An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Cionta Tiomána.) Ar Aghaidh (CUID VII. Feithiclí Seirbhíse Poiblí a Rialú agus a Oibriú.)

24 1961

AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961

CUID VI.

Árachas Éigeantach i gCás Feithiclí Inneallghluaiste.

É bheith d'oibleagáid a bheith faoi árachas nó faoi ráthaíocht.

56. —(1) Ní úsáidfidh duine (dá ngairtear an t-úsáidire san fho-alt seo) feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí mura rud é go mbeadh árachóir feithicle, ráthóir feithicle nó duine eiscthe faoi dhliteanas i leith díobhála a thiocfadh d'é d'úsáid na feithicle sin go faillíoch an t-am sin nó mura mbeidh i bhfeidhm an t-am sin—

(a) polasaí árachais formheasta faoina mbeidh an t-úsáidire, nó duine éigin eile a bheadh faoi dhliteanas i leith díobhála a thiocfadh den úsáidire sin d'úsáid na feithicle go faillíoch an t-am sin, faoi árachas in aghaidh na suimeanna uile gan teorainn (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt anseo ina dhiaidh seo) a dtiocfaidh an t-úsáidire sin nó a ionadaí pearsanta nó an duine eile sin nó a ionadaí pearsanta chun bheith faoi dhliteanas a íoc le duine ar bith (gan na daoine eiscthe a áireamh) i modh damáistí nó costas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin de dhroim an t-úsáidire d'úsáid na feithicle sin go faillíoch an t-am sin, nó

(b) ráthaíocht formheasta faoina ráthaítear go n-íocfaidh an t-úsáidire, nó duine éigin eile a bheadh faoi dhliteanas i leith díobhála a thiocfadh den úsáidire sin d'úsáid na feithicle sin go faillíoch an t-am sin, na suimeanna uile gan teorainn (ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt anseo ina dhiaidh seo) a dtiocfaidh an t-úsáidire sin nó a ionadaí pearsanta nó an duine eile sin nó a ionadaí pearsanta chun bheith faoi dhliteanas a íoc le duine ar bith (gan na daoine eiscthe a áireamh) i modh damáistí nó costas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin de dhroim an t-úsáidire d'úsáid na feithicle sin go fáillíoch an t-am sin.

(2) An t-árachas nó an ráthaíocht is gá de réir an ailt seo, féadfaidh sé a bheith faoi réir na teorann seo a leanas agus na heisceachta seo a leanas nó faoi réir ceachtar acu:

(a) féadfaidh sé, sa mhéid go mbainfidh sé le díobháil do mhaoin, suim míle punt de theorainn a bheith leis i leith díobhála de dhroim aon ghníomh áirithe amháin faillí nó aon sraith áirithe amháin gníomhartha faillí ar aon teagmhas amháin iad le chéile,

(b) féadfar aon dliteanas (de bhreis ar an dliteanas a bhainfidh leis an gcás faoin dlí coiteann nó an dliteanas reachtúil a bhainfidh leis an gcás) faoina rachaidh an t-árachaí nó an príomh-fhéichiúnach trí chonradh speisialta a eisceadh ón dliteanas a bheidh faoina chumhdach.

(3) I gcás ina sáróidh duine fo-alt (1) den alt seo, beidh sé féin agus, murab eisean úinéir na feithicle, an t-úinéir sin, ciontach, iad araon, i gcion, agus, ar é a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(4) Más rud é, in ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go suífear gur tharla, ar éileamh a dhéanamh faoi alt 69 den Acht seo—

(a) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an duine ar a ndearnadh an t-éileamh deimhniú árachais, deimhniú ráthaíochta nó deimhniú díolmhaithe a thabhairt ar aird an t-am sin agus san áit sin, nó

(b) gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh an duine sin, tar éis dó an ceadúnas sin a thabhairt ar aird de dhroim an éilimh, a cheadú don chomhalta den Gharda Síochána dar tugadh an deimhniú sin ar aird é a léamh agus a scrúdú,

toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go raibh an fheithicil á húsáid contrártha don alt seo.

(5) I gcás inarb é úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don duine a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid gan a thoiliú agus go raibh gach cúram réasúnach glactha aige chun nach n-úsáidfí í nó go raibh sí á húsáid ag a sheirbhíseach ag gníomhú contrártha dá orduithe.

(6) I gcás inar sheirbhíseach d'úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh don duine a shuíomh go raibh an fheithicil á húsáid aige de réir orduithe sainráite ón úinéir.

Fíneáil in ionad damáistí agus príosúnacht dteannta damáistí.

57. —(1) I gcás—

(a) inar deimhin leis an gcúirt, ar dhuine a chiontú i gcion faoin alt díreach roimhe seo, go ndearnadh díobháil don phearsa nó do mhaoin tríd an bhfeithicil ar maidir léi a rinneadh an cion a úsáid go faillíoch ar an ócáid a rinneadh an cion, agus

(b) inarb é tuairim na cúirte go mbeadh teideal ag duine éigin a bheidh i láthair nó a mbeidh ionadaí dó i láthair an t-am sin damáistí i leith na díobhála a ghnóthú i gcaingean sibhialta i gcoinne an duine chiontaithe,

féadfaidh an chúirt, más oiriúnach léi agus más thoilíonn an duine a bheidh i láthair nó a mbeidh ionadaí dó i láthair leis, fíneáil nach mó ná na damáistí a mbeadh an duine a bheidh i láthair nó a mbeidh ionadaí dó i láthair i dteideal a ghnóthú, i dtuairim na cúirte, i gcoinne an duine chiontaithe a chur ar an duine ciontaithe i dteannta aon phionóis eile.

(2) I gcás ina ngearrfar fíneáil faoi fho-alt (1) den alt seo ar dhuine ciontaithe—

(a) féadfaidh an chúirt a ghearrfaidh an fhíneáil aon téarma príosúnachta nach faide ná sé mhí a chur ar an duine ciontaithe mura n-íocfar an fhíneáil laistigh de cibé am, nach giorra ná ceithre lá dhéag, a cheapfaidh an chúirt,

(b) íocfar méid na fíneála leis an duine ar de dhroim a chirt chun damáistí a ghnóthú a gearradh an fhíneáil agus, má bhíonn níos mó ná duine amháin den sórt sin ann, i cibé cionúireachtaí a ordóidh an chúirt,

(c) beidh íoc na fíneála ag an duine ciontaithe ina chosaint mhaith i gcoinne aon chaingean shibhialta a thabharfaidh aon duine lenar íocadh an fhíneáil nó aon chuid di amhlaidh i leith na díobhála ar mar gheall uirthi a cuireadh an fhíneáil,

(d) gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheidh ag aon duine eile, beidh ag an duine nó ag aon duine de na daoine lena ndéanfar an fhíneáil iníoctha ceart achomhairc (a bheidh teorannaithe ionas nach mbainfidh sé ach le hábhar amháin nó níos mó acu seo a leanas, is é sin le rá, méid na fíneála agus an duine lena mbeidh sé iníoctha agus na cionúireachtaí ina mbeidh sé iníoctha) chun an Bhreithimh den Chúirt Chuarda ar laistigh dá chuaird a bheidh dúiche nó aon chuid de dhúiche an Bhreithimh den Chúirt Dúiche a chuir an fhíneáil, agus is breith chríochnaitheach breith an Bhreithimh sin den Chúirt Chuarda ar an achomharc.

