An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961) Ar Aghaidh (CUID II. Forálacha Ginearálta maidir le Feithiclí.)

24 1961

AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961

CUID I.

Réamhráiteach agus Ginearálta.

Gearrtheideal.

1. —Féadfar an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 , a ghairm den Acht seo.

Tosach feidhme.

2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire i gcoitinne nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.

Léiriú.

I.R. Uimh. 13 de 1958 .

1933, Uimh. 11 .

3. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilionn an comhthéacs a mhalairt—

tá le “fo-ordú dícháiliúcháin” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 27;

tá le “áit seasaimh cheaptha” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 84;

tá le “droichead meáchain ceaptha” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 15;

tá le “ráthaíocht formheasta” an bhrí a shonraítear in alt 63;

tá le “polasaí árachais formheasta” an bhrí a shonraítear in alt 62;

tá le “luas-teorainn limistéir fhoirgnithe” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 45;

tá le “deimhniú inniúlachta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 33;

tá le “deimhniú infheidhmeachta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 34;

tá le “deimhniú díolúine” an bhrí a shonraítear in alt 68;

tá le “deimhniú ráthaíochta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 66;

tá le “deimhniú árachais” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 66;

ciallaíonn “cónasc feithiclí”, feithicil inneallghluaiste agus feithicil nó feithiclí a bheidh á tarraingt nó á dtarraingt aici;

liallaíonn “an Coimisinéir” Coimisinéir an Gharda Síochána;

tá le “ordú dícháiliúcháin iarmartach” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 26;

folaíonn an briathar “sárú” diúltú nó mainneachtain ar chomhfíonadh a dhéanamh, agus forléireofar an t-ainmfhocal “sárú” dá réir sin;

colaíonn “tiomáint” a bheith i gcúram agus ag stiúradh agus, maidir le dhárothach nó trírothach, folaíonn sé, marcaíocht, agus forléireofar “tiománaí” agus focail ghaolmhara eile dá réir sin;

tá le “ceadúnas tiomána” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 22;

ciallaíonn “cosán” an chuid sin d'aon bhóthar atá curtha ar fáil, go príomha, chun coisithe dá úsáid;

ciallaíonn “comhaontú fruiltiomána”, maidir le feithicil inneallghluaiste, comhaontú faoina ndéantar an fheithicil a fhruiliú óna úinéir cláraithe, ar shlí seachas—

(a) trí chomhaontú fruilcheannaigh,

(b) trí chomhaontú chun daoine nó earraí agus gan ach sin a iompar, nó

(c) trí chomhaontú faoina ndéanfaidh úinéir cláraithe na feithicle an fheithicil a thiomáint nó tiománaí a sholáthar don fheithicil;

tá leis “an t-árachaí” an bhrí a shanntar dó i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 62;

ciallaíonn “mórfheithicil seirbhíse poiblí” feithicil seirbhíse poiblí ina bhfuil ionaid suite paisinéirí do níos mó ná ochtar duine gan an tiománaí a áireamh;

faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ciallaíonn “feithicil inneallghluaiste” feithicil atá beartaithe nó oiriúnaithe chun a gluaiste le córacha meichniúla, lena n-áirítear—

(a) dhárothach nó trírothach, le gabhálas chun é a ghluaiseacht le cumhacht mheicniúil, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar an gabhálas a úsáid,

(b) feithicil a ghluaistear le córacha leictreacha nó le córacha idir leictreach agus mheicniúil,

ach ní fholaíonn sé tram ná feithicil eile a ghluaiseann ar bhuanráillí;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

tá le “droichead meáchain soghluaiste” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (7) d'alt 15;

ciallaíonn “bus” mórfheithicil seirbhíse poiblí a bheidh á húsáid de thuras na huaire ar chúrsa cinnte chun paisnéirí a iompar a iomparaítear ar tháillí éagsúla agus a thógtar isteach nó a ligtear amach feadh an chúrsa sin cibé acu mar a iarrtar sin nó ag áiteanna staid ceaptha;

