3 1961


Uimhir 3 de 1961.


AN tACHT UM LÁITHREÁIN TRÉIGTHE, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN ÚDARÁIS ÁITIÚLA DO GHLACADH LÁITHREÁN TRÉIGTHE CHUCU, DÁ CHUMASÚ D'ÚDARÁIS ÁITIÚLA A CHEANGAL AR ÚINÉIRÍ LÁITHREÁN TRÉIGTHE OIBREACHA A DHÉANAMH ORTHU AGUS, IN IMTHOSCA ÁIRITHE, OIBREACHA A DHÉANAMH AR LÁITHREÁIN TRÉIGTHE AR CHOSTAS NA nÚINÉIRÍ, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE AGUS D'AISGHAIRM AN ACHTA UM LÁITHREÁIN TRÉIGTHE A THÓGAINT, 1940. [15 Feabhra, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile nó comhairle ceantair uirbigh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

ciallaíonn “úinéir” aon duine (seachas mórgáistí nach bhfuil i seilbh) atá de thuras na huaire i dteideal feo simplí na talún ar ina thaobh a úsáidtear an focal sin, nó feo simplí aon téarma blianta atá á chaitheamh de thuras na huaire maidir leis an talamh sin agus ar faide ná bliain an chuid de atá gan chaiteamh, a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile;

ciallaíonn “láithreán tréigthe” aon talamh—

(a) (i) nach bhfuil aon fhoirgnimh air nó a bhfuil na foirgnimh uile (seachas seideanna, bothanna agus déanmhais sealadacha eile) atá air ina bhfothracha nó ina mbathlacha nó contúirteach agus nach n-úsáidtear mar theaghais aon cheann de na foirgnimh, agus

(ii) atá, nó ar dealraitheach dó a theacht chun bheith, díobhálach don tsláinte nó do thaitneamhachtaí na comharsanachta de dheasca a ghráinniúlachta nó é a bheith ligthe i bhfaillí nó dheasca bruscar, truflais nó ábhar neamhshláintiúil a chaitheamh nó a charnadh ann, nó

(b) arb éard é—

(i) foirgnimh (nach n-úsáidtear mar theaghaisí) agus a láithreáin sin, bealach chucu agus aon chlóis agus gairdíní a ghabhann leo, nó

(ii) ballaí (agus a láithreáin sin),

atá ina bhfothracha nó ina mbathlacha nó contúirteach;

ciallaíonn rud a bheith “forordaithe” é a bheith forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo.

Cumhacht údaráis áitiúil chun glacadh le tairiscint ó úinéir oibreacha a dhéanamh maidir le láithreán tréigthe.

2. —(1) I gcás inarb é tuairim údaráis áitiúil gur láithreán tréigthe aon talamh ina limistéar feidhmiúcháin, féadfaidh siad, más oiriúnach leo, fógra san fhoirm fhorordaithe a thabhairt don úinéir a áitíonn an talamh nó atá i dteideal an talamh a áitiú nó óna bhfuil an talamh ar teachtadh ag duine nach é úinéir na talún sin é ag iarraidh ar an úinéir tairiscint a dhéanamh, laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná mí) a shonrófar san fhógra, maidir le hoibreacha a dhéanamh chun an talamh a chosc ó leanúint de bheith ina láithreán tréigthe nó maidir le húsáid na talún san am le teacht.

(2) Féadfaidh an t-údarás áitiúil, in ionad aon nós imeachta eile faoin Acht seo a leanúint maidir leis an talamh, glacadh, más oiriúnach leo sin a dhéanamh, le tairiscint ón úinéir réamhráite go ndéanfaidh sé, laistigh de thréimhse shonraithe, cibé oibreacha nó cibé úsáid den talamh a choiscfidh an talamh, i dtuairim an údaráis áitiúil, ó leanúint de bheith ina láithreán tréigthe.