(3) I gcás ina ngnóthófar damáistí i gcaingean shibhialta i gcoinne duine a ciontaíodh i gcion faoin alt díreach roimhe seo i leith díobháil don phearsa nó do mhaoin tríd an bhfeithicil inneallghluaiste ar maidir léi a rinneadh an cion a úsáid go faillíoch ar an ócáid a rinneadh an cion, féadfaidh an chúirt ar os a comhair a ghnóthófar na damáistí, mura n-íocfar na damáistí laistigh de cheithre lá dhéag nó cibé tréimhse is faide ná sin a chinnfidh an chúirt, a ordú an duine ar gnóthaíodh na damáistí ina choinne a ghlacadh i gcoimeád láithreach agus a phríosúnú go ceann cibé tréimhse acu seo a leanas is giorra, is é sin le rá, go ceann sé mhí ó ghabhfar an duine nó, d'eile, go dtí go n-íocfaidh sé méid na ndamáistí leis an duine a ghnóthaigh iad agus go dtaiscfidh sé sa chúirt, i modh urraíochta go n-íocfar na costais a bheidh gnóthaithe ag an duine sin sa chaingean, cibé suim (más aon suim é) a shocróidh an chúirt.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo ach le díobháil a gceanglaítear leis an Acht seo polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta i gcoinne dliteanais a thógáil amach ina leith.

Arachóir feithicle.

1936, Uimh. 45 .

58. —San Acht seo, ciallaíonn “árachóir feithicle”, faoi réir fho-alt (1) d'alt 78 den Acht seo—

(a) cuideachta árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Arachais, 1936 , a sheolann gnó árachais feithicle inneallghluaiste de réir bhrí an ailt sin, nó

(b) siondacáit de réir bhrí an ailt sin a sheolann an gnó sin.

Ráthóir feithicle.

59. —San Acht seo, ciallaíonn “ráthóir feithicle”, faoi réir fho-alt (2) d'alt 78 den Acht seo, duine—

(a) nach árachóir feithicle, agus

(b) a sheolann gnó ag eisiúnt ráthaíochtaí formheasta, agus

(c) a thaisc agus a choimeádann taiscthe le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais a údaraítear leis an gCuid seo den Acht seo do dhaoine a thaisceadh a bheartaíonn gnó a sheoladh ag eisiúint ráthaíochtaí formheasta.

Duine díolmhaithe.

60. —Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “duine díolmhaithe”, faoi réir fho-alt (3) d'alt 78 den Acht seo, duine—

(a) nach árachóir feithicle ná ráthóir feithicle, agus

(b) a thaisc agus a choimeádann taiscthe le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais an éarlais a údaraítear leis an gCuid seo den Acht seo do dhaoine a thaisceadh ar mian leo a bheith ina ndaoine díolmhaithe.

Earlaisí ó ráthóirí feithicle agus ó dhaoine díolmhaithe.

61. —(1) Féadfaidh duine (seachas árachóir feithicle) a bheartóidh gnó a sheoladh ag eisiúint ráthaíochtaí formheasta nó ar mian leis a bheith ina dhuine díolmhaithe suim cúig mhíle dhéag punt a thaisceadh agus a choimeád taiscthe le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais.

(2) Déanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais suim a thaiscfear leis faoin alt seo a infheistiú i cibé urrús nó urrúis a mbeidh sé údaraithe de réir dlí cistí san Ard-Chúirt a infheistiú iontu a ordóidh an taisceoir, agus déanfar an t-ioncam a fhaibhreoidh as na húrrúis sin a íoc leis an taisceoir.

(3) Ní ghlacfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais le héarlais faoin alt seo ach amháin ar bharántas ón Aire Tionscail agus Tráchtála.

(4) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála rialacha a dhéanamh i dtaobh iarratais ar bharántais chun críocha an ailt seo, i dtaobh éarlaisí a íoc agus iad a infheistiú nó déileáil leo, i dtaobh stoic, scaireanna nó urrúis eile a thaisceadh in ionad airgid, i dtaobh an ioncam a íoc a fhaibhreoidh ó am go ham ar urrúis ina mbeidh éarlaisí taiscthe de thuras na huaire agus i dtaobh éarlaisí a tharraingt amach nó a aistriú.

Polasaí árachais formheasta.

62. —(1) Is polasaí árachais formheasta chun críocha an Achta seo polasaí má chomhlíonann sé agus ar an gcuntar go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil sé arna eisiúint ag árachóir feithicle chun duine (dá ngairtear an t-árachaí san Acht seo) atá ainmnithe ann;

(b) go gcuireann an t-árachóir a d'eisigh é é féin faoi cheangal leis an t-árachaí a árachú i gcoinne na suimeanna uile gan teorainn a dtiocfaidh an t-árachaí nó a ionadaí pearsanta faoi dhliteanas a íoc le duine ar bith (gan na daoine eiscthe a áireamh) i modh damáistí nó costas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin de dhroim an t-árachaí nó aon daoine eile (más ann) dá luaitear nó a chuirtear in iúl ar shlí eile chuige sin sa pholasaí d'úsáid go faillíoch feithicil inneallghluaiste lena mbaineann an polasaí i rith na tréimhse (dá ngairtear “tréimhse an chumhdaigh” san Acht seo) a shonraítear chuige sin sa pholasaí;

(c) nach bhfuil dliteanas an árachóra faoin bpolasaí faoi réir aon choinníoll, srian, ná teorainn a bhforordaítear gan é a chur isteach i bpolasaí árachais formheasta; agus

(d) nach féidir leis an árachóir, ach amháin le toiliú an árachaí nó tar éis fógra seacht lá a thabhairt i scríbhinn don árachaí, tréimhse an chumhdaigh a fhoirceannadh roimh éag di trí imeacht aimsire.

(2) Ní bheidh polasaí árachais a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo coiscthe ó bheith ina pholasaí árachais formheasta amháin de dhroim forálacha a bheith ann i dteannta na bhforálacha a cheanglaítear leis na coinníollacha sin agus nach bhfuil ar neamhréir leis na forálacha sin.

(3) Ní bheidh polasaí árachais coiscthe ó bheith ina pholasaí árachais formheasta amháin de dhroim an t-árachas a bheith faoi réir na teorann seo a leanas agus na heisceachta seo a leanas nó faoi réir ceachtar acu:

(a) suim míle punt de theorainn a bheith leis i leith díobháil a thiocfaidh d'aon ghníomh áirithe amháin faillí nó d'aon sraith áirithe amháin gníomhartha faillí ar aon teagmhas amháin iad le chéile,

(b) aon dliteanas (de bhreis ar an dliteanas a bhaineann leis an gcás faoin dlí coiteann nó an dliteanas reachtúil a bhaineann leis an gcás) faoina rachaidh an t-árachaí trí chonradh speisialta a eisceadh ón bpolasaí árachais sin.

