An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1958) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mál.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1958-59.

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, a mhuirearú de réir seacht scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is de réir na rátaí ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1957, a mhuirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1958, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Garraíodóireacht mhargaidh.

2. —(1) San alt seo ciallaíonn “talamh garraí mhargaidh” talamh sa Stát a áitítear mar gharraí altran nó mar gharraí chun an toradh a dhíol (seachas talamh a úsáidtear chun hopaí a fhás), agus forléireofar “garraíodóireacht mhargaidh” dá réir sin.

(2) D'ainneoin aon ní i Sceideal B, nó sna Rialacha a bhaineann leis, déileálfar chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim maidir leis an duine a bhíonn ag seoladh an ghnó le garraíodóireacht mhargaidh mar thrádáil agus—

(a) déanfar na brabúis nó an gnóchan as a mhuirearú faoi Chás I de Sceideal D, agus

(b) ní dhéanfar cáin ioncaim a mhuirearú faoi Sceideal B i leith áitiú talamh garraí mhargaidh,

ach i gcás talamh áirithe ar talamh garraí mhargaidh é ar feadh coda, agus amháin ar feadh coda, den bhliain mheasúnachta, muirearófar cáin faoi Sceideal B ar an talamh sin don bhliain sin ar an oiread de luach inmheasúnaithe na talún sin a bhfuil an chomhréir chéanna idir é agus an luach sin atá idir an chuid eile den bhliain sin agus bliain.

(3) I gcás ar talamh garraí mhargaidh cuid de mhaoin atá arna luacháil mar aonad faoi na hAchtanna Luachála—

(a) déanfar luach bliantúil na talún garraí mhargaidh, chun críocha Riail 5 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II de Sceideal D a ríomh trí luacháil inrátaithe na maoine a chionroinnt,

(b) déanfar an luach inmheasúnaithe chun críocha aon mheasúnachta faoi Sceideal B maidir leis an gcuid eile den mhaoin a ríomh trí chionroinnt a dhéanamh ar an méid arbh é luach inmheasúnaithe na maoine é, chun críocha Sceidil B, dá mba nárbh thalamh garraí mhargaidh aon chuid de, agus

(c) aon chionroinnt is gá de réir an fho-ailt seo déanfaidh an cigire cánach é ar feadh a chumais de réir a eolais agus a bhreithiúnais.

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta nó an Breitheamh Cuarda cionroinnt arna déanamh faoi mhír (c) d'fho-alt (3) den alt seo a leasú, ar achomharc i gcoinne measúnachta ar fhoras na cionroinnte a éisteacht nó a athéisteacht, ach, ar aon achomharc den tsórt sin a éisteacht nó a athéisteacht, beidh deimhniú ón gCoimisinéir Luachála, a thabharfaidh ceachtar páirtí san achomharc, agus a dheimhneoidh, maidir le maoin arna luacháil mar aonad faoi na hAchtanna Luachála, na méide den luacháil inrátaithe is inchurtha i leith aon choda áirithe den mhaoin, ina chruthú dochloíte maidir leis an méid is inchurtha amhlaidh.

(5) Má tharlaíonn, maidir le haon bhliain mheasúnachta, cáin faoi Chás I de Sceideal D i leith brabús nó gnóchain as garraíodóireacht mhargaidh a bheith inmhuirir ar mhéid, nó faoi threoir méide, brabús nó gnóchain bhliana nó thréimhse a tháinig go hiomlán nó go páirteach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, ríomhfar an méid sin fé is dá mbeadh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo ar feadh iomlán na bliana nó na tréimhse sin.

Alt 5 den Acht Airgid, 1929 , a leasú.

3. —Déanfar, le héifeacht ó thosach feidhme ailt 5 den Acht Airgid, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (2) agus (3) den alt sin:—

“(2) (a) Ceapfaidh na Coimisinéirí Speisialta ó am go ham trátha agus áiteanna chun achomhairc i gcoinne measúnachtaí a éisteacht agus tabharfaidh Cléireach na gCoimisinéirí Speisialta fógra i dtaobh na dtráth agus na n-áiteanna sin don chigire cánach nó don oifigeach eile sin adúradh.

