An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI. Árachas Éigeantach i gCás Feithiclí Inneallghluaiste.) Ar Aghaidh (CUID VIII. Trácht a Rialáil.)

24 1961

AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961

CUID VII.

Feithiclí Seirbhíse Poiblí a Rialú agus a Oibriú.

Rialacháin i ndáil le feithiclí seirbhíse poiblí a rialú agus a oibriú.

82. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i ndáil le feithiclí seirbhíse poiblí a rialú agus a oibriú.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil a chur i rialacháin faoin alt seo i dtaobh gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas:

(a) feithiclí seirbhíse poiblí a cheadúnú;

(b) tiománaithe agus stiúrthóirí feithiclí seirbhíse poiblí a cheadúnú;

(c) táillí sonraithe a íoc i leith ceadúnais, suaitheantais nó plátaí a dheonófar faoi na rialacháin agus diúscairt na dtáillí sin;

(d) béas-iompar agus dualgais tiománaithe agus stiúrthóirí feithiclí seirbhíse poiblí agus a bhfostóirí;

(e) béas-iompar agus dualgais paisnéirí agus daoine a mbeidh ar intinn acu a bheith ina bpaisnéirí i bhfeithiclí seirbhíse poiblí;

(f) na coinníollacha (lena n-áirítear tacsaiméadair a úsáid) ar faoina réir a fhéadfar feithiclí a oibriú mar fheithiclí seirbhíse poiblí;

(g) taifid shonraithe a choimeád agus deimhnithe sonraithe a eisiúint agus na daoine a shonrú arb iad a eiseoidh na deimhnithe sin;

(h) a údarú táillí uasta a shocrú d'fheithiclí seirbhíse sráide;

(i) ábhair a bhainfidh leis an athrú ón Acht aisghairthe go dtí na rialacháin faoin alt seo.

(3) Féadfar rialacháin éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla agus limistéir éagsúla.

(4) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith arna eisiúint de bhun rialachán faoin alt seo agus a dheimhneoidh gur táille shonraithe an táille uasta a bhí socair d'fheithiclí seirbhíse sráide i limistéar sonraithe lá sonraithe, beidh sé ina fhianaise, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh é a shíniú ná gurbh eisean an duine ceart chun é a eisiúint, in aon imeachtaí dlíthiúla go dtí go suífear a mhalairt ar na hábhair a bheidh deimhnithe ann.

(5) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith arna eisiúint de bhun rialachán faoin alt seo agus a dheimhneoidh go raibh duine sonraithe lá sonraithe ina shealbhóir ar cheadúnas faoi na rialacháin nó go raibh ceadúnas faoi na rialacháin i bhfeidhm lá sonraithe i leith feithicle sonraithe, beidh sé ina fhianaise, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh é a shíniú ná gurbh eisean an duine ceart chun é a eisiúint, in aon imeachtaídlíthiúla go dtí go suífear a mhalairt ar na hábhair a bheidh deimhnithe ann.

(6) Aon duine a sháróidh rialachán faoin bhfo-alt seo a ndearbhaítear gur pianrialachán é, beidh sé agus, i gcásanna den sórt sin a mbeidh feithicil i gceist agus a bheidh forordaithe agus nach é an duine sin úinéir na feithicle, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion.

(7) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo inar rud ábhartha ceadúnas faoi rialacháin faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nach raibh, an-t-am ábhartha, ceadúnas den sórt sin, agus éifeacht leis an t-am sin, ar seilbh.

(8) I gcás ina n-úsáidfear feithicil inneallghluaiste chun ochtar duine nó níos mó a iompar nach mbeidh ar fostú ag úinéir na feithicle, toimhdeofar, go dtí go suífear a mhalairt, iad a bheith á n-iompar san fheithicil ar luach saothair.

Tacsaiméadair a iniúchadh agus a fhíorú in aghaidh na bliana.

1889, c. 21.

1928, Uimh. 3 .

1904, c. 28.

83. —(1) Déanfar agus déantar leis seo an míniú ar “measuring instrument” atá in alt 35 den Weights and Measures Act, 1889, arna leathnú le halt 10 den Acht Meáchan agus Tomhas, 1928 , a leathnú tuilleadh chun go bhfolóidh sé tacsaiméadar, agus beidh éifeacht ag an alt sin 35 dá réir sin.

