|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 37 de 1961. | ||
[EN] |
AN tACHT UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1961. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM THRÁCHT CUARTAÍOCHTA, 1939 GO 1959. [16 Lúnasa, 1961.]. | ||
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— | ||
[EN] |
Léiriú. |
1. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1952 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Bord” Bord Fáilte Éireann. | |
[EN] | (2) Forléireofar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1959, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. | |
[EN] |
Deontais nach mbeidh le haisíoc. |
2. —(1) Féadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a theastóidh ón mBord agus nach mó san iomlán ná cúig mhilliún punt a íoc leis an mBord ó am go ham as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] | (2) Ní bheidh suimeanna a íocfar faoin alt seo inaisíoctha. | |
[EN] | (3) Aon airgead a bheidh an tOireachtas tar éis a sholáthar nó a bheifear tar éis a íoc leis an mBord faoi alt 7 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1955 , an bhliain dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1961, measfar gur faoin alt seo a soláthraíodh nó a íocadh é, de réir mar a bheidh. | |
[EN] | (4) Aon suimeanna is iníoctha faoin alt seo leis an mBord is suimeanna iad i dteannta aon suimeanna is iníoctha leis an mBord faoi alt 2 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1959 . | |
[EN] |
Méadú ar chomhiomlán na ráthaíochtaí faoi Chuid III d'Acht 1952. |
3. —Leasaítear leis seo alt 18 d'Acht 1952 trí “cúig mhilliún punt” a chur in ionad “trí mhilliún punt” i bhfo-alt (1). |
[EN] |
Síneadh ar an teorainn ama chun ráthaíochtaí a thabhairt faoi Chuid III d'Acht 1952. |
4. —Leasaítear leis seo alt 21 d'Acht 1952 trí “cúig bliana déag ó dháta an Achta seo a rith” a chur in ionad “deich mbliana ó dháta an Achta seo a rith” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1957 ). |
[EN] |
Aisghairm. |
5. —Aisghairtear leis seo fo-alt (3) d'alt 18 d'Acht 1952, alt 7 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1955 , agus fo-alt (2) d'alt 3 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1957 . |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
6. —(1) Féadfar an tAcht um Thrácht Cuartaíochta, 1961 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1961, a ghairm de na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1959, agus den Acht seo le chéile. |