(3) Má bhíonn aon oibreacha a bheidh sonraithe i dtairiscint lena mbeidh glactha ag an údarás áitiúil faoin alt seo gan déanamh agus go leanann an talamh de bheith, i dtuairim an údaráis áitiúil, ina láithreán tréigthe, féadfaidh an t-údarás áitiúil—

(i) trína seirbhísigh nó a ngníomhairí dul isteach ar an talamh agus na hoibreacha a dhéanamh agus an caiteachas faoina rachaidh siad faoin bhfo-alt seo a éileamh trí éileamh san fhoirm fhorordaithe a thabharfar don úinéir réamhráite,

(ii) fógra faoi alt 3 den Acht seo a thabhairt maidir leis an talamh, nó

(iii) an talamh a ghlacadh chucu faoin Acht seo.

(4) Beidh i bhfógra faoi fho-alt (1) den alt seo a thabharfaidh údarás áitiúil maidir le haon talamh ráiteas go bhfuil cumhacht ag an údarás áitiúil, chun an talamh a chosc ó leanúint de bheith ina láithreán tréigthe, a cheangal ar úinéir na talún oibreacha iomchuí a dhéanamh ar an talamh ar chostas an úinéir na talún oibreacha iomchuí a dhéanamh ar an talamh ar chostas an úinéara nó an talamh a ghlacadh chucu féin, de réir mar is oiriúnach leo.

(5) I gcás ina ndéanfar éileamh ag éileamh caiteachais faoina rachaidh údarás áitiúil faoin alt seo maidir le haon talamh a thabhairt de réir fho-alt (3) den alt seo d'úinéir réamhráite na talún, beidh méid an chaiteachais maraon le hús, de réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thabharfar an t-éileamh go dtí go ndéanfar íocaíocht inghnóthaithe, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, ag an údarás áitiúil ó úinéir réamhráite na talún mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

Cumhacht údaráis áitiúil a cheangal ar úinéir oibreacha a dhéanamh ar láithreán tréigthe.

3. —(1) I gcás inarb é tuairim údaráis áitiúil gur láithreán tréigthe aon talamh ina limistéar feidhmiúcháin féadfaidh siad, más oiriúnach leo, fógra san fhoirm fhorordaithe a thabhairt don úinéir a áitíonn an talamh nó atá i dteideal an talamh a áitiú nó óna bhfuil an talamh ar teachtadh ag duine nach é úinéir na talún sin é á cheangal air cibé oibreacha a shonrófar san fhógra agus a choiscfidh, i dtuairim an údaráis áitiúil, an talamh ó bheith, nó ó theacht arís chun bheith, ina láithreán tréigthe a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse réasúnach, nach giorra ná mí, a shonrófar san fhógra agus féadfaidh an t-úinéir, a sheirbhísigh agus a ghníomhairí dul isteach ar an talamh agus an obair a dhéanamh a cheanglóidh an fógra, nó an fógra arna dhaingniú ag an Aire, de réir mar a bheidh.

(2) Beidh i bhfógra faoin alt seo meastachán ar chostas na n-oibreacha a shonrófar san fhógra.

(3) Aon uair a thabharfaidh údarás áitiúil fógra faoin alt seo d'aon duine, déanfaidh an t-údarás áitiúil, laistigh de cheithre lá déag tar éis an fógra a thabhairt don duine, cóip den fhógra a chur suas ar an talamh, nó in aice na talún, lena mbainfidh an fógra.

(4) Féadfar an meastachán dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus aon léarscáil nó plean a bheidh i bhfógra, nó ag gabháil le fógra, faoin alt seo a fhágáil as an gcóip den fhógra a chuirfear suas faoi fho-alt (3) den alt seo, ach déanfar cóip den mheastachán agus den léarscáil nó den phlean a thaisceadh in oifigí an údaráis áitiúil a thabharfaidh an fógra agus cuirfear ar fáil í lena hiniúchadh tráthanna réasúnacha.

Fógra faoi alt 3 a chur i bhfeidhm.