(b) Tabharfaidh an cigire cánach nó an t-oifigeach eile sin adúradh fógra i scríbhinn do gach duine a thug fógra achomhairc i dtaobh an trátha agus na háite a ceapadh chun a achomharc a éisteacht, ach—

(i) ní thabharfar fógra faoin mír seo i gcás ina mbeidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (3) den alt seo de dhroim comhaontaithe dá dtagartar sa mhír sin nó de dhroim fógra dá dtagartar i mír (d) den fho-alt sin, agus

(ii) i gcás ina measfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile go mb'fhéidir go socrófaí achomharc trí chomhaontú faoi fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh sé staonadh ó fhógra a thabhairt faoin mír seo nó féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, fógra a bheidh tugtha cheana a aistarraingt.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le haon mheasúnacht a mbeidh fógra achomhairc tugtha ina leith agus nach measúnacht a mbeidh na Coimisinéirí Speisialta tar éis an t-achomharc ina coinne a chinneadh nó ar measúnacht chríochnaitheach dhochloíte faoi fho-alt (6) den alt seo í.

(b) Má tharlaíonn, maidir le measúnacht lena mbaineann an fo-alt seo go ndéanfaidh an cigire cánach nó an t-oifigeach eile sin adúradh agus an t-achomharcóir comhaontú, i scríbhinn nó ar shlí eile, go seasfaidh an mheasúnacht, go leasófar ar mhodh áirithe í nó go n-urscaoilfear nó go gcealófar í, tabharfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile éifeacht don chomhaontú agus, ansin, más é a bheidh sa chomhaontú go seasfaidh an mheasúnacht nó go leasófar í, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an measúnacht nó ag an measúnacht leasaithe, de réir mar bheidh, a bheadh aici dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina taobh.

(c) Aon chomhaontú nach mbeidh i scríbhinn, measfar nach comhaontú é chun críocha míre (b) den fho-alt seo, mura rud é—

(i) go ndaingneofar go ndearnadh comhaontú, agus na téarmaí ar ar comhaontaíodh, trí fhógra i scríbhinn a thabharfaidh an cigire cánach nó an t-oifigeach eile sin adúradh don achomharcóir nó a thabharfaidh an t-achomharcóir don chigire nó don oifigeach eile, agus

(ii) go bhfuil lá agus fiche caite ó tugadh an fógra sin agus nár thug an duine dár tugadh é fógra i scríbhinn don té a thug é gur mian leis an comhaontú a shéanadh nó tarraingt siar as.

(d) Aon uair a thabharfaidh achomharcóir fógra i scríbhinn don chigire cánach nó don oifigeach eile sin adúradh gur mian leis gan dul ar aghaidh lena achomharc i gcoinne measúnachta lena mbaineann an fo-alt seo, beidh éifeacht ag mír (b) den fho-alt seo fé is dá mbeadh comhaontú i scríbhinn déanta ag an achomharcóir agus ag an gcigire nó an t-oifigeach eile, ar fhógra an achomharcóra a bheith faighte, go seasfadh an mheasúnacht.

(e) Na tagairtí sa bhfo-alt seo do chomhaontú a dhéanamh le hachomharcóir agus fógra a thabhairt d'achomharcóir nó an t-achomharcóir do thabhairt fógra, folaíonn siad tagairtí do chomhaontú a dhéanamh le duine agus é ag gníomhú thar ceann an achomharcóra maidir leis an achomharc, agus d'fhógra a thabhairt don duine sin nó don duine sin do thabhairt fógra.”

Fianaise i gcásanna áirithe.

