Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Pinsin Sceidealta.)

43 1959


Uimhir 43 de 1959.


ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN PINSIN ÁIRITHE IS INÍOCTHA I LEITH SEIRBHÍSE POIBLÍ A MHÉADÚ, 1959. [22 Nollaig, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Léiriú.

1950, Uimh. 3 .

1956, Uimh. 44 .

1946, Uimh. 9 .

1945, Uimh. 19 .

1. — San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na bPinsean (Méadú), 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1956” Acht na bPinsean (Méadú), 1956 ;

ciallaíonn “údarás cuain” údarás cuain de réir bhrí an Acht Cuanta, 1946 ;

ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlacht acu seo a leanas :

(a) údarás áitiúil chun críocha na nAcht Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959,

(b) coiste gairm-oideachais,

(c) coiste talmhaíochta,

(d) coiste freastail scoile,

(e) Bord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath,

(f) Sean-Bhord Ospidéal Fiabhrais Chorcaighe;

ciallaíonn “údarás ospidéil mheabhair-ghalar” údarás ospidéil mheabhair-ghalar de réir bhrí an Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ;

ciallaíonn “pinsean sceidealta” pinsean nó liúntas a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus, aon áit a bhfolaíonn an abairt tagairt do Chuid áirithe den Sceideal sin, ciallaíonn sí pinsean nó liúntas a shonraítear sa Chuid sin;

déanfar aon tagairt eile do phinsean a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt do liúntas.

(2) I gcás pinsean sceidealta, pinsean dá dtagraítear in alt 7 den Acht seo nó pinsean a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1956 a dhámhadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Lúnasa, 1959, agus é do theacht i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach lá dá éis sin, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith i gcúrsa a íoctha an lú lá de Lúnasa, 1959, ach amháin i gcás dámhachtana i leith dhuine ar é do scor d'fhostaíocht is fostaíocht cheadaithe de réir bhrí ailt 4 den Superannuation Act, 1914.

(3) Aon phinsean a dheonaigh údarás áitiúil a bhfuil deireadh leis measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é comharba an údaráis áitiúil sin a dheonaigh é.

(4) Chun críocha an Achta seo, ní áireofar i méid aon phinsin a íoctar go páirteach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus go páirteach as airgead faoi riaradh rialtais eile aon mhéadú is iníoctha as airgead faoi riaradh an rialtais eile, ach, i gcás den sórt sin, déanfar an méid a bheidh le cur leis an bpinsean de réir an Achta seo a laghdú méid is comhionann le haon mhéadú den sórt sin ach amháin i gcás ina mbeifear tar éis an méadú sin a chur i gcuntas de bhun mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1950 nó mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1956.

(5) Déanfar tagairt san Acht seo do mhéid pinsin a fhorléiriú, faoi réir fo-alt (4) den alt seo, mar thagairt do mhéid bliantúil an phinsin iomláin (lúide aon chuid a fhorghéillfear), cibé acu a bheidh an pinsean i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach nó nach mbeidh sé i gcúrsa a íoctha ar aon chor.

Acht 1956 a leasú.

2. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 3 d'Acht 1956, le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Lúnasa, 1959, tríd na focail go léir i ndiaidh “ba mhó ná £500 sa bhliain” a scriosadh agus “déanfar an pinsean sceidealta (Cuid I), más lú é ná an pinsean dob iníoctha dá mbeadh gan feidhm a bheith ag an socrú sin, a mhéadú ar dtús de mhéid an easnaimh, sula méadófar é an méid is iomchuí de réir fo-alt (1) den alt seo” a chur ina n-ionad.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 4 d'Acht 1956, le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Lúnasa, 1959, tríd na focail go léir i ndiaidh “ba mhó ná £500 sa bhliain” a scriosadh agus “déanfar an pinsean sceidealta (Cuid II), más lú é ná an pinsean dob iníoctha dá mbeadh gan feidhm a bheith ag an socrú sin, a mhéadú ar dtús de mhéid an easnaimh, sula méadófar é an méid is iomchuí de réir fo-alt (2) den alt seo” a chur ina n-ionad.

Pinsin sceidealta (Cuid I) agus pinsin áirithe a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956 a mhéadú

1925, Uimh. 7 .

3. —(1) Déanfar pinsean sceidealta (Cuid I) a mhéadú 6 faoin gcéad de mhéid an phinsin.

