|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 2 de 1959. | ||
[EN] |
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA FORBARTHA MÓNA, 1946 GO 1958. [18 Márta, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Airleacain chun an Bhoird as an bPríomhchiste. |
1. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946 , a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) (a cuireadh isteach ann le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Forbartha Móna, 1953 ) : |
[EN] | “(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná naoi milliún déag punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomhchiste nó a thoradh fáis.” | |
[EN] | (2) Athghairtear leis seo alt 2 den Acht Forbartha Móna, 1953 . | |
[EN] |
Alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 , a leasú. |
2. —Déantar leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe de chuid an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) a leasú trí fho-alt (3) a scriosadh agus “naoi milliún déag punt” a chur in ionad “cheithre mhilliún déag punt” i bhfo-alt (4). |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1959 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1958, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1959, a ghairm díobh le chéile. |