24 1960


Uimhir 24 de 1960.


AN tACHT UM OLA-DHÓITEOIRÍ (CAIGHDEÁIN), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH FORÁLA LE hAGHAIDH CAIGHDEÁIN ÍOSTA ÉIFEACHTÚLACHTA AGUS SÁBHÁILTEACHTA MAIDIR LE FEARAIS OLA-DHÓITE; AGUS LE hAGHAIDH CRÍOCHA A BHAINEANN LEIS AN gCÉANNA. [26 Iúil, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1946, Uimh. 16 .

1935, Uimh. 28 .

1931, Uimh. 43 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “comhaontú díola chreidmheasa” comhaontú chun earraí a dhíol faoina bhfuil an praghas ceannaigh go léir nó cuid de iníoctha ina thráthchodanna;

tá le “comhaontú fruilcheannaigh” an bhrí chéanna atá le “comhaontú fost-cheannaigh” san Acht Fost-Cheannaigh, 1946 ;

ciallaíonn “ceirisín” ola hiodracarbóin (seachas ola éadrom hiodracarbóin) a ndriogann níos mó ná caoga faoin gcéad de réir toirte de ag teocht nach mó ná 240 céim cheinteagrádach;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “ola-théiteoir” aon fhearas atá oiriúnach lena úsáid i dteach cónaithe nó in áitreabh cónaithe eile agus atá deartha chun spás a théamh trí cheirisín a dhó agus nach feisteas atá deartha lena úsáid le feadán chun gásanna ó dhó an cheirisin a thabhairt chun siúil chun an aeir oscailte go díreach nó trí cheangal le feadán nó feadáin eile;

ciallaíonn rud a bheith “forordaithe” é a bheith forordaithe le rialacháin faoin Acht seo.

(2) Sa mhíniú ar “ceirisín” atá i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) tá le “ola hiodracarbóin” an bhrí chéanna atá leis an abairt “íle híodrocarbóin” in alt 21 den Acht Airgid, 1935 ;

(b) tá le “ olaí éadroma hiodracarbóin” an bhrí chéanna atá leis an abairt “íleacha éadtroma híodrocarbóin” in alt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custum) (Uimh. 4), 1931 ;

(c) forléireofar an tagairt do dhriogadh níos mó ná caoga faoin gcéad de réir toirte ag teocht nach mó ná 240 céim cheinteagrádach mar thagairt don driogadh sin ar thástáil de réir an mhodha atá forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim de bhun fho-alt (7) den alt sin 1.

(3) San Acht seo, folaíonn aon tagairt do chomhpháirteanna d'ola-théiteoirí tagairt do dhóiteoirí agus do bhuaicis.

Caighdeáin shábháilteachta agus treoracha chun ola-théiteoirí a úsáid.

2. —(1) Féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh le rialacháin—

(a) á cheangal go gcaithfidh ola-théiteoirí de cibé aicme nó cineál a shonrófar sna rialacháin, nó aon chomhpháirt d'ola-théiteoir, is páirt den aicme nó den chineál sin a shonrófar amhlaidh, na caighdeáin shábháilteachta sin a chomhlíonadh atá oiriúnach dar leis chun baol tine a laghdú nó a chosc;

(b) á cheangal, maidir le hola-théiteoirí d'aicme nó de chineál a shonrófar amhlaidh, go mbeidh orthu trí lipéad nó cibé meáin eile a shonrófar amhlaidh—

(i) treoracha faoi cibé nithe a bheidh forordaithe maidir le hola-théiteoirí a oibriú agus a úsáid, agus

(ii) ráiteas go bhfuil na caighdeáin shábháilteachta a bheidh ceangailte leis na rialacháin faoin Acht seo comhlíonta;

(c) le haghaidh aon ábhair eile dá n-údaraítear rialacháin faoin Acht seo.

