20 1960


Uimhir 20 de 1960.


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDÚ A DHAINGNIÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDAITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (CAIRPÉID), 1960, A RINNE AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA FAOI ALT 9 DEN ACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 . [19 Iúil, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Ordú a dhaingniú.

1960, I.R. Uimh. 59.

1953, Uim

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Cairpéid), 1960, a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 .

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Ordú a Dhaingniú), 1960 , a ghairm den Acht seo.