Ráthaíocht formheasta.

1936, Uimh. 45 .

63. —(1) Is ráthaíocht formheasta chun críocha an Achta seo ráthaíocht má chomhlíonann sí agus ar an gcuntar go gcomhlíonann sí na coinníollacha seo a leanas:

(a) go bhfuil sí arna heisiúint ag árachóir feithicle nó ráthóir feithicle chun duine (dá ngairtear an príomhfhéichiúnaí san Acht seo) atá ainmnithe inti;

(b) go gcuireann an t-árachóir nó an ráthóir a d'eisigh í é féin faoi cheangal léi a urrú go n-íocfaidh an príomhfhéichiúnaí nó a ionadaí pearsanta na suimeanna uile gan teorainn a dtiocfaidh an príomh-fhéichiúnaí nó a ionadaí pearsanta faoi dhliteanas a íoc le duine ar bith (gan na daoine eiscthe a áireamh) i modh damáistí nó costas mar gheall ar dhíobháil don phearsa nó do mhaoin de dhroim an príomh-fhéichiúnaí nó aon daoine eile (más ann) dá luaitear nó a chuirtear in iúl ar shlí eile chuige sin sa ráthaíocht d'úsáid go faillíoch feithicil inneallghluaiste lena mbaineann an ráthaíocht i rith na tréimhse (dá ngairtear “tréimhse an chumhdaigh” an Acht seo) a shonraítear chuige sin sa ráthaíocht;

(c) nach bhfuil an dliteanas atá faoin ráthaíocht ar an árachóir nó ar an ráthóir a d'eisigh an ráthaíocht faoi réir aon choinníoll, srian ná teorainn a bhforordaítear gan é a chur isteach i ráthaíocht formheasta; agus

(d) nach féidir leis an árachóir ná leis an ráthóir, ach amháin le toiliú an phríomh-fhéichiúnaí nó tar éis fógra seacht lá i scríbhinn a thabhairt don phríomh-fhéichiúnaí, tréimhse an chumhdaigh a fhoirceannadh roimh éag di trí imeacht aimsire.

(2) Ní bheidh ráthaíocht a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo coiscthe ó bheith ina ráthaíocht formheasta amháin de dhroim forálacha a bheith inti i dteannta na bhforálacha a cheanglaítear leis na coinníollacha sin agus nach bhfuil ar neamhréir leis na forálacha sin.

(3) Ní bheidh ráthaíocht coiscthe ó bheith ina ráthaíocht formheasta amháin de dhroim an ráthaíocht a bheith faoi réir na teorann agus na heisceachta seo a leanas nó faoi réir ceachtar acu:

(a) suim míle punt de theorainn a bheith léi i leith díobháil a thiocfaidh d'aon ghníomh áirithe amháin faillí nó d'aon sraith áirithe amháin gníomhartha faillí ar aon teagmhas amháin iad le chéile,

(b) aon dliteanas (de bhreis ar an dliteanas a bhaineann leis an gcás faoin dlí coiteann nó an dliteanas reachtúil a bhaineann leis an gcás) faoina rachaidh an príomhfhéichiúnaí trí chonradh speisialta a eisceadh ón ráthaíocht sin.

(4) Chun críocha ailt 25, 26 agus 27 den Acht Arachais, 1936 , féachfar ar ráthaíocht formheasta a d'eisigh árachóir feithicle ionann agus dá mba pholasaí í a d'eisigh an t-árachóir i gcúrsa a bheith ag seoladh gnó árachais feithicle inneallghluaiste de réir bhrí alt 3 den Acht sin.

Calaois le linn polasaí nó ráthaíocht a fháil.

64. —(1) Ní dhéanfaidh aon duine, d'fhonn a thabhairt ná i gcúrsa a bheith á thabhairt go n-eiseofar polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta chuige féin nó chun duine eile, nó chun a áirithiú go mbeidh sé féin nó duine eile páirteach sa chumhdach faoi pholasaí árachais formheasta nó faoi ráthaíocht formheasta, aon chalaois ná aon uiríoll ná ráiteas (i scríbhinn ná ó bhéal ná ó iompar) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.

(3) In ionchúiseamh i leith ciona faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfar doiciméad—

(a) a airbheartóidh—

(i) gur togra é is foras don chonradh iomchuí árachais nó ráthaíochta,

(ii) gur doiciméad (seachas togra) é arb é an foras sin é, nó

(iii) gurb iarratas é ar bheith páirteach sa chumhdach ón gconradh iomchuí árachais nó ráthaíochta, agus

(b) a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gcosantóir,

a thairiscint i bhfianaise gan chruthú agus toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gurb é an togra nó an doiciméad a dúradh é agus é a bheith sínithe ag an gcosantóir.

Daoine eiscthe.

65. —(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “daoine eiscthe” na daoine seo a leanas:

(a) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil don phearsa a tharla dó féin le linn dó a bheith i bhfeithicil inneallghluaiste, nó ar fheithicil inneallghluaiste, lena mbaineann an doiciméad iomchuí, seachas feithicil inneallghluaiste d'aicme atá sonraithe ag an Aire chun críocha an ailt seo le rialacháin,

(b) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil don phearsa do dhuine eile más rud é—

(i) i gcás ina bhfuair an duine eile bás den díobháil— go mbeadh an duine eile, agus a chur i gcás nach bhfuair sé bás den díobháil, ina dhuine eiscthe faoi mhír (a) den fho-alt seo, dá mbeadh sé féin ag éileamh i leith na díobhála, agus

(ii) in aon chás eile—go mbeadh an duine ina dhuine eiscthe den sórt sin dá mbeadh sé ag éileamh amhlaidh,

(c) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil do mhaoin a tharla le linn an mhaoin a bheith i bhfeithicil inneallghluaiste nó ar fheithicil inneallghluaiste lena mbaineann an doiciméad iomchuí,

(d) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil do mhaoin a tharla le linn an mhaoin a bheith ar úinéireacht nó i seilbh nó i gcoimeád nó faoi urláimh an árachaí nó an phríomh-fheichiúnaí sa doiciméad iomchuí,

(e) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil d'aon droichead meáchain nó d'aon bhóthar nó d'aon rud in éadan bóthair de dhroim meáchan feithicil inneallghluaiste, nó de dhroim chrioth a rinne feithicil inneallghluaiste, lena mbaineann an doiciméad iomchuí,

(f) aon duine atá ag éileamh i leith díobháil do mhaoin a tharla de dhroim coire pléascadh is cuid d'fheithicil inneallghluaiste lena mbaineann an doiciméad iomchuí nó de dhroim spréacha nó luaithe a tháinig as aon fheithicil den sórt sin, agus

(g) aon duine ag éileamh i leith díobháil dó féin nó d'aon duine eile a mbeadh teideal aige éileamh a dhéanamh ina leith i gcoinne an árachaí nó an phriomhfhéichiúnaí sa doiciméad iomchuí agus cúiteamh nó faoiseamh eile a dhámhadh dó faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.