tá le “gnáth-luasteorainn” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 44;

nuair a úsáidtear “úinéir” i ndáil le feithicil inneallghluaiste is ábhar comhaontaithe fruilcheannaigh, ciallaíonn sé an duine atá i seilbh na feithicle faoin gcomhaontú;

ciallaíonn “locadh”, i ndáil le feithicil, í a choinneáil nó a fhágáil ina seasamh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “áit loctha” an bhrí a shonraítear i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 90;

ciallaíonn “dhárothach cos” rothar atá ceaptha nó oiriúnaithe lena ghluaiseacht le saothar coirp, agus amháin le saothar coirp, duine nó daoine agus é ina shuí nó iad ina suí air;

ciallaíonn “rothar cos” feithicil is dhárothach cos nó trírothach cos;

ciallaíonn “rothaí cos” duine ag tiomáint rothair cos;

ciallaíonn “trírothach cos” trírothach atá ceaptha nó oiriúnaithe lena ghluaiseacht le saothar coirp, agus amháin le saothar coirp, duine nó daoine agus é ina shuí nó iad ina suí air;

ciallaíonn “feithicil inneallghluaiste faoi urláimh coisí” feithicil inneallghluaiste—

(a) nach bhfuil ceaptha ná oiriúnaithe chun a húsáidte chun an tiománaí nó paisnéir a iompar, nó

(b) atá ceaptha nó oiriúnaithe ionas go bhfuil malairt modhanna lena tiomáint, is é sin, ag duine agus é ar iompar uirthi nó ag coisí,

ach amháin i rith tréimhse a mbeidh sí á tiomáint agus an tiománaí nó paisnéir ar iompar uirthi;

tá le “tréimhse an chumhdaigh” an bhrí a shanntar dó i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 62 nó i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 63 (de réir mar is cuí);

ciallaíonn “forordaithe” a bheith forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

tá le “príomh-fhéichiúnaí” an bhrí a shanntar dó i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 63;

ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar nó áit eile a bhfuil slí isteach ann ag an bpobal le feithiclí cibé acu ó cheart nó le cead é agus cibé acu faoi réir muirir nó saor ó mhuirear é;

ciallaíonn “bóthar poiblí” bóthar a bhfuil freagracht a chothabhála ar údarás bóithre;

ciallaíonn “feithicil seirbhíse poiblí” feithicil inneallghluaiste a úsáidtear chun daoine a iompar ar luaíocht;

tá le “úinéir cláraithe” an bhrí a shanntar dó leis na Rialacháin um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú), 1958, ach, má chúlghairtear na rialacháin sin, beidh leis an bhrí a shannfar dó i cibé rialacháin a bheidh ag freagairt do na rialacháin sin agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire;

ciallaíonn “an tAcht aisghairthe” an tAcht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (a aisghairtear leis an Acht seo);

folaíonn “bóthar” aon droichead, píopa, stua, lintéir, cosán, pábháil, fál, ráille nó balla is cuid de;

ciallaíonn “údarás bóithre”—

(a) comhairle contae,

(b) bardas contae-bhuirge nó buirge eile, nó

(c) comhairle ceantair uirbigh;

tá le “droichead meáchain bóthar-thráchta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 15;

ciallaíonn “ród” an chuid sin de bhóthar atá curtha ar fáil, go príomha, chun feithiclí dá úsáid;

ciallaíonn “beagfheithicil seirbhíse poiblí” feithicil seirbhíse poiblí nach mórfheithicil seirbhíse poiblí;

tá le “ordú dícháiliúcháin speisialta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (5) d'alt 28;

tá le “luasteorainn speisialta” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 46;

ciallaíonn “feithicil sráidseirbhíse” beagfheithicil seirbhíse poiblí a dtairgeann an tiománaí é féin agus an fheithicil ar bhóthar poiblí chun fruilithe agus a sheasann nó a thiomáineann an fheithicil chun na críche sin ar bhóthar poiblí;

tá le “deimhniú tástála” an bhrí a shonraítear i mír (b) d'fho-alt (8) d'alt 18;

folaíonn “úsáid”, maidir le feithicil, locadh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “ráthóir feithicle” an bhrí a shonraítear in alt 59;

tá le “árachóir feithicle” an bhrí a shonraítear in alt 58.

