Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Dáilcheantair.)

33 1959


Uimhir 33 de 1959.


AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO SHOCRÚ LÍON COMHALTAÍ DHÁIL ÉIREANN AGUS D'ATHMHEAS A nDÁILCHEANTAR AGUS DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE TOGHADH NA gCOMHALTAÍ SIN. [26 Samhain, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an t-Acht Timpeall Toghchán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) .

Líon comhaltaí Dháil Éireann.

2. —Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, is Céad Daichead is Ceithre chomhalta an líon comhaltaí a bheidh i nDáil Éireann.

Dáilcheantair.

3. —(1) Tar éis an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith, beidh comhaltaí Dháil Éireann ina n-ionadóirí do na dáilcheantiar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon dáilcheantar a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is dáilcheantar buirge é agus aon dáilcheantar a shonraítear i gCuid II de sin is dáilcheantar contae é.

(3) Aon limistéar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar gurb é an limistéar sin é mar bhí an 1ú lá d'Eanáir, 1959, ach má éiríonn aon amhras cad é an dáilcheantar ina bhfuil baile fearainn nó cuid de bhaile fearainn, nó bóthar nó sráid nó cuid de bhóthar nó de shráid, cinnfidh an tAire an t-amhras.

(4) Sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) déanfar tagairt do líne arna tarraingt ar feadh aon bhóthair, sráide nó iarnróid a léiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt do líne arna tarraingt ar feadh lár an bhóthair, na sráide nó an iarnróid sin,

(b) déanfar tagairt do phointe mar a ndéanann aon bhóthar nó sráid trasghearradh, gearradh, teaghmháil, táthú, trasnú nó breith ar aon bhóthar nó sráid, nó mar a ndealaíonn nó a scarann leis, a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don phointe mar a ndéanfadh líne arna tarraingt ar feadh lár cheann acu trasghearradh ar líne arna tarraingt ar feadh lár an chinn eile dá bhfaidítí na línte sin.

An líon comhaltaí a thoghfar do dháilcheantar.

4. —Toghfar do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an líon comhaltaí atá leagtha amach ina leith sa tríú colún den Sceideal sin.

An Ceann Comhairle a bheidh ag dul as oifig a atoghadh.

1937, Uimh. 25 .

1947, Uimh. 31 .

5. —Chun críocha míre (b) d'fho-alt (1) d'alt 3 den Acht Toghcháin (Ceann Comhairle Dháil Éireann), 1937, dearbhaítear leis seo dáilcheantar an Chláir, a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a bheith ar comhréir le dáilcheantar an Chláir a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht Toghcháin (Leasú), 1947 .

Leathanach teidil liosta de thoghthóirí, etc.

6. —(1) Ar leathanach teidil gach liosta de thoghthóirí, gach liosta d'éilitheoirí, gach liosta d'agóidí agus gach cláir de thoghthóirí, a ullmhófar, faoin gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht tar éis an 31ú lá d'Eanáir, 1960, agus roimh an lánscor ar an Oireachtas is túisce a tharlóidh tar éis an lae sin, le haghaidh aonaid chláraitheachta i ndáilcheantar a bheidh ann an lá sin, agus nach ionann achar agus ainm dó agus do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, taispeánfar ann ainm an dáilcheantair a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo arb é an dáilcheantar é a mbeidh an t-aonad cláraitheachta sin ann agus fós ainm an dáilcheantair láithrigh sin a mbeidh sé ann an lá sin.

Cinn comhairimh agus cinn chomhairimh chúnta.

7. —(1) Is é is ceann comhairimh do dháilcheantar a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

(a) i gcás ina bhfuil an dáilcheantar go léir i gcontae nó i gcontae-bhuirg a bhfuil sirriam ann ina leith—an sirriam,

(b) i gcás ina bhfuil cuid den dáilcheantar i gcontae-bhuirg agus cuid de i gcontae agus go bhfuil sirriam ann don chontae-bhuirg agus sirriam ann don chontae—an sirriam don chontae-bhuirg nó an sirriam don chontae de réir mar cheapfaidh an tAire le hordú ó am go ham,

(c) in aon chás eile—an cláraitheoir contae nó, i gcás ina bhfuil cláraitheoir contae ann do chuid amháin den dáilcheantar agus cláraitheoir contae eile ann do chuid eile de, cibé duine de na cláraitheoirí contae sin a cheapfaidh an tAire le hordú ó am go ham.

(2) Féadfaidh cláraitheoir contae nó sirriam contae arb é an ceann comhairimh é do dháilcheantar a bhfuil cuid de sa chontae sin agus an chuid eile de i gcontae eile nó i gcontae-bhuirg, no féadfaidh cláraitheoir contae nó sirriam contae-bhuirge arb é an ceann comhairimh é do dháilcheantar a bhfuil cuid de sa chontae-bhuirg sin agus an chuid eile de i gcontae, an t-oifigeach iomchuí a cheapadh, agus ceapfaidh é, má theastaíonn sin uaidh, chun bheith ina cheann comhairimh cúnta don chuid eile sin den dáilcheantar.

Sa bhfo-alt seo, ciallaíonn an abairt “an t-oifigeach iomchuí”—

(a) i gcás ina bhfuil sirriam ann don chuid eile sin den dáilcheantar—an sirriam sin,

(b) in aon chás eile—an cláraitheoir contae don chuid eile sin den dáilcheantar.

(3) Is iad dualgais a bheidh ar cheann comhairimh cúnta go gcomhlíonfaidh sé, sa chuid den dáilcheantar dar ceapadh é, na dualgais sin de chuid an chinn chomhairimh don dáilcheantar nach bhfuil ceangal dlí ar an gceann comhairimh féin iad a chomhlíonadh, ach, má éiríonn aon amhras i dtaobh dualgas cinn chomhairimh chúnta, cinnfidh an tAire an t-amhras.

Athghairm

1947, Uimh. 31 .

8. —(1) Athghairtear leis so an tAcht Toghcháin (Leasú), 1947 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh díreach ar an lánscor ar Dháil Éireann is túisce a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

9. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar mar aon Acht amháin na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1946, agus an tAcht seo.

(3) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1946, agus den Acht seo le chéile.