15 1961


Uimhir 15 de 1961.


AN tACHT TORADH TALMHAÍOCHTA (UIBHEACHA), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA TORADH TALMHAÍOCHTA (UIBHE), 1939 AGUS 1955. [20 Meitheamh, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An Príomh-Acht.

1939, Uimh. 2 .

1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Toradh Talmhaíochta (Uibhe), 1939.

Uibheacha úra a mharcáil.

2. —(1) Aon uair agus an fad a bheidh uibheacha úra a choinsíneofar ar shlí seachas chun a n-onnmhairithe eisiata ó fheidhm rialachán faoi fho-alt (2) d'alt 38 den Phríomh-Acht ní bheidh feidhm—

(a) ag na coinníollacha i dtaobh uibheacha a mharcáil atá i míreanna (b) agus (c) d'fho-alt (1) d'alt 31 den Phríomh-Acht, ná

(b) ag an bhforáil i dtaobh uibheacha a mharcáil atá i bhfo-alt (7) den alt sin 38,

maidir le huibheacha úra a choinsíneofar ar shlí seachas chun a n-onnmhairithe.

(2) Féadfaidh an tAire, más cuí leis, rialacháin a dhéanamh ó am go ham, faoi fho-alt (2) d'alt 38 den Phríomh-Acht, ag eisiamh uibheacha úra a choinsíneofar ar shlí seachas chun a n-onnmhairithe ó fheidhm rialachán arna ndéanamh faoin bhfo-alt sin, roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis.

(3) San alt seo tá le “uibheacha úra” an bhrí a thugtar do “uibhe úra” le halt 42 den Phríomh-Acht.

Clár de mhonaróirí.

3. —Leasaítear leis seo alt 13 den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (c):

“(cc) clár ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal agus dá ngairtear san Acht seo an clár de mhonaróirí, agus”.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag an bPríomh-Acht maidir le háitreabh atá cláraithe sa chlár de mhonaróirí nó a bhfuil iarratas ar chlárú sa chlár sin déanta ina leith faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(i) cuirfear “sa chlár de mhonaróirí” isteach roimh “nó sa chlár de dheighleálaithe” in alt 17,

(ii) ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a shonraítear i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 19 ach amháin maidir le háitreabh ina stóráiltear uibheacha,

(iii) ní bheidh feidhm ag mír (a) d'fho-alt (3) den alt sin 19,

(iv) ní bheidh feidhm ag mír (g) d'fho-alt (3) d'alt 23,

(v) cuirfear an mhír seo a leanas isteach i ndiaidh mhír (d) i bhfo-alt (1) d'alt 25, is é sin:

“(dd) na tuairisceáin a bheidh le cur isteach ag dílseánaigh chláraithe áitreabh a bheidh cláraithe sa chlár de mhonaróirí;”, agus

(vi) ní bheidh feidhm ag rialacháin a rinneadh faoi alt 52.

(3) Forléireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige maidir le dílseánach cláraithe áitreabh a bheidh cláraithe sa chlár de mhonaróirí ionann agus—

(i) dá gcuirtí “dílseánach cláraithe áitreabh a bheidh cláraithe sa chlár de mhonaróirí” in ionad “deighleálaí cláruithe” sa dá áit ina bhfuil na focail sin in alt 16 agus dá gcuirtí “mhonaróirí” in ionad “dheighleálaithe” sa dá áit ina bhfuil an focal sin san alt sin, agus

(ii) dá bhforáladh alt 52 nach mbeadh feidhm ag rialacháin faoin alt sin.

Leasú ar an bPríomh-Acht.

4. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht tríd an gCuid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Chuid V:

“Cuid VI.

Ubhtháirgí.

Léiriú.

59. Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn ‘ubhtháirgí’ aon earraí a monaraíodh nó a rinneadh go hiomlán nó go páirteach as uibheacha agus a bhforordófar, nó a mbeidh sé forordaithe de thuras na huaire, gur ubhtháirgí iad chun críocha na Coda seo den Acht seo.

