An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961) Ar Aghaidh (CUID II Maireachtáil Cúiseanna Caingne Áirithe tar éis Bháis)

41 1961

AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfarna hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1959, agus de Chuid VI den Acht seo le chéile.

Léiriú i gcoitinne.

1936, Uimh. 40 .

1957, Umih. 6.

2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht um Aer-Loingseoireacht agus Aer-Iompar, 1936 ;

ciallaíonn “Reacht na dTréimhsí” Reacht na dTréimhsí, 1957 ;

folaíonn “gníomh” mainneachtain nó neamhghníomh eile;

folaíonn “caingean” frithéileamh agus imeachtaí ar mhodh eadrána;

folaíonn “aon achtachán cinnteachta eile” ailt 31, 46 agus 48;

folaíonn “féimheach” féichiúnaí comhshocraíochta;

folaíonn “féimheacht” comhshocraíocht faoi ordú ón gcúirt el haghaidh tearmainn;

ciallaíonn “éagóracha comhthráthacha” éagóracha a rinne daoine ar éagóiritheoirí comhthráthacha ina leith iad;

ciallaíonn “conradh” conradh faoi shéala nó conradh béil;

ciallaíonn “ranníocóir” duine atá faoi dhliteanas, nó a líomhnaítear a bheith faoi dhliteanas, ranníoc a dhéanamh;

ciallaíonn “cúirt”, maidir le haon éileamh, an chúirt nó an t-eadránaí ag a mbeidh, nó ar ina láthair a bheidh, an t-éileamh le cinneadh;

folaíonn “damáiste” caillteanas maoine, ciorrú saoil agus díobháil phearsanta;

folaíonn “damáiste”, ach amháin i gCuid IV, cúiteamh mar gheall ar shárú iontaobhais;

folaíonn “cosantóir” cosantóir i bhfrithéileamh;

ciallaíonn “duine díobháilte” duine a ndearnadh éagóir ina aghaidh;

tagraíonn “faoi dhliteanas” do dhliteanas dlíthiúil cibé acu atá nó nach bhfuil sin inchurtha i bhfeidhm trí chaingean;

folaíonn “mainneachtain” sárú dualgais reachtúil;

folaíonn “díobháil phearsanta” aon ghalar agus aon dochar do staid choirp nó mheabhrach duine, agus forléireofar “díobháilte” dá réir sin;

folaíonn “gearánaí” cosantóir ag frithéileamh agus cosantóir ag éileamh i gcoinne comhchosantóra trí fhógra nó ar shlí eile;

folaíonn “tríú páirtí” ceathrú páirtí agus páirtí ina dhiaidh sin;

ciallaíonn “éagóir” tort, sárú cúnaint nó sárú iontaobhais, cibé acu is é an duine ar cuireadh an éagóir ina leith nó duine a bhfuil sé freagrach ina ghníomhartha a rinne an gníomh, agus cibé acu is coir freisin an gníomh nó nach ea, agus cibé acu ba éagóir intinniúil an éagóir nó nárbh ea;

folaíonn “éagóir ag an gcosantóir”, más ionadaí pearsanta an cosantóir, éagóir ag an éagach a bhfuil an duine faoi dhliteanas ina leith mar ionadaí pearsanta;

ciallaíonn “éagóiritheoir” duine a rinne éagóir nó atá freagrach ar shlí eile in éagóir.

(2) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna chur chun feidhme le haon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

Tagairtí d'Achtanna aisghairthe a fhorléiriú.

3. —Déanfar tagairt in aon achtachán d'aon Acht a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú mar thagairt don Acht seo.

Cosaint.

4. —(1) Ní bheidh éifeacht ag aon ní san Acht seo maidir le haon chúis chaingne a d'faibhrigh roimh dháta an Achta seo a rith.

(2) Ní thabharfaidh aon ní san Acht seo—

(a) go mbeidh aon chomhaontú slánaíochta inchurtha i bhfeidhm nach mbeadh inchurtha i bhfeidhm dá mba nár ritheadh an tAcht seo, ná

(b) go ndéanfar difir do chumhacht na cúirte chun bac a chur ar imeachtaí ar mí-úsáid de phróis na cúirte iad.

Aisghairm.

5. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3), ach amháin maidir le cásanna a chosnaítear le halt 4.