An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Feithiclí Seirbhíse Poiblí a Rialú agus a Oibriú.) Ar Aghaidh (CUID IX. Ilghnéitheach.)

24 1961

AN tACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1961

CUID VIII.

Trácht a Rialáil.

Fodhlíthe chun trácht agus coisithe a rialú i gcoitinne.

88. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, fodhlíthe a dhéanamh chun trácht agus coisithe in áiteanna poiblí a rialáil agus a rialú i gcoitinne.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil i dtaobh aon ní nó gach ní acu seo a leanas a chur i bhfodhlíthe faoin alt seo:

(a) rialacha i dtaobh úsáid bóithre ag trácht agus coisithe a shonrú;

(b) a cheangal ar thrácht gluaiseacht ar feadh taobh sonraithe den ród nó, i gcás dhá charrbhealach nó níos mó a bheith ann, ar feadh carrbhealach sonraithe;

(c) codanna éagsúla den ród (lena n-áirítear rothar-rianta) a shannadh do chineálacha éagsúla tráchta;

(d) a thoirmeasc ar thrácht sonraithe codanna sonraithe den ród a úsáid;

(e) a thoirmeasc ar thrácht cosáin a úsáid;

(f) sonrú na gcearta tosaíochta gluaiseachta do thrácht a bheidh ag dul san aontreo nó i dtreonna éagsúla (cibé acu i gcoinne a chéile é nó trasna ar a chéile);

(g) na cúrsaí a shonrú a leanfaidh trácht ag acomhail bóithre;

(h) stopadh, cúlú, casadh agus scothadh feithiclí a rialáil agus a rialú;

(i) tiomáint feithiclí inneallghluaiste agus rothar cos i ndáil le hainmhithe nó le trácht ainmhí-tharraingte a rialáil agus a rialú;

(j) tiomáint nó cinnireacht ainmhithe a rialáil agus a rialú;

(k) codanna sonraithe den bhóthar a shannadh do choisithe;

(l) béas-iompar coisithe ar bhóithre (agus, go háirithe, trasnú ród ag coisithe) a rialáil agus a rialú agus cearta tosaíochta faoi seach tráchta agus coisithe ar róid a shonrú;

(m) a cheangal go dtabharfaidh daoine a bheidh i bhfeighil tráchta comharthaí speisialta chun a chur in iúl cad atá ar intinn acu;

(n) comhaltaí den Gharda Síochána ar dhualgas rialaithe tráchta do rialú tráchta agus coisithe (agus, go háirithe, na comharthaí a shonrú a thabharfaidh na comhaltaí sin agus a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta agus ar choisithe déanamh de réir na gcomharthaí sin);

(o) trácht agus coisithe a rialú le comharthaí a thabharfar go meicniúil (agus, go háirithe, a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta agus ar choisithe déanamh de réir na gcomharthaí sin);

(p) a cheangal ar dhaoine i bhfeighil tráchta rabhadh inchloiste a thabhairt go bhfuil siad ag teacht;

(q) toirmeasc nó srian a chur le rásaí, tástálacha luais nó comórtais eile ar bhóithre.

(3) Féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla tráchta,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla, limistéir éagsúla agus aicmí éagsúla bóithre.

(4) San alt seo ní fholaíonn “trácht” coisithe.

(5) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Fodhlíthe chun trácht agus coisithe a rialú i limistéir shonraithe.

89. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbainfidh, fodhlíthe a dhéanamh i leith limistéir shonraithe chun trácht agus coisithe a rialú agus gluaiseacht tráchta agus coisithe a urasú.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, foráil i leith gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas a chur i bhfodhlíthe faoin alt seo:

(a) na cúrsaí a shonrú a leanfaidh trácht a bheidh ag gluaiseacht ar feadh nó trasna bóithre poiblí nó aon bhóthair phoiblí shonraithe nó ag casadh isteach nó amach bóithre poiblí nó aon bhóthar poiblí sonraithe;

(b) toirmeasc nó srian a chur le trácht dul isteach ar aon bhóthar poiblí sonraithe nó gluaiseacht ar a fheadh;

(c) a cheangal ar thrácht a bheidh ag gluaiseacht ar feadh aon bhóthair phoiblí shonraithe gan gluaiseacht ach amháin i dtreo shonraithe;

(d) a thoirmeasc aon earra a mbeidh thar fhad sonraithe nó thar leithead sonraithe ann do dhul aon bhóthar poiblí sonraithe;

(e) béas-iompar coisithe ar bhóithre poiblí i gcoitinne nó ar aon bhóthar poiblí sonraithe agus, go háirithe, trasnú róid bhóithre poiblí nó aon bhóthair phoiblí shonraithe ag coisithe a rialáil agus a rialú;

(f) toirmeasc nó srian a chur le hearraí a luchtú nó a dhíluchtú ar an gcosán a ghabhann le haon bhóthar poiblí sonraithe nó tríd an gcosán sin nó trasna an chosáin sin;

(g) a thoirmeasc earraí a ardú nó a ísliú le téada, slabhraí, táclaí nó inneallra eile trasna nó os cionn an chosáin a bheidh ag gabháil le haon bhóthar poiblí sonraithe;

(h) tiomáint nó cinnireacht ainmhithe ar bhóithre poiblí nó ar aon bhóthar poiblí sonraithe a shrianadh agus a rialú;

(i) leagan earraí ar bhóithre poiblí nó ar aon bhóithre poiblí sonraithe a shrianadh agus a rialú;

(j) níochán cosán a ghabhann le bóithre poiblí a shrianadh agus a rialú;

(k) rialú a dhéanamh ar bhéas-iompar daoine a bheidh ag feitheamh ar bhóithre le haghaidh iompair nó le dul isteach i bhfoirgneamh nó in áit eile nó chun aon chríche dleathaí eile agus, go háirithe, ceangal a chur ar dhaoine den sórt sin iad féin a shocrú ina scuainí agus mar a dhéanfar na scuainí a rialáil;

(l) toirmeasc nó srian a chur le stad, cúlú, casadh nó scothadh feithiclí ar aon bhóthar poiblí sonraithe.

