46 1960


Uimhir 46 de 1960.


AN tACHT SLÁINTE (SOLÁTHAIRTÍ UISCE A FHLUAIRÍDIÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÚDARÁIS SLÁINTE DO DHÉANAMH CÓIRITHE LE hAGHAIDH FLUAIRÍDIÚ UISCE A SHOLÁTHRAÍONN ÚDARÁIS SLÁINTÍOCHTA DON PHOBAL TRÍ PHÍOPAÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS AN NÍ RÉAMHRÁITE. [28 Nollaig, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1947, Uimh. 28 .

1960, Uimh. 9 .

1. —San Acht seo—

folaíonn “fluairídiú” fluairín faoi aon ghné a chur in uisce;

tá le “údarás sláinte” an bhrí a thugtar dó de bhua an Acht Sláinte, 1947 , agus Acht na nUdarás Sláinte, 1960;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

tá le “údarás sláintíochta” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952.

Cóiriú ag údaráis sláinte chun uisce a fhluairídiú.

2. —(1) Faoi réir agus de réir an Achta seo agus rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo, déanfaidh údarás sláinte cóiriú chun fluairídiú a dhéanamh ar uisce a sholáthraíonn údaráis sláintíochta don phobal trí phíopaí.

(2) Féadfaidh an tAire, maidir le húdarás sláinte áirithe, dáta a shocrú ar dáta é a ndéanfaidh siad roimhe cóiriú, maidir le soláthar uisce poiblí áirithe, chun fluairídiú a dhéanamh ar an uisce a fhaightear uaidh.

(3) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir leis an tslí ina gcomhlíonfaidh agus a mhéid a chomhlíonfaidh údaráis sláinte a bhfeidhmeanna faoin Acht seo, agus beidh, go háirithe, foráil sna rialacháin sin chun an méid fluairín (nach mó ná cuid amháin fluairín de réir meáchain in aghaidh milliún cuid d'uisce) a fhéadfar a chur i soláthar uisce.

(b) Féadfaidh baint a bheith ag rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo le húdarás sláinte amháin nó níos mó agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh maidir le húdaráis sláinte éagsúla.

(4) Sula ndéanfaidh an tAire rialacháin faoin alt seo—

(a) cuirfidh sé faoi deara go ndéanfar—

(i) suirbhéireacht ag féachaint cé mhéid cás cáiréas fiacal atá i measc dream ionadaitheach leanaí a fhreastalaíonn ar scoileanna lae lánaimsire i limistéar feidhmiúcháin nó i limistéir fheidhmiúcháin an údaráis sláinte nó na n-údarás sláinte lena mbaineann na rialacháin, agus

(ii) anailís nó sraith anailíseanna ar na cainníochtaí de fhluairín agus de cibé comhpháirteanna eile a chinnfidh an tAire atá san uisce a sholáthraíonn údaráis sláintíochta trí phíopaí don phobal i limistéar feidhmiúcháin nó i limistéir fheidhmiúcháin an údaráis sláinte nó na n-údarás sláinte lena mbaineann na rialacháin, agus

(b) cuirfidh sé faoi deara go dtíolaicfear do gach Teach den Oireachtas tuarascáil ar an tsuirbhéireacht agus ar an anailís nó na hanailíseanna a dhéanfar amhlaidh,

agus beidh sa tuarascáil sin, maidir leis an tsuirbhéireacht, sonraí an nós imeachta a leanadh nuair a bhí an tsuirbhéireacht á déanamh agus an uimhir daltaí, arna n-aicmiú de réir aoise agus ar shlite eile, lena mbainfidh sí, ach ní bheidh aon eolas inti i dtaobh aon dalta ab fhéidir a aithint.

(5) Déanfar rún d'aon eolas i dtaobh cáiréas fiacal i ndaoine a gheofar i gcúrsa suirbhéireachta faoi fho-alt (4) den alt seo.