(2) Má bhíonn feithicil, arbh fheithicil inneallghluaiste í ar leith ón bhfo-alt seo, chomh héagumasach sin (mar gheall ar thionóisc, cliseadh nó an t-inneall nó cuid riachtanach eile dá shamhail sin a bheith tugtha aisti) nach féidir í a inneallghluaiseacht feasta, measfar chun críocha an Achta seo nach feithicil inneallghluaiste í.

(3) Ach amháin maidir le feithiclí ainmhí-tharraingte, aon tagairt atá san Acht seo d'fheithicil á tarraingt is tagairt í d'fheithicil i gceangal le feithicil eile (lena n-áirítear ceangal trí mhuiniompar páirteach) agus an fheithicil eile sin á tarraingt nó chun í dá tarraingt.

(4) Aon tagairt atá san Acht seo do Rialacha an Bhóthair is tagairt í don fhoilseachán a bheidh an tAire tar éis a eisiúint (cibé acu roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis) faoin teideal sin, is é sin, an t-eagrán de arb é an t-eagrán is deireanaí é an tráth iomchuí.

(5) Aon tagairt atá san Acht seo d'fheithicil a úsáid le toiliú duine folaíonn sí tagairt d'í a úsáid lena thoiliú intuigthe agus d'í a úsáid ar ordú uaidh.

Feidhm maidir le daoine agus feithiclí i seirbhís an Stáit.

4. —(1) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt leis an alt seo, baineann an tAcht seo le daoine i seirbhís phoiblí an Stáit agus le feithiclí leis an Stát.

(2) Ní bhainfidh Cuid VI den Acht seo—

(a) le feithicil leis an Stát ná le duine a bheidh ag úsáid na feithicle sin i gcúrsa a fhostaíochta,

(b) le feithicil faoi urghabháil ag duine i seirbhís an Stáit i gcúrsa a dhualgais ná le duine a bheidh ag úsáid na feithicle sin i gcúrsa a fhostaíochta, ná

(c) le comhalta den Gharda Síochána nó oifigeach d'aon Aire a bheidh ag úsáid feithicle chun an fheithicil a thástáil, a aistriú nó a lonnú de bhun an Achta seo nó de bhun aon rialacháin faoi.

Forálacha ginearálta maidir le rialacháin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú aon ábhair nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéannan ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe seo faoin rialachán.

Fodhlíthe a dhéanfaidh an Coimisinéir a cheadú.

6. —(1) Aon fhodhlí a dhéanfaidh an Coimisinéir faoin Acht seo agus a gceanglaítear leis an Acht seo gur le toiliú an Aire a dhéanfar é cuirfear faoi bhráid an Aire é sa tslí fhorordaithe lena cheadú.

(2) I gcás ina gcuirfear fodhlí faoi bhráid an Aire faoin alt seo, ansin, de réir mar is cuí leis an Aire, diúltóidh sé an fodhlí a cheadú, ceadóidh sé é gan modhnú nó déanfaidh sé cibé modhnuithe air is cuí leis agus ceadóidh sé an fodhlí arna mhodhnú.

(3) Déanfar fodhlí a cheadóidh an tAire faoin alt seo (arna mhodhnú nó gan modhnú) a fhoilsiú ar an modh forordaithe.

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag aon fhodhlí dá luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo mura ndéanfar agus go dtí go ndeánfar é a chur faoi bhráid an Aire agus é a cheadú aige agus é a fhoilsiú de réir an ailt seo.