(2) (a) Déanfar aon phinsean—

(i) a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá de Lúnasa, 1959,

(ii) is pinsean a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956,

(iii) nach pinsean sceidealta (Cuid I), agus

(iv) atá méadaithe den tsuim iomchuí de réir bhrí Acht 1956,

a mhéadú—

(I) 4 faoin gcéad de mhéid an phinsin, nó

(II) den difríocht idir méid an phinsin agus an méid den phinsean sin dob iníoctha le, nó maidir le, duine comhchéime agus comhsheirbhíse ar chríochnaigh a sheirbhís an lá iomchuí,

cibé acu is lú.

(b) Chun críocha fo-mhíre (II) de mhír (a) den fho-alt seo, déanfar an méid den phinsean sin dob iníoctha le, nó maidir le, duine comhchéime agus comhsheirbhíse ar chríochnaigh a sheirbhís an lá iomchuí a ríomh, maidir le pinsean a shonraítear i gCuid I d'Acht 1956, nó cuid de arna áireamh de réir na meán-mhéide tuarastail bhliantúil nó pá sheachtainiúil a fuarthas thar tréimhse trí bliana, amhail is dá mbeadh na rátaí tuarastail bhliantúil nó pá sheachtainiúil, arb é an lá iomchuí a tosaíodh á n-íoc i gcéaduair, in éifeacht ar feadh na tréimhse trí bliana ar thairsti a ríomhfaí an meán-mhéid tuarastail bhliantúil nó pá sheachtainiúil i gcás duine chomhchéime agus chomhsheirbhíse ar chríochnaigh a sheirbhís an lá iomchuí.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo—

déanfar an tagairt do dhuine comhchéime agus comhsheirbhíse, i gcás pinsin is iníoctha le, nó maidir le, duine ba chomhalta de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus ar chríochnaigh a sheirbhís ann roimh thosach feidhme Acht Cónasctha na bhFórsaí Póilíneachta, 1925, a fhorléiriú mar thagairt do dhuine ba chomhalta comhchéime agus comhsheirbhíse den Gharda Síochána;

ciallaíonn “an lá iomchuí”—

(i) maidir le pinsean a shonraítear mír (a), (b), (c), (d), (e), (g), (h), (i), (o), (p) nó (q) de Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956—an lú lá de Shamhain, 1952,

(ii) maidir le pinsean a shonraítear i mír (j) nó (k) den Chuid sin—an 1ú lá d'Aibreán, 1953, agus

(iii) maidir le pinsean a shonraítear i mír (n) den Chuid sin—an lú lá d'Eanáir, 1953;

déanfar aon tagairt do thuarastal a fhorléiriú—

(a) i gcás ina ndéantar an pinsean iomchuí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956 nó cuid de a shonrú i mír (b) den Chuid sin, mar thagairt don scála-thuarastal, de réir bhrí Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958, agus

(b) i gcás ina ndéantar an pinsean iomchuí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956 nó cuid de a shonrú i mír (c) den Chuid sin, mar thagairt don tuarastal caighdeánach lúide aon bhreisiú speisialta, de réir bhrí Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956.

Pinsin sceidealta (Cuid II) a mhéadú.

4. —(1) (a) Déanfar pinsean sceidealta (Cuid II) (gan pinsean a shonraítear i mír (b) den fho alt seo a áireamh) a mhéadú 6 faoin gcéad de mhéid an phinsin.

(b) An pinsean a eisctear ó mhír (a) den fho-alt seo is aon phinsean é a shonraítear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an lú lá de Shamhain, 1948, nó dá éis, agus nach—

(i) pinsean a méadaíodh de bhun fo-alt (3) d'alt 4 d'Acht 1956, nó

(ii) pinsean a méadaíodh den difríocht dá dtagraítear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1956 i gcás ina raibh méid an phinsin sin dob iníoctha i leith comhalta chomhchéime agus chomhsheirbhíse den Gharda Síochána ar chríochnaigh a sheirbhís an lú lá de Shamhain, 1952, le ríomh faoi threoir fo-alt (3) den alt sin.

(2) (a) Déanfar pinsean sceidealta (Cuid II) nach méadaítear faoi fho-alt (1) den alt seo, ar i leith seirbhíse é a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1952, agus a méadaíodh, de bhun mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 4 d'Acht 1956, den tsuim iomchuí a mhéadú—

(i) de 4 faoin gcéad de mhéid an phinsin, nó

(ii) den difríocht idir méid an phinsin agus méid an phinsin sin dob iníoctha i leith comhalta chomhchéime agus chomhsheirbhíse den Gharda Síochána ar chríochnaigh a sheirbhís an lú lá de Shamhain, 1952,

cibé acu is lú.

