3 1959


Uimhir 3 de 1959.


AN tACHT UM LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA (LEASÚ), 1959

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM LOINGEAS ÉIREANN TEORANTA, 1947 . [18 Márta, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1947, Uimh. 37 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 .

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Phríomh-Acht (a fhorchuireann teorainn £5,000,000 le caipiteal na Cuideachta) a leasú trí “£12,000,000” a chur in ionad “£5,000,000”.

Fo-alt (2) d'alt 9 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Déantar leis seo fo-alt (2) d'alt 9 den Phríomh-Acht (a fhorchuireann teorainn £2,000,000 le ráthaíocht an Aire go n-aisíocfar airgead a bheidh an Chuideachta tar éis a fháil ar iasacht) a leasú trí “£5,000,000,” a chur in ionad “£2,000,000”.

Alt 10 den Phríomh-Acht a athghairm.

4. —Athghairtear leis seo alt 10 den Phríomh-Acht (a údaraíonn cúnamh airgid a íoc leis an gCuideachta).

Gearrtheideal agus comhlua.

5. —(1) Féadfar an tAcht um Loingeas Éireann Teoranta (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Loingeas Éireann Teoranta, 1947 agus 1959, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.