(2) Féadfaidh forálacha éagsúla d'aicmí nó do chineálacha éagsúla ola-théiteoirí nó comhpháirteanna d'ola-théiteoirí a bheith i rialacháin a dhéanfar faoin alt seo agus, i gcás rialacháin a dhéanfar chun críocha mhír (a) den fho-alt roimhe seo, féadfaidh siad an modh a fhorordú ar a ndéanfar amach chun críocha an Achta seo cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann aon ola-théiteoirí nó aon chomhpháirteanna ceanglais na rialachán.

Toirmeasc ar olathéiteoirí nó comhpháirteanna nach gcomhlíonann na rialacháin a dhíol, etc.

3. —(1) Má dhéanann aon duine i gcúrsa gnó ola-théiteoirí a dhíol, nó a ligean faoi chomhaontú fruilcheannaigh nó ar fruiliú, nó má bhíonn ola-théiteoir ina sheilbh chun a dhíolta nó a ligin, agus—

(a) nach gcomhlíonann an t-ola-théiteoir, nó comhpháirt de, aon chaighdeán sábháilteachta a bheidh forordaithe don aicme nó don chineál ola-théiteora, nó, de réir mar a bheidh, don aicme nó don chineál comhpháirte, ar de an t-ola-théiteoir nó an chomhpháirt sin, nó

(b) nach mbeidh ag gabháil leis an ola-théiteoir treoracha nó ráiteas de réir cheanglais aon rialacháin a bheidh déanta chun críocha mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Acht seo,

beidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, ciontach i gcion.

(2) Má dhéanann aon duine comhpháirt a bheidh ceaptha le haghaidh ola-théiteora, ach nach mbeidh feistithe in ola-théiteoir, a dhíol nó má bhíonn comhpháirt den sórt sin ina sheilbh aige chun a díolta, i gcúrsa gnó, agus nach gcomhlíonfaidh an chomhpháirt na caighdeáin shábháilteachta a bheidh forordaithe don aicme nó don chineál comhpháirte ar de í, beidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, ciontach i gcion.

(3) Ní chiontófar duine i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo má chruthaíonn sé—

(a) go ndearnadh an díol nó an ligean, nó go raibh sé i seilbh an ola-théiteora, cibé acu é, mar ghníomhaire do dhuine nach raibh ag gníomhú i gcúrsa gnó nó mar sheirbhíseach do ghníomhaire den sórt sin; nó

(b) gur chreid sé le réasún nach n-usáidfí an t-ola-théiteoir sa Stát; nó

(c) i gcás ligean ar fruiliú, go raibh an ligean ag gabháil le háitreabh a ligean; nó

(d) i gcás díol faoi chomhaontú díola chreidmheasa nó ligean faoin chomhaontú fruilcheannaigh, nach raibh seilbh aige tráth ar bith ar an ola-théiteoir agus nach raibh sé ina úinéir air go dtí an tráth a rinne sé an comhaontú; nó

(e) i gcás aon ligin, go raibh an ligean dleathach an tráth a fuair an fruilitheoir, nó an té ag á raibh teideal roimh an bhfruilitheoir, seilbh ar an ola-théiteoir,

agus ní chiontófar duine i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo má chruthaíonn sé go ndearnadh an díol, nó, de réir mar a bheidh, go raibh an chomhpháirt ina sheilbh aige, mar ghníomhaire do dhuine nach raibh ag gníomhú i gcúrsa gnó, nó mar sheirbhíseach don ghníomhaire sin nó gur chreid sé le réasún nach n-úsáidfí an chomhpháirt sa Stát.

(4) Ní chiontófar duine i gcion faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo ná faoi fho-alt (2) de maidir le hola-théiteoir ná le comhpháirt má chruthaíonn sé go raibh cúis réasúnach aige chun a chreidiúint gur chomhlíon an t-ola-théiteoir, nó, de réir mar a bheidh, an chomhpháirt, na caighdeáin shábháilteachta a bheidh forordaithe don aicme nó don chineál ola-théiteora nó comhpháirte ar de é.