(3) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, rialacha sealadacha a dhéanamh chun gach críche nó aon chríche chun ar féidir fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo.

(4) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le rialacha sealadacha faoin alt seo i leith limistéir:

(a) tiocfaidh na rialacha i ngníomh lá sonraithe nach luaithe ná seachtain tar éis na rialacha a dhéanamh;

(b) i rith na seachtaine sin, tabharfaidh an Coimisinéir, maidir leis na rialacha, cibé fógra a bheidh forordaithe;

(c) beidh éifeacht ag na rialacha, mura gcúlghairfear roimhe sin iad, go ceann tréimhse bliana dar tosach an lá a thiocfaidh siad i ngníomh;

(d) oibreoidh na rialacha in ionad cibé fodhlíthe comhréire (más ann dóibh) faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm i leith an limistéir.

(5) Féadfar fodhlíthe nó rialacha éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla tráchta,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(6) San alt seo ní fholaíonn “trácht” coisithe.

(7) Aon duine a sháróidh fodhlí nó riail faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(8) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion a dhéanamh faoin alt seo, is cosaint mhaithe ar an gcúiseamh dó a shuíomh, maidir leis an ngníomh a líomhnaítear gurb é an cion é, go ndearnadh é bona fide agus go réasúnach chun nó le linn duine nó maoin éigin a shábháil, nó chun nó le linn a bheith ag iarraidh duine nó maoin éigin a shábháil, ón mbás, ó dhíothú nó ó dhíobháil de dheasca tine nó tuile nó tubaiste eile.

Feithiclí a locadh ar bhóithre poiblí.

1947, Uimh. 44 .

90. —(1) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire agus tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil lena mbainfidh, fodhlíthe a dhéanamh, i leith aon limistéir shonraithe, chun locadh feithiclí ar bhóithre poiblí a rialú agus a rialáil.

(2) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho alt (1) den alt seo, foráil i leith gach ábhair nó aon ábhair acu seo a leanas a chur i bhfodhlíthe faoin alt seo:

(a) na háiteanna ar bhóithre poiblí (dá ngairtear áiteanna loctha san Acht seo) a shonrú a bhféadfar feithiclí a locadh ar feadh tréimhse ar bith nó ar feadh aon tréimhse nach faide ná tréimhse shonraithe;

(b) na háiteanna loctha a shonrú a mbeidh locadh faoi réir táillí a íoc trí mhéadair loctha (dá ngairtear méadaráiteanna loctha san alt seo);

(c) na háiteanna loctha a shonrú a mbeidh locadh faoi réir doiciméad (dá ngairtear diosca san alt seo) a thaispeáint a chomhlíonfaidh ceanglais shonraithe (dá ngairtear diosc-áiteanna loctha san alt seo);

(d) na háiteanna loctha a shonrú a mbeidh locadh faoi réir táillí a íoc le freastalaithe loctha ceadúnaithe (dá ngairtear áiteanna loctha freastalta san alt seo);

(e) na coinníollacha (seachas aon choinníoll dá dtagraítear i míreanna (b), (c) agus (d) den fho-alt seo) a shonrú ar faoina réir a fhéadfar feithiclí a locadh in áiteanna loctha nó in aon áiteanna loctha sonraithe nó in aicme shonraithe áiteanna loctha;

(f) na tréimhsí a shonrú ar ar a bhfeadh a fhéadfar, agus na críocha chun a bhféadfar, agus na coinníollacha faoi réir a bhféadfar feithiclí a locadh, in áiteanna seachas áiteanna loctha, ar bhóithre poiblí nó ar aon bhóthar poiblí sonraithe nó ar aon aicme shonraithe bóithre poiblí;

(g) a thoirmeasc feithiclí a locadh, lena n-áirítear locadh in áiteanna loctha, ar bhóithre poiblí ach amháin de réir na bhfodhlíthe;

(h) a thoirmeasc go hiomlán feithiclí a locadh, seachas in áiteanna loctha, ar aon bhóthar poiblí sonraithe;

(i) a thoirmeasc ar aon duine gníomhú, ná a thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ullamh chun gníomhú, mar fhreastálaí loctha ar bhóthar poiblí (seachas in áit loctha), agus a thoirmeasc ar aon duine seachas freastalaí loctha ceadúnaithe gníomhú, ná a thabhairt le tuiscint go bhfuil sé ullamh chun gníomhú, mar fhreastalaí loctha in áit loctha.

(3) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le méadaráit loctha:

(a) déanfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí na méadair loctha a sholáthar agus na táillí a bhailiú;

(b) faoi réir aon fhorálacha a bheidh déanta faoin alt seo ag an gCoimisinéir le fodhlíthe nó rialacha, féadfaidh an t-údarás áitiúil iomchuí, le rialacha (a dhéanfar le ceadú an Aire), cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leo is gá chun an mhéadar-áit loctha a riaradh, lena n-áirítear (go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo) gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas:

(i) forálacha ag sonrú na dtáillí a bheidh le híoc;

(ii) forálacha ag sonrú na dtréimhsí uasta a fhéadfar feithiclí a locadh ar na táillí sonraithe;

(iii) forálacha maidir le táillí a íoc, lena n-áirítear modh a n-íoctha;

(iv) forálacha á thoirmeasc feithicil a locadh ar feadh tréimhse ar féidir táille a bhaint amach ina aghaidh gan an táille iomchuí a bheith íoctha ar an modh a bheidh sonraithe;

(v) forálacha á thoirmeasc feithicil a locadh ar feadh tréimhse is faide ná an tréimhse a mbeidh táille íoctha ina haghaidh;

(vi) forálacha ag sonrú na bhfeithiclí a fhéadfaidh au áit loctha a úsáid;

(vii) forálacha ag díolmhadh aicmí sonraithe feithiclí ó tháillí a íoc agus forálacha chun feithiclí díolmhaithe a aithint;

(viii) forálacha ag a mbeidh feidhm le linn méadair loctha a bheith as ordú nó fionraithe go sealadach ó oibriú;

(ix) forálacha go nglacfar na nithe a thaispeánfaidh na méadair loctha mar fhianaise ar na nithe sin agus chun cibé críocha a bheidh sonraithe sna rialacha.

