24 1959


Uimhir 24 de 1959.


AN tACHT CAIRDE TIONSCAIL (LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE TIONSCAIL, 1933 AGUS 1958. [4 Lúnasa, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1933, Uimh. 25 .

1. —(1) San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Tionscail, 1933.

(2) Forléireofar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 agus 1958, agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.

Caipiteal na Cuideachta a mhéadú.

2. —D'ainneoin aon ní dá mhalairt sa Phríomh-Acht, nó i Meabhrán Comhlachais nó in Airteagail Chomhlachais na Cuideachta, is dleathach don Chuideachta a scair-chaipiteal a mhéadú go dtí deich milliún punt san iomlán arna roinnt ina scaireanna punt an ceann nó cibé ainmluachanna eile a bheidh de réir an Mheabhráin, agus chuige sin cibé athruithe is gá a dhéanamh sa Mheabhrán agus sna hAirteagail Chomhlachais.

Cumhacht na Cuideachta chun airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht trí bhintiúirí nó ar shlí eile.

3. —(1) Leasaítear leis seo mír 4 den Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad fo-mhíre (d) :

“(d) go mbeidh cumhacht ag an gCuideachta airgead a chruinniú nó a fháil ar iasacht, trí bhintiúirí nó ar shlí eile, chun críocha na Cuideachta, ach sin faoi réir na nithe seo a leanas :

(i) ní bheidh an méid a chruinneofar nó a gheofar ar iasacht amhlaidh agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe níos mó ná cúig mhilliún déag punt lúide an méid (más aon mhéid é) a bheidh an tAire tar éis a íoc, faoi ráthaíocht nó ráthaíochtaí a thug sé, i leith príomhshuime airgid a chruinnigh an Chuideachta nó a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a bheidh gan aisíoc an tráth sin ag an gCuideachta leis an Aire, agus

(ii) ní bheidh an chumhacht sin infheidhmithe, gan toiliú an Aire, aon tráth áirithe má shealbhaíonn an tAire an tráth sin níos mó ná cúigiú cuid (de réir ainmluacha) de scaireanna eisithe na Cuideachta;”.

(2) Chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, is dleathach don Chuideachta cibé athruithe is gá a dhéanamh ina hAirteagail Chomhlachais.

Airleacain chun na Cuideachta ón Aire.

1958, Uimh. 10 .

4. —(1) Féadfaidh an tAire airleacain a thabhairt don Chuideachta chun cuspóirí na Cuideachta a chur i gcrích.

(2) Tabharfar airleacain faoin alt seo de réir cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire.

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 4 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 , trí “nó faoin Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1959 ” a chur isteach i ndiaidh “faoin bPríomh-Acht nó faoin Acht seo”.

Teorainn le ráthaíochtaí ón Aire a leathnú.

5. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 3 den Acht Cairde Tionscail (Leasú), 1958 , trí “£15,000,000” a chur in ionad “£5,000,000”.

Ailt 4 agus 11 den Phríomh-Acht a leasú.

6. —(1) Leasaítear leis seo alt 4 den Phríomh-Acht trí “scairchaipiteal a eiseofar chun an Aire nó” a chur isteach roimh “scairchaipital do bhéarfar amach do lucht sighnithe Mhemorandum Comhlachais na Cuideachtan”.

(2) (a) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 11 den Phríomh-Acht trí “ordaithe ó am go ham ag an Aire, agus beidh sa chuntas cothromaíochta sin (i dteannta aon ní is gá de réir aon ordaithe den sórt sin ón Aire)” a chur in ionad “orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén alt seo, agus beidh sa chuntas cothromaíochta san (i dteanta éinní is gá do réir na rialachán san do bheith ann)”.

(b) Athghairtear leis seo fo-alt (6) d'alt 11 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

7. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Tionscail (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Cairde Tionscail, 1933 agus 1958, agus den Acht seo le chéile.