4. —(1) Má fhágtar fógra faoi alt 3 den Acht seo gan comhlíonadh agus go leanann an talamh lena mbaineann sé de bheith, i dtuairim an údaráis áitiúil a thug an fógra, ina láithreán tréigthe—

(a) rachaidh an t-údarás áitiúil, trína seirbhísigh nó a ngníomhairí, tar éis deireadh na tréimhse a shonrófar san fhógra nó, má dhaingníonn an tAire an fógra ar achomharc, tar éis deireadh a chomhfhad de thréimhse tar éis an t-achomharc a chinneadh a shonrófar san fhógra nó cibé tréimhse is faide ná sin a shocróidh an tAire, isteach ar an talamh agus déanfaidh siad na hoibreacha a cheanglóidh an fógra, nó an fógra arna dhaingniú ag an Aire, de réir mar a bheidh, a dhéanamh, agus

(b) faoi réir fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil an méid sin (más aon mhéid é) is oiriúnach leo den chaiteachas faoina ndeachaigh an t-údarás áitiúil faoin alt seo a éileamh ar an úinéir a áitíonn an talamh nó atá i dteideal an talamh a áitiú nó óna bhfuil an talamh ar teachtadh ag duine nach é úinéir na talún sin é trí éileamh san fhoirm fhorordaithe a thabharfar don úinéir sin.

(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, i gcás ina ndéanfar éileamh ag éileamh caiteachais faoina rachaidh údarás áitiúil faoin alt seo maidir le haon talamh a thabhairt de réir fho-alt (1) den alt seo d'úinéir réamhráite na talún, beidh méid an chaiteachais maraon le hús, de réir chúig faoin gcéad sa bhliain ón dáta a thabharfar an t-éileamh go dtí go ndéanfar íocaíocht inghnóthaithe, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, ag an údarás áitiúil ó úinéir na talún mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(3) Má bhíonn méid an chaiteachais faoina rachaidh an t-údarás áitiúil faoin alt seo maidir le haon oibreacha níos mó ná méid chostas na n-oibreacha de réir an mheastacháin a bheidh i bhfógra a tugadh faoi alt 3 den Acht seo nó i bhfógra arna dhaingniú ag an Aire, de réir mar a bheidh, ní bheidh méid na breise inghnóthaithe ag an údarás áitiúil faoin alt seo.

Achomharc i gcoinne fógra faoi alt 3.

5. —(1) Aon duine arb éagóir leis fógra faoi alt 3 den Acht seo, féadfaidh sé, laistigh de mhí tar éis an dáta a thabharfar an fógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire agus ní dhéanfaidh an t-údarás áitiúil a thug an fógra aon imeachtaí a thionscnamh chun an fógra a chur i bhfeidhm sula gcinnfear an t-achomharc.

(2) In achomharc chun an Aire faoin alt seo, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, an fógra ar ina choinne a bheidh an t-achomharc déanta a dhaingniú le modhnú nó gan modhnú nó é a chealú.

(3) Féadfaidh an duine a dhéanfaidh achomharc chun an Aire faoin alt seo an t-achomharc a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an Aire agus, chun críocha an Achta seo, measfar gur cinneadh ar achomharc é a tharraingt siar agus beidh an éifeacht chéanna aige a bheadh ag daingniú ag an Aire ar an bhfógra a ndearnadh achomharc ina choinne.

Cumhacht ghinearálta chun láithreáin tréigthe a ghlacadh.

6. —Féadfaidh údarás áitiúil aon láithreán tréigthe ina limistéar feidhmiúcháin a ghlacadh chucu trí chomhaontú nó go héigeantach.

Fógra i dtaobh é a bheith ar intinn láithreán tréigthe a ghlacadh go héigeantach.

7. —(1) Aon údarás áitiúil a mbeidh ar intinn acu aon talamh a ghlacadh chucu go héigeantach faoin Acht seo mar láithreán tréigthe déanfaidh siad—

(a) léarscáil nó plean den talamh a thaisceadh ina n-oifigí agus an léarscáil nó an plean a choimeád ar oscailt chun a iníúchta tráthanna réasúnacha,

(b) fógra á rá go bhfuil ar intinn acu an talamh a ghlacadh chucu go héigeantach faoin Acht seo a fhoilsiú i bpáipéar nuachta a léitear sa cheantar,