(4) Féadfaidh an Coimisinéir le fodhlíthe faoi fho-alt (1) den alt seo cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leis is gá chun na diosc-áiteanna loctha a oibriú, lena n-áirítear (go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo) gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas:

(a) forálacha á cheangal go n-íocfar táillí sonraithe ar dhioscaí;

(b) forálacha ag sonrú an modh a n-íocfar táillí;

(c) forálacha ag sonrú na ndaoine a eiseoidh dioscaí agus an modh a n-eiseofar iad;

(d) forálacha ag sonrú na ndualgas a bheidh, maidir le dioscaí, ar dhaoine a locfaidh feithiclí;

(e) forálacha ag sonrú an modh a dtaispeánfar dioscaí.

(5) Féadfaidh an Coimisinéir le fodhlíthe faoi fho-alt (1) den alt seo na táillí a shonrú a bhainfidh freastalaithe loctha ceadúnaithe amach i leith áiteanna loctha freastalta agus cibé forálacha a dhéanamh maidir le híoc na dtáillí (lena n-áirítear modh an íoctha) is dóigh leis is gá.

(6) Féadfaidh an Coimisinéir le fodhlíthe faoi fho-alt (1) den alt seo cibé forálacha a dhéanamh is dóigh leis is gá maidir le ceadúnú freastalaithe loctha lena n-áirítear (go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo) gach foráil nó aon fhoráil acu seo a leanas:

(a) forálacha chun an Coimisinéir do cheadúnú daoine chun gníomhú mar fhreastalaithe loctha in áiteanna loctha;

(b) forálacha chun an Coimisinéir d'eisiúint suaitheantas oifigiúla chun freastalaithe loctha ceadúnaithe agus chun na freastalaithe do chaitheamh na suaitheantas;

(c) forálacha ag sonrú dualgas freastalaithe loctha ceadúnaithe;

(d) forálacha ag sonrú na dtáillí a bheidh le h-íoc ag freastalaithe loctha ceadúnaithe as ceadúnais a dheonófar dóibh agus as suaitheantais a eiseofar chucu faoi na fodhlíthe;

(e) forálacha á thoirmeasc ar dhaoine cur isteach ar fhreastalaí loctha ceadúnaithe nó é a bhac nó é a bhuaireamh agus é ag comhlíonadh a dhualgas mar fhreastalaí den sórt sin.

(7) (a) Féadfaidh an Coimisinéir, le toiliú an Aire, rialacha sealadacha a dhéanamh, i leith aon limistéir shonraithe chun gach críche nó aon críche chun ar féidir fodhlíthe a dhéanamh faoin alt seo.

(b) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le rialacha sealadacha faoin bhfo-alt seo i leith limistéir:

(i) tiocfaidh na rialacha i ngníomh lá sonraithe nach luaithe ná seachtain tar éis na rialacha a dhéanamh;

(ii) i rith na seachtaine sin tabharfaidh an Coimisinéir, maidir leis na rialacha, cibé fógra a bheidh forordaithe;

(iii) beidh éifeacht ag na rialacha, mura n-aisghairfear roimhe sin iad, go ceann tréimhse bliana dar tosach an lá a thiocfaidh siad i ngníomh;

(iv) oibreoidh na rialacha in ionad cibé fodhlíthe comhréire (más ann dóibh) faoin alt seo a bheidh i ngníomh i leith an limistéir.

(8) Féadfar fodhlíthe nó rialacha éagsúla a dhéanamh faoin alt seo—

(a) i leith aicmí éagsúla feithiclí,

(b) le haghaidh cúinsí éagsúla.

(9) I gcás ina sárófar fodhlí nó riail faoin alt seo agus go mbeidh baint ag feithicil inneallghluaiste leis an sárú, beidh—

(a) an duine a loc an fheithicil, agus

(b) murab é a húinéir cláraithe an duine a loc í, and t-úinéir sin, agus

(c) má bhíonn an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid a bheidh i gceist agus, murab é an fruilitheoir faoin gcomhaontú an duine a loc í, an fruilitheoir sin,

iad araon, ciontach i gcion.

(10) (a) I gcás inarb é úinéir cláraithe na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (9) den alt seo, is cosaint mhaith dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus—

(i) nach raibh an úsáid sin údaraithe, nó

(ii) go raibh an fheithicil faoi bhrí comhaontú fruiltiomána ar an ócáid sin.

(b) Más é úinéir cláraithe na feithicle duine a chúiseofar i gcion faoi fho-alt (9) den alt seo is cosaint mhaith dó a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

(11) I gcás ina sárófar fodhlí nó riail faoin alt seo agus nach mbeidh baint ag feithicil inneallghluaiste leis an sárú, beidh an duine a sháraigh an fodhlí nó an riail ciontach in gcion.

(12) In aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur go cuí faoin alt seo a rinneadh méadar loctha i méadar-áit loctha a chur san áit sin agus go raibh sé cruinn agus in ordú maith oibre.