4. —(1) Ní bheidh ráitis a rinneadh nó doiciméid a tugadh ar aird ag duine nó thar a cheann neamhinghlactha in aon imeachtaí den tsórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo de dhroim amháin é a bheith curtha in iúl dó—

(a) maidir le cáin ioncaim nó forcháin, go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim glacadh le socraíocht airgid in ionad imeachtaí a bhunú, agus

(b) cé nach féidir aon ghealltanas a thabhairt i dtaobh cé acu a ghlacfaidh nó nach nglacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le socraíocht den tsórt sin i gcás aon duine áirithe, is gnás ag na Coimisinéirí Ioncaim a chur san áireamh gur admhaigh duine go hiomlán aon chalaois nó mainneachtain a raibh sé páirteach ann agus gur thug sé lán-saoráidí le haghaidh iniúchta,

agus gurb é sin nó go mb'fhéidir gurb é sin a thug air na ráitis a dhéanamh nó na doiciméid a thabhairt ar aird.

(2) Is iad na himeachtaí dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo:

(a) aon imeachtaí coiriúla i gcoinne an duine áirithe sin mar gheall ar aon chineál calaoise nó mainneachtana toiliúla i ndáil le nó maidir le cáin ioncaim nó forcháin; agus

(b) aon imeachtaí ina choinne chun aon suim a bheidh dlite de a ghnóthú uaidh, trí cháin, fíneáil, forghéilleadh nó pionós, i ndáil le nó maidir le cáin ioncaim nó forcháin.

Fógraí.

5. —(1) Aon fhógra a údaraítear nó a cheanglaítear faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim nó ag cigire cánach nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim féadfar é a sheirbheáil tríd an bpost.

(2) Aon fhógra a údaraítear nó a cheanglaítear faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim, a bheidh údaraithe acu chun fógraí den aicme lena mbaineann an fógra a thabhairt, é a shíniú agus a thabhairt agus má shínítear agus má thugtar amhlaidh é beidh sé chomh bailí éifeachtúil agus dá mb'iad na Coimisinéirí Ioncaim a shínigh faoina lámha agus a thug é.

(3) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a thug na Coimisinéirí Ioncaim nó cigire cánach nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a airbheartóidh gur cóip den fhógra é a thabhairt ar aird, agus ní gá postanna oifigiúla na ndaoine nó post oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb iad nó é a thug an fógra, nó má bhíonn sé sínithe, na sínithe nó an síniú, a chruthú, nó go raibh údarás ag na daoine nó ag an duine a shínigh agus a thug é, é sin a dhéanamh.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo d'ainneoin aon fhorála eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim.

(5) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an Acht seo a rith, ach, i dteannta feidhm a bheith aige maidir le fógraí a thabharfar tar éis an tAcht seo a rith, beidh feidhm aige freisin, agus measfar feidhm a bheith riamh aige, maidir le fógraí a tugadh roimh an rith sin.

Eolas i dtaobh íocaíochtaí le fostaithe.

6. —(1) In alt 105 den Income Tax Act, 1918, measfar go bhfolaíonn na tagairtí d'íocaíochtaí le daoine i leith a bhfostaíochta agus do luach saothair daoine ina bhfostaíocht tagairtí—

(a) d'aon íocaíochtaí le daoine fostaithe tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1958, i leith caiteachas,

(b) d'aon íocaíochtaí tar éis an lae sin thar ceann daoine fostaithe agus nach mbeidh aisíoctha, agus

(c) d'aon íocaíochtaí tar éis an lae sin leis na fostaithe i dtrádáil nó gnó i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó, cibé acu i gcúrsa a bhfostaíochta nó nach ea a rinneadh na seirbhísí.

(2) Folaíonn an tagairt i mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo d'íocaíochtaí le daoine fostaithe i leith caiteachas tagairt do shuimeanna a soláthraíodh do dhuine fostaithe agus d'íoc sé amach.

Alt 3 den Acht Airgid, 1925 , a leasú.

7. —Déantar leis seo alt 3 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), a leasú trí “na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1957, nó na hAchtanna sin agus aon Acht ina dhiaidh sin ar féidir na hAchtanna sin a lua ina dteannta” a chur in ionad “na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1953” i bhfo-alt (2) (a cuireadh isteach le halt 7 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 )).

