|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 27 de 1959. | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1959. | |
[An tíontó oifigiúil.] |
ACHT A ÚDARÚ DEONTAIS BHREISE A ÍOC LE BORD FÁILTE ÉIREANN. [6 Lúnasa, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1957, agus an tAcht seo mar aon ní amháin. | |
[EN] |
Deontais neamhinaisíoctha an Bhord. |
2. —(1) Feadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, ó am go ham, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas— |
[EN] | (a) cibé suimeanna a íoc leis an mBord nach mó san iomlán ná £1,000,000 a theastóidh ón mBord chun deontais a thabhairt le haghaidh mór-láithreacha cuartaíochta a fhorbairt, agus | |
[EN] | (b) cibé suimeanna a íoc leis an mBord nach mó san iomlán ná £500,000, a theastóidh ón mBord chun deontais a thabhairt le haghaidh cóiríocht saoire a fhorbairt. | |
[EN] | (2) Ní dhéanfaidh an Bord aon suimeanna a íocfar leis an mBord faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear sa mhír sin. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh an Bord aon suimeanna a íocfar leis an mBord faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo a úsáid chun aon chríche seachas an chríoch a shonraítear sa mhír sin. | |
[EN] | (4) Ní íocfaidh an tAire leis an mBord aon suimeanna faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis deireadh deich mbliana dar tosach dáta an Achta seo a rith. | |
[EN] | (5) Ní bheidh suimeanna a íocfar leis an mBord faoin alt seo inaisíoctha. | |
[EN] | (6) Aon suimeanna is iníoctha leis an mBord faoin alt seo is suimeanna iad i dteannta suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 7 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1955 . | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1959, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1957, agus den Acht seo le chéile. |