(13) Ní chuirfidh comhlíonadh a fheidhmeanna ag an gCoimisinéir nó a bhfeidhmeanna ag údarás áitiúil faoin alt seo nó faoi aon fhodhlí nó riail faoin alt seo an Coimisinéir nó an t-údarás áitiúil faoi dhliteanas maidir le haon fheithicil in áit loctha, nó na nithe a bheidh san fheithicil sin, a chailliúint nó a dhamáistiú.

(14) Measfar chun críocha an Achta seo nach é an freastalaí loctha ceadúnaithe an duine i bhfeighil na bhfeithiclí san áit loctha murab é an freastalaí loctha é.

(15) (a) San alt seo—

ciallaíonn “freastalaí loctha ceadúnaithe” duine atá ceadúnaithe go cuí faoi fhodhlíthe faoin alt seo chun gníomhú mar fhreastalaí loctha in áit loctha;

ciallaíonn “méadar loctha” gléas chun táillí a bhailiú in áit loctha agus chun a thaispeáint gur íocadh na táillí sin agus na tréimhsí atá caite ó íocadh iad.

(b) I gcás áit loctha a bheith i limistéar feidhmiúcháin chomhairle contae, bhardais chontae-bhuirge nó buirge eile chomhairle cheantair uirbigh nó choimisinéirí baile, is iad an chomhairle, an bardas nó na coimisinéirí sin an t-údarás áitiúil iomchuí chun críocha fho-alt (3) den alt seo.

(c) I gcás contae a bhfuil aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile ann, measfar, chun críche na míre sin roimhe seo, nach bhfuil an bhuirg, an bailecheantar nó an baile i limistéar feidhmiúcháin chomhairle an chontae.

(16) Measfar, chun críocha an Achta Ionstraimí Reachtúla, 1947 , gur ionstraim lena mbaineann an tAcht sin go príomha rialacha faoi fho-alt (3) den alt seo.

(17) Féadfaidh an tAire le rialacháin foráil a dhéanamh i dtaobh aon táillí faoin alt seo a dhiúscairt agus déanfar táillí lena mbainfidh aon rialacháin den sórt sin a dhiúscairt de réir na rialachán sin.

Trácht a rialú i gcás dálas a tharraingeoidh mórthionól, etc.

91. —(1) Chun ord a choimeád maidir le trácht nuair a bheidh dálas ann a tharraingeoidh mórthionól daoine nó nuair a bheidh brú tráchta ann nó tóiteán, tuile nó teagmhas dá samhail, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána in éide gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh: trácht a chlaonadh, a rialáil agus a rialú agus locadh feithiclí a rialáil agus a rialú.

(2) Na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo folóidh siad, go háirithe, cumhacht chun gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh le hordú béil nó láimhe:

(a) gluaiseacht tráchta a thoirmeasc;

(b) an treo ina gcaithfidh trácht dul a chur in iúl;

(c) locadh feithiclí a thoirmeasc;

(d) áiteanna a chur in iúl chun feithiclí a locadh nó mar áiteanna seasaimh d'fheithiclí seirbhíse poiblí agus a n-úsáid a rialáil;

(e) aon toirmisc nó taispeánta eile a dhéanamh is dóigh leis is gá chun bac nó mí-ordú ar thrácht a chosc.

(3) Aon duine a sháróidh ordú a thabharfaidh comhalta den Gharda Síochána faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) D'ainneoin aon fhoráil eile atá san Acht seo, féadfaidh duine, chun críocha an ailt seo, gníomhú go sealadach mar fhreastalaí loctha faoi réir é a bheith údaraithe chuige sin ag oifigeach den Gharda Síochána.

Cosc a chur le haontaí agus margaí a bheith ina mbac ar thrácht.

1878, c. 52.

92. —(1) I gcás ina mbeidh aon aonach nó margadh ar siúl in aon áit phoiblí laistigh de limistéar feidhmiúcháin bhardas contae-bhuirge nó buirge eile, chomhairle contae nó cheantair uirbigh nó choimisinéirí baile, féadfaidh an bardas, an chomhairle nó na coimisinéirí cibé fodhlíthe a dhéanamh is dóigh leo is gá chun a áirithiú go mbeidh saor-bhealach ag trácht feithiclí ar bhóithre poiblí le linn aontaí nó margaí.

(2) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fodhlíthe faoin alt seo sa tslí chéanna ina mbaineann siad le fodhlíthe faoin Acht sin, faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar na tagairtí atá iontu d'údarás sláintíochta mar thagairtí do bhardas contae-bhuirge nó buirge eile, do chomhairle contae nó ceantair uirbigh nó do choimisinéirí baile, de réir mar is gá.

(3) Aon duine a sháróidh fodhlí faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) I gcás contae a bhfuil aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile mór ann, measfar, chun críocha an ailt seo, nach bhfuil an bhuirg, an ceantar uirbeach nó an baile mór sin i limistéar feidhmiúcháin chomhairle an chontae.

Droichid a chosaint ar ualaigh rómhóra.

93. —(1) (a) Féadfaidh údarás bóithre, cuideachta iarnróid nó cánálach nó duine eile a dhlíonn droichead ar a bhfuil bóthar poiblí a chothabháil, trí fhógraí sar fhoirm fhorordaithe a fheistfear sa tslí fhorordaithe ar an mbealach chun an droichid, a thoirmeasc an aon fheithicil ar mó a meáchan, maraon le meáchan an ualaigh a bheidh uirthi (má bhíonn), ná an meáchan a bheidh sonraithe sna fógraí dul thar an droichead ar aon chor nó (de réir mar a bheidh sonraithe sna fograí) ar luas is mó ná luas sonraithe nó faoi réir coinníollacha sonraithe.

(b) Maidir le fógra a fheistfear ar an mbealach chun droichid agus a airbheartóidh gur fógra faoin bhfo-alt seo é, toimhdeofar in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, gur fógra é a feisteadh de bhun an fho-ailt seo agus go bhfuil sé san fhoirm fhorordaithe agus gur sa tslí fhorordaithe a feisteadh é.

