An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II An Chúirt Uachtarach, an Ard-Chúirt, an Príomh-Bhreitheamh, Uachtarán na hArd-Chúirte, an Phríomh-Chúirt Choiriúil agus an Chúirt Achomhairc Choiriúil) Ar Aghaidh (CUID IV An Chúirt Dúiche)

39 1961

ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961

CUID III

An Chúirt Chuarda

Mínithe (Cuid III.)

15. —Sa Chuid seo den Acht seo agus sa Tríú, sa Cheathrú agus sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

ciallaíonn “caingean” imeacht shibhialta sa Chúirt Chuarda a thionscnaítear le bille sibhialta;

ciallaíonn “cúis” aon chaingean, agra nó imeacht bhunaidh idir gearánaí agus cosantóir;

folaíonn “cosantóir” freagróir;

folaíonn “oidhreachtán neamhchorprach” éasúint agus ceadúnas i leith talún;

ciallaíonn “ábhar” aon imeacht sa Chúirt Chuarda nach imeacht i gcúis;

folaíonn “gearánaí” iarratasóir agus achainíoch;

folaíonn “imeachtaí” cúiseanna agus ábhair;

déanfar tagairtí don bhreitheamh do chuaird áirithe mar thagairtí don bhreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird sin;

ní fholaíonn “pearsantas” airnéisí réadacha;

folaíonn “talamh” oidhreachtáin neamhchorpracha;

ciallaíonn “rialacha cúirte” rialacha arna ndéanamh faoi alt 66 d'Acht 1924, mar a chuirtear chun feidhme é leis an Acht seo.

Líon gnáthbhreithiúna na Cúirte Cuarda.

16. —(1) Ochtar ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, más rud é, ar an dáta feidhme, go mbeidh naonúr gnáth-bhreitheamh sa Chúirt Chuarda, ansin, go dtí go dtarlóidh an chéad fholúntas in oifig bhreithimh den Chúirt Chuarda, is naonúr ar a mhéid an líon gnáth-bhreithiúna a bheidh sa Chúirt Chuarda.

Cáilíochtaí breithiúna na Cúirte Cuarda.

17. —(1) (a) Beidh Uachtarán na Cúirte Cuarda do láthair cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Cuarda agus, má bhíonn sé toilteanach oifig a ghlacadh, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Cuarda.

(b) Gach duine de na daoine (seachas Uachtarán na Cúirte Cuarda do láthair) is gnáth-bhreithiúna den Chúirt Chuarda do láthair díreach roimh an dáta feidhme, beidh sé cáilithe lena cheapadh ina ghnáthbhreitheamh den Chúirt Chuarda agus, má bhíonn agus fad a bheidh duine nó níos mó de na daoine sin ann atá toilteanach oifig a ghlacadh agus gan é nó iad a bheith ceaptha, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina ghnáth-bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

(c) Ní bhaineann míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo ach amháin le cáilíocht chéad-bhreithiúna na Cúirte Cuarda lena gceapadh.

(d) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) (a) Beidh duine atá de thuras na huaire ina abhcóide cleachtach agus seasamh deich mbliana ar a laghad ag an mBarra aige cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

(b) Chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, measfar gur cleachtadh ag an mBarra seirbhís, i gcás abhcóide, mar bhreitheamh den Chúirt Dúichedo láthair nó den Chúirt Dúiche.

(3) Beidh gnáth-bhreitheamh den Chúirt Chuarda cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Cuarda.

Aois scortha bhreithimh den Chúirt Chuarda.

18. —(1) Seachtó bliain an aois scortha do bhreitheamh den Chúirt Chuarda.

(2) D'ainneoin fo-alt (1) den alt seo, is dhá bhliain is seachtó an aois scortha do bhreitheamh den Chúirt Chuarda ba bhreitheamh den Chúirt Chuarda do láthair ar dháta Acht 1947 a rith.

Pinsin bhreithiúna na Cúirte Cuarda.

19. —(1) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le pinsin bhreithiúna na Cúirte Cuarda.