Riail ghinearálta maidir le cáin ar fhearchéilí agus ar bhanchéilí.

8. —(1) Faoi réir alt 9, 10, 11 agus 12 den Acht seo, i gcás ioncaim mhná ar ar inmhuirir cáin, áireofar, chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin), gur ioncam de chuid a fearchéile agus nach ioncam dá cuidse é, sa mhéid gur ioncam é in aghaidh bliana measúnachta nó coda de bhliain mheasúnachta ar bean phósta ise ar a feadh agus í ina cónaí lena fearchéile, ach ní dhéanfaidh forálacha an fho-ailt seo difir maidir lena chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil cáin inmhuirir ar aon ioncam dá cuidse in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe, agus, má tá, cad é an méid a mheasfar a bheith san ioncam sin chun críocha cánach.

(2) Aon cháin a bheidh le measúnú i leith aon ioncaim, a measfar, faoi fho-alt (1) den alt seo, gur ioncam fearchéile mná é, déanfar, in ionad é a mheasúnú uirthise nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, a hairíoch nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, é a mheasúnú airsean, nó, sna cásanna iomchuí, ar a iontaobhaí, a chaomhnóir, a airíoch nó a chúramaí, nó ar a sheiceadóirí nó a riarthóirí, ach ní dhéanfaidh aon ní sa bhfo-alt seo difir d'oibriú Rialach 10 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D.

(3) Na tagairtí san alt seo d'ioncam mná folaíonn siad tagairtí d'aon suim a bheadh le háireamh, mura mbeadh an t-alt seo, nuair a bheadh a hioncam iomlán á ríomh, agus tá éifeacht ag an bhfo-alt seo maidir le haon suim den tsórt sin d'ainneoin go gceanglann achtachán éigin (lena n-áirítear, ach amháin i gcás ina bhforálfar a mhalairt go sainráiteach, achtachán arna rith tar éis an tAcht seo a rith) nach n-áireofar an tsuim sin mar ioncam le haon duine eile ach í féin.

(4) Tá éifeacht ag an alt seo faoi réir Rialach 17 de na Rialacha Ginearálta agus ailt 8 den Income Tax Act, 1918.

An toradh, maidir le liúntais phearsanta, nuair a roghnóidh fearchéile nó banchéile go ndéanfar measúnacht ar leith.

9. —(1) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le faoisimh phearsanta, i gcás ina mbeidh, de bhua iarratais faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta, cáin ioncaim le measúnú agus le muirearú ar ioncaim fhearchéile agus bhanchéile fé is dá mbeidís gan bheith pósta.

(2) Is ionann iomlán an fhaoisimh ó cháin a thabharfar don fhearchéile agus don bhanchéile trí fhaoisimh phearsanta agus an faoiseamh a gheofaí mura mbeadh éifeacht ag an iarratas maidir leis an mbliain agus, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, féadfar an sochar a thiocfaidh de na faoisimh phearsanta a thabhairt tríd an méid cánach a bheidh le n-íoc a laghdú, nó trí aon bhreis cánach a bheidh íoctha a aisíoc, nó ar an dá mhodh sin, de réir mar is gá sa chás, agus leithroinnfear iad ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile—

(a) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó chun an fhearchéile nó an bhanchéile faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, de réir mar is eisean nó ise a rinne an íocaíocht ar dá barr an faoiseamh,

(b) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 16 den Finance Act, 1920, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam tuillte faoi seach,

(c) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó i leith gaoil chleithiúnaigh faoi alt 22 den Finance Act, 1920, nó ó fhaoiseamh i leith linbh faoi fho-alt (2) d'alt 21 den Acht sin, chun an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a chothabhálann an gaol nó an leanbh,

(d) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), i gcomhréir le méideanna a n-ioncam iomlán faoi seach, agus

(e) maidir leis an iarmhéid, i gcomhréir le méideanna a n-ioncam inmheasúnaithe faoi seach.