(2) Ní fheistfear fógraí faoi fho-alt (1) den alt seo i leith droichid mura gá de réir réasúin srian éigin a chur le húsáid an droichid chun a áirithiú nach gcuirfidh an trácht ar an droichead ualach níos mó ar an droichead ná is féidir leis a iompar, agus ní chuirfidh aon fhógra den sórt sin srian le húsáid an droichid sin is mó ná an tsrian is gá de réir réasúin chun na críche sin.

(3) Féadfaidh duine a éileoidh, maidir le fógraí a airbheartóidh a bheith feiste faoi fho-alt (1) den alt seo, gur feisteadh amhlaidh iad contrártha d'fho-alt (2) den alt seo achomharc a dhéanamh sa tslí fhorordaithe chun an Aire agus, ar an achomharc a éisteacht, tabharfaidh an tAire cibé orduithe (chun na fógraí a chothabháil, a dhíchur nó a athrú) is cuí leis.

(4) Má thugann an tAire, de dhroim achomharc chuige faoin alt seo, ordú na fógraí lena mbainfidh an t-achomharc a dhíchur nó a athrú, déanfaidh an duine a d'fheist na fógraí, laistigh de thrí lá ón uair a chuir fear na horduithe in iúl dó, na fógraí a dhíchur, nó a athrú, de réir na n-orduithe.

(5) Aon duine a sháróidh fo-alt (4) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(6) Ní thiomáinfidh duine feithicil thar dhroichead contrártha d'fhógra a bheidh feiste faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an droichead (d'ainneoin go mb'fhéidir an fógra a bheith feiste contrártha d'fho-alt (2) den alt seo).

(7) Aon duine a sháróidh fo-alt (6) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(8) I gcás ina dtiomáinfear feithicil thar dhroichead i gcúinsí gur cion é faoi fho-alt (6) den alt seo, dlífidh úinéir na feithicle damáistí a íoc leis an údarás, leis an gcuideachta, nó leis an duine eile a dhlíonn an droichead a chothabháil i leith aon damáiste a bhainfidh don droichead tríd an bhfeithicil a thiomáint thar an droichead agus féadfaidh an duine sin na damáistí a ghnóthú ó úinéir na feithicle trí chaingean sibhialta in aon chúirt dlínse inniúla.

(9) I gcás ina bhfeistfear fógraí faoin alt seo i leith droichid, is dleathach, le toiliú an Choimisinéara, don údarás, don chuideachta, nó don duine eile a dhlíonn an droichead a chothabháil, agus beidh de dhualgas ar an údarás, ar an gcuideachta nó ar an duine eile sin má chuireann an Coimisinéir de cheanglas é, comhartha a chur suas agus a chothabháil ag an droichead nó ar an mbealach chuige chun an toirmeasc dá bhforáiltear leis na fógraí a chur in iúl don trácht, agus is comhartha é a chomhlíonfaidh na forálacha forordaithe maidir le méid, crot, dath agus cineál.

Bóithre áirithe a dhúnadh in aghaidh feithiclí.

94. —(1) Féadfaidh an tAire le hordú, tar éis dó fiosrúchán poiblí a sheoladh, a thoirmeasc, faoi réir cibé eisceachtaí nó coinníollacha a shonrófar san ordú, feithiclí nó aon aicme feithiclí a thiomáint ar aon bhóthar poiblí sonraithe ar dóigh leis ina thaobh, de thoradh an fhiosrúcháin, é a bheith cruthaithe gur chontúirt don trácht ar an mbóthar sin feithiclí nó an aicme feithiclí a thiomáint ar an mbóthar nó an bóthar sin a bheith neamhoiriúnach, ar chúis ar bith eile, lena úsáid ag feithiclí nó ag an aicme sin feithiclí.

(2) I gcás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) beidh de dhualgas ar an údarás bóithre ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair lena mbainfidh an t-ordú fógraí i bhfoirm a cheadóidh an tAire agus a luafaidh éifeacht an ordaithe a chur suas agus a chothabháil i cibé áiteanna a bheidh sonraithe san ordú, agus

(b) is dleathach don údarás bóithre sin, le toiliú an Choimisinéara, agus beidh de dhualgas orthu má chuireann an Coimisinéir de cheanglas é, comhartha a chur suas agus a chothabháil, ag an mbóthar nó ar an mbealach chuige, chun an toirmeasc dá bhforáiltear leis an ordú a chur in iúl, is comhartha a chomhlíonfaidh na forálacha forordaithe maidir le méid, crot, dath agus cineál.

(3) I gcás ina mbeidh ordú déanta faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire tráth ar bith le hordú, tar éis fógra a thabhairt don údarás bóithre ar a mbeidh cúram cothabhála an bhóthair lena mbainfidh an t-ordú agus aon uiríolla a dhéanfaidh an t-údarás bóithre sin chuige a bhreithniú, an t-ordú céadluaite sin a chúlghairm nó a leasú agus air sin beidh de dhualgas ar an údarás bóithre sin na fógraí a bheidh curtha suas agus á gcothabháil acu faoi fho-alt (2) den alt seo i leith an ordaithe chéadluaite sin a dhíchur nó a athrú.

(4) Beidh uiríolla a dhéanamh de bhun fho-alt (3) den alt seo—

(a) i gcás inar comhairle contae, bardas buirge nach contaebhuirg nó comhairle cheantair uirbigh a dhéanfaidh iad, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, agus

(b) i gcás inar comhairle contae-bhuirge a dhéanfaidh iad, ina fheidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge.

(5) Ní thiomáinfidh duine feithicil ar bhóthar contrátha d'ordú faoi fho-alt (1) den alt seo.