(2) Ní shroichfidh ná ní fholóidh cumhachtaí agus dualgais cigirí meáchan agus tomhas arna gceapadh ag Ard-Mhéara Ró-Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Átha Cliath nó ag Bardas Dhún Laoghaire tacsaiméadair a iniúchadh, a thástáil, a fhíorú nó a stampáil.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir ó am go ham an oiread sin comhaltaí den Gharda Síochána is dóigh leis is ceart agus a cheadóidh an tAire Airgeadais a cheapadh chun a bheith ina gcigirí ionstraimí meáchain (dá ngairtear cigirí speisialta san alt seo) chun tacsaiméadair a iniúchadh, a fhíorú agus a stampáil, agus beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le cigirí speisialta:

(a) féadfaidh an Coimisinéir aon chigire speisialta a fhionraí nó a dhíbhe as a oifig mar chigire speisialta;

(b) ní cheapfar comhalta den Gharda Síochána chun bheith ina chigire speisialta mura mbeidh aige deimhniú faoi alt 8 den Weights and Measures Act, 1904, nó deimhniú cigire speisialta arna dheonú de réir rialachán arna ndéanamh ag an Aire Tionscail agus Tráchtála faoin alt seo;

(c) féadfar cigire ex-officio meáchan agus tomhas a cheapadh chun bheith ina chigire speisialta agus, nuair a cheapfar amhlaidh é, féadfaidh sé, má ordaíonn an Coimisinéir sin, leanúint de bheith ina chigire ex-officio meáchan agus tomhas;

(d) beidh ag cigire speisialta, maidir le tacsaiméadair a iniúchadh, a fhíorú agus a stampáil, na cumhachtaí uile agus feidhmeoidh sé na dualgais uile a bhronntar nó a fhorchuirtear ar chigire nó ar chigire ex-officio meáchan agus tomhas leis na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936, ach sin gan aon srian maidir leis an limistéar nó an ceantar ina bhféadfaidh an cigire speisialta na cumhachtaí sin a fheidhmiú nó ina mbeidh na dualgais sin le comhlíonadh aige;

(e) déanfar na tagairtí atá sna hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936, do chigire nó do chigire exofficio meáchan agus tomhas a fhorléiriú, maidir le tacsaiméadair a iniúchadh, a fhíorú agus a stampáil, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chigire speisialta, agus beidh éifeacht ag na hAchtanna sin dá réir sin;

(f) cuirfidh an Coimisinéir ar fáil do chigire speisialta cibé caighdeáin agus trealamh is gá chun a dhualgais mar chigire speisialta a chomhlíonadh aige;

(g) íocfar i leith tacsaiméadair a fhíorú agus a stampáil ag cigire speisialta cibé táillí a cheapfar le rialacháin a dhéanfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála faoin alt seo le toiliú an Aire Airgeadais, agus beidh gach táille den sórt sin iníoctha ag an duine a cheapfar chuige sin leis na rialacháin sin;

(h) íocfar leis an gCoimisinéir na táillí uile is iníoctha faoin alt seo i leith cigire speisialta d'fhíorú agus do stampáil tacsaiméadair agus déanfaidh seisean iad a dhiúscairt de réir an Achta seo ach amháin go ndéanfar cibé cionúireacht (más aon chionúireacht é) de na táillí a ordóidh an tAire Airgeadais a íoc isteach i gCiste Luaíochta an Gharda Síochána.

(4) I dteannta na gcumhachtaí a thugtar le halt 8 den Weights and Measures Act, 1889, arna leathnú le halt 6 den Weights and Measures Act, 1904, beidh teideal ag an Aire Tionscail agus Tráchtála cibé táillí a cheapfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire agus le ceadú an Aire Airgeadais, a bhaint amach as na caighdeáin agus an trealamh a chuirfidh an Coimisinéir ar fáil faoin alt seo a chur i gcóimheas agus a fhíorú.

(5) Folóidh an chumhacht chun rialacháin ghinearálta a dhéanamh atá dílsithe san Aire Tionscail agus Tráchtála de bhua alt 5 den Weights and Measures Act, 1904, cumhacht chun rialacháin ghinearálta a dhéanamh, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, maidir leis an gCoimisinéir do chur ar fáil agus do chothabháil caighdeán agus trealaimh faoin alt seo agus na caighdeáin agus an trealamh sin a fhíorú agus maidir le cigirí speisialta a threorú ag feidhmiú agus ag comhlíonadh a ndualgas dóibh faoin alt seo, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt sin 5.

(6) Forléireofar an t-alt seo agus na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1936, mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna Meáchan agus Tomhas, 1878 go 1961, a ghairm de na hAchtanna sin agus den alt seo le chéile.