(c) i gcás inar leis an úinéir céanna an talamh go léir a bheidh sa láithreán tréigthe, fógra á rá go bhfuil ar intinn acu an talamh a ghlacadh chucu go héigeantach a chur suas ar an talamh nó in aice leis, agus, in aon chás eile, an fógra sin a chur suas ar thalamh nó in aice talún gach úinéara, agus

(d) cóip den fhógra dá dtagraítear i mír (c) den fho-alt seo a thabhairt—

(i) do gach duine (más ann) is áititheoir ar an talamh, agus

(ii) do gach duine (más ann) is úinéir ar an talamh, agus ar féidir leis an údarás áitiúil a ainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach ó fhiosrú réasúnach.

(2) Na fógraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—

(a) is san fhoirm fhorordaithe a bheidh siad,

(b) déarfaidh siad, mura mbeidh iontu léarscáil nó plean den talamh lena mbainfidh siad, go bhfuil léarscáil nó plean den talamh taiscthe in oifigí an údaráis áitiúil agus go gcuirtear ar fáil é le hiniúchadh tráthanna réasúnacha,

(c) déarfaidh siad go bhféadfar agóid ó aon duine is áititheoir nó úinéir ar an talamh i gcoinne glacadh na talún a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil, agus

(d) luafaidh siad an t-am ar laistigh de a fhéadfar agóid mar atá ráite anseo roimhe seo a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil.

Agóid i gcoinne láithreáin tréigthe a ghlacadh go héigeantach.

8. —(1) Féadfaidh áititheoir nó aon úinéir talún a mbeidh fógra faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo foilsithe ina leith ag údarás áitiúil, laistigh de mhí tar éis dáta an fhógra a fhoilsiú, agóid i gcoinne an ghlactha éigeantaigh bheartaithe dá mbeidh tagairt san fhógra a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil.

(2) Féadfaidh an duine a chuirfidh agóid isteach i gcoinne é a bheith beartaithe aon talamh a ghlacadh go héigeantach an agóid a tharraingt siar trí fhógra i scríbhinn a chuirfear chuig an údarás áitiúil nó chuig an Aire.

(3) Má dhéantar, maidir le cás ina mbeidh sé beartaithe aon talamh a ghlacadh go héigeantach ag údarás áitiúil, agóid a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil de réir fho-alt (1) den alt seo agus nach dtarraingeofar siar í, ní ghlacfaidh an t-údarás áitiúil an talamh go héigeantach chucu gan toiliú an Aire.

(4) Beidh ag gabháil le hiarratas ó údarás áitiúil ar thoiliú an Aire le haon talamh a ghlacadh go héigeantach faoin Acht seo—

(a) cóip den nuachtán ina mbeidh an fógra dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 7 den Acht seo,

(b) cóip den fhógra dá dtagraítear i mír (c) den fho-alt sin (1),

(c) cóip de léarscáil nó plean na talún a taisceadh de bhun an fho-alt sin (1), agus

(d) cóip d'aon agóid a cuireadh faoi bhráid an údaráis áitiúil de bhun an ailt seo maidir leis an nglacadh éigeantach agus nár tarraingíodh siar dá éis sin,

agus tabharfaidh an t-údarás áitiúil don Aire cibé eolas eile maidir le glacadh éigeantach na talún a theastóidh ón Aire.

(5) Ar iarratas faoi fho-alt (4) den alt seo maidir le haon talamh dá mbeidh tagairt i bhfógra a d'fhoilsigh údarás áitiúil faoi alt 7 den Acht seo—

(a) más é tuairim an Aire nach láithreán tréigthe aon pháirt den talamh, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt le glacadh éigeantach na talún chucu ag an údarás áitiúil,

(b) más é tuairim an Aire gur láithreán tréigthe an talamh go léir—

(i) i gcás inarb é a thuairim gur nós imeachta iomchuí maidir leis an talamh go léir an nós imeachta faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt le glacadh éigeantach na talún chucu ag an údarás áitiúil, agus