(6) I gcás ina sáróidh duine fo-alt (5) den alt seo, beidh sé féin agus, murab é úinéir na feithicle é, an t-úinéir sin, iad araon, ciontach i gcion.

(7) I gcás inarb é úinéir na feithicle an duine a chúiseofar i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith dó ar an gcúiseamh a shuíomh gur duine eile a bhí ag úsáid na feithicle ar an ócáid a bheidh i gceist agus nach raibh an úsáid sin údaraithe.

Síneacha tráchta.

1946, Uimh. 24 .

95. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “rialachán bóthair” aon ordú, rialachán, fodhlí nó riall faoi achtachán (seachas alt 86, 93, 94 nó 96 den Acht seo) a bhaineann le trácht ar bhóthar;

ciallaíonn “sin tráchta” aon chomhartha, samhaltán, fógra nó marcáil róid, nó aon ghléas chun comharthaí a thabhairt go meicniúil, a dhéanann ceann amháin nó níos mó acu seo a leanas:

(a) a thugann eolas i dtaobh bóthair phoiblí, lena n-áirítear na háiteanna ina dtéann sé agus na fadanna chun na n-áiteanna sin nó uathu,

(b) a thugann rabhadh do dhaoine ar chontúirt maidir le bóthar poiblí nó a thugann comhairle faoin gcúram is ceart a ghlacadh in aghaidh na contúirte sin, nó a dhéanann an dá rud sin le chéile,

(c) a chuireann in iúl rialachán bóthair a bheith ann maidir le bóthar poiblí, nó a chuireann rialachán den sórt sin i bhfeidhm, nó a dhéanann an dá ní sin le chéile;

folaíonn “soláthar” cur suas nó feisteadh, cothabháil agus (i gcás gléas chun comharthaí a thabhairt go meicniúil) oibriú, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, rialacháin a dhéanamh maidir le síneacha tráchta sonraithe, agus i gcás ina soláthróidh údarás bóithre sín tráchta de shórt is ionann agus sín tráchta a bheidh sonraithe in aon rialacháin den sórt sin, beidh sé de réir na rialacháin mura n-údaróidh an tAire a mhalairt.

(b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo an bhrí a shonrú a ghabhfaidh le sín tráchta a shonrófar sna rialacháin, ach ní fhorléireofar an fhoráil seo mar ní a cheanglaíonn go bhforálfaidh na rialacháin go mbeidh sa tsín tráchta aon fhocal, focail nó samhaltán a chuirfidh in iúl go beacht brí na síne tráchta.

(3) Déanfaidh údarás bóithre cibé síneacha tráchta a iarrfaidh an Coimisinéir a sholáthar, sna hionaid a luafaidh sé, ar aon bhóthar poiblí faoina gcúram agus déanfaidh siad, maidir le haon síneacha tráchta a sholáthrófar amhlaidh, cibé aistrithe tréimhsiúla ó áit go háit agus aon athruithe agus díchur a iarrfaidh seisean.

(4) Aon iarraidh a dhéanfaidh an Coimisinéir faoi fho-alt (3) den alt seo féadfaidh sé gurb é a bheidh ann síneacha tráchta a sholáthar le haghaidh gach trátha nó ócáide nó síneacha tráchta go ceann tréimhse teoranta nó le haghaidh ócáide nó ócáideacha áirithe.

(5) Féadfaidh údarás bóithre, le toiliú an Choimisinéara, cibé síneacha tráchta is dóigh leo is inmhianaithe a sholáthar d'aon bhóthar poiblí faoina gcúram.

(6) I gcás ina mbeidh gá réasúnach le húdarás bóithre do sholáthar sín tráchta ar thalamh atá cóngarach do bhóthar poiblí ach nach cuid den bhóthar sin, féadfaidh an t-údarás bóithre, tar éis fógra lá is fiche ar a laghad a thabharfar tríd an bpost cláraithe d'áititheoir (más ann) na talún agus do gach duine (más ann) a mbeidh leas aige sa talamh agus ar féidir leis an údarás bóithre sin, trí fhiosrú réasúnach, a fháil amach go bhfuil a leithéid ann agus fios a ainme agus a sheoladh a fháil, dul isteach agus an sín tráchta sin a sholáthar ar an talamh.

(7) I gcás ina ndéanfaidh údarás bóithre sín tráchta a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo ar aon talamh, féadfaidh aon duine a bhfuil leas aige sa talamh, ar fhógra a thabhairt don údarás bóithre go bhfuil sin ar intinn aige, a iarraidh, aon tráth, ar an Aire a ordú an tsín tráchta a dhíchur.

(8) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (7) den alt seo, maidir le sín tráchta a soláthraíodh ar aon talamh, déanfaidh an tAire, tar éis dó an t-iarratas a bhreithniú, mar a leanas—

(a) diúltóidh sé don iarratas, nó

(b) más deimhin leis nach bhfuil gá réasúnach leis an tsín tráchta a sholáthar, ordóidh sé an tsín tráchta a dhíchur den talamh nó

(c) más deimhin leis gur cúis cruála gan riachtanas nó gan réasún an tsín tráchta a bheith soláthraithe san áit ina bhfuil sé, ordóidh sé an tsín tráchta a aistriú go dtí áit eile ar an talamh.

(9) I gcás ina dtabharfaidh an tAire ordú faoi fho-alt (8) den alt seo maidir le sín tráchta, déanfaidh an t-údarás bóithre a sholáthraigh an tsín tráchta de réir an ordaithe.

(10) Ní dhéanfaidh aon duine seachas údarás bóithre sín tráchta is féidir a fheiceáil ó bhóthar poiblí a sholáthar gan toiliú an Choimisinéara.

(11) Beidh áititheoir nó (i gcás talamh nach bhfuil áitithe) úinéir talún ar a soláthrófar sín tráchta contrártha d'fho-alt (10) den alt seo ciontach i gcion agus, in aon ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo agus d'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, toimhdeofar, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur duine seachas údarás bóithre a sholáthraigh an tsín tráchta gan toiliú an Choimisinéara.