Fodhlithe i ndáil le háiteanna seasaimh d'fheithiclí seirbhíse sráide.

84. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbainfidh fodhlíthe a dhéanamh maidir le haon limistéar sonraithe chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) ceapadh na n-áiteanna (dá ngairtear áiteanna seasaimh ceaptha san Acht seo) ar bhóithre poiblí sa limistéar ina bhféadfaidh feithiclí seirbhíse sráide seasamh chun a bhfruilithe;

(b) an uimhir uasta feithiclí seirbhíse sráide a shocrú a fhéadfaidh seasamh chun a bhfruilithe aon am áirithe in aon áit seasaimh áirithe;

(c) a thoirmeasc feithiclí seirbhíse sráide seasamh chun a bhfruilithe in áiteanna ar bhóithre poiblí sa limistéar nach áiteanna seasaimh ceaptha;

(d) úsáid áiteanna seasaimh ceaptha ag feithiclí seirbhíse sráide a rialáil agus a rialú.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, rialacha sealadacha a dhéanamh, i dtaobh aon limistéir shonraithe, chun gach críche a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le rialacha sealadacha faoin alt seo i dtaobh limistéir:

(a) tiocfaidh na rialacha i ngníomh lá sonraithe nach luaithe ná seachtain tar éis na rialacha a dhéanamh;

(b) i rith na seachtaine sin tabharfaidh an Coimisinéir, i dtaobh na rialacha, cibé fógra a bheidh forordaithe;

(c) beidh éifeacht ag na rialacha go ceann bliana dar tosach lá a dteacht i ngníomh, mura gcúlghairfear roimhe sin iad;

(d) oibreoidh na rialacha in ionad cibé fodhlíthe (más ann) faoin alt seo ar comhréir leo a bheidh i bhfeidhm i dtaobh an limistéir.

(4) Féadfar fodhlíthe nó rialacha éagsúla a dhéanamh faoin alt seo le haghaidh cúinsí éagsúla.

(5) Beidh tiománaí feithicle seirbhíse sráide a sháróidh fodhlí nó riail faoin alt seo agus, murab é an tiománaí sin úinéir na feithicle, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion.

(6) I gcás inarb é úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

Aiteanna staid agus seasaimh do bhusanna.

1937, Uimh. 38 .

85. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir trí fhógra i scríbhinn, a ordú, maidir le cúrsa ar a n-oibrítear busanna, go mbeidh pointí sonraithe ina n-áiteanna staid nó go n-úsáidfear áiteanna sonraithe mar áiteanna seasaimh do na busanna.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir tráth ar bith, trí fhógra i scríbhinn, cúlghairm nó leasú a dhéanamh ar ordú a bheidh tugtha aige faoi fho-alt (1) den alt seo nó ar aon leasú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo ar aon ordú den sórt sin.

(3) Nuair a bheidh an Coimisinéir ag ordú faoin alt seo go mbeidh aon phointe áirithe ina áit staid, féadfaidh sé a ordú freisin nach mbeidh an pointe ina áit staid ach chun paisnéirí a thógáil nó nach mbeidh an pointe ina áit staid ach chun pasinéirí a ligean amach.

(4) Nuair a bheidh an Coimisinéir ag ordú faoin alt seo go mbeidh aon phointe áirithe ina áit staid, féadfaidh sé a ordú freisin go mbeidh an pointe ina áit staid ainmnithe do bhusanna ar a mbeidh fógra speisialta á thaispeáint gur in áiteanna staid ainmnithe amháin a stadfaidh siad.

(5) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le fógra faoin alt seo:

(a) síneofar an fógra ag an gCoimisinéir nó ag oifigeach den Gharda Síochána a údaróidh an Coimisinéir chuige sin;

(b) beidh an fógra faoi sheoladh an duine a bheidh ag oibriú na bus-seirbhíse a bheidh sonraithe san fhógra;

(c) féadfaidh an fógra an dáta ar air agus uaidh a bheidh éifeacht aige a lua;

(d) déanfar an fógra, nó cóip de, a sheirbheáil ar an duine sin leis an bpost cláraithe;

(e) beidh éifeacht ag an bhfógra cibé lá de na laethanta seo a leanas is déanaí agus uaidh sin amach, is é sin le rá, an lá a luafar chuige sin san fhógra nó an lá i ndiaidh an lae a seirbheálfar an fógra (nó cóip de) nó a measfar le halt 18 den Acht Léiriúcháin, 1937 , a seirbheáladh é.