(2) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a chur as oifig toisc é a bheith ar míthreoir, measfar chun críche pinsin é a bheith tar éis scaradh lena oifig de dheasca buan-easláinte.

Na cuarda agus sannadh breithiúna do na cuarda.

20. —(1) Is iad na cuarda a bunaíodh faoi alt 16 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1953 a bheidh ina gcuarda chun críocha na Cúirte Cuarda.

(2) (a) Nuair a cheapfar duine ina bhreitheamh den Chúirt Chuarda, déanfaidh an Rialtas é a bhuansannadh do chuaird áirithe.

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, más rud é, ar an dáta feidhme, go mbeidh naonúr gnáth-bhreitheamh den Chúirt Chuarda ann ionas nach féidir, ar an mbuansannadh a dhéanamh den chéad uair faoin mír sin, duine de na breithiúna sin a bhuansannadh do chuaird áirithe, féadfaidh an Rialtas an breitheamh sin a bhuansannadh tráth ar bith do chuaird agus, go dtí go ndéanfar an buansannadh sin, féadfaidh Uachtarán na Cúirte Cuarda ó am go ham é a shannadh go sealadach do chuaird ar bith.

(c) I gcás breitheamh den Chúirt Chuarda a shannadh go sealadach faoi mhír (b) den fho-alt seo do chuaird, ansin, fad a bheidh an breitheamh sin sannta go sealadach amhlaidh, beidh aige, maidir leis an gcuaird sin agus i gcomhréim le haon bhreitheamh a bheidh buansannta faoi alt 10 d'Acht 1947 mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo don chuaird sin, na pribhléidí, na cumhachtaí agus na dualgais go léir a bheidh de thuras na huaire bronnta nó curtha de réir dlí ar bhreitheamh den Chúirt Chuarda a buansannadh don Chuaird sin.

(3) Aon bhreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh de thuras na huaire buansannta do chuaird áirithe, féadfaidh an Rialtas tráth ar bith, i gcás é do thoiliú chuige sin agus sa chás sin amháin, é a aistriú go cuaird eile, agus ar é a aistriú amhlaidh tiocfaidh sé chun bheith, agus beidh sé, buansannta don chuaird eile sin in ionad na cuarda céadluaite.

An Chúirt Chuarda ina cúirt taifid.

21. —Is cúirt taifid an Chúirt Chuarda.

Dlínse na Cúirte Cuarda, ach amháin in iarratais ag iarraidh archeadúnas nua agus i gcionta indíotáilte.

1871, c. 22.

22. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, beidh ag an gCúirt Chuarda, i gcomhréim leis an Ard-Chúirt, dlínse uile na hArd-Chúirte chun aon imeachtaí den chineál a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a éisteacht agus a chinneadh.

(b) Mura síneoidh na páirtithe riachtanacha sna himeachtaí i gcúis, roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn, an fhoirm thoilithe a ordaítear le rialacha cúirte, ní bheidh ag an gCúirt Chuarda, de bhua mhír (a) den fho-alt seo, dlínse chun aon chúis den chineál a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe a éisteacht agus a chinneadh sa chás a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(c) Ní bheidh ag an gCúirt Chuarda, de bhua mhír (a) den fho-alt seo, dlínse chun aon ábhar den chineál a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe a éisteacht agus a chinneadh sa chás a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.

(d) An dlínse a bheidh ag an gCúirt Chuarda chun imeachtaí den chineál a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe a éisteacht agus a chinneadh, is é an breitheamh den Chúirt Chuarda a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a oibreoidh í.

(e) I gcás oidhreachtán neamhchorprach a bheith i gceist in aon imeachtaí a mbeidh dlínse ina leith ag an gCúirt Chuarda de bhua an fho-ailt seo, déanfar tagairtí i gcolún (4) den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh a fhorléiriú mar thagairtí don chuaird ina bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh a bhfuil an t-oidhreachtán corprach ag gabháil leis nó ag éirí nó ag eisiúint as nó infheidhmithe ina leith.