Toirmeasc le hubhtháirgí a mhonarú in áitreabh neamhchláraithe.

60. (1) Faoi réir aon eisceachtaí a fhorordófar, ní dhéanfar gnó monaraithe nó ullmhaithe ubhtháirgí in áitreabh nach mbeidh cláraithe sa chlár de mhonaróirí ná ar shlí seachas faoi réim agus de réir na gcoinníollacha forordaithe.

 

(2) Aon duine a sháróidh forálacha fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air maraon le fíneáil bhreise nach mó ná deich bpunt in aghaidh gach lá a leanfar den chion.

Rialacháin maidir le tástáil, grádáil agus pacáil ubhtháirgí.

61. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le tástáil, grádáil agus pacáil ubhtháirgí.

 

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfar, le rialacháin faoin alt seo—

 

(a) modhanna a shonrú ina ndéanfar, an tslí agus na himthoscaí a shonrú ina ndéanfar, agus na caighdeáin a shonrú ar faoina dtreoir a dhéanfar ubhtháirgí a thástáil agus a ghrádáil,

 

(b) modhanna a shonrú ina ndéanfar, agus an tslí agus na himthoscaí a shonrú ina ndéanfar, ubhtháirgí a phacáil agus marcanna a shonrú a bheidh le cur ar phacáistí nó ar choimeádáin d'ubhtháirgí, an modh a shonrú ina gcuirfear na marcanna agus nithe a shonrú a thaispeánfar leis na marcanna,

 

(c) toirmeasc a chur, faoi réir cibé eisceachtaí a shonrófar sna rialacháin—

 

(i) le hubhtháirgí a chur amach as an áitreabh inar monaraíodh nó inar ullmhaíodh iad,

 

(ii) le hubhtháirgí a dhíol, nó a thairiscint nó a thaispeáint chun a ndíolta, agus

 

(iii) le hubhtháirgí a choimeád nó a stóráil chun a ndíolta,

 

ar ubhtháirgí iad de ghrád nó de ghrádanna sonraithe nó ubhtháirgí nár tástáladh, nár grádáladh agus nár pacáladh de réir na rialachán nó ubhtháirgí a tástáladh de réir na rialachán agus nár glacadh leo de bharr tástálacha sonraithe,

 

(d) toirmeasc a chur le hubhtháirgí de ghrád nó de ghrádanna sonraithe agus ubhtháirgí a tástáladh de réir na rialachán agus nár glacadh leo de bharr tástálacha sonraithe a dhíol lena n-úsáid chun aon chríche nó críocha sonraithe nó iad a thairiscint nó a thaispeáint chun a ndíolta lena n-úsáid chun aon chríche nó críocha sonraithe nó iad a choimeád nó a stóráil chun a ndíolta lena n-úsáid chun aon chríche nó críocha sonraithe, agus

 

(e) is rialacháin a fhéadfar a chumadh ar shlí go mbeidh feidhm ag rialacháin éagsúla maidir le hubhtháirgí éagsúla (a mhíneofar i cibé modh agus faoi threoir cibé nithe is oiriúnach leis an Aire) agus go mbeidh feidhm ag rialacháin éagsúla maidir le hubhtháirgí a bheidh beartaithe mar bhia don duine agus maidir le hubhtháirgí nach mbeidh beartaithe amhlaidh.

 

(3) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

Cumhachtaí cigirí maidir le háitreabh a bheidh cláraithe nó a bheartófar a chlárú sa chlár de mhonaróirí.

62. Forléireofar alt 27 den Acht seo agus beidh éifeacht aige maidir le háitreabh a bheidh cláraithe, nó a mbeidh iarratas déanta ar a chlárú, sa chlár de mhonaróirí, ionann agus—

 

(a) dá gcuirtí ‘ubhtháirgí (de réir bhrí Chuid VI den Acht seo)’ in ionad ‘uibheacha’ i mír (b) d'fho-alt (1), agus

 

(b) dá bhfolódh na tagairtí d'uibheacha i míreanna (c), (d) agus (e) den fho-alt sin tagairtí d'ubhtháirgí agus d'ábhair a bheidh beartaithe a úsáid i monarú ubhtháirgí.