(b) Chun críocha fo-mhíre (ii) de mhír (a) den fho-alt seo, déanfar méid an phinsin sin dob iníoctha i leith comhalta chomhchéime agus chomhsheirbhíse den Gharda Síochána ar chríochnaigh a sheirbhís an lú lá de Shamhain, 1952, a ríomh, maidir le pinsean sceidealta (Cuid II) nó cuid de arna áireamh faoi threoir na meán-mhéide tuarastail bhliantúil nó pá sheachtainiúil a fuarthas thar tréimhse trí bliana, amhail is dá mbeadh na rátaí tuarastail bhliantúil nó pá sheachtainiúil, arb é an lú lá de Shamhain, 1952, a tosaíodh á n-íoc i gcéaduair, in éifeacht ar feadh na tréimhse trí bliana a chríochnaigh an lá sin.

(3) (a) Aon phinsean sceidealta (Cuid II) a shonraítear i bhfomhír (ii) de mhír (a) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an lú lá de Shamhain, 1952, ná dá éis, is lú, maidir le haon tréimhse dar tosach an lú lá de Lúnasa, 1959, nó lá dá éis sin, ná mar bheadh sé dá mba faoi Scála (i) a áiríodh é agus gur méadaíodh é ansin de réir fo-alt (1) den alt seo, méadófar é, maidir leis an tréimhse sin, de mhéid an easnaimh.

(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “Scála (i)”—

(i) maidir le gnáth-phinsean baintrí arna áireamh faoi Scála (ii) de mhír (a) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, nó pinsean speisialta baintrí arna áireamh faoi Riail 7 sa mhír sin— Scála (i) sa mhír sin arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950 (I.R. Uimh. 154 de 1950), agus le hAcht 1956, agus

(ii) maidir le gnáth-phinsean baintrí arna áireamh faoi Scála (ii) i mír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 (R. & O.R., Uimh. 63 de 1925), nó pinsean speisialta baintrí arna áireamh faoi fho-mhír 2 den mhír sin—Scála (i) sa Chuid sin arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950, agus le hAcht 1956.

Pinsin sceidealta (Cuid III) a mhéadú.

1947, Uimh. 1 .

5. —(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid III) a shonraítear i mír (a) de Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo aon mhéadú amháin ar an bpinsean a dheonú, agus is é méadú a bheidh ann méadú de mhéid a cheadóidh an tAire nó méadú de réir cheadaithe a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire i leith aicme pinsean den sórt sin.

(2) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar go ndiúltófar nó go mainneofar, i rith na tréimhse dhá mhí déag tar éis an tAcht seo a rith, méadú a dheonú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine sin, i gcás diúltaithe, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an diúltaithe, nó, i gcás mainneachtana, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dá mhí déag sin a bheith caite, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an diúltaithe nó na mainneachtana.

(3) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar mhéadú a dheonófar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an méadú a dheonú, achomharc a dhéanamh ina choinne chun an Aire.

(4) Nuair a dhéanfar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an tAire diúltú don achomharc nó cibé socruithe a dhéanamh ba chóir, dar leis, don údarás áitiúil lena mbainfidh a dhéanamh, agus aon socruithe a dhéanfaidh an tAire amhlaidh beidh éifeacht acu amhail is dá mba é an t-údarás sin a rinne iad.

(5) Sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo agus i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ciallaíonn “an tAire”—

(a) maidir le húdarás áitiúil, seachas údarás ospidéil mheabhair-ghalar, an tAire Rialtais Áitiúil, agus

(b) maidir le húdarás ospidéil mheabhar-ghalar, an tAire Sláinte.

(6) (a) An pinsean is iníoctha faoi alt 4 den Acht Gairmoideachais (Leasú), 1947, measfar, chun na gcríocha a luaitear anseo ina dhiaidh seo, gur pinsean é a dheonaigh an t-údarás íoca dá dtagraítear san alt sin.

(b) Is iad na críocha dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo :

(i) críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo agus míre (a) de Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,

(ii) críocha ailt 6 d'Acht 1950 agus Coda IV den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus

(iii) críocha ailt 5 d'Acht 1956 agus míre (a) de Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

(c) Nuair a bheifear ag forléiriú ailt 6 d'Acht 1950 agus ailt 5 d'Acht 1956 maidir leis an bpinsean is iníoctha faoi alt 4 den Acht Gairmoideachais (Leasú), 1947, déanfar aon tagairt do dhá mhí déag tar éis Acht 1950 nó Acht 1956 (de réir mar a bheidh) a rith a fhorléiriú mar thagairt do dhá mhí déag tar éis an tAcht seo a rith.