(2) Beidh ag an gCúirt Chuarda agus oibreoidh sí, i gcomhréim leis an Ard-Chúirt, an dlínse in ábhair ghealtachta a tugadh d'Ard-Seansailéir na hÉireann le halt 68 den Lunacy Regulation (Ireland) Act, 1871, is é sin le rá, i gcásanna nach mó ná dhá mhíle punt luach na maoine atá ag an duine a líomhnaítear gur duine mímheabhrach é agus nach féidir leis a ghnóthaí féin a rialú nó nach mó ná céad punt sa bhliain an t-ioncam as an maoin sin.

(3) (a) Beidh ag an gCúirt Chuarda agus oibreoidh sí na dlínsí éagsúla—

(i) a bhí, faoi réim nó de bhua aon achtacháin dá bhfuil leagtha amach i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó aon achtacháin eile dílsithe do chathaoirligh sheisiún ceathrún, reacordairí, breithiúna cúirte contae, nó seisiúin cheathrún nó inoibrithe acu sin tráth, agus

(ii) a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe don Chúirt Chuarda do láthair nó inoibrithe aici.

(b) An dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda le mír (a) den fho-alt seo faoi aon achtachán dá bhfuil leagtha amach i gcolún (2) den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is é an breitheamh den Chúirt Chuarda a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a oibreoidh í.

(c) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú forálacha (nach mbeidh ar neamhréir le forálacha mhír (b) den fho-alt seo) a dhéanamh i dtaobh oibriú aon dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda le mír (a) den fho-alt seo ag breithiúna den Chúirt Chuarda go leithleach mar is dóigh leis is gá nó is cuí ag féachaint do na forálacha den Acht seo a bhaineann leis an gCúirt Chuarda agus le breithiúna na Cúirte Cuarda.

(d) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi mhír (c) den fho-alt seo beidh éifeacht aige agus measfar éifeacht a bheith aige riamh, má fhoráiltear amhlaidh san ordú, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach.

(4) (a) Gach reacht Briotanach dá luaitear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, beidh éifeacht aige faoi réir na n-oiriúnuithe a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua an reachta sin.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú oiriúnuithe (nach mbeidh ar neamhréir leis na hoiriúnuithe a dhéantar le mír (a) den fho-alt seo) a dhéanamh in aon achtachán (a bhfuil tagairt ann do na cúirteanna billí sibhialta, na cúirteanna contae nó na cúirteanna seisiún ceathrún, a bhí ann tráth, do na habhcóidí cúnta, na reacordairí, na breithiúna cúirte contae nó na cathaoirligh sheisiún ceathrún a bhí ann tráth nó d'oifigigh a bhí ann tráth do na cúirteanna sin) atá in aon reacht Briotanach nó in aon reacht de chuid Shaorstát Éireann mar is dóigh leis is gá nó is cuí ag féachaint do na forálacha den Acht seo a bhaineann leis an gCúirt Chuarda agus le breithiúna na Cúirte Cuarda.

(c) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi mhír (b) den fho-alt seo beidh éifeacht aige agus measfar éifeacht a bheith aige riamh, má fhoráiltear amhlaidh san ordú, amhail ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach.

(5) (a) Beidh ag an gCúirt Chuarda freisin an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Chúirt Chuarda do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(b) Aon dlínse áirithe a dhílsítear don Chúirt Chuarda le mír (a) den fho-alt seo, i gcás nach ndéantar foráil in aon achtachán a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo le haghaidh oibriú na dlínse sin ag breithiúna na Cúirte Cuarda go leithleach, oibreofar í ag breithiúna na Cúirte Cuarda go leithleach sa tslí a fhoráiltear le rialacha cúirte.