(6) Aon deimhniú a airbheartóidh a bheith arna shíniú ag oifigeach den Gharda Síochána agus a dhearbhú go raibh éifeacht ag fógra faoin alt seo i dtéarmaí sonraithe lá nó laethanta sonraithe nó ar feadh tréimhse sonraithe beidh sé, gan cruthú ar shíniú an duine a d'airbheartaigh an deimhniú a shíniú ná go mb'oifigeach den Gharda Síochána é, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, gur eisíodh fógra faoin alt seo sna téarmaí sonraithe, gur comhlíonadh ceanglais fho-alt (5) den alt seo maidir leis agus go raibh éifeacht aige an lá nó na laethanta sonraithe nó ar feadh na tréimhse sonraithe.

Fodhlíthe i dtaobh áiteanna staid agus seasaimh do bhusanna.

86. —(1) San alt seo—

forléireofar tagairtí d'áiteanna staid mar thagairtí d'áiteanna staid arna n-ordú le fógra faoi alt 85 den Acht seo;

forléireofar tagairtí d'áiteanna seasaimh mar thagairtí d'áiteanna seasaimh arna n-ordú le fógra faoin alt sin;

folaíonn “soláthar” cur suas nó suíomh, agus cothabháil freisin, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) Féadfaidh an Coimisinéir, le cead an Aire, fodhlíthe a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) rialú a dhéanamh ar stad busanna ar aon bhealach ar a mbeidh áiteanna staid;

(b) rialú a dhéanamh ar úsáid áiteanna staid agus seasaimh ag busanna;

(c) toirmeasc a chur le feithiclí, seachas feithiclí dá bhfuil áiteanna staid nó seasaimh ordaithe, a stad nó a locadh in áiteanna staid nó seasaimh nó in aice áiteanna den sórt sin;

(d) ord a chur i bhfeidhm in áiteanna staid agus seasaimh (lena n-áirítear a cheangal ar dhaoine a mbeidh ar intinn acu a bheith ina bpaisnéirí dul i scuainí).

(3) Féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(4) I gcás ina n-úsáidfidh duine bus contrártha d'fhodhlí faoin alt seo, beidh sé féin agus, murab é úinéir an bhus é, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion

(5) I gcás ina n-úsáidfidh duine feithicil inneallghluaiste seachas bus contrártha d'fhodhlí faoin alt seo beidh sé, agus—

(a) murab é úinéir cláraithe na feithicle é, an t-úinéir sin, agus

(b) má bhíonn an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach é an duine a bheidh á húsáid an fruilitheoir faoin gcomhaontú, an fruilitheoir sin,

iad araon, ciontach i gcion.

(6) I gcás ina sáróidh duine fodhlí faoin alt seo agus nach cion faoi fho-alt (4) ná faoi fho-alt (5) den alt seo an sárú, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo.

(7) I gcás inarb é úinéir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (4) den alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

(8) (a) I gcás inarb é úinéir cláraithe na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (5) den alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus—

(i) nach raibh an úsáid sin údaraithe, nó

(ii) go raibh an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid sin.

(b) I gcás inarb é fruilitheoir na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (5) den alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

(9) I gcás ina mbeidh áiteanna staid nó seasaimh ann i leith bealaigh ar a n-oibrítear busanna—

(a) féadfaidh an duine a bheidh ag seoladh na seirbhíse, maidir le haon áit staid nó seasaimh, comhartha a choimeád ann chun a thaispeáint gur áit staid nó áit seasaimh é agus marcálanna a sholáthar ar an mbóthar, in aice leis, ag taispeáint an achair nach cead feithiclí (seachas feithiclí dá mbeidh an áit staid nó an áit seasaimh ordaithe) a stad nó a locadh laistigh de,

(b) déanfaidh an duine sin, ar an gCoimisinéir á iarraidh sin air maidir le haon áit staid nó seasaimh, comhartha agus marcálanna mar a dúradh a sholáthar san áit staid nó san áit seasaimh sin;

(c) aon chomhartha nó marcálanna a sholáthrófar faoin bhfo-alt seo nó dá bhun is mar a fhormheasfaidh an tAire a bheidh sé nó siad ó thaobh méide, foirme agus datha;

(d) aon chomhartha nó marcálanna a sholáthrófar faoin bhfo-alt seo ná dá bhun, féadfar sin a sholáthar ar bhóthar poiblí gan toiliú an údaráis bóithre ar a mbeidh cothabháil an bhóthair de chúram;