(ii) i gcás inarb é a thuairim gur nós imeachta iomchuí maidir le cuid, agus amháin maidir le cuid, den talamh an nós imeachta réamhráite, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt le glacadh éigeantach na coda sin den talamh chucu ag an údarás áitiúil agus tabharfaidh sé a thoiliú le glacadh éigeantach na coda eile den talamh chucu ag an údarás áitiúil, agus

(iii) in aon chás eile, tabharfaidh sé a thoiliú le glacadh éigeantach na talún chucu ag an údarás áitiúil, agus

(c) más é tuairim an Aire gur láithreán tréigthe páirt, agus nach láithreán tréigthe ach páirt, den talamh—

(i) diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt le glacadh éigeantach na páirte eile den talamh chucu ag an údarás áitiúil, agus

(ii) i gcás inarb é a thuairim gur nós imeachta iomchuí maidir le hiomlán na páirte réamhráite an nós imeachta faoi alt 2 nó alt 3 den Acht seo, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt le glacadh éigeantach na páirte chucu ag an údarás áitiúil,

(iii) i gcás inarb é a thuairim gur nós imeachta iomchuí maidir le cuid, agus amháin maidir le cuid, den pháirt an nós imeachta réamhráite, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt le glacadh éigeantach na coda sin chucu ag an údarás áitiúil agus tabharfaidh sé a thoiliú le glacadh éigeantach na coda eile den pháirt chucu ag an údarás áitiúil,

(iv) in aon chás eile, tabharfaidh sé a thoiliú le glacadh éigeantach na páirte chucu ag an údarás áitiúil, agus

(d) d'ainneoin aon ní sa chuid sin roimhe seo den fho-alt seo, más é tuairim an Aire go bhfuil forálacha alt 7 den Acht seo gan comhlíonadh ag an údarás áitiúil maidir leis an talamh nó aon pháirt de, diúltóidh sé a thoiliú a thabhairt le glacadh éigeantach na talún nó na páirte, de réir mar a bheidh, chucu ag an údarás áitiúil.

(6) Féadfaidh an tAire breithniú iarratais maidir le beartú a bheidh déanta talamh a ghlacadh go héigeantach a chur ar atráth (lena n-áirítear iarratas a mbeidh an breithniú air curtha ar atráth cheana féin faoin bhfo-alt seo) go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sé a bheith réasúnach chun a chumasú don duine a chuir isteach an agóid maidir leis an nglacadh an talamh a chosc ó leanúint de bheith ina láithreán tréigthe.

Ordú dílseacháin.

9. —(1) Más rud é, maidir le haon talamh a mbeidh forálacha alt 7 den Acht seo comhlíonta ina leith ag údarás áitiúil—

(a) nach gcuirfear aon agóid faoi bhráid an údaráis áitiúil de réir alt 8 den Acht seo,

(b) nach ndéanfar aon agóid a chuirfear isteach mar a dúradh a tharraingt siar ina dhiaidh sin,

(c) go dtabharfaidh an tAire a thoiliú le glacadh éigeantach na talún chucu ag an údarás áitiúil, nó

(d) go mbeidh aon tráth, is tráth nach giorra ná trí mhí—

(i) tar éis d'aon chúirt do dhéanamh ordú ag ordú suim a íoc a bheidh dlite don údarás áitiúil faoi alt 2 nó alt 4 den Acht seo, nó

(ii) i gcás achomharc i gcoinne an ordaithe réamhráite, tar éis an t-achomharc a chinneadh go críochnaitheach,

aon suim (lena n-áirítear suim i leith costas) dlite fós don údarás áitiúil ar scór an ordaithe réamhráite,

féadfaidh an t-údarás áitiúil le hordú (dá ngairtear ordú dílseacháin san Acht seo) an talamh a ghlacadh chucu.

(2) I gcás ina bhfaighidh údarás áitiúil, sula ndéana siad ordú dílseacháin, fios go bhfuil an talamh a bheifear chun a ghlacadh leis an ordú faoi réir (cibé acu ina aonair é nó i dteannta talún eile) aon bhlianachta nó íocaíochta eile chun Coimisiún Talún na hÉireann nó chun Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó faoi réir aon mhuirir le haghaidh dleacht eastáit nó dleacht chomharbais is iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim ar bhás aon duine, cuirfidh an t-údarás áitiúil in iúl láithreach do Choimisiún Talún na hÉireann, do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn nó do na Coimisinéirí Ioncaim, de réir mar a bheidh, go bhfuil ar intinn acu an t-ordú a dhéanamh.