(7) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil aon mhéadú amháin ar phinsean a shonraítear i mír (b) de Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dheonú.

Pinsin sceidealta (Cuid IV) a mhéadú.

6. —(1) Féadfaidh an t-údarás cuain a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid IV) aon mhéadú amháin ar an bpinsean a dheonú laistigh de dhá mhí déag tar éis an tAcht seo a rith, agus is é a bheidh sa mhéadú méadú de mhéid a cheadóidh an tAire Iompair agus Cumhachta, nó a bheidh de réir cheadaithe a bhaineann leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire sin i leith aicme pinsean den sórt sin.

Forálacha speisialta do phinsin áirithe.

7. —(1) I gcás pinsean lena mbaineann an fo-alt seo—

(a) a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an lá iomchuí nó dá éis,

(b) a ndearnadh é ar fad nó cuid de a ríomh faoi threoir na meánmhéide tuarastail bhliantúil nó meánráta an phá sheachtainiúil thar tréimhse a thosaigh lá nár ghiorra ná trí mhí roimh an lá iomchuí,

(c) a mhéadófaí faoi fho-alt (1) d'alt 3 den Acht seo dá gcríochnódh an tseirbhís roimh an lá iomchuí, agus

(d) is pinsean atá le méadú faoi fho-mhír (I) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas :

(i) méadófar an pinsean an dóú cuid déag de 6 faoin gcéad de mhéid an phinsin in aghaidh gach tréimhse trí mhí roimh an lá iomchuí a bhí sa tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo, agus

(ii) déanfar an méadú 4 faoin gcéad ar mhéid an phinsin faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo a laghdú de dhóú cuid déag in aghaidh gach tréimhse trí mhí den sórt sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo—

ciallaíonn “pinsean lena mbaineann an fo-alt seo”—

(a) pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958,

(b) pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956,

(c) pinsean a deonaíodh faoi Orduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1957, nó faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú leis na hOrduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1957,

(d) liúntas bliantúil a deonaíodh faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956,

(e) liúntas bliantúil speisialta a deonaíodh mar chúiteamh faoi alt 7 den Superannuation Act, 1859, nó faoi alt 6 den Superannuation Act, 1909, nó

(f) pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte faoi chomhshocraíochtaí a cheadaigh an Cumann sin;

ciallaíonn “an lá iomchuí”—

(a) i gcás inar pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958, nó faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956, an pinsean iomchuí—an lú lá d'Eanáir, 1950, agus

(b) in aon chás eile—an lú lá de Shamhain, 1948.

(3) I gcás inar pinsean a méadaíodh faoi fho-mhír (i) d'fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1956 an pinsean agus nach pinsean é atá le méadú faoi fhoráil eile den Acht seo, méadófar é—

(a) den dóú cuid déag de 4 faoin gcéad de mhéid an phinsin in aghaidh gach tréimhse trí mhí roimh an lú lá de Shamhain, 1952, a bhí sa tréimhse dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1956, nó

(b) den difríocht idir méid an phinsin agus an méid dob iníoctha dá ríomhtaí an pinsean faoi threoir meánmhéide tuarastail bhliantúil nó pá sheachtainiúil arna chinneadh amhail is dá mbeadh na rátaí tuarastail bhliantúil nó pá sheachtainiúil, arb é an lú lá de Shamhain, 1952, a tosaíodh á n-íoc i gcéaduair, in éifeacht ar feadh na tréimhse go léir dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1956,

cibé acu is lú.

4) Déanfar aon tagairt san alt seo do thuarastal a fhorléiriú—

(a) i gcás inar pinsean faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958, an pinsean iomchuí, mar thagairt don scála-thuarastal, de réir bhrí na Scéimeanna sin, agus

(b) i gcás inar pinsean faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956, an pinsean iomchuí, mar thagairt don tuarastal caighdeánach lúide aon bhreisiú speisialta, de réir bhrí na Scéimeanna sin.

Tosú méadaithe.

8. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh éifeacht ag méadú faoin Acht seo ón lá a thosaigh an pinsean (agus an lá sin a áireamh) nó an lú lá de Lúnasa, 1959, cibé lá acu is déanaí.

Méaduithe áirithe a dheonú.