Cumhachtaí cigirí maidir le hubhtháirgí.

63. Forléireofar alt 32 den Acht seo agus beidh éifeacht aige ionann agus dá bhfolódh na tagairtí atá ann d'uibheacha tagairtí d'ubhtháirgí.

Rialacháin maidir le scrúdú baictéareolaíochta a dhéanamh ar ubhtháirgí.

64. (1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh scrúdú baictéareolaíochta a dhéanamh ar ubhtháirgí.

 

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo—

 

(a) foráil a bheith iontu chun an tAire do cheapadh daoine cáilithe ó am go ham chun bheith ina scrúdaitheoirí baictéareolaíochta chun críocha na rialachán, agus féadfaidh siad téarmaí ceapacháin na ndaoine sin a shonrú,

 

(b) na himthoscaí a shonrú ina mbeidh táillí iníoctha le scrúdaitheoirí baictéareolaíochta a cheapfar faoi na rialacháin, i leith scrúdú agus tástáil a dhéanamh ar shamplaí d'ubhtháirgí a chuirfear faoi na mbráid faoi na rialacháin, ag na daoine a chuirfidh faoina mbráid iad, méid na dtáillí (lena n-áirítear méideanna éagsúla i leith scrúduithe agus tástálacha éagsúla agus i leith ubhtháirgí éagsúla) a shonrú agus tráth agus modh a n-íoctha a shonrú,

 

(c) foráil a bheith iontu chun samplaí d'ubhtháirgí a thógáil agus na samplaí (maraon le hiarratais go ndéanfar na scrúduithe agus na tástálacha áirithe is gá) a chur faoi bhráid scrúdaitheoirí baictéareolaíochta a cheapfar faoi na rialacháin chun iad a scrúdú agus a thástáil,

 

(d) foráil a bheith iontu chun scrúduithe agus tástálacha a dhéanamh ar shamplaí d'ubhtháirgí ag scrúdaitheoirí baictéareolaíochta a cheapfar faoi na rialacháin agus chun na scrúdaitheoirí d'eisiúint deimhnithe (dá ngairtear deimhnithe baictéareolaíochta san alt seo) ag insint toradh na scrúduithe agus na dtástálacha,

 

(e) toirmeasc a chur le péadóireacht chalaoiseach le haon ubhtháirge ionas nach sampla ceart ionadaitheach den ubhtháirge aon sampla de a thógfar faoi na rialacháin agus le péadóireacht agus baint chalaoiseach le haon sampla a thógfar faoi na rialacháin,

 

(f) toirmeasc a chur le hathrú a dhéanamh, seachas ag scrúdaitheoir baictéareolaíochta a ceapadh faoi na rialacháin, ar dheimhnithe baictéareolaíochta,

 

(g) toirmeasc a chur lena chur in iúl go bréagach go ndearna scrúdaitheoir baictéareolaíochta sampla d'ubhtháirge a scrúdú agus a thástáil faoi na rialacháin nó gur eisíodh deimhniú baictéareolaíochta i leith sampla d'ubhtháirge nó go mbaineann sé leis an sampla sin, agus

 

(h) a fhoráil go mbeidh deimhniú baictéareolaíochta a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur faoi na rialacháin dó agus a bheith sínithe ag scrúdaitheoir baictéareolaíochta a ceapadh faoi na rialacháin ina leorfhianaise, in aon imeachtaí dlíthiúla, ar na fíorais a bheidh sa deimhniú mura n-éilí aon pháirtí sna himeachtaí go nglaofaí ar an scrúdaitheoir baictéareolaíochta mar fhinné.

 

(3) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.”

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

5. —(1) Féadfar an tAcht Toradh Talmhaíochta (Uibheacha), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Uibhe) 1939 agus 1955, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Toradh Talmhaíochta (Uibheacha), 1939 go 1961, a ghairm díobh le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.