(e) féadfaidh an duine sin scáthlán a sholáthar, nó ranníoc a dhéanamh chun scáthlán a sholáthar, do dhaoine a bheidh chun taisteal i mbus in aon áit staid nó seasaimh nó ina aice leis sin, faoi réir toiliú an údaráis bóithre ar a mbeidh cothabháil an bhóthair de chúram más ar bhóthar poiblí a sholáthrófar an scáthlán;

(f) aon chomhartha a sholáthrófar in áit staid nó seasaimh agus a thaispeáinfidh an áit staid sin nó aon mharcálanna a sholáthrófar ar an mbóthar in aice le háit staid nó seasaimh agus a thaispeáinfidh achar nach cead feithiclí a stad ná a locadh ann, toimhdeofar, in aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur go dleathach a soláthraíodh amhlaidh an céanna agus go bhfuil sé nó siad, ó thaobh méide, foirme agus datha, mar a bheidh formheasta ag an Aire.

(10) I gcás ina ndéanfaidh duine, gan údarás dleathach, comhartha nó scáthlán a sholáthrófar faoin alt seo a aistriú, a aghlot nó a lot ar shlí eile beidh sé ciontach i gcion.

Maoin a fhágfar i bhfeithiclí seirbhíse poiblí.

87. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, i leith aon limistéir agus i leith gach feithicle seirbhíse poiblí nó aon aicme feithiclí seirbhíse poiblí, fodhlíthe a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche acu seo a leanas:

(a) a cheangal ar úinéirí, tiománaithe agus stiúrthóirí feithiclí seirbhíse poiblí maoin a fhágfaidh paisinéirí ina ndiaidh sna feithiclí a thaisceadh in áit cheaptha laistigh d'am sonraithe;

(b) socrú a dhéanamh chun maoin den sórt sin a choimeád slán agus chun maoin den sórt sin a athsheachadadh dá húinéirí;

(c) socrú a dhéanamh chun an mhaoin go léir den sórt sin nach n-athsheachadfar dá húinéirí a dhiúscairt agus go háirithe, socrú speisialta a dhéanamh i dtaobh maoin is ainmhí beo nó is maoin de chineál meatach nó colúil;

(d) a údarú táillí a bhaint amach i leith athsheachadadh;

(e) socrú a dhéanamh, le toiliú an Aire Airgeadais, chun táillí, sochar díolacháin agus airgead eile a dhiúscairt a gheobhaidh an Coimisinéir i leith na maoine sin; lena n-áirítear luaíocht a íoc as an airgead sin le daoine a thaiscfidh maoin de bhun an ailt seo.

(2) Ní dhéanfar fodhlíthe faoin alt seo ach amháin i gcás inarb é tuairim an Choimisinéara nach bhfuil, maidir leis an limistéar agus na feithiclí lena mbainfidh na fodhlíthe, socrú sásúil déanta chun maoin a fhágfaidh paisinéirí sna feithiclí a choimeád slán, a athsheachadadh agus a dhiúscairt.

(3) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Cuirfidh an Coimisinéir faoi deara go mbunófar agus go gcoimeádfar cláir de mhaoin chaillte a thaiscfear faoin alt seo.

(5) Aon chlár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo is i cibé foirm a bheidh sé agus is le cibé limistéar a bhainfidh sé a ordóidh an Coimisinéir agus taifeadfar ann na hábhair uile a ordóidh sé.

(6) Aon chlár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo glacfar i bhfianaise é gan a thuilleadh cruthúnais in aon imeachtaí dlíthiúla ar oifigeach den Gharda Síochána á thabhairt ar aird mar chlár den sórt sin.

(7) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de thaifead i gclár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo agus a airbheartóidh a bheith deimhnithe ag oifigeach den Gharda Síochána gur cóip dhílis den taifead é, glacfar i bhfianaise é, in aon imeachtaí dlíthiúla, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear gur dheimhnigh sé amhlaidh é ná gurbh oifigeach den sórt sin é agus measfar, go dtí go suífear a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead agus gur fianaise é ar théarmaí an taifid.

(8) Aon chlár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo beidh sé, gach tráth réasúnach, ar oscailt chun a iniúchta ag aon duine ar tháille scillinge a íoc.

(9) Beidh teideal ag duine chun cóip, a mbeidh deimhnithe i scríbhinn ag oifigeach den Gharda Síochána gur cóip dhílis í, d'aon taifead in aon chlár a bheidh á choimeád de bhun an ailt seo a fháil ón gCoimisinéir ar tháille sé phingin a íoc in aghaidh gach fóilió nó cuid d'fhóilió de dhá fhocal is seachtó a bheidh sa chóip.