(3) Aon uair a dhéanfaidh údarás áitiúil ordú dílseacháin, déanfaidh siad, laistigh de cheithre lá déag tar éis an t-ordú a dhéanamh—

(a) i gcás inar leis an úinéir amháin an talamh go léir a bheidh faoi réim an ordaithe dhílseacháin, fógra ina mbeidh cóip den ordú a chur suas ar an talamh nó ina aice na talún agus, in aon chás eile, an fógra sin a chur suas ar thalamh nó in aice talún gach úinéara, agus

(b) cóip den ordú a thabhairt do gach duine (más ann) is áititheoir ar an talamh agus do gach duine (más ann) is úinéir ar an talamh agus ar féidir leis au údarás áitiúil a ainm agus an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fháil amach ó fhiosrú réasúnach.

Foirm agus éifeacht orduithe dílseacháin agus teideal a fuarthas fúthu a chlárú faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942.

10. —(1) Is san fhoirm fhorordaithe a bheidh gach ordú dílseacháin lena nglacfaidh údarás áitiúil aon talamh chunc agus déarfaidh gach ordú den sórt sin go ndéanann sé, agus déanfaidh sé, an talamh a dhílsiú san údarás áitiúil i bhfeo simplí saor ó eirí agus gach eastát, ceart, teideal agus leas de gach aon saghas ar dháta sonraithe nach luaithe ná seacht lá tar éis an t-ordú a dhéanamh.

(2) D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (1) den alt sin, i gcás ina mbeidh údarás áitiúil, le hordú dílseacháin, tar éis talamh a ghlacadh chucu atá, ina aonar nó i dteannta talún eile, faoi réir bhliantacht cheannaigh, íocaíocht in ionad cíosa, nó suim, bhliantúil eile (nach é amháin atá ann cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na hOibreacha Poiblí in Éirinn, tiocfaidh an t-údarás áitiúil chun bheith faoi dhliteanas, agus beidh siad faoi dhliteanas, amhail ón dáta a dhílseofar an talamh iontu leis an ordú dílseacháin, an bhlianacht cheannaigh, an íocaíocht in ionad cíosa nó an tsuim bhliantúil, nó cibé cuid den chéanna a chionroinnfidh Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, cibé acu é, ar an talamh, a íoc le Coimisiún Talún na hÉireann nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, cibé acu é, amhail is dá mbeadh úinéir na talún tar éis an talamh sin a aistriú chun an údaráis áitiúil ar an dáta sin.

(3) Nuair a dhéanfaidh údarás áitiúil ordú dílseacháin maidir le haon talamh, cuirfidh siad an t-ordú chuig an údarás cláraitheachta faoi na hAchtanna um chlárú Teidil, 1891 agus 1942, agus air sin cuirfidh an t-údarás cláraitheachta faoi deara go gclárófar an t-údarás áitiúil faoi na hAchtanna sin mar úinéir na talún de réir an ordaithe.

Cúiteamh.

1919, c. 57.

1931, Umih. 50.

11. —(1) I gcás ina mbeidh, díreach sula ndéanfaidh údarás áitiúil ordú dílseacháin, aon eastát nó leas ag aon duine sa talamh nó ceart aige i leith na talún a ghlacfar leis an ordú, féadfaidh an duine cúiteamh i leith an eastáit, an leasa nó an chirt a iarraidh ar an údarás áitiúil tráth nach déanaí ná dhá mhí déag tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus air sin déanfaidh an t-údarás áitiúil, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, méid is comhionann le luach (más aon luach é) an eastáit, an leasa nó an chirt a íoc i modh cúitimh leis an duine.