(3) I gcás inar mó an méid faoisimh a leithroinnfear ar an bhfearchéile faoi fho-alt (2) den alt seo ná an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an fhearchéile in aghaidh na bliana measúnachta, úsáidfear an iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an bhanchéile in aghaidh na bliana sin a laghdú, agus, i gcás an méid faoisimh a leithroinnfear ar an mbanchéile faoin bhfo-alt sin a bheith níos mó ná an cháin ioncaim is inmhuirir ar a hioncam in aghaidh na bliana measúnachta, úsáidfear an iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirir ar ioncam an fhearchéile in aghaidh na bliana sin a laghdú.

(4) Féadfaidh an fearchéile nó an banchéile tuairisceáin ar ioncaim iomlána an fhearchéile agus an bhanchéile a thabhairt chun críocha an ailt seo, ach, mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta le haon tuairisceán den tsórt sin, féadfaidh siad tuairisceán a fháil ón mbanchéile nó ón bhfearchéile de réir mar bheidh.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra a cheangal go ndéanfar tuairisceáin chun críocha an ailt seo a thabhairt tráth ar bith, agus na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le pionóis mar gheall ar a mhainniú nó a dhiúltú nó a mhoilliú ráitis fhíora, chruinne bhrabús nó ghnóchain a thabhairt beidh feidhm acu, modhnaithe mar is gá, i gcás mainneachtain nó diúltú, nó moilliú toiliúil maidir le haon tuairisceán den tsórt sin a thabhairt.

(6) San alt seo, ciallaíonn “faoisimh phearsanta” aon fhaoiseamh faoi alt 32 den Income Tax Act, 1918, faoi ailt 16, 18, 19, 20, 21, 22 agus 23 den Finance Act, 1920, faoi alt 4 den Acht Airgeadais, 1951 ( Uimh. 15 de 1951 ), nó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ).

Cáin is inchurtha i leith ioncaim bhanchéile agus a measúnaíodh ar a fearchéile a bhailiú ón mbanchéile.

10. —(1) I gcás—

(a) measúnacht i leith cánach ioncaim nó forchánach (dá ngairtear an mheasúnacht bhunaidh ina dhiaidh seo san alt seo) a dhéanamh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin ar fhear, nó ar iontaobhaí, caomhnóir, airíoch nó cúramaí fir, nó ar sheiceadóirí nó riarthóirí fir,

(b) gurb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, i gcás measúnachta i leith cánach ioncaim, nó tuairim na gCoimisinéirí Speisialta i gcás measúnachta i leith forchánach, dá mbeadh iarratas ar lorg measúnachta ar leith faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta nó faoi alt 8 den Income Tax Act, 1918, i bhfeidhm maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, go mbeadh measúnacht i leith an ioncaim chéanna sin, nó i leith coda de, le déanamh ar bhean arb í banchéile an fhir sin í nó arbh í a bhanchéile sa bhliain mheasúnachta sin nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, a hairíoch nó a cúramaí, nó a seiceadóirí nó a riarthóirí, agus

(c) go raibh iomlán na méide nó cuid den méid dob iníoctha faoin measúnacht bhunaidh gan íoc agus ocht lá fichead caite ón dáta a tháinig sé chun bheith dlite,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, nó de réir mar bheidh, na Coimisinéirí Speisialta, fógra a thabhairt di, nó más marbh di, á seiceadóirí nó dá riarthóirí nó, más rud é go bhféadfaí measúnacht den tsórt dá dtagartar i mír (b) den fho-alt seo a dhéanamh, sa chúinse dá dtagartar ansin, ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, a hairíoch nó a cúramaí, di féin nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir, dá hairíoch nó dá cúramaí—

(i) ina mbeidh sonraí na measúnachta bunaidh agus na méide atá gan íoc faoi, agus

(ii) ina mbeidh, ar feadh a mbreithiúnais, sonraí na measúnachta a bheadh le déanamh mar adúradh roimhe seo,

agus á cheangal ar an duine dá dtabharfar an fógra an méid a íoc dob iníoctha faoin measúnacht is déanaí a luaitear dá mbeadh sí de réir na sonraí sin nó an méid atá gan íoc, faoin measúnacht bhunaidh, cibé acu is lú.

