|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a Athghairtear.) |
[EN] | ||
Uimhir 19 de 1959. | ||
[EN] |
AN tACHT SEICEANNA, 1959. | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE SEICEANNA AGUS LE hIONSTRAIMÍ ÁIRITHE EILE. [28 Iúil, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Cosaint do bhaincéirí a íocann seiceanna nár formhuiníodh nó a formhuiníodh go neamhrialta, etc. |
1. —(1) Má íocann baincéir, de mhéin mhacánta agus i ngnáthchúrsa gnó, seic a tarraingíodh air agus nár formhuiníodh nó a formhuiníodh go neamhrialta, ní théann sé, tríd sin, faoi aon dliteanas de bhrí amháin nach bhfuil an seic formhuinithe nó gur go neamhrialta atá sé formhuinithe, agus measfar gur i gcúrsa cuí a d'íoc sé é. |
[EN] | (2) Má dhéanann baincéir, de mhéin mhacánta agus i ngnáthchúrsa gnó, aon ionstraim den sórt seo a leanas a íoc, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) doiciméad a d'eisigh custaiméir leis agus, cé nach bille malairte é, atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil uaidh; | |
[EN] | (b) dréacht is iníoctha ar éileamh agus é tarraingthe aige féin air féin, cibé acu i gceann-oifig a bhainc nó in oifig éigin eile dá bhanc is iníoctha é; | |
[EN] | ní théann sé, tríd sin, faoi aon dliteanas de bhrí amháin nach bhfuil an seic formhuinithe nó gur go neamhrialta atá sé formhuinithe, agus urscaoileann an t-íoc an ionstraim. | |
[EN] |
Cearta baincéirí a bhailíonn seiceanna atá gan formhuiniú ag a sealbhóirí. |
2. —Baincéir a thabharfaidh luach, nó a mbeidh lian aige, ar sheic is iníoctha de réir ordú agus a sheachadfaidh an sealbhóir dó le bailiú gan é a fhormhuiniú, beidh aige cibé cearta (más aon chearta iad) a bheadh aige dá ndéanadh an sealbhóir, ar a sheachadadh, é a bhán-fhormhuiniú. |
[EN] |
Seiceanna gan formhuiniú mar fhianaise ar íocaíocht. |
3. —Aon seic gan formhuiniú a dhealraíonn a bheith íoctha ag an mbaincéir ar ar tarraingíodh é, is fianaise é go bhfuair an t-íocaí an tsuim ab iníoctha leis an seic. |
[EN] |
Cosaint do bhaincéirí a bhailíonn íoc seiceanna, etc. |
4. —(1) Má dhéanann baincéir, de mhéin mhacánta agus gan faillí,— |
[EN] | (a) íoc ionstraime lena mbaineann an t-alt seo a ghlacadh do chustaiméir; nó | |
[EN] | (b) tar éis dó suim na hionstraime sin a chreidiúnú do chuntas custaiméara, íoc an chéanna a ghlacadh dó féin; | |
[EN] | agus nach bhfuil aon teideal ag an gcustaiméir chun na hionstraime, nó gur teideal lochtach atá aige chuici, ní théann an baincéir faoi aon dliteanas d'fhíor-úinéir na hionstraime de dhroim amháin gur ghlac sé íoc an chéanna. | |
[EN] | (2) Baineann an t-alt seo leis na hionstraimí seo a leanas, is é sin le rá— | |
[EN] | (a) seiceanna; | |
[EN] | (b) aon doiciméad a d'eisigh custaiméir baincéara agus, cé nach bille malairte é, atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ón mbaincéir sin; | |
[EN] | (c) aon doiciméad a d'eisigh oifigeach poiblí agus atá beartaithe chun a chumasú do dhuine íoc na suime a luaitear sa doiciméad a fháil ón bPámháistir Ginearálta ach nach bille malairte é; | |
[EN] | (d) aon dréacht is iníoctha ar éileamh agus a tharraing baincéir air féin, cibé acu i gceann-oifig a bhainc nó in oifig éigin eile dá bhanc is iníoctha é. | |
[EN] | (3) Ní mheasfar chun críocha an ailt seo baincéir a bheith faillíoch de dhroim amháin gur mhainnigh sé cúram a dhéanamh de neamhfhormhuiniú ionstraime nó de neamhrialtacht ina formhuiniú. | |
[EN] |
Feidhm fhorálacha áirithe den Bills of Exchange Act, 1882, maidir le hionstraimí nach billí malairte. |
5. —Beidh éifeacht ag na forálacha den Bills of Exchange Act, 1882, a bhaineann le seiceanna crosáilte, sa mhéid gurb infheidhme iad, maidir le hionstraimí (nach seiceanna) lena mbaineann an t-alt deiridh sin roimhe seo fé mar atá éifeacht acu maidir le seiceanna. |
[EN] |
Forléiriú, cosaint agus athghairm. |
6. —(1) Forléireofar an tAcht seo agus an Bills of Exchange Act, 1882, mar aon ní amháin. |
[EN] | (2) Ní dhéanann na forálacha roimhe seo den Acht seo aon ionstraim soshannta d'aon ionstraim nach bhfuil soshannta dá n-éagmais. | |
[EN] | (3) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa chéad cholún agus sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. | |
[EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
7. —(1) Féadfar an tAcht Seiceanna, 1959 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh i ndeireadh tréimhse trí mhí dar tosach lá an Achta seo a rith. |