mhí dhéag dar críoch an dáta sin go dtí an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus iniúchóidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iad.

(3) Díreach tar éis iniúchta faoin alt seo a bheith déanta ar chuntais an Bhoird, déanfaidh an Bord cóip de na cuntais (lena n-áirítear an clár comhardaithe) arna ndeimhniú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus cóip de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur go dtí an tAire.

(4) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar cóipeanna de na doiciméid dá dtagartar i bhfo-alt (3) den alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Tuarascáil bhliantúil.

21. —A luaithe is féidir tar éis an 31ú lá de Lúnasa gach bliain tar éis na bliana 1958, déanfaidh an Bord tuarascáil ar a imeachtaí faoin Acht seo i gcaitheamh an dá mhí dhéag dar críoch an dáta sin a thabhairt don Aire agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Eolas a thabhairt don Aire.

22. —Tabharfaidh an Bord don Aire, cibé trátha agus i cibé foirm agus slí a shonróidh an tAire, cibé eolas maidir le himeachtaí an Bhoird faoin Acht seo a iarrfaidh an tAire.

Leathnú ar an Acht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha). 1955, agus srian le horduithe faoi Acht 1956.

1955, Uimh. 21 .

23. —(1) Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1955, trí “nó don Bhord Gráin” a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh “don cheadúnaí”.

(2) Ní bheidh feidhm ag ordú faoi alt 2 d'Acht 1956, ach amháin a mhéid a bhaineann an t-ordú sin le praghas cruithneachta, maidir le cruithneacht leis an mBord nó cruithneacht a bheidh á ceannach nó á díol ag an mBord nó thar a cheann.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

24. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin rún ag neamhniú an ordaithe a rith laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Gearrtheideal agus comhlua.

25. —(1) Féadfar an tAcht Toradh Talmhaíochta (Arbhar) (Leasú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1933 go 1958, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.