(6) Déanfaidh an Chúirt Chuarda, maidir le haon chúis chaingne a bheidh faoina dlínse de thuras na huaire ,in aon imeachtaí a bheidh os a comhair—

(a) cibé faoiseamh, sásamh ón leigheas nó teaglaim leigheasanna, a dheonú, go hiomlán nó go coinníollach, agus

(b) cibé éifeacht agus a shamhail d'éifeacht a thabhairt do gach foras cosanta nó fritéileamh, dlíthiúil nó cothromasach,

ba chóir don Ard-Chúirt a dheonú nó a thabhairt ina shamhail de chás agus ar mhodh chomh hiomlán fairsing céanna.

(7) Gan dochar d'aon dlínse a thugtar leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, beidh ag an gCúirt Chuarda cumhachtaí astaithe, gairnisithe agus idirphléadála, agus beidh aici gach cumhacht (lena n-áirítear cumhacht chun glacadóir a cheapadh) a bheidh fo-ghabhálach le haon dlínse is inoibrithe aici.

(8) Féadfaidh páirtí ar bith i gcaingean a tionscnaíodh sa Chúirt Chuarda agus a bheidh ar feitheamh inti a iarraidh tráth ar bith ar an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a mbeidh an chaingean ar feitheamh os a chomhair a thabhairt go gcuirfear an chaingean ar aghaidh go dtí an Ard-Chúirt agus air sin, más caingean í atá oiriúnach chun a triailte san Ard-Chúirt agus go ndealraíonn sé gurb í an Ard-Chúirt an binse is mó is iomchuí sna himthosca, féadfaidh an breitheamh sin an chaingean a chur ar aghaidh go dtí an Ard-Chúirt ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh costas nó eile a fheicfear dó a bheith cóir, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh ag géilleadh nó ag diúltú d'aon iarratas den sórt sin.

(9) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, ar iarratas ó aon pháirtí nó as a threoir féin, más cuí leis é, an láthair le haghaidh triail aon chaingne a bheidh ar feitheamh as a chomhair a aistriú le hordú ó áit éisteachta amháin go dtí aon áit éisteachta eile laistigh dá chuaird, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh den Chúirt Chuarda ag déanamh aon ordaithe den sórt sin nó ag diúltú é a dhéanamh.

(10) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, ar iarratas ó aon pháirtí i gcaingean a mbeifear tar éis cuid di a éisteacht an chuid eile nó cion ar bith den éisteacht a aistriú go dtí láthair eile laistigh dá chuaird nó laistigh de chuaird Bhaile Átha Cliath, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh ag géilleadh nó ag diúltú d'aon iarratas den sórt sin.

(11) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda, lasmuigh dá chuaird, aon iarratas a éisteacht agus a chinneadh a bhfuil cumhacht aige é a éisteacht agus a chinneadh laistigh den chuaird sin agus ar dóigh leis gur ceart déileáil leis mar ghnó práinne.

(12) I gcás—

(a) ina mbeidh caingean ar feitheamh os comhair breithimh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire do chuaird áirithe, agus

(b) ina n-iarrfaidh aon pháirtí sa chaingean sin an chaingean sin a aistriú go cuaird eile lena héisteacht ag an mbreitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird eile sin,

féadfaidh an breitheamh céadluaite sin, le toiliú an bhreithimh eile sin, an chaingean sin a aistriú dá réir sin agus air sin éistfidh agus cinnfidh an breitheamh eile sin an chaingean sin, agus beidh ábhar achomhairc ann faoi alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, i gcoinne chinneadh an bhreithimh chéadluaite ag géilleadh nó ag diúltú d'aon iarratas den sórt sin.

(13) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda éisteacht aon imeachtaí a bheidh os a chomhair a chur ar atráth go dtí aon chúirt eile laistigh dá chuaird.

(14) Féadfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda aon orduithe a measfaidh sé práinn a bheith leo a dhéanamh taobh amuigh de chúirt.

(15) (a) D'ainneoin aon ní atá i gCuid IV d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, ní bheidh aon ábhar achomhairc ann i gcoinne aon chinneadh ón gCúirt Chuarda in aon imeachtaí i gcúis más rud é, sula dtugtar an bhreith, go gcomhaontóidh na páirtithe, i scríbhinn faoina lámha, gur cinneadh críochnaitheach a bheidh ann.