(2) San alt seo—

(a) ciallaíonn “doiciméad iomchuí” an polasaí árachais formheasta nó an ráthaíocht formheasta ar ina thaobh a úsáidtear an abairt “daoine eiscthe”, agus

(b) folaíonn tagairtí do dhíobháil a tharla le linn a bheith i bhfeithicil nó ar fheithicil díobháil le linn a bheith ag dul isteach san fheithicil nó ag dul suas ar an bhfeithicil nó le linn a bheith ag tuirlingt di nó le linn duine nó maoin a bheith á chur isteach san fheithicil nó uirthi nó á thógáil amach aisti nó anuas di, agus díobháil a tharla de dheasca duine nó maoin a chaitheamh amach as an bhfeithicil nó anuas di.

Deimhniú árachais agus deimhniú ráthaíochta.

66. —(1) I gcás ina n-eiseoidh árachóir feithicle polasaí árachais formheasta, tabharfaidh sé don duine chun a n-eiseofar é an uimhir forordaithe deimhnithe (a ngairtear deimhniú árachais de gach ceann acu san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe ag deimhniú gur eisíodh an polasaí sin agus ag tabhairt a shonraí forordaithe.

(2) I gcás ina n-eiseoidh árachóir feithicle nó ráthóir feithicle ráthaíocht formheasta, tabharfaidh sé don duine chun a n-eiseofar í an uimhir forordaithe deimhnithe (a ngairtear deimhniú ráthaíochta de gach ceann acu san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe ag deimhniú gur eisíodh an ráthaíocht sin agus ag tabhairt a sonraí forordaithe.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é a bheidh in athnuachan ar pholasaí árachais formheasta nó ar ráthaíocht formheasta an polasaí sin nó an ráthaíocht sin a eisiúint.

Eifeacht deimhniú árachais nó ráthaiochta.

67. —(1) I gcás ina mbeidh árachóir feithicle tar éis deimhniú árachais a eisiúint á dheimhniú gur eisigh sé polasaí árachais formheasta chun duine shonraithe—

(a) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh aon pholasaí den sórt a thuairiscítear sa deimhniú eisithe, measfar an t-árachóir a bheith, idir é féin agus aon duine eile seachas an duine sonraithe, tar éis polasaí árachais formheasta, a bheidh i ngach slí de réir na tuairisce agus na sonraí a bheidh sa deimhniú, a eisiúint chun an duine shonraithe, agus

(b) má bhíonn an t-árachóir tar éis polasaí mar a thuairiscítear sa deimhniú a eisiúint chun an duine shonraithe ach gur lú tairbhe téarmaí iarbhír an pholasaí do dhaoine a dhéanfaidh éileamh faoi réim nó de bhua an pholasaí i gcoinne an árachóra, go díreach nó tríd an duine sonraithe, ná sonraí an pholasaí mar a thugtar sa deimhniú, measfar, idir an t-árachóir agus aon duine eile seachas an duine sonraithe, an polasaí a bheith i dtéarmaí atá i ngach slí de réir na sonraí sin.

(2) I gcás ina mbeidh árachóir feithicle nó ráthóir feithicle tar éis deimhniú ráthaíochta a eisiúint á dheimhnú gur eisigh sé ráthaíocht formheasta chun duine shonraithe—

(a) mura mbeidh agus an fad nach mbeidh aon ráthaíocht den sórt a thuairiscítear sa deimhniú eisithe, measfar an t-árachóir nó an ráthóir a bheith, idir é féin agus aon duine eile seachas an duine sonraithe, tar éis ráthaíocht formheasta i dtéarmaí a bheidh i ngach slí de réir na tuairisce agus na sonraí a thugtar sa deimhniú, a eisiúint chun an duine shonraithe, agus

(b) má bhíonn an t-árachóir nó an ráthóir tar éis ráthaíocht mar a thuairiscítear sa deimhniú a eisiúint chun an duine shonraithe ach gur lú tairbhe téarmaí íarbhír na ráthaíochta do dhaoine a dhéanfaidh éileamh faoi réim nó de bhua na ráthaíochta i gcoinne an árachóra nó an ráthóra, go díreach nó tríd an duine sonraithe, ná sonraí na ráthaíochta mar a thugtar sa deimhniú, measfar, idir an t-árachóir nó an ráthóir agus aon duine eile seachas an duine sonraithe, an ráthaíocht a bheith i dtéarmaí atá i ngach slí de réir na sonraí sin.

(3) Ní fhágfaidh aon ní san alt seo go ndlífear aon dleacht stampa a íoc ar dheimhniú árachais ná ar dheimhniú ráthaíochta nach ndlífí a íoc air dá mbeifí gan an t-alt seo a achtú.

Deimhniú diolúine.

1936, Uimh. 45 .

68. —(1) Féadfaidh árachóir feithicle, ráthóir feithicle nó duine díolmhaithe tráth ar bith deimhniú amháin nó níos mó (a ngairtear deimhniú díolúine de gach ceann acu san Acht seo) san fhoirm fhorordaithe a eisiúint i leith aon fheithicil inneallghluaiste a bheidh ar úinéireacht aige ag deimhniú gurb é úinéir na feithicle é agus ag tabhairt na sonraí forordaithe maidir lena dhliteanas i leith díobháil a thiocfaidh den fheithicil a úsáid go faillíoch.

(2) Chun críocha ailt 25, 26 agus 27 den Acht Arachais, 1936 , féachfar ar dheimhniú díolúine a d'eisigh árachóir feithicle ionann agus dá mba pholasaí é a d'eisigh an t-árachóir i gcúrsa gnó árachais feithicle inneallghluaiste a sheoladh de réir bhrí alt 3 den Acht sin.

Deimhniú a thabhairt ar aird ar éileamh.

69. —(1) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a chreidiúint gur úsáideadh feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí ar ócáid áirithe (lena n-áirítear cás inar thug an comhalta féin faoi deara an úsáid) agus gur duine áirithe a d'úsáid an fheithicil iarbhír ar an ócáid sin, féadfaidh an comhalta, am ar bith nach déanaí ná mí tar éis na hócáide, a éileamh ar an duine deimhniú árachais nó deimhniú ráthaíochta nó deimhniú díolúine i leith úsáid na feithicle ag an duine ar an ócáid a thabhairt ar aird agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an duine aon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an duine sin an t-am a éilíodh amhlaidh an deimhniú a thabhairt ar aird.

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an cosantóir an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(c) Is cosaint mhaith é in ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo má shuíonn an cosantóir maidir leis an ócáid a bheidh i gceist—

(i) nár úsáid sé an fheithicil, nó

(ii) gur sheirbhíseach d'úinéir na feithicle é agus go raibh an fheithicil á húsáid aige de réir orduithe sainráite ón úinéir.

