5 1961


Uimhir 5 de 1961.


AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 GO 1960. [21 Márta, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú.

1. —(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú cúig faoin gcéad.

(2) Baineann an t-alt seo le—

(a) pinsean seirbhíse is iníoctha faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1960, agus

(b) pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh.

(3) Beidh éifeacht ag méadú faoin alt seo ón 1ú lá de Lúnasa, 1960 (agus an lá sin a áireamh).

Pinsin fhorghéillte áirithe a thabhairt ar ais.

1936, Uimh. 37 .

2. —(1) I gcás pinsean faoi alt 3 den Acht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936, a bheith forghéillte faoi alt 16 den Acht sin, féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, an pinsean go léir nó cuid de a thabhairt ar ais.

(2) I gcás ina dtabharfar cuid de phinsean ar ais faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, iarmhéid an phinsin sin a thabhairt ar ais.

(3) Déanfar aon phinsean nó cuid d'aon phinsean a thabharfar ar ais faoi alt seo a íoc ó cibé dáta (nach luaithe ná dáta an ordaithe á thabhairt ar ais) a chinnfidh an tAire.

(4) San alt seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Cosanta.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1961, a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1961, a ghairm de na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1960, agus den Acht seo le chéile.