9. —Is é a dheonfaidh méadú faoin Acht seo ar phinsean, nach pinsean sceidealta (Cuid III) ná pinsean sceidealta (Cuid IV)—

(a) i gcás pinsean a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a shonraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (2) d'alt 7 den Acht seo, nó a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956, an tAire Oideachais,

(b) i gcás pinsean a shonraítear i mír (d) nó (e) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó i mír (a) de Chuid II den Sceideal sin, a shonraítear i mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 7 den Acht seo, nó a shonraítear i mír (d) nó (e) de Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956 nó i mír (a) de Chuid II den Sceideal sin, an tAire Dlí agus Cirt,

(c) i gcás pinsean i leith seirbhíse a chríochnaigh sa Roinn Poist agus Telegrafa, a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 7 den Acht seo, nó a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956, an tAire Poist agus Telegrafa, agus

(d) in aon chás eile, an tAire Airgeadais.

Forálacha forlíontacha.

1947, Uimh. 29 .

1947, Uimh. 41 .

1948, Uimh. 4 .

1952, Uimh. 11 .

10. —(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, gach foráil, is foráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht agus ag a raibh feidhm maidir le pinsean a mhéadaítear faoin Acht seo sula ndearnadh an méadú sin, beidh feidhm aici maidir leis an bpinsean arna mhéadú amhlaidh, lena n-áirítear, go sonrach, gach foráil den sórt sin a bhaineann leis an gciste, leis an airgead nó leis an bhfoinse eile as a mbeidh an pinsean le híoc nó a bhaineann leis an modh ar a mbeidh costas an phinsin le hiompar nó le híoc nó ar a mbeidh ranníoc le déanamh ina leith.

(2) Aon fhoráil a rinneadh le nó faoi reacht agus a fhionraíonn nó a laghdaíonn pinsean is inmhéadaithe faoin Acht seo faoi threoir an tuarastail nó an luach saothair eile a fuarthas an tráth a scoireadh, beidh feidhm aici, le héifeacht ón lú lá de Lúnasa, 1959 (agus an lá sin a áireamh), maidir leis an bpinsean amhail is dá mbeadh an tuarastal sin nó an luach saothair eile sin arna mhéadú d'aon mhéadú nó méaduithe ar an bpinsean is iomchuí de réir an Achta seo, Acht 1956 agus Acht 1950.

(3) I gcás inar deonaíodh pinsean a shonraítear i mír (f) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo do dhuine agus fós pinsean eile is iníoctha as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, beidh éifeacht ag fo-airteagal (b) d'Airteagal 5 d'Ordú Pinsean Constablaíocht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh as agus Fir a Briseadh), 1924 (R. & O.R., Uimh. 9 de 1924 ), maidir leis fara cibé modhnuithe (más ann) ina fhabhar is cuí leis an Aire Airgeadais.

(4) I gcás ina raibh méadú ar phinsean sceidealta nó ar phinsean a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1956 a deonaíodh de bhun forálacha an Pensions (Increase) Act, 1920, an Acht Aoisliúntas, 1947 , Acht an Gharda Shíochána (Pinsin), 1947 , alt 79 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 , Acht 1950, nó Acht 1956 i gcúrsa a íoctha an lú lá de Lúnasa, 1959, is é méid an phinsin sin a fhéadfar a mhéadú faoin Acht seo an méid pinsin dob iníoctha amhail ar an lú lá de Lúnasa, 1959.

(5) Chun críocha clásail (e) de mhír (II) de Riail I de na Rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, measfar gur íocaíocht shaorálach nó aisce méadú faoin Acht seo ar phinsean.

(6) Breithneoidh an tAire Airgeadais gach amhras, ceist nó díospóid a bheidh ann faoin Acht seo i dtaobh pinsin sceidealta (Cuid I), pinsin sceidealta (Cuid II), nó pinsin dá dtagraítear in alt 7 den Acht seo nó pinsin a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1956, agus is breith chríochnaitheach, dhochloíte a bhreith sin ar an gcéanna.

Srian ginearálta.

11. —Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a údaraíonn méadú—

(a) ar aon chúiteamh is iníoctha faoi Airteagal 10 de Chonradh 1921,

(b) ar aon liúntas nó íocaíocht nach pinsean sceidealta, pinsean dá dtagraítear in alt 7 den Acht seo ná pinsean a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1956, nó

(c) ar aon aisce.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar Acht na bPinsean (Méadú), 1959 , a ghairm den Acht seo.