(5) I gcás a mbeartóidh an Coimisinéir fodhlí a dhéanamh faoin Acht seo a gceanglaítear leis an Acht seo gur tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbainfidh a dhéanfar é, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(a) tabharfaidh an Coimisinéir, do bhardas gach contaebhuirge nó buirge eile, comhairle contae, comhairle ceantair uirbigh agus coimisinéirí baile a mbeidh sé beartaithe go mbainfidh an fodhlí leis nó léi nó le haon chuid de nó di, fógra i dtaobh é a bheith ar intinn aige an fodhlí a dhéanamh, agus breithneoidh an Coimisinéir na huiríolla uile a dhéanfaidh aon bhardas, comhairle nó coimisinéirí den sórt sin chuige i dtaobh an fodhlí a bheidh beartaithe;

(b) tabharfaidh an Coimisinéir, má chuireann agus nuair a chuirfidh sé an fodhlí faoi bhráid an Aire faoin alt seo, do gach bardas, comhairle agus coimisinéirí den sórt sin fógra i dtaobh an fodhlí a chur faoi bhráid an Aire amhlaidh, agus breithneoidh an tAire na huiríolla uile a dhéanfaidh an bardas, an chomhairle nó na coimisinéirí sin chuige i dtaobh an fhodhlí;

(c) ní cheadóidh an tAire an fodhlí go ceann míosa ón dáta a tugadh fógra faoin alt seo do gach bardas agus comhairle agus coimisinéirí den sórt sin i dtaobh an fodhlí a chur faoina bhráid;

(d) chun críocha an fho-ailt seo, ní mheasfar é a bheith beartaithe baint a bheith ag fodhlí le haon chuid de chontae mura le cuid éigin den chontae nach bhfuil in aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile mór a bheith sé beartaithe baint a bheith aige.

(6) Maidir le huiríolla a dhéanamh de bhun fho-alt (5) den alt seo—

(a) nuair is comhairle contae, bardas buirge seachas contaebhuirg, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile a dhéanfaidh iad, is feidhm fhorcoimeádta é chun críocha na nAcht um Bainistí Contae, 1940 go 1955, agus

(b) nuair is bardas contae-bhuirge a dhéanfaidh iad, is feidhm fhorcoimeádta é chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge.

(7) Gach fodhlí a dhéanfar faoi alt 86 nó alt 88 den Acht seo agus a cheadófar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a cheadaithe agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an fodhlí a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an fhodhlí, beidh an fodhlí ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin bhfodhlí.

Cruthú ar fhodhlíthe agus rialacha áirithe.

1925, Uimh. 24 .

7. —(1) Bainfidh alt 4 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , le gach fodhlí faoin Acht seo a dhéanfaidh an Coimisinéir agus le gach riail faoi a dhéanfaidh sé féin nó údarás áitiúil.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht um Fhianaise Scríbhinne, 1925 , trí fhodhlíthe faoin Acht seo arna ndéanamh ag an gCoimisinéir agus rialacha faoi arna ndéanamh aige féin nó ag údarás áitiúil a chur leis na doiciméid oifigiúla a luaitear san fho-alt sin, agus beidh éifeacht ag an alt sin 6 dá réir sin.

Airgeadas.

1920, c. 72.

8. —(1) Na caiteachais uile faoina mbeidh aon Aire nó an Coimisinéir tar éis dul ag cur an Roads Act, 1920, na nAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, nó an Achta seo i bhfeidhm déanfar, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, iad a íoc as an Ród-Chiste agus, chun na críche sin, íocfar in aghaidh gach bliana airgeadais, isteach sa Státchiste as an Ród-Chiste, cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais, cibé suimeanna a chinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gurb iad méid na gcaiteachas iad faoina ndeachthas amhlaidh ag cur an Roads Act, 1920, na nAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, agus an Achta seo i bhfeidhm an bhliain airgeadais sin.