(12) I gcás ina ndéanfaidh duine go toiliúil údarás bóithre a chosc nó a bhac agus iad ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar le fo-alt (6) den alt seo, nó má dhéanann sé, gan údarás dleathach, sín tráchta a soláthraíodh faoin alt seo a dhíchur, a aghalot nó a dhamáistiú i slí eile, beidh sé ciontach i gcion.

(13) Beidh na costais faoina rachaidh údarás bóithre ag soláthar sín tráchta do bhóthar poiblí ina gcuid de chostas cothabhála an bhóthair.

(14) Ní dhéanfaidh aon duine aon tsín, samhaltán, fógra ná solas nach sín tráchta a sholáthar, má bhíonn sé, nuair a bheidh sé soláthraithe, le feiceáil ó bhóthar poiblí agus—

(a) gur féidir go gceapfaí gur sín tráchta é,

(b) go bhfágfaidh sé gur deacra do lucht úsáidte bóithre é sín tráchta a soláthraíodh de réir an ailt seo a fheiceáil, nó

(c) má bhíonn sé ina bhacainn ar léargas lucht úsáidte bóithre poiblí ionas gur contúirt dóibh an bóthar.

(15) Beidh áititheoir nó (i gcás talamh neamháitithe) úinéir talún ar a soláthrófar sín, samhaltán, fógra nó solas contrártha d'fho-alt (14) den alt seo ciontach i gcion.

(16) I gcás ina ndéanfaidh údarás bóithre sín tráchta nach sín tráchta lena mbaineann rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo a sholáthar faoin alt seo, beidh sé de réir aon ordacháin ghinearálta nó áirithe a thabharfaidh an tAire ó am go ham.

(17) Aon tsín tráchta a bheidh arna soláthar faoi aon fho-alt d'alt 69 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , i dtosach feidhme an ailt seo, measfar gur faoin bhfo-alt comhréire den alt seo a soláthraíodh í.

(18) Maidir le sín tráchta ar bhóthar poiblí nó in aice leis, coimhdeofar in aon ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, gur go dleathach a feisteadh amhlaidh í agus go bhfuil sí de réir aon rialacháin, nó do réir aon ordacháin, faoin alt seo a bhaineann léi.

(19) Féadfar iarraidh nó toiliú ón gCoimisinéir faoin alt seo a shíniú ag oifigeach den Gharda Síochána a bheidh údaraithe chuige sin ag an gCoimisinéir.

(20) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoi fho-alt (11) nó faoi fho-alt (15) den alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh—

(a) nach é a sholáthraigh, agus nach lena thoiliú a soláthraíodh, an tsín tráchta, an tsín, an samhaltán, an fógra nó an solas lena mbainfidh an cúiseamh, agus

(b) gur chuir sé faoi deara é a dhíchur a luaithe ab fhéidir tar éis dó fios a fháil gur soláthraíodh é.

Patróláil áiteanna a dtéann leanaí scoile trasna bóithre poiblí.

96. —(1) Féadfaidh comhairle contae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile, le toiliú Choimisinéir an Gharda Síochána, a shocrú go ndéanfaidh daoine (dá ngairtear maoir tráchta san alt seo) a fhostóidh siad nó a ainmneoidh siad patról in áiteanna a dtéann leanaí scoile trasna bóithre poiblí.

(2) Féadfaidh maor tráchta cibé sin a bheidh forordaithe a thaispeáint á cheangal ar an trácht stad agus fanacht ina stad ionas go bhféadfaidh leanaí scoile dul trasna an bhóthair go sábháilte, agus stadfaidh an trácht agus fanfaidh sé ina stad dá réir sin an fad a bheidh an tsín ar taispeáint.

(3) An duine nach stadfaidh feithicil nó ainmhí nó nach gcoimeádfaidh ina stad é de réir fho-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(4) Ní bheidh an chumhacht a thugtar do mhaor tráchta le fo-alt (2) den alt seo infheidhmithe ach amháin má bhíonn cibé éide a bheidh forordaithe á caitheamh ag an maor.

(5) I gcás inar cuid de chontae aon bhuirg, ceantar uirbeach nó baile mór, measfar, chun críocha an ailt seo, nach cuid de limistéir feidhmiúcháin chomhairle an chontae an bhuirg, an ceantar uirbeach nó an baile.

(6) Aon duine a ghníomhaigh mar mhaor tráchta, toimhdeofar, in aon imeachtaí dlíthiúla, go dtí go suífear a mhalairt, gur de réir comhshocraíochtaí a rinneadh go cuí faoin alt seo agus de réir na rialachán chun críocha an ailt seo a ghníomhaigh sé amhlaidh.

(7) San alt seo—

ní fholaíonn “trácht” coisithe;

folaíonn “éide” aon bhall éadaigh, crios muinchille nó caipín.

Feithicil a bheidh fágtha nó tréigthe ar bhóthar poiblí.

97. —(1) I gcás ina bhfágfar feithicil ar bhóthar poiblí i suíomh gur cúis contúirte nó bacainne nó gur dóigh di a bheith ina cúis contúirte nó bacainne, do thrácht nó ina dtréigfear feithicil ar bhóthar poiblí, féadfaidh comhalta den Gharda Síochána an fheithicil a aistriú nó féadfaidh sé a chur faoi deara aon duine eile dá haistriú agus féadfaidh sé socrú a dhéanamh chun an fheithicil a stóráil.

(2) I gcás ina n-aistreofar feithicil de bhun an ailt seo íocfaidh úinéir na feithicle leis an gCoimisinéir cibé táille i leith an aistrithe a shonróidh an tAire Dlí agus Cirt le rialacháin.