(2) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo do bhean, nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir, dá hairíoch nó da cúramaí, nó dá seiceadóirí nó dá riarthóirí, is é an toradh céanna a bheidh ann maidir le—

(a) íoc na cánach a fhorchur de dhliteanas, agus maidir leis an gcáin a ghnóthú,

(b) tosaíocht don cháin i gcás féimheachta nó eastát dhuine éagtha a riaradh,

(c) achomhairc chun na gCoimisinéirí Speisialta, athéisteacht na n-achomharc sin agus cásanna a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, agus

(d) titim deiridh an dliteanais fhorchurtha,

a thiocfadh de mheasúnacht den tsórt dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den fho-alt seo a dhéanamh uirthí féin nó ar a hiontaobhaí, a caomhnóir, a hairíoch nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, de réir mar bheadh, is é sin measúnacht—

(i) a rinneadh an lá a tugadh an fógra,

(ii) a mhuirearaigh an méid céanna cánach a cheanglann an fógra a íoc,

(iii) a bhí le déanamh agus a rinneadh ag an údarás a rinne an mheasúnacht bhunaidh, agus

(iv) a rinne an t-údarás sin ar feadh a bhreithiúnais nó a mbreithiúnais,

agus beidh éifeacht dá réir sin ag na forálacha (oiriúnaithe mar is gá) de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (d) den fho-alt seo.

(3) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo, scoirfidh cáin, suas go dtí an méid a cheanglóidh an fógra a íoc, de bheith inghnóthaithe faoin measúnacht bhunaidh.

(4) I gcás ina ndéanfar an méid is iníoctha faoi fhógra a thabharfar faoi fho-alt (1) den alt seo a laghdú de thoradh achomhairc, nó de thoradh cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil—

(a) más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, ag féachaint don toradh sin, go raibh an mheasúnacht bhunaidh iomarcach, cuirfidh siad faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile is dóigh leo is cóir; ach

(b) faoi réir aon fhaoisimh a thabharfar amhlaidh, tiocfaidh suim is comhionann leis an laghdú ar an méid is iníoctha faoin bhfógra chun bheith inghnóthaithe arís faoin measúnacht bhunaidh.

(5) Beidh na cumhachtaí céanna ag na Coimisinéirí Ioncaim, ag na Coimisinéirí Speisialta agus ag an gcigire cánach nó ag an oifigeach cuí eile chun eolas a fháil d'fhonn fógra, agus i ndáil le fógra, a thabhairt faoi fho-alt (1) den alt seo a bheadh acu d'fhonn go ndéanfaí measúnacht, agus i ndáil le déanamh measúnachta, den tsórt dá dtagartar i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo dá mbeadh na coinníollacha is gá chun measúnacht den tsórt sin a dhéanamh comhlíonta.

Ceart ag an bhfearchéile chun dliteanas maidir le cáin ar ioncam a bhanchéile éagtha a shéanadh.

11. —(1) I gcás ina n-éagfaidh bean, a bhí, tráth ar bith sular éag sí, ina bean phósta agus í ina cónaí lena fearchéile, féadfaidh sé sin, nó, más marbh dó, a sheiceadóirí nó a riarthóirí, tráth nach déanaí ná dhá mhí ó dháta probháid nó litreacha riaracháin a dheonadh i leith a heastáit nó, le toiliú a seiceadóirí nó a riarthóirí, dáta ar bith is déanaí ná sin, fógra i scríbhinn a thabhairt dá seiceadóirí nó dá riarthóirí agus don chigire cánach á dhearbhú go séanann sé nó siad, a mhéid a cheadaítear leis an alt seo, freagarthacht sa cháin ioncaim nó sa bhforcháin atá gan íoc maidir lena hioncam uile in aghaidh aon bhliana measúnachta nó coda de bhliain mheasúnachta, is bliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis, agus arbh eisean a fearchéile ar a feadh agus ise ina cónaí leis.