(2) (a) Má bhíonn cúis réasúnach ag comhalta den Gharda Síochána chun a cheirdiúint gur úsáideadh feithicil inneallghluaiste in áit phoiblí ar ócáid áirithe (lena n-áirítear cás inar thug an comhalta féin faoi deara an úsáid) féadfaidh an comhalta, tráth ar bith nach déanaí ná mí tar éis na hócáide, a éileamh ar úinéir na feithicle deimhniú árachais nó deimhniú ráthaíochta nó deimhniú díolúine i leith úsáid na feithicle ar an ócáid ag an duine a bhí á húsáid iarbhír an tráth sin a thabhairt ar aird agus, má dhiúltaíonn nó má mhainníonn an t-úinéir aon deimhniú den sórt sin a thabhairt ar aird san am sin agus san áit sin, beidh sé ciontach i gcion mura ndéanfaidh sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh air an deimhniú sin a thabhairt ar aird an deimhniú sin a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an t-úinéir an t-am a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(b) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach ndearna sé, laistigh de dheich lá tar éis an lae a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird, an deimhniú a thabhairt ar aird go pearsanta do chomhalta den Gharda Síochána i stáisiún Garda Síochána a d'ainmnigh an cosantóir sin an tráth a éilíodh an deimhniú sin a thabhairt ar aird.

(c) Is cosaint mhaith in ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo má shuíonn an cosantóir—

(i) nár úsáideadh an fheithicil ar an ócáid a bheidh i gceist, nó

(ii) gur dhuine seachas é féin a d'úsáid an fheithicil ar an ócáid a bheidh i gceist, gur úsáideadh amhlaidh í gan a cheadú agus go raibh gach cúram réasúnach glactha aige chun nach n-úsáidfí amhlaidh í nó gur sheirbhíseach dó ag gníomhú contrártha dá orduithe an duine a bhí á húsáid amhlaidh.

(3) I gcás ina dtabharfaidh duine deimhniú ar aird do chomhalta den Gharda Síochána de bhun an ailt seo ach go ndiúltóidh sé nó go mainneoidh sé a cheadú don chomhalta é a léamh agus a scrúdú, beidh sé ciontach i gcion agus féadfaidh an comhalta a ainm agus a sheoladh a éileamh air.

(4) I gcás ina ndiúltóidh nó ina mainneoidh duine a n-éileofar a ainm agus a sheoladh air faoi fho-alt (3) den alt seo a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó ina dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bheidh bréagach nó míthreorach beidh sé ciontach i gcion.

(5) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan barántas—

(a) a thabharfaidh deimhniú ar aird de bhun an ailt seo ach a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a cheadú don chomhalta é a léamh agus a scrúdú, nó

(b) nuair a éileoidh an comhalta a ainm agus a sheoladh faoin alt seo, a dhiúltóidh nó a mhainneoidh a ainm agus a sheoladh a thabhairt nó a thabharfaidh ainm agus seoladh a mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta chun a chreidiúint é a bheith bréagach nó míthreorach.

É d'oibleagáid ann deimhniú a thabhairt suas.

70. —(1) I gcás ina bhfoirceannfar nó ina bhfionnrófar tréimhse an chumhdaigh faoi pholasaí árachais formheasta aon slí roimh dheireadh a theacht léi trí imeacht aimsire, déanfaidh an t-árachaí, laistigh de sheacht lá tar éis an fhoirceannta nó na fionraí, an deimhniú árachais deiridh i leith an pholasaí a sheachadadh don árachóir feithicle a d'eisigh an polasaí.

(2) I gcás ina bhfoirceannfar nó ina bhfionnrófar tréimhse an chumhdaigh faoi ráthaíocht formheasta in aon slí roimh dheireadh a theacht léi trí imeacht aimsire, déanfaidh an príomhfhéichiúnaí, laistigh de sheacht lá tar éis an fhoirceannta nó na fionraí, an deimhniú ráthaíochta deiridh i leith na ráthaíochta a sheachadadh don árachóir feithicle nó don ráthóir feithicle a d'eisigh an ráthaíocht.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

É bheith d'oibleagáid ar an árachaí nó ar an bpríomhfhéichiúnaí fógra a thabhairt i dtaobh tionóisce.

71. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás ina dtarlóidh teagmhas maidir le feithicil inneallghluaiste ar féidir dá dheasca go ndlífeadh an t-árachóir feithicle a d'eisigh polasaí árachais formheasta, nó an t-árachóir feithicle nó an ráthóir feithicle a d'eisigh ráthaíocht formheasta, a bheidh i bhfeidhm an tráth sin i leith na feithicle, airgead a íoc le haon duine, déanfaidh an t-árachaí nó an príomh-fhéichiúnaí de réir mar a bheidh, a luaithe is féidir tar éis an teagmhas tarlú nó, murar ina láthair a tharla an teagmhas, laistigh d'ocht n-uaire is daichead an chloig tar éis dó eolas a fháil den chéad uair i dtaobh an teagmhais, fógra i scríbhinn i dtaobh an teagmhais a thabhairt don árachóir a d'eisigh an polasaí nó don árachóir nó don ráthóir a d'eisigh an ráthaíocht maraon le cibé sonraí i dtaobh an teagmhais, atá aige nó is féidir leis a fháil agus a iarrfaidh an t-árachóir nó an ráthóir de réir réasúin.

(2) Féadfaidh foráil a bheith i bpolasaí árachais formheasta nó i ráthaíocht formheasta ag saoradh an árachaí nó an phríomhfhéichiúnaí (de réir mar a bheidh) ón oibleagáid an fógra a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a thabhairt agus, in aon chás den sórt sin, ní gá an fógra sin a thabhairt.

(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Féadfar fógra nó sonraí a cheanglaítear leis an alt seo a thabhairt a thabhairt tríd an bhfógra nó na sonraí a phostáil i gclúdach a bheidh dúnta agus réamhíoctha i gceart faoi sheoladh an árachóra nó an ráthóra, agus measfar an fógra nó na sonraí a bheith tugtha laistigh den am a shonraítear san alt seo chun an fógra nó na sonraí sin a thabhairt má phostáltar amhlaidh an céanna laistigh den am sin.

É bheith d'oibleagáid ar úsáidire feithicle fógra a thabhairt i dtaobh tionóisce.