(b) Ní gá stampa ar chomhaontú faoi mhír (a) den fho-alt seo.

Dlínse Bhreitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí i gcúiseanna aimiréalachta agus i bhféimheacht.

1959, Uimh. 2 .

23. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Cuaird Chorcaí” an chuaird den Chúirt Chuarda arb é atá inti contae agus contae-bhuirg Chorcaí;

ciallaíonn “Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí” an breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire do Chuaird Chorcaí.

(2) (a) Beidh Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí, agus suífidh sé, ina chúirt aimiréalachta áitiúil (dá ngairtear an Chúirt san fho-alt seo) ar a dtabharfar Cúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí.

(b) Beidh ag an gCúirt, laistigh de Chuaird Chorcaí maille leis na codanna den fharraige lena hais agus laistigh de theorainn forimeallach na bhfarraigí teorann, de réir bhrí an Achta um Dhlínse Mhuirí, 1959, an dlínse i gcúiseanna aimiréalachta a bhí, díreach roimh thosach feidhme Chuid II d'Acht 1924, inoibrithe ag Reacordaire Chorcaí tráth.

(c) Is é Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí a oibreoidh dlínse na Cúirte.

(d) Bainfidh alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, le gach breithiúnas nó ordú a thabharfaidh an Chúirt.

(3) (a) Beidh Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí, agus suífidh sé, ina chúirt féimheachta áitiúil (dá ngairtear an Chúirt san fho-alt seo) ar a dtabharfar Cúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

(b)   Beidh ag an gCúirt, maidir le haon duine a bhfuil cónaí air nó oifig nó áit ghnó aige i gCuaird Chorcaí agus is féichiúnaí nó duine a n-iarrtar é a bhreithniú ina fhéimheach nó ina fhéichiúnaí comhshocraíochta, dlínse, cumhacht agus údarás i bhféimheacht agus maidir le comhshocraíocht le creidiúnaithe agus le himshocraíocht i ndiaidh féimheachta mar a bheidh de thuras na huaire dílsithe don Ard-Chúirt nó inoibrithe aici.

(c) Is é Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí a oibreoidh dlínse na Cúirte.

(d) Bainfidh alt 38 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é leis an Acht seo, le gach breithiúnas nó ordú ón gCúirt.

(4) Beidh éifeacht ag fo-ailt (6) agus (7) d'alt 22 den Acht seo ionann is dá mbeadh ar na tagairtí iontu don Chúirt Chuarda tagairtí do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

(5) Bainfidh fo-ailt (8), (11), (14) agus (15) d'alt 22 den Acht seo le himeachtaí i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus i gCúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

(6) (a) Na tagairtí a dhéantar san fho-alt seo d'alt 25 (a bhaineann le tarchur nó aistriú caingne atá ar feitheamh san Ard-Chúirt) d'Acht 1924 is tagairtí iad don alt sin, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo agus arna leasú le halt 11 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é amhlaidh agus le halt 13 d'Acht 1953, mar a chuirtear chun feidhme é amhlaidh.

(b) Bainfidh alt 25 d'Acht 1924 le caingne aimiréalachta atá ar feitheamh san Ard-Chúirt agus a d'fhéadfaí a thionscnamh i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí, agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt sin don Chúirt Chuarda a fhorléiriú mar thagairtí do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí.

(c) Bainfidh alt 25 d'Acht 1924 le caingne féimheachta atá ar feitheamh san Ard-Chúirt agus a d'fhéadfaí a thionscnamh i gCúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí, agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt sin don Chúirt Chuarda a fhorléiriú mar thagairtí do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

Dlínse na Cúirte Cuarda in iarratais ag iarraidh archeadúnas nua.

24. —(1) San alt seo tá an bhrí chéanna le “ar-cheadúnas” atá leis sna hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960.

(2) Beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda i ngach cás ina n-iarrfar ar-cheadúnas nua.

(3) Is é an breitheamh don chuaird ina bhfuil an t-áitreabh a n-iarrfar an t-ar-cheadúnas nua ina leith a oibreoidh an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo.