(2) Más deimhin leis an Aire Airgeadais nach féidir méid na gcaiteachas faoina mbeidh aon Aire nó an Coimisinéir tar éis dul ag cur an Roads Act, 1920, na nAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, nó an Achta seo i bhfeidhm aon bhliain airgeadais áirithe a chinneadh go caothúil, féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, an tsuim is iníoctha faoin alt seo isteach sa Státchiste as an Ród-Chiste i leith na gcaiteachas sin a ríomh in aon slí a cheadóidh an tAire Airgeadais agus, go háirithe, féadfar iad a chinneadh mar chéatadán den tsuim iomlán a íocadh isteach sa Ród-Chiste as foinse ar bith an bhliain airgeadais sin.

(3) Aon chaiteachais a bheidh, de bhua an ailt seo, le híoc as an Ród-Chiste féadfar, le toiliú an Aire Airgeadais, iad a íoc díreach as an Ród-Chiste, agus aon tuarastal nó luach saothair de chuid aon duine a íocfar amhlaidh díreach as an Ród-Chiste measfar, chun críocha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, gur amach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a íocadh é.

(4) Measfar, chun críocha an ailt seo, go bhfolaíonn na caiteachais faoina mbeidh aon Aire nó an Coimisinéir tar éis dul ag cur an Roads Act, 1920, na nAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, nó an Achta seo i bhfeidhm aon bhliain airgeadais áirithe cibé muirir i leith aoisliúntais agus i leith liúntais agus aiscí eile is iníoctha ar éag nó ar éirí-as a gcinnfidh an tAire, le comhthoiliú an Aire Airgeadais, gur muirir iomchuí iad.

(5) Forléireofar fo-alt (4) d'alt 3 den Roads Act, 1920, agus beidh éifeacht aige ionann is—

(i) dá mb'éard í an tagairt i mír (a) do chaiteachais tagairt do na caiteachais faoina mbeidh an chomhairle contae nó an bardas contae-bhuirge iomchuí tar éis dul le réasún agus go cuí, i dtuairim an Aire, in ndáil le tobhach na ndleachtanna dá dtagraítear sa mhír sin, clárú feithiclí inneallghluaiste, agus ceadúnais a eisiúint chun tiománaithe (lena n-áirítear deimhnithe tástála, deimhnithe inniúlachta agus deimhnithe oiriúnachta a eisiúint de bhun an Achta seo),

(ii) dá bhfágtaí ar lár míreanna (b) agus (c), agus

(iii) dá mbeadh na caiteachais a cheanglaítear leis an alt seo a íoc as an Ród-Chiste ar áireamh na gcaiteachas a luaitear i mír (e) den fho-alt sin.

(6) A mhéid is gá é chun críocha an athraithe ón Acht aisghairthe go dtí an tAcht seo, forléireofar na tagairtí don Acht seo i bhfo-ailt (1), (2) agus (4) den alt seo mar thagairtí a fholaíonn tagairtí don Acht aisghairthe.

Táillí agus fíneála a dhiúscairt.

1920, c. 72.

9. —(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, déanfar gach táille agus gach suim eile a gheobhaidh an Coimisinéir nó aon chomhalta eile den Gharda Síochána faoin Acht seo nó faoi rialacháin faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite leis an Acht seo, déanfar gach fíneáil i leith cionta faoin Acht seo a íoc isteach sa Státchiste de réir cibé orduite a thabharfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

(3) An t-airgead go léir a íocfar isteach sa Státchiste nó a chuirfear chun tairbhe don Státchiste faoin alt seo, measfar, chun críocha alt 2 den Roads Act, 1920, gur íocadh isteach sa Státchiste faoin Acht sin é.

Aisghairm.

10. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

(2) Leanfaidh orduithe, rialacháin, fodhlíthe agus rialacha a rinneadh faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo i bhfeidhm agus measfar gur faoin bhforáil chomhréire den Acht seo a rinneadh iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm dá réir sin, agus aon doiciméid a eisíodh faoi aon ordú, rialachán, fodhlí nó riail agus a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad i bhfeidhm chun críocha an Achta seo.