72. —(1) I gcás ina dtarlóidh teagmhas maidir le feithicil inneallghluaiste ar féidir dá dheasca go ndlífeadh an t-árachóir feithicle a d'eisigh polasaí árachais formheasta, nó an t-árachóir feithicle nó an ráthóir feithicle a d'eisigh ráthaíocht formheasta, a bheidh i bhfeidhm an tráth sin i leith na feithicle airgead a íoc le haon duine, déanfaidh an duine a bheidh ag úsáid na feithicle iarbhír nuair a tharlóidh an teagmhas—

(a) murab é féin an t-árachaí faoin bpolasaí nó an príomhfhéichiúnaí faoin ráthaíocht nó gur i láthair an árachaí nó an phríomh-fhéichiúnaí sin a tharlóidh an teagmhas, fógra i dtaobh an teagmhais agus sonraí iomlána ina thaobh a thabhairt don árachaí sin nó don phríomhfhéichiúnaí sin a luaithe is féidir tar éis an teagmhais,

(b) cibé sonraí a bheidh ar eolas nó ar fáil aige agus a iarrfaidh an t-árachóir nó an ráthóir de réir réasúin a thabhairt don árachóir nó don ráthóir, ar é dá éileamh sin.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Féadfar fógra nó sonraí a cheanglaítear le mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo a thabhairt a thabhairt tríd an bhfógra nó na sonraí a phostáil i gclúdach a bheidh dúnta agus réamhíoctha i gceart faoi sheoladh an árachaí nó an príomh-fhéichiúnaí.

É d'oibleagáid ann eolas a thabhairt i dtaobh árachais.

73. —(1) I gcás ina ndéanfar éileamh i gcoinne duine i leith aon dliteanais is iomchuí de réir an Achta seo a bheith cumhdaithe le polasaí árachais formheasta nó le ráthaíocht formheasta, déanfaidh an duine sin, ar éileamh i scríbhinn (a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe) ón duine a dhéanfaidh an t-éileamh nó thar a cheann—

(a) má bhí an dliteanas sin cumhdaithe amhlaidh, an fíoras sin a lua agus ainm agus seoladh an árachóra nó an ráthóra lena mbainfidh a lua agus na príomh-shonraí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó i bhfo-alt (2) (de réir mar is iomchuí) d'alt 66 den Acht seo,

(b) más rud é go mbeadh an dliteanas cumhdaithe amhlaidh mura mbeadh go ndearnadh polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta a neamhniú, a chealú nó a fhoirceannadh i slí eile, an fíoras sin a lua agus ainm agus seoladh an árachóra nó an ráthóra lena mbainfidh a lua,

(c) mura raibh an dliteanas cumhdaithe amhlaidh toisc gur árachóir feithicle, ráthóir feithicle nó duine díolmhaithe an duine arb ina aghaidh a dhéanfar an t-éileamh, an fíoras sin a lua agus na sonraí forordaithe dá dtagraítear in alt 68 den Acht seo a lua, agus

(d) mura mbaineann aon cheann de na míreanna seo roimhe seo le hábhar, an fíoras sin a lua.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Féadfar aon ráiteas a iarrfar faoin alt seo a thabhairt tríd an ráiteas a phostáil i gclúdach a bheidh dúnta agus réamhíoctha i gceart faoi sheoladh an duine a bheidh á éileamh.

Leasú ar an Assurance Companies Act, 1909.

1909, c. 49.

1936, Uimh. 45 .

74. —(1) Beidh éifeacht ag alt 1 den Assurance Companies Act, 1909, arna oiriúnú le hachtachán ina dhiaidh sin nó fúthu, ionann agus dá ndéantaí an mhír a seo leanas a chur leis i ndiaidh mír (e) de:

“(f) mechanically propelled vehicle insurance business, that is to say, the business of effecting contracts of insurance against loss of or damage to or arising out or in connection with the use of mechanically propelled vehicles, including third party risks.”

(2) I gcás ina mbeidh gnó árachais feithicle inneallghluaiste de réir bhrí alt 3 den Acht Arachais, 1936 , á sheoladh ag cuideachta árachais nó siondacáit de réir bhrí an ailt sin, beidh feidhm ag an Assurance Companies Act, 1909, arna oiriúnú le hachtacháin ina dhiaidh sin nó fúthu, maidir leis an ngnó sin, faoi réir na modhnuithe seo a leanas:

(a) ní bheidh feidhm ag ailt 5 agus 6 den Acht sin maidir leis an gcuideachta nó an siondacáit;

(b) déanfaidh an chuideachta nó an tsiondacáit ráiteas i dtaobh a ngnó árachais feithicle inneallghluaiste a ullmhú in aghaidh na bliana i cibé foirm a ordóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ó am go ham agus déanfar an ráiteas a chló, a shíniú agus a thaisceadh leis an Aire sin de réir alt 7 den Acht sin agus beidh feidhm ag an alt sin dá réir sin;

(c) bainfidh míreanna (d), (e), (f) agus (g) d'alt 32 den Acht sin leis an gcuideachta nó an tsiondacáit ionann agus dá mbeadh na míreanna sin leagtha amach anseo agus an abairt “mechanically propelled vehicle insurance business” curtha in ionad na habairte “accident insurance business” gach áit ina bhfuil an abairt sin sna míreanna sin.

Rialacháin i ndáil le deimhnithe, taifid a choimeád agus eolas a thabhairt.

75. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) eisiúint deimhnithe árachais, deimhnithe ráthaíochta agus deimhnithe díolúine;

(b) cóipeanna d'aon deimhnithe den sórt sin, nó deimhnithe nua in ionad aon deimhnithe den sórt sin, a chaillfear nó a dhítheofar a eisiúint agus na táillí uasta a fhéadfar a bhaint amach as iad a eisiúint;

(c) cealú agus forghéilleadh deimhnithe den sórt sin;

(d) a cheangal ar árachóirí feithicle taifid a choimeád i dtaobh gach polasaí árachais formheasta agus gach ráthaíocht formheasta a eiseoidh siad;

(e) a cheangal ar ráthóirí feithicle taifid a choimeád i dtaobh gach ráthaíocht formheasta a eiseoidh siad;

(f) a cheangal ar dhaoine díolmhaithe taifid a choimeád i dtaobh gach deimhniú díolúine a eiseoidh siad;

(g) sonrú na nithe a bheidh le taifeadadh sna taifid;

(h) a chumasú do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh don Aire na taifid a iniúchadh;

(i) a cheangal ar árachóirí feithicle eolas a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh don Aire i dtaobh polasaithe árachais formheasta agus ráthaíochtaí formheasta a bheidh eisithe ag na hárachóirí sin;

(j) a cheangal ar ráthóirí feithicle eolas a thabhairt do chomhaltaí den Gharda Síochána agus d'oifigigh don Aire i dtaobh ráthaíochtaí formheasta a bheidh eisithe ag na rathóirí sin.

(2) Aon duine a sháróidh rialachán faoin alt seo a ndearbhaítear gur pianrialachán é beidh sé ciontach i gcion.

Forálacha ilghnéitheacha i ndáil le hairgead árachaithe nó airgead ráthaithe.