(5) Féadfaidh cibé forálacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an Aire a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun a údarú ola-théiteoirí nó comhpháirteanna a monaraíodh roimh theacht i ngníomh do na rialacháin a dhíol, a ligean nó a shealbhú nó chun a údarú ola-théiteoirí nó comhpháirteanna a dhíol nó a ligean le haghaidh cibé críocha a bheidh sonraithe sna rialacháin, agus ní bheidh duine ciontach i gcion faoi fho-alt (1) den alt seo má chruthaíonn sé go raibh díol, ligean nó seilbh an téiteora údaraithe leis na rialacháin sin, ná i gcion faoi fho-alt (2) den alt seo má chruthaíonn sé go raibh díol nó seilbh na comhpháirte údaraithe amhlaidh.

Ola-théiteoirí agus comhpháirteanna a scrúdú agus a thástáil.

4. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, faoi réir fhorálacha an ailt seo agus tar éis dó a cheapachán mar oifigeach údaraithe a thabhairt ar aird, ola-théiteoir a scrúdú chun a chinneadh—

(a) ar ola-théiteoir é, nó ar comhpháirt aon chomhpháirt de, d'aicme nó de chineál lena mbaineann ceanglais aon rialachán faoin Acht seo, agus

(b) más ola-théiteoir den sórt sin é, an gcomhlíonann an t-ola-théiteoir nó aon chomhpháirt de aon cheanglais den sórt a dúradh,

agus, faoi réir mar a dúradh agus tar éis dó a cheapachán a thabhairt ar aird, féadfaidh sé comhpháirt a bheidh ceaptha le haghaidh ola-théiteora ach nach mbeidh feistithe ann a scrúdú chun a chinneadh—

(i) ar comhpháirt é d'aicme nó de chineál lena mbaineann ceanglais aon rialachán faoin Acht seo, agus

(ii) más comhpháirt den sórt sin é, an gcomhlíonann sé aon cheanglas den sórt a dúradh.

(2) Ní scrúdóidh oifigeach údaraithe ola-théiteoir ná comhpháirt de bhua fho-alt (1) den alt seo, mura mbeidh an téiteoir nó an chomhpháirt sin ar coimeád in áitreabh chun a dhíolta nó a ligin i gcúrsa gnó.

(3) Aon duine a choiscfidh go toiliúil aon duine i bhfeidhmiú a chumhachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Féadfaidh an Institiúid Taighde Thionscail agus Caighdeán—

(a) ola-théiteoir ar d'aicme nó de chineál é a mbaineann aon cheanglais atá i rialacháin faoin Acht seo leis féin nó le haon chomhpháirt de a thastáil chun a chinneadh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-olathéiteoir nó an chomhpháirt aon chaighdeán sábháilteachta a bheidh forordaithe don aicme nó don chineál ola-théiteora nó comhpháirte ar de an t-ola-théiteoir nó an chomhpháirt, agus

(b) tastáil a dhéanamh ar chomhpháirt a bheidh ceaptha le haghaidh ola-théiteora ach nach mbeidh feistithe in ola-théiteoir agus is comhpháirt d'aicme nó de chineál lena mbaineann aon cheanglais atá i rialacháin faoin Acht seo chun a chinneadh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann an chomhpháirt aon chaighdeán sábháilteachta a bheidh forordaithe don aicme nó don chineál comhpháirte ar de í.

(5) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe”—

(a) oifigeach don Aire, nó

(b) oifigeach don Institiúid Taighde Thionscail agus Caighdeán.

arna cheapadh i scríbhinn ag an Aire chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo.

Cionta.

5. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 3 den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air, agus aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 4 den Acht seo dlífear ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) Má chruthaítear i gcás ciona faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur féidir é a chur i leith aon mhainneachtana de chuid, aon stiúrthóra, bainisteora, rúnaí, nó oifigigh eile dá shórt de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó aon duine a d'airbheartaigh a bheidh ag gníomhú in aon cháilíocht dá shórt, measfar eisean, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, a bheith ciontach sa chion.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

6. —Déanfar gach rialachán faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

7. —(1) Féadfar an tAcht um Ola-Dhóiteoirí (Caighdeáin), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1961, nó cibé lá is luaithe ná sin a cheapfaidh an tAire le hordú.