|
|||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Airteagail Chomhaontú an Chomhlachais Forbartha Idirnáisiúnta.) |
[EN] | ||
Uimhir 35 de 1960. | ||
[EN] |
AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA, 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT D'FHORMHEAS TÉARMAÍ AN CHOMHAONTAITHE UM AN gCOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR ÍOCAÍOCHTAÍ) A BHAINEANN LEIS AN gCOMHAONTÚ SIN. [22 Samhain, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Comhaontú” an comhaontú, chun comhlacht idirnáisiúnta dá ngairfear an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta a bhunú agus a oibriú, a bhfuil téacs a chuid Airteagal leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo; | |
[EN] | ciallaíonn “an Comhlachas” an Comhlachas Forbartha Idirnáisiúnta a bunaíodh faoin gComhaontú. | |
[EN] |
Formheas ar théarmaí an Chomhaontaithe. |
2. —Formheastar leis seo téarmaí an Chomhaontaithe. |
[EN] |
Forálacha airgeadais agus forálacha eile. |
3. —(1) Tiocfaidh na fo-ailt ina dhiaidh seo den alt seo i ngníomh an lá a shíneofar an Comhaontú thar ceann an Rialtais. |
[EN] | (2) Déanfar na híocaíochtaí seo a leanas, amhail mar agus nuair is iomchuí iad a íoc thar ceann an Rialtais, a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis: | |
[EN] | (a) íocaíochtaí faoi fho-ailt (a) go (d) d'Alt 2 d'Airteagal II den Chomhaontú, | |
[EN] | (b) íocaíochtaí faoi Alt 1 d'Airteagal III den Chomhaontú, | |
[EN] | (c) íocaíochtaí faoi mhír (a) d'Alt 2 d'Airteagal IV den Chomhaontú, | |
[EN] | (d) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú. | |
[EN] | (3) Féadfaidh an tAire Airgeadais nótaí nó oibleagáidí eile, neamh-úsmhar agus doshannta, dá bhforáltear i bhfo-alt (e) d'Alt 2 d'Airteagal II den Chomhaontú a chruthnú agus a eisiúint, i cibé foirm is oiriúnach leis, chun an Chomhlachais, agus déanfar aon íocaíochtaí i leith aon nótaí nó oibleagáidí den sórt sin a chruthnófar agus a eiseofar amhlaidh a íoc as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. | |
[EN] | (4) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna is gá faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a airleacan chuige agus, chun an céanna a thógáil ar iasacht, féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile is oiriúnach leis. | |
[EN] | (5) Déanfar príomhshuim agus ús aon urrús a eiseofar faoi fho-alt (4) den alt seo, agus na costais faoina rachfar i ndáil lena n-eisiúint, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. | |
[EN] | (6) Déanfar aon airgead a gheobhaidh an Rialtas ón gComhlachas nó a chruinneofar trí urrúis faoi fho-alt (4) den alt seo a chur chun creidiúna cuntais an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil. | |
[EN] | (7) Gníomhóidh Banc Ceannais na hÉireann mar thaisclann le haghaidh sealúchas d'airgeadra an Stáit agus sócmhainní eile de chuid an Chomhlachais agus féadfaidh sé aon suim nó suimeanna is gá faoi chomhair íocaíochtaí faoin alt seo a airleacan chun an Aire Airgeadais. | |
[EN] | (8) Beidh feidhm dlí sa Stát ag forálacha Ailt 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8 agus 9 d'Airteagal VIII den Chomhaontú, ar choinníoll nach ndéanfar aon ní san Alt sin 9 a fhorléiriú mar ní— | |
[EN] | (i) a thugann teideal don Chomhlachas earraí a allmhairiú, saor ó dhleacht chustam, gan aon srian lena ndíol ina dhiaidh sin sa tír chun ar allmhairíodh iad, | |
[EN] | (ii) a thugann aon díolúine don Chomhlachas ó dhleachtanna nó cánacha is cuid de phraghas na n-earraí a dhíolfar, nó | |
[EN] | (iii) a thugann aon díolúine don Chomhlachas ó dhleachtanna nó cánacha nach bhfuil iontu ach táillí i leith seirbhísí a rinneadh. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
4. —Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , a ghairm den Acht seo. |