(2) Ní mheasfar gur fógra bailí fógra a thabharfar de bhun an ailt seo don chigire cánach mura luaitear ann ainmneacha agus seolta seiceadóirí nó riarthóirí na mná.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis fógra faoin alt seo a thabhairt do sheiceadóirí nó do riarthóirí mná agus don chigire cánach—

(a) beidh de dhualgas ar na Coimisinéirí Ioncaim agus ar na Coimisinéirí Speisialta cibé cumhachtaí is cead dóibh a fheidhmiú ansin nó ina dhiaidh sin a fheidhmiú faoi alt 10 den Acht seo maidir le haon mheasúnacht a dhéanfar, ar an dáta nó roimh an dáta a chríochnófar tabhairt an fhógra sin, is measúnacht maidir le haon chuid den ioncam lena mbaineann an fógra sin, agus

(b) na measúnachtaí a fhéadfar a dhéanamh (má fhéadfar) tar éis an dáta sin, cibé acu i leith cánach ioncaim nó forchánach é, is iad, ar gach slí agus go háirithe maidir leis na daoine is inmheasúnaithe agus an cháin is iníoctha, na measúnachtaí iad a bheadh le déanamh dá mba rud é—

(i) go mbeadh iarratas ar mheasúnacht ar leith faoi Riail 17 de na Rialacha Ginearálta nó faoi alt 8 den Income Tax Act, 1918, cibé acu é, i bhfeidhm maidir leis an mbliain mheasúnachta iomchuí, agus

(ii) gur dá réir sin a rinneadh na measúnachtaí uile a rinneadh roimhe sin.

(4) San alt seo, ciallaíonn “an cigire cánach”, maidir le fógra, aon chigire cánach a measfadh an duine, ó réasún, a bheadh ag tabhairt an fhógra gur dócha dó baint a bheith aige le hábhar an fhógra nó a dhearbhóidh go bhfuil sé ullamh ar an bhfógra a ghlacadh.

(5) Féadfar aon fhógra faoin alt seo a sheirbheáil tríd an bpost.

Forléiriú tagairtí do mhná pósta ina gcónaí lena bhfearchéilí, agus forálacha speisialta maidir le céilí áirithe atá scartha go geograifeach.

12. —(1) Chun críocha cánach ioncaim áireofar go gcónaíonn bean phósta lena fearchéile muran rud é—

(a) go bhfuil siad eadarscartha faoi ordú cúirte dlínse inniúla nó le gníomhas eadarscartha, nó

(b) go bhfuil siad, iarbhír, eadarscartha i gcúinsí de shaghas d'fhágfadh gur dócha gur eadarscaradh buan é.

(2) I gcás bean phósta agus a fearchéile a chónaíonn le chéile agus—

(a) duine acu a bheith, agus gan an duine eile acu a bheith, ina chónaí sa Stát i rith bliana measúnachta, nó

(b) an bheirt acu a bheith ina gcónaí sa Stát i rith bliana measúnachta, ach duine acu a bheith, agus gan an duine eile acu a bheith, as láthair ón Stát ar feadh na bliana sin,

beidh an toradh céanna air sin chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheadh ann dá mbeidís, iarbhír, eadarscartha ar feadh na bliana measúnachta sin i gcúinsí de shaghas d'fhágfadh gur dócha gur eadarscaradh buan é.

(3) I gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo agus gur mó glan-mhéid comhiomlán na cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheidh le n-íoc ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile in aghaidh na bliana ná mar bheadh mura mbeadh forálacha an fho-ailt sin, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara cibé faoiseamh a thabhairt (trí na measúnachtaí sin ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile a laghdú nó an cháin sin d'íoc an fearchéile nó an banchéile (trí asbhaint nó eile) a aisíoc fé mar ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim) a laghdóidh an glanmhéid comhiomlán sin de mhéid na breise.