(2) Déanfar an cúiteamh a bheidh le n-íoc ag údarás áitiúil faoin alt seo i leith aon eastáit nó leasa i dtalamh nó cirt i leith talún a chinneadh, cheal comhaontaithe, le headráin faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú, ach déanfar, faoi réir fho-alt (3) den alt seo, méid an chúitimh ón eadráin sin a chinneadh de réir na Rialacha atá gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931 .

(3) I gcás ina mbeidh, tar éis d'údarás áitiúil ordú dílseacháin a dhéanamh faoin Acht seo maidir le haon talamh, aon suim (lena n-áirítear aon suim i leith costas) dlite fós don údarás áitiúil ó aon duine ar scór ordú ó aon chúirt i leith méid a íoc a bheidh dlite don údarás áitiúil faoi alt 2 nó alt 4 den Acht seo—

(a) más lú an tsuim réamhráite ná méid an chúitimh is iníoctha leis an duine faoin alt seo, laghdófar méid an chúitimh de mhéid na suime, agus

(b) mura lú a tsuim réamhráite na méid an chúitimh réamhráite, ní bheidh an cúiteamh iníoctha.

Talamh a ghlacfar faoin Acht seo a fheabhsú.

12. —Aon uair a bheidh údarás áitiúil tar éis aon talamh a ghlacadh chucu faoin Acht seo, déanfaidh siad, a luaithe chaothúla is féidir, gach beart is gá chun an talamh a chosc ó dhíobháil a dhéanamh don tsláinte nó do thaitneamhachtaí na comharsanachta agus chuige sin féadfaidh siad an talamh a ghlanadh, a chothromú, a dhréineáil, a fháladh agus a fheabhsú agus a fhorbairt fairis sin.

Talamh a glacadh faoin Acht seo a úsáid.

1854, c. 103.

13. —(1) Féadfaidh údarás áitiúil aon talamh a úsáid a ghlac siad chucu faoin Acht seo chun aon chríche a bhaineann lena gcumhachtaí agus a ndualgais.

(2) I gcás nach mbeidh iomlán aon talún, nó aon pháirt d'aon talamh, a glacadh faoin Acht seo ag teastáil aon tráth ón údarás áitiúil a ghlac chucu é, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, iomlán na talún nó an pháirt sin de (de réir mar a bheidh) a dhíol, a ligean nó a mhalairtiú.

(3) (a) I gcás ina nglacfaidh údarás áitiúil aon talamh chucu faoin Acht seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil, le toiliú an Aire, an talamh a aistriú, le hordú, chun údaráis áitiúil eile nó, más i mbaile ar a bhfuil Baile-Choimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, atá an talamh, chun Coimisinéirí an bhaile agus oibreoidh an t-ordú de réir a théarmaí mar thíolacas ag tíolacadh na talún ach ní gá é a stampáil mar thíolacas nó aistriú maoine.

(b) Ní dhéanfar aistriú faoin bhfo-alt seo gan toiliú an údaráis áitiúil nó na gCoimisinéirí a mbeartófar an t-aistriú a dhéanamh chucu.

(4) I gcás ina mbeifear tar éis aon talamh a aistriú faoi fho-alt (3) den alt seo, beidh feidhm agus éifeacht ag fo-ailt (1) agus (2) den alt seo agus ag an gcéad alt ina dhiaidh seo amhail is dá mb'údarás áitiúil a ghlac chucu an talamh faoin Acht seo an t-údarás áitiúil nó na Coimisinéirí chun ar aistríodh é.

Suimefar de a gheofar de thoradh talamh a glacadh faoin Acht seo a dhíol nó a léasadh.

14. —Gach suim a gheobhaidh údarás áitiúil i leith talamh a ghlac siad chucu faoin Acht seo a dhíol nó a léasadh úsáidfidh an t-údarás áitiúil í chun críche a gcumhachtaí agus a ndualgas i cibé slí is cuí leis an údarás áitiúil le toiliú an Aire.

Cumhacht chun eolas maidir le húinéireacht talún a éileamh.