76. —(1) I gcás ina mbeidh duine (dá ngairtear an t-éilitheoir san alt seo) á éileamh go bhfuil teideal aige go ngnóthóidh sé ó úinéir feithicle inneallghluaiste nó ó dhuine (seachas an t-úinéir) a d'úsáid feithicil inneallghluaiste (dá ngairtear an t-úsáidire san alt seo) suim (leachtaithe nó neamhleachtaithe), nó tar éis breithiúnas a ghnóthú in aon chúirt bhreithiúnais (in imeachtaí a raibh fógra roimh ré ina dtaobh ag an árachóir feithicle nó ag an ráthóir feithicle a luaitear anseo ina dhiaidh seo) i gcoinne an úinéara nó an úsáidire i leith suim (leachtaithe nó neamhleach taithe) a mbeidh an t-úinéir nó an t-úsáidire árachaithe le polasaí árachais formheasta i gcoinne an dliteanais ina leith nó a mbeidh a híoc ag an úinéir nó ag an úsáidire ráthaithe le ráthaíocht formheasta, féadfaidh an t-éilitheoir fógra i scríbhinn i dtaobh an éilimh nó an bhreithiúnais i leith na suime a sheirbheáil leis an bpost cláraithe ar an árachóir feithicle a d'eisigh an polasaí nó ar árachóir feithicle nó ar an ráthóir feithicle a d'eisigh an ráthaiocht, agus ar an bhfógra a sheirbheáil beidh éifeacht, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, ag cibé forálacha acu seo a leanas is inchurtha chun feidhme:

(a) ní dhéanfaidh an t-árachóir tar éis an fógra sin a sheirbheáil aon suim is mó ná an méid (más aon mhéid é) a bheidh íoctha iarbhír ag an úinéir nó ag an úsáidire i leith na suime a íoc leis an úinéir nó leis an úsáidire i leith na suime;

(b) i gcás ina mbeidh breithiúnas i leith na suime gnóthaithe amhlaidh ag an éilitheoir nó ina ngnóthóidh sé amhlaidh, tar éis an fógra a sheirbheáil, breithiúnas i leith na suime nó aon choda di, íocfaidh an t-árachóir nó an ráthóir leis an éilitheoir an oiread sin den airgead (cibé acu damáistí nó costais é) ar gnóthaíodh nó a ngnóthófar breithiúnas amhlaidh ina leith agus a bheidh árachaithe nó ráthaithe ag an árachóir nó ag an ráthóir agus nach mbeidh íoctha ar shlí eile leis an éilitheoir, agus, amhail mar a bheidh i gcoinne an árachaí nó an phríomh-fhéichiúnaí, is íocaíocht bhailí faoin bpolasaí nó faoin ráthaíocht an íocaíocht;

(c) i gcás ina mbeidh breithiúnas i leith na suime gnóthaithe amhlaidh ag an éilitheoir nó ina ngnóthóidh sé amhlaidh, tar éis an fógra a sheirbheáil, breithiúnas i leith na suime nó aon choda di, agus nach mbeidh méid iomlán an bhreithiúnais gnóthaithe aige ón úinéir ná ón úsáidire ná ón árachóir ná ón ráthóir sin, féadfaidh an t-éilitheoir iarratas a dhéanamh chun na cúirte inar ghnóthaigh sé an breithiúnas ag iarraidh cead chun an breithiúnas a fhorfheidhmiú i gcoinne an árachóra nó an ráthóra, agus, air sin, féadfaidh an chúirt, más cuí léi sin, géilleadh don iarratas maidir le méid iomlán an bhreithiúnas nó maidir le haon chuid sonraithe den méid sin;

(d) i gcás nach mbeidh breithiúnas i leith na suime gnóthaithe amhlaidh ag an éilitheoir, féadfaidh an t-éilitheoir iarratas a dhéanamh chun aon chúirte dlínse inniúla ina bhféadfaidh sé imeachtaí a bhunú chun an tsuim a ghnóthú ón úinéir nó ón úsáidire ag iarraidh cead na himeachtaí sin a thionscnamh agus a chur ar aghaidh i gcoinne an árachóra nó an ráthóra (de réir mar a bheidh) in ionad an úinéara nó an úsáidire, agus, más deimhin leis an gcúirt nach bhfuil an t-úinéir nó an t-úsáidire sa Stát, nó nach féidir é a fháil nó nach féidir próis na cúirte a sheirbheáil air, nó gur ceart agus gur cothrom ar aon chúis eile géilleadh don iarratas, féadfaidh sí géilleadh don iarratas agus air sin beidh teideal ag an éilitheoir na himeachtaí sin a thionscnamh agus a chur ar aghaidh i gcoinne an árachóra nó an ráthóra agus aon suim a ghnóthú iontu ón árachóir nó ón ráthóir a mbeadh teideal aige a ghnóthú ón úinéir nó ón úsáidire agus a mbeidh a híoc árachaithe nó ráthaithe ag an árachóir nó ag an ráthóir;

(e) ní bhraithfidh an t-árachóir ná an ráthóir ar aon neamhbhailíocht, ná ní phléifidh aon neamhbhailíocht, mar fhoras chun a dhiúltú airgead a íoc leis an éilitheoir nó mar chosaint i gcoinne imeachtaí ag an éilitheoir, a bheidh sa pholasaí nó sa ráthaíocht de dheasca aon chalaois nó aon mhífhaisnéis nó ráiteas bréagach (calaoiseach nó neamhurchóideach) nach raibh an t-éilitheoir páirteach ná ionpháirteach ann agus, más oilghníomh faoin gCuid seo den Acht seo é, nárbh ábhar ionchúisimh agus ciontaithe faoin alt iomchuí den Acht seo.

(2) Más rud é, maidir le haon ghníomh áirithe amháin faillí nó an aon sraith amháin gníomhartha faillí ar teagmhas amháin iad i dteannta a chéile agus gur mó iomlán na suimeanna a bheifear a éileamh mar gheall ar dhamáistí do mhaoin nó a mbeidh breithiúnas gnóthaithe ina leith mar gheall ar dhamáistí sa díobháil sin ná an tsuim a bheidh árachaithe nó ráthaithe ag an árachóir nó ag an ráthóir, déanfar an dliteanas, maidir le gach éilitheoir, a bheidh ar an árachóir nó ar an ráthóir maidir leis na damáistí sin a laghdú go dtí an chuid chionúireach oiriúnach den tsuim a bheidh árachaithe nó ráthaithe.

(3) Ní bhaineann fo-ailt (1) agus (2) den alt seo ach amháin le héilithe i gcoinne an dliteanais a gceanglaítear leis an Acht seo polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta a bhaint amach i gcoinne an dliteanais a bhaineann leo.

(4) I gcás ina dtarlóidh do dhuine (dá ngairtear an t-árachaí anseo feasta) a bheidh tar éis polasaí árachais formheasta a bhaint amach, más pearsa é, go dtiocfaidh sé chun bheith ina fhéimheach nó dócmhainneach, nó go n-éagfaidh sé nó, más comhlacht corpraithe é, go bhfoirceannfar é nó, más comhpháirtíocht nó comhlachas neamhchorpraithe eile é, go ndíscaoilfear é, ní bheidh airgead is iníoctha leis an árachaí faoin bpolasaí inchurtha chun feidhme ach amháin ag lán-íoc na n-éileamh bailí uile ó thríú páirtithe i gcoinne an árachaí is éilithe a mbeidh an t-airgead sin iníoctha ina leith, agus ní sócmhainní leis an árachaí a bheidh in aon chuid den airgead sin ná ní bheidh aon chuid den airgead sin inchurtha chun íoca fiacha an árachaí (seachas na héilithe sin) san fhéimheacht nó san fhoirceannadh nó sa díscaoileadh, agus ní bheidh aon éileamh den sórt sin inchruthaithe san fhéimheacht, sa dócmhainneacht, sa riarachán, san fhoirceannadh nó sa díscaoileadh.

