An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959)

20 1959

AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959

AN SCEIDEAL.

Maoin agus dliteanais na Cuideachta a aistriú chun an Bhoird, etc.

Alt 21 (5).

Dáta an Aistrithe.

1. Sa Sceideal seo ciallaíonn “dáta an aistrithe” an lá a cheapfaidh an tAire le hordú faoi fho-alt (3) d'alt 21 den Acht seo mar an lá a bheidh an Chuideachta díscaoilte.

Maoin a aistriú.

2. (1) Faoi réir forálacha na míre seo, an mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa Chuideachta nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tíocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ar dháta an aistrithe, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith eile ach faoi réir a n-aistrithe, más gá sin, i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachta nó údaráis, dílsithe sa Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas dó (de réir mar is gá sa chás) chun an eastáit, an iontaobhais nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh dháta an aistrithe, dílsithe sa Chuideachta nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas di.

(2) An mhaoin uile a aistrítear leis an mír seo agus a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, ar seasamh i leabhair aon bhainc nó cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide, cuideachta nó údaráis, déanfaidh an banc, an chorparáid, an chuideachta nó an t-údarás sin, ar an mBord dá iarraidh sin ar dháta an aistrithe nó dá éis, í a aistriú sna leabhair sin chun ainme an Bhoird.

(3) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an mír seo chun an Bhoird, féadfaidh an Bord, ar dháta an aistrithe agus dá éis, agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm ina ainm féin, agus ní gá don Bhord fógra i dtaobh an aistrithe a dhéantar leis an mír seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin.

Dliteanais a aistriú.

3. Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bheidh, díreach roimh dháta an aistrithe, dlite ón gCuideachta agus gan íoc aici, nó tabhaithe agus gan fuascailt aici, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó fuasclóidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord nó é a chur i bhfeidhm ina choinne dá réir sin.

Conarthaí leanúnacha a choimeád i bhfeidhm.

4. Gach banna, ráthaíocht, morgáiste nó urrús eile de chineál leanúnach a bheidh déanta nó a bheidh tugtha ag an gCuideachta do dhuine ar bith, nó ag duine ar bith don Chuideachta, agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh dháta an aistrithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a bheidh déanta idir an gCuideachta agus duine eile agus nach mbeidh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh dháta an aistrithe, leanfaidh sé, d'ainneoin an Chuideachta a dhíscaoileadh, de bheith i bhfeidhm ar dháta an aistrithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirfí ainm an Bhoird ann in ionad ainme na Cuideachta, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina choinne.

Leanúint d'imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

5. Gach caingean, agra nó imeacht a bheidh ar feitheamh ar dháta an aistrithe in aon chúirt nó binse agus a mbeidh an Chuideachta ina páirtí iontu, tiocfaidh an Bord chun bheith agus beidh sé, ar dháta an aistrithe, ina pháirtí iontu in ionad na Cuideachta agus leanfar de na himeachtaí sin idir an mBord agus na páirtithe eile iontu dá réir sin agus ní thitfidh aon imeachtaí den sórt sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leo ná ní dhéanfar dochar dóibh de dhroim an Chuideachta a dhíscaoileadh.

Díolúine ó dhleacht stampa.

1895, c. 16.

6. Ní bheidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir le maoin na Cuideachta a dhílsiú sa Bhord.