(6) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (4) den alt seo mar ní a chuireann d'oibleagáid ar aon duine é féin nó aon duine a bhfuil sé freagrach ann a ligean faoi scrúdú ná mar ní a cheanglaíonn ar údarás ceannais aon scoile saoráidí a thabhairt le go ndéanfaí suirbhéireacht faoin bhfo-alt sin, agus dá réir sin i gcás go dtarlóidh, maidir le haon suirbhéireacht den sórt sin, nach mbeidh, ar aon chúis, fáil ar eolas i dtaobh na ndaltaí a fhreastalaíonn ar cheann nó níos mó de na scoileanna lae lánaimsire sa limistéar nó sna limistéir lena mbainfidh, déanfar an tsuirbhéireacht maidir leis na scoláirí a fhreastalaíonn ar na scoileanna lae lánaimsire eile sa limistéar nó sna limistéir.

An t-údarás sláinte iomchuí do dhéanamh cóiriú maidir le fluairídiú.

3. —(1) I gcás inar do limistéar feidhmiúcháin aon údaráis shláinte amháin a sholáthraítear uisce ó sholáthar uisce poiblí áirithe, is é an t-údarás sláinte sin a dhéanfaidh cóiriú le haghaidh fluairídiú a dhéanamh ar uisce ón soláthar uisce poiblí sin.

(2) I gcás ina soláthraítear uisce ó sholáthar uisce poiblí áirithe do limistéir fheidhmiúcháin dhá údarás sláinte nó níos mó, is é cibé ceann de na húdaráis sláinte sin a chinnfidh an tAire a dhéanfaidh cóiriú le haghaidh fluairídiú a dhéanamh ar uisce ón soláthar uisce poiblí sin.

Dualgais údarás sláintíochta maidir le huisce a fhluairídíu.

4. —(1) (a) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt seo á cheangal ar údaráis sláintíochta cibé gníomhartha, maidir le huisce a fhluairídiú, is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé sna rialacháin, a dhéanamh mar ghníomhairí d'údaráis sláinte.

(b) Féadfaidh baint a bheith ag rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo le húdarás sláintíochta amháin nó níos mó agus féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh maidir le húdaráis sláintíochta éagsúla.

(c) D'ainneoin aon ní atá sna hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, nó in aon Acht áitiúil a bhaineann le huisce a sholáthar don phobal, déanfaidh gach údarás sláintíochta de réir aon rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo agus a bhainfidh leis an údarás sláintíochta sin.

(d) Féadfaidh údarás sláintíochta, le toiliú an Aire Rialtais Áitiúil, airgead a fháil ar iasacht chun íoc as aon chaiteachas faoina rachaidh siad faoi rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo amhail agus dá mba chaiteachas faoi na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952, an caiteachas sin.

(e) Íocfaidh an t-údarás sláinte iomchuí, ar éileamh, le húdarás sláintíochta aon chaiteachas (lena n-áirítear muirir iasachtaí a íoc) faoina rachaidh an t-údarás sin aon bhliain airgeadais áitiúil faoi rialacháin a dhéanfar faoin bhfo-alt seo.

(2) I gcás ina mbeidh an tAire, faoi fho-alt (2) d'alt 2 den Acht seo, tar éis dáta a shocrú maidir le húdarás sláinte áirithe a ndéanfaidh an t-údarás sláinte sin roimh an dáta sin cóiriú, maidir le soláthar uisce poiblí áirithe, le haghaidh fluairídiú a dhéanamh ar uisce a fhaightear ón soláthar uisce poiblí sin, aon údarás sláintíochta ar a mbeidh ceangal faoi rialacháin faoi fho-alt (1) den alt seo gníomhartha áirithe a dhéanamh, mar ghníomhaire don údarás sláinte sin, maidir le fluairídiú uisce, déanfaidh sé na gníomhartha sin roimh an dáta sin maidir leis an soláthar uisce poiblí áirithe sin.

Údarás sláinte do dhéanamh ranníocaí le húdarás sláinte eile i gcás ina soláthraítear uisce do limistéir fheidhmiúcháin an dá údarás ón soláthar uisce poiblí céanna.