(3) I gcás ina stórálfar feithicil de bhun an ailt seo íocfaidh úinéir na feithicle leis an gCoimisinéir cibé táille i leith na stórála is iomchuí de réir scála a shonróidh an tAire Dlí agus Cirt le rialacháin.

(4) Féadfar táille faoin alt seo a aisghabháil, mura n-íocfar í, mar fhiach gnáthchonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(5) Nuair a bheidh sé ag déanamh rialachán faoin alt seo, tabharfaidh an tAire Dlí agus Cirt aird ar an gcostas réasúnach a bhainfidh le feithiclí a aistriú agus a stóráil.

Bac tráchta a thoirmeasc.

98. —(1) Ní dhéanfaidh duine aon ghníomh (cibé acu trí ghníomh nó neamhghníomh) ar cúis é nó ar dóigh dó a bheith ina chúis le trácht trí aon áit phoiblí a bhac.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh go raibh údarás dleathach leis an ngníomh is ábhar don ghearán nó gur tionóisc dosheachanta ba chúis leis.

Toirmeasc ar ghreim a choimeád ar fheithiclí, nó dul in airde ar fheithiclí, gan údarás.

99. —(1) Ní choimeádfaidh duine greim ar fheithicil ná ní rachaidh in airde ar fheithicil ná isteach i bhfeithicil agus í ag gluaiseacht in áit phoiblí.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) I gcás ina gcúiseofar duine i gcion faoin alt seo, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh dó a shuíomh go raibh údarás dleathach leis an ngníomh is ábhar don ghearán nó, d'eile, go raibh cúis réasúnach eile leis.

Rothaithe ag coimeád greama ar fheithiclí eile.

100. —(1) Ní dhéanfaidh duine a bheidh ar dhárothach nó ar thrírothach in áit phoiblí greim a choimeád ar aon fheithicil eile (seachas rothar cos nach mbeidh á thiomáint ag aon duine) a bheidh ag gluaiseacht ná ní choimeádfaidh greim ar aon duine nó rud a bheidh ar fheithicil den sórt sin nó inti nó ceangailte di.

(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Údaráis áitiúla do sholáthar carrloc anna.

1878, c. 52.

1896, c. 54.

1925, Uimh. 5 .

101. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás sláintíochta de réir bhrí na nAchtanna Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1952;

ciallaíonn “carrloc” áit (nach cuid de bhóthar poiblí) chun feithiclí inneallghluaiste a locadh.

(2) Féadfaidh údarás áitiúil cibé carrloc nó cibé carrlocanna (agus slí chun an chéanna) a sholáthar is dóigh leo is gá chun brú tráchta a mhaolú nó a chosc.

(3) Féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, cabhrú le haon duine a sholáthróidh carrloc, agus féadfar an chabhair a thabhairt trí ranníoc airgid nó trí oibreacha a dhéanamh nó trí thalamh a dheonú no a léasadh.

(4) Chun críocha fho-alt (2) nó fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh údarás áitiúil, le toiliú an Aire, talamh ar bith a cheannach nó a ghlacadh ar léas, nó aon éasúint sa talamh nó thairis nó go dtí é a thógáil nó aon talamh a bheidh tógtha acu chun críche eile a úsáid.

(5) Beidh feidhm ag ailt 203, 214 agus 215 den Public Health (Ireland) Act, 1878, arna leasú le halt 8 den Public Health (Ireland) Act, 1896, agus ag alt 68 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 , maidir le húdarás áitiúil do thógáil talún faoin alt seo, ach leis an modhnú go bhféadfar na fógráin a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 203 den Public Health (Ireland) Act, 1878, a fhoilsiú mí ar bith agus go ndéanfar na fógraí a luaitear san fho-alt sin a sheirbheáil an chéad mhí ina dhiaidh sin.

(6) Forléireofar fo-alt (2) den alt seo mar alt a thugann d'údarás áitiúil—

(a) cumhacht, faoi réir thoiliú an Aire, chun foirgneamh a chur suas a úsáidfear ar fad nó go formhór chun feithiclí inneallghluaiste a locadh,

(b) cumhacht, faoi réir thoiliú an Aire, chun seomraí feithimh, seomraí cótaí agus áiseanna eile dá samhail a dhéanamh d'aon charrloc a sholáthróidh siad,

(c) cumhacht chun talamh a oiriúnú lena úsáid mar charrloc.

(7) Féadfaidh údarás áitiúil fodhlíthe a dhéanamh maidir le húsáid aon charrloic a sholáthróidh siad faoin alt seo, agus go háirithe, maidir le gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas:

(a) srian a chur leis na haicmí feithiclí a fhéadfar a ligean isteach sa charrloc;

(b) na táillí a shonrú a bhainfear amach as an gcarrloc a úsáid;

(c) na tréimhsí a shonrú a fhéadfaidh feithiclí fanacht sa charrloc.

(8) Bainfidh ailt 219 go 223 den Public Health (Ireland) Act, 1878, le fodhlíthe faoin alt seo díreach mar a bhaineann siad le fodhlíthe faoin Acht sin.

(9) I gcás ina dtiocfaidh údarás áitiúil ar an tuairim gur ceart an talamh a bheidh á úsáid le haghaidh carrloc a sholáthraigh siad faoin alt seo a úsáid chun críche eile chun ar féidir leo talamh a úsáid go dleathach, féadfaidh an t-údarás áitiúil úsáid na talún mar charrloc a fhoirceannadh.

(10) Aon údarás áitiúil a bheidh tar éis carrloc a sholáthar faoin alt seo, féadfaidh siad, le toiliú an Aire, an carrloc nó aon chuid de a dhíol le haon duine nó a léasadh chun aon duine faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo.

(11) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt as an Ród-Chiste faoi chomhair na gcostas faoina rachaidh údarás áitiúil faoin alt seo.