(5) I gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, forléireofar tagairt san alt seo d'úinéir nó d'úsáidire feithicle inneallghluaiste mar thagairt a fholaíonn tagairt dá ionadaí pearsanta.

An éarlais a chur chun feidhme agus a aisíoc.

77. —(1) San alt seo ciallaíonn “éarlais” éarlais faoi alt 61 den Acht seo.

(2) I gcás ina mbeidh breithiúnas gnóthaithe ag duine in aon chúirt i gcoinne taisceoir éarlaise i leith suim lena mbaineann an t-alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ón duine sin agus más deimhin léi nach bhfuil aon earraí ag an taisceoir is féidir a thógáil uaidh i bhforfheidhmiú chun an breithiúnas a shásamh, a ordú go ndéanfaidh Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais méid an bhreithiúnais sin, maraon leis na costais a bhainfidh leis an ordú agus lena iarraidh agus leis na himeachtaí faoi, a íoc amach as an éarlais.

(3) I gcás ina ndéanfar méid breithiúnais a íoc faoin alt seo amach as éarlais, féadfaidh an taisceoir suim is comhionann leis an tsuim a íocadh amach a thaisceadh le Cuntasóir na gCúirteanna Breithiúnais, agus, go dtí go ndéanfaidh sé sin, measfar nach gcomhlíonann sé forálacha na Coda seo den Acht seo maidir le héarlaisí a thaisceadh.

(4) I gcás ina dtarlóidh do thaisceoir éarlaise, más pearsa é, go dtiocfaidh sé chun bheith ina fhéimheach nó dócmhainneach nó go n-éagfaidh sé nó, más comhlacht corpraithe é, go bhfoirceannfar é nó, más comhpháirtíocht nó comhlachas neamh chorpraithe eile é, go ndíscaoilfear é, déanfar an éarlais a chur chun feidhme, sa chéad ásc, ag íoc dliteanas i leith suimeanna lena mbaineann an t-alt seo agus, sa dara ásc, mar shócmhainní ginearálta.

(5) I gcás inar deimhin leis an Ard-Chúirt, ar iarratas ó thaisceoir éarlaise nó ó dhuine a bheidh ag éileamh tríd nó faoi agus tar éis fógra a thabhairt don Aire Tionscail agus Tráchtála agus tar éis cibé fógraí a fhoilsiú a ordóidh an Ard-Chúirt, gur ceart an éarlais a íoc amach leis an iarratasóir, féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú go n-íocfar amach amhlaidh í gan choinníoll nó faoi réir coinníollacha.

(6) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, is suim lena mbaineann an t-alt seo gach suim acu seo a leanas:

(a) suim ar ráthóir faoi ráthaíocht formheasta i gcoinne an dliteanais ina leith taisceoir éarlaise ar ráthóir feithicle é,

(b) suim a mbeadh taisceoir éarlaise is ráthóir feithicle nó duine díolmhaithe faoi cheangal faoin Acht seo, dá mba nárbh thaisceoir den sórt sin é, polasaí árachais formheasta nó ráthaíocht formheasta a bheith bainte amach aige i gcoinne an dliteanais ina leith.

Forálacha i ndáil le hOifig Arachóirí Gluaisteán na hÉireann.

1936, Uimh. 45 .

78. —(1) Ní sheolfaidh duine gnó árachais feithicle inneallghluaiste de réir bhrí alt 3 den Acht Arachais, 1936 , mura rud é—

(a) gur comhalta den Oifig é, nó

(b) go mbeidh gealltanas uaidh i bhfeidhm i dtéarmaí a bheidh formheasta ag an Aire go ndéileálfaidh sé le héilithe tríú páirtí i leith feithiclí inneallghluaiste a bheidh árachaithe aige ar théarmaí cosúil leis na téarmaí ar a mbeidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire agus an Oifig i leith na hOifige.

(2) Ní ghníomhóidh duine mar ráthóir feithicle—

(a) mura comhalta den Oifig é, nó

(b) mura mbeidh gealltanas uaidh i bhfeidhm i dtéarmaí a bheidh formheasta ag an Aire go ndéaláfaidh sé le héilithe tríú páirtí i leith feithiclí inneallghluaiste a bheidh ráthaithe aige ar théarmaí cosúil leis na téarmaí ar a mbeidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire agus an Oifig i leith na hOifige.

(3) Ní bheidh duine ina dhuine díolmhaithe mura mbeidh gealltanas uaidh i bhfeidhm i dtéarmaí a bheidh formheasta ag an Aire go ndéileálfaidh sé le héilithe tríú páirtí i leith feithiclí inneallghluaitse leis féin ar théarmaí cosúil leis na téarmaí ar a mbeidh comhaontaithe ó am go ham idir an tAire agus an Oifig i leith na hOifige.

(4) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo d'ainneoin aon fhoráil eile den Acht seo nó d'aon Acht eile.

(5) San alt seo ciallaíonn “an Oifig” Oifig Arachóirí Gluaisteán na hÉireann.

Feithiclí faoi urláimh coisí a bheith eiscthe.

79. —Déantar leis seo feithiclí faoi urláimh coisí is feithiclí atá sonraithe ag an Aire le rialacháin chun críocha an ailt seo agus a chomhlíonann na coinníollacha a luaitear sna rialacháin a eisceadh ón gCuid seo den Acht seo.

Forálacha speisialta do dhaoine gan gnáthchónaí.

80. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun a urasú do dhaoine ar lasmuigh den Stát atá gnáthchónaí orthu an Chuid seo den Acht seo a chomhlíonadh agus féadfaidh na rialacháin aon cheann nó gach ceann d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo a mhodhnú maidir leis na daoine sin, ach ní ar shlí go ndíolmhófar go substainteach aon duine ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gCuid seo den Acht seo.

Forálacha idirlinne (Cuid VI).

81. —(1) Measfar gur éarlais faoi alt 61 den Acht seo éarlais faoi alt 61 den Acht aisghairthe a bheidh ar marthain i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(2) Measfar gur deimhniú faoi fho-alt (1) d'alt 66 den Acht seo deimhniú faoi fho-alt (1) d'alt 68 den Acht aisghairthe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(3) Measfar gur deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 66 den Acht seo deimhniú faoi fho-alt (2) d'alt 68 den Acht aisgharithe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.

(4) Measfar gur deimhniú faoi alt 68 den Acht seo deimhniú faoi alt 70 den Acht aisghairthe a bheidh i bhfeidhm i dtosach feidhme an fho-ailt seo.