(4) Nuair a dheonóidh an Chúirt Chuarda ar-cheadúnas nua faoin alt seo, ansin, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, ní gá an ceadúnas a dhaingniú ag suí ar bith den Chúirt Chuarda ina dhiaidh sin.

Dlínse na Cúirte Cuarda i gcionta indíotáilte.

1939, Uimh. 10 .

1939, Uimh. 13 .

1926, Uimh. 1 .

1926, Uimh. 45 .

25. —(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh ag an gCúirt Chuarda agus beidh inoibrithe aici gach dlínse maidir le cionta indíotáilte a bheidh dílsithe de thuras na huaire sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus féadfar gach duine a thabharfar go dleathach os comhair na Cúirte Cuarda in oibriú na dlínse sin a dhíotáil os comhair na Cúirte Cuarda agus a thriail agus, má chiontaítear é, pianbhreith a chur air ag an gCúirt Chuarda dá réir sin.

(2) Beidh an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda le fo-alt (1) den alt seo gan réim maidir le tréas, le cion faoi alt 2 nó 3 den Acht Tréasa, 1939 , le cion faoi alt 6, 7 nó 8 den Acht um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 , le dúnmharú, le hiarracht ar dhúnmharú, le comhcheilg chun dúnmharú a dhéanamh, nó le píoráideacht, lena n-áirítear cion ag cúlpháirtí roimh an ngníomh nó ina dhiaidh.

(3) Is é an breitheamh don chuaird ina ndearnadh an cion nó inar gabhadh nó ina gcónaíonn an cúisí a oibreoidh an dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda le fo-alt (1) den alt seo.

(4) In alt 6 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1926 , mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, agus i bhfo-alt (1) d'alt 14 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , déanfar na tagairtí d'alt 53 d'Acht 1924 a fhorléiriú mar thagairtí d'fho-alt (3) den alt seo.

Aistriú trialacha i gcásanna coiriúla ag breitheamh den Chúirt Chuarda.

26. —(1) Féadfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda, más cuí leis é, triail saincheiste coiriúla a aistriú ón áit ina chuaird inar gá de réir dlí í a bheith ar bun go dtí áit ar bith eile sa chuaird sin, agus, sa chás sin, cuirfear an triail ar bun san áit chun a n-aistreofar í maille le giúiré arna tharraingt ón gceantar giúiré nó ón limistéar eile a bheidh ordaithe le haghaidh trialacha ag an gCúirt Chuarda agus í ina suí san áit deiridh sin.

(2) I gcás ordú a dhéanfaidh breitheamh den Chúirt Chuarda faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) ní fhéadfar an t-ordú a dhéanamh ach ar iarratas ón Ard-Aighne nó ó chúisí,

(b) féadfaidh foráil a bheith ann i dtaobh ábhar atá fo-ghabhálach nó teagmhálach leis an aistriú, agus

(c) is ordú críochnaitheach neamh-inachomhairc a bheidh ann.

Dlínse a bheith le hoibriú de bhun rialacha cúirte (an Chúirt Chuarda, Cúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus Cúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí).

27. —(1) An dlínse a dhílsítear don Chúirt Chuarda, do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí faoi seach nó is inoibrithe ag na Cúirteanna sin faoi seach de bhua an Achta seo déanfar, chomh fada agus a bhaineann le pléadáil, cleachtas agus nós imeachta i gcoitinne, lena n-áirítear dliteanas i leith costas, í a oibriú ar an modh a fhoráiltear le rialacha cúirte, agus más rud é, maidir le dlínse Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus Cúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí, nach mbeidh aon fhoráil sna rialacha sin agus fad nach mbeidh aon riail ann ina taobh, oibreofar í chomh dlúth agus is féidir é leis an modh ina bhféadfadh Reacordaire Chorcaí tráth í a oibriú.

(2) Is é an t-údarás déanta rialacha don Chúirt Chuarda is údarás déanta rialacha do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí freisin.