5. —(1) I gcás ina ndéanfaidh údarás sláinte (dá ngairtear an t-údarás cóiriúcháin san alt seo) cóiriú le haghaidh fluairídiú uisce a fhaightear ó sholáthar uisce poiblí a fhreastalaíonn d'aon chuid de limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte eile, íocfaidh an t-údarás sláinte eile sin, ar éileamh, leis an údarás cóiriúcháin, maidir le costas an chaiteachais (lena n-áirítear muirir iasachtaí a íoc) faoina mbeidh an t-údarás cóiriúcháin tar éis dul bliain airgeadais áitiúil áirithe maidir leis an bhfluairídiú sin, suim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus an caiteachas iomlán (arna mheas chomh gar agus is féidir a dhéanamh le réasún) a bheidh idir an méid uisce a soláthraíodh an bhliain sin do limistéar feidhmiúcháin an údaráis sláinte eile sin agus an méid iomlán uisce a soláthraíodh ón soláthar uisce poiblí sin.

(2) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh méid na híocaíochta a bheidh le déanamh faoi fho-alt (1) den alt seo ag údarás sláinte le húdarás sláinte eile, cuirfear an díospóid faoi bhráid an Aire agus cinnfidh sé í.

(3) D'ainneoin forálacha fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh aon dá údarás sláinte comhaontú a dhéanamh nach ndéanfaidh aon cheann acu leis an gceann eile aon íocaíocht ba chuí a dhéanamh de bhun an fho-ailt sin mura mbeadh an comhaontú sin, agus féadfaidh siad déanamh de réir an chomhaontaithe sin.

Dualgas ginearálta an Aire maidir le suirbhéireachtaí sláinte.

6. —(1) Beidh de dhualgas ar an Aire socrú a dhéanamh ó am go ham le haghaidh cibé suirbhéireachtaí is dóigh leis is inmhianaithe a dhéanamh maidir le sláinte, nó aon ghnéithe áirithe de shláinte, daoine, nó aicmí áirithe daoine, i limistéar feidhmiúcháin údaráis sláinte a mbeidh rialacháin faoi alt 2 den Acht seo i bhfeidhm maidir leo.

(2) Féadfar suirbhéireacht faoin alt seo a shocrú tríd an údarás sláinte nó trína n-oifigigh nó trí cibé eagraíocht nó comhlacht eile is iomchuí dar leis an Aire.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara go ndéanfar tuarascáil a thíolacadh do gach Teach den Oireachtas i dtaobh suirbhéireacht a dhéanfar faoin alt seo ach ní bheidh sa tuarascáil sin aon eolas i dtaobh aon duine ab fhéidir a aithint.

(4) Déanfar rún d'aon eolas i dtaobh sláinte daoine a gheofar i gcúrsa suirbhéireachta faoin alt seo.

(5) Ní fhoíléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann d'oibleagáid ar aon duine é féin nó aon duine a bhfuil sé freagrach ann a ligean faoi scrúdú.

Dualgas údaráis sláinte maidir le meastachán a dhéanamh ar an méid cáiréas fiacal atá ina limistéar feidhmiúcháin.

7. —(1) Beidh de dhualgas ar gach údarás sláinte, cibé uair agus a mhinicí a iarrfaidh an tAire sin, cibé meastachán a ordóidh an tAire a dhéanamh ar an méid cásanna cáiréas fiacal atá ina limistéar feidhmiúcháin nó i gcuid shonraithe dá limistéar feidhmiúcháin, agus é a dhéanamh roimh cibé dáta a shonróidh an tAire, maidir leis na daoine uile ann nó maidir le haicme shonraithe de na daoine sin, agus sonraí an mheastacháin sin a thabhairt don Aire a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

(2) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chuireann d'oibleagáid ar aon duine é féin nó aon duine a bhfuil sé freagrach ann a ligean faoi scrúdú.

An tAcht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 , a fhorléiriú.

1947, Uimh. 47 .

8. —Nuair a bheifear á fheidhmiú maidir le seirbhís faoin Acht seo, forléireofar fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Seirbhísí Sláinte (Forála Airgeadais), 1947 , ionann agus dá gcuirtí “dháta an dearbhaithe” in ionad “an 1ú lá d'Aibreán is túisce a thiocfas i ndiaidh an dearbhuithe a dhéanamh”.

Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

9. —Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamh niú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Gearrtheideal agus comhlua.

10. —(1) Féadfar an tAcht Sláinte (Soláthairtí Uisce a Fhluairídiú), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1960, a ghairm de na hAchtanna Sláinte, 1947 go 1958, agus den Acht seo le chéile.