15. —Féadfaidh údarás áitiúil, ionas go bhféadfaidh siad a dhéanamh amach cé aige a bhfuil úinéireacht ar aon talamh arb é a dtuairim gur láithreán tréigthe é, fógra san fhoirm fhorordaithe a thabhairt d'aon duine arb é áititheoir na talún é nó a fhaigheann, go díreach nó go neamhdhíreach, cíos i leith na talún á cheangal air an cineál leasa atá aige féin ann a chur in iúl i scríbhinn agus freisin ainm agus seoladh aon duine eile arb eol dó leas a bheith aige ann, cibé acu mar úinéir i bhfeo simplí, morgáistí, léasaí nó ar shlí eile, agus aon duine a mbeidh údarás áitiúil tar éis a cheangal air le fógra i scríbhinn a tugadh de bhun an ailt seo aon eolas a thabhairt dóibh agus a mhainneoidh an t-eolas sin a thabhairt dóibh nó a dhéanfaidh, go feasach, aon mhíráiteas ina leith, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Talamh a iniúchadh.

16. —(1) Féadfaidh aon duine a cheapfaidh an tAire nó údarás áitiúil chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo—

(a) más é an tAire a cheapfaidh é, dul isteach ar aon talamh agus é a iniúchadh, agus

(b) más údarás áitiúil a cheapfaidh é, dul isteach ar aon talamh i limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil agus é a iniúchadh,

chun aon eolas a fháil a theastóidh ón Aire nó ón údarás áitiúil, de réir mar a bheidh, chun críocha an Achta seo.

(2) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh oifigeach údaraithe nuair a bheidh sé ag feidhmiú cumhachta a thugtar leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

(3) Tabharfaidh an tAire nó an t-údarás áitiúil, de réir mar a bheidh, deimhniú a cheapacháin mar oifigeach údaraithe d'oifigeach údaraithe agus nuair a bheidh oifigeach údaraithe ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar leis an Acht seo tabharfaidh sé an deimhniú ar aird d'aon duine lena mbainfidh má iarrann an duine sin air é.

Pionós mar gheall ar chosc a chur le feidhmiú cumhachtaí faoin Acht seo.

17. —Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh údarás áitiúil ó aon chumhacht a fheidhmiú a dhílsítear iontu faoi réir nó de bhua an Achta seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.

Tabhairt doiciméad faoin Acht seo.

18. —(1) I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an Acht seo aon doiciméad a thabhairt ag údarás áitiúil do dhuine, díreofar an doiciméad chun an duine agus tabharfar dó é i slí acu seo a leanas, is é sin le rá:

(a) trína sheachadadh don duine;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air;

(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chun an duine ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air.

(2) Chun doiciméad a thabhairt, de bhun an Achta seo, do chuideachta atá cláraithe faoi na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1959, measfar gnáthchónaí a bheith ar an gcuideachta ag a hoifig chláraithe.

(3) Chun doiciméad a thabhairt, de bhun an Achta seo, do chomhlacht corpraithe (seachas aon chuideachta den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo) nó do chomhlacht neamhchorpraithe, measfar gnáthchónaí a bheith ar an gcomhlacht ag a phríomh-oifig nó a phríomh-áit ghnó.

Rialacháin.

19. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú foirmeacha le húsáid faoin Acht seo.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Cosaint do shéadchomharthaí náisiúnta.

20. —Ní shrianfaidh ná ní dhocharóidh aon ní san Acht seo cumhachtaí agus dualgais, ná ní dhéanfaidh difir do chumhachtaí agus dualgais, an Aire Airgeadais, Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó aon údaráis áitiúil faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 agus 1954, maidir le séadchomharthaí náisiúnta mar a mhínítear leis na hAchtanna sin nó aon séadchomhartha náisiúnta áirithe den sórt sin.

Caiteachas comhairlí contae.

21. —I gcás ina rachaidh comhairle contae faoi chaiteachas faoin Acht seo muirearófar an caiteachas go cothrom thar ceantar sláinte contae uile an chontae.

Caiteachas an Aire.

22. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm.

1940, Uimh. 29 .

23. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Láithreáin Tréigthe do Thógaint, 1940 .

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

24. —(1) Féadfar an tAcht um Láithreáin Tréigthe, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.