An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta) Ar Aghaidh (CUID III Locht Comhthráthach)

41 1961

AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961

CUID II

Maireachtáil Cúiseanna Caingne Áirithe tar éis Bháis

Réamhráiteach

Míniú (Cuid II).

1934, Umih. 9.

6. —Sa Chuid seo ciallaíonn “cúis chaingne eiscthe”—

(a) cúis chaingne mar gheall ar shárú gealltanais pósta nó ar chlúmhilleadh nó ar mheabhlú nó ar chéile amháin a aslú chun an céile eile a fhágáil nó chun fanúint ar leithligh ón gcéile eile nó ar chaidreamh collaí, nó

(b) aon éileamh ar chúiteamh faoin Acht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934.

Cúiseanna caingne a bhí dílsithe do dhuine atá tar éis bháis

Maireachtáil cúiseanna caingne áirithe a bhí dílsithe do dhuine atá tar éis bháis.

7. —(1) Ar dhuine d'fháil bháis ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, leanfaidh na cúiseanna caingne uile (seachas cúiseanna caingne eiscthe) a bhí dílsithe dó de bheith ar marthain chun tairbhe a eastáit.

(2) Más rud é, de bhua fho-alt (1) den alt seo, go mairfidh cúis chaingne chun tairbhe eastáit duine éagtha, ní dhéanfar damáistí eiseamláireacha, ná damáistí mar gheall ar aon phian nó fulaingt nó díobháil phearsanta nó mar gheall ar chiorrú saoil nó sonais nó laghdú ar dhóigh saoil nó sonais, a áireamh ar na damáistí is inghnóthaithe chun tairbhe eastát an duine sin.

(3) Más rud é—

(a) go mairfidh cúis chaingne de bhua fho-alt (1) den alt seo chun tairbhe eastát duine atá tar éis bháis, agus

(b) gurbh iad na himthosca ba bhun leis an gcúis chaingne sin a thug bás an duine sin,

déanfar na damáistí is inghnóthaithe chun tairbhe a eastáit a ríomh gan tagairt d'aon chaillteanas nó brabach a bhain dá eastát de dhroim a bháis, ach amháin go bhféadfar suim a áireamh i leith caiteachais adhlactha.

(4) Na cearta a thugtar leis an alt seo chun tairbhe eastát duine atá tar éis bháis is cearta iad de bhreis ar na cearta a thugtar do chleithiúnaithe daoine atá tar éis bháis le Cuid III d'Acht 1936 agus le Cuid IV den Acht seo.

Cúiseanna caingne a bheidh ar marthain i gcoinne duine a bheidh tar éis bháis

Maireachtáil cúiseanna caingne áirithe a bheidh ar marthain i gcoinne duine a bheidh tar éis bháis.

8. —(1) Ar dhuine d'fháil bháis ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, leanfaidh na cúiseanna caingne uile (seachas cúiseanna caingne eiscthe) a bheidh ar marthain ina choinne de bheith ar marthain i gcoinne a eastáit.

(2) I gcás inar fulaingíodh damáiste mar gheall ar aon ghníomh a mbeadh cúis chaingne ar marthain ina leith i gcoinne duine ar bith dá mba rud é nach bhfuair sé bás sular fulaingíodh nó san am céanna a fulaingíodh an damáiste, measfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, go raibh ar marthain ina choinne roimh a bhás cibé cúis chaingne i leith an ghnímh sin a bheadh ar marthain dá mba rud é gur tar éis an damáiste a fhulaingt a fuair sé bás.

Teorainn ama le cúiseanna caingne a mhairfidh i gcoinne eastát duine a bheidh tar éis bháis.

9. —(1) San alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse chinnteachta a ordaítear le Reacht na dTréimhsí nó le haon achtachán cinnteachta eile.

(2) Ní bheidh aon imeachtaí inchothaithe maidir le cúis chaingne ar bith a bheidh ar marthain i gcoinne eastát duine a bheidh tar éis bháis mura rud é—

(a) gur tionscnaíodh imeachtaí ina choinne maidir leis an gcúis chaingne sin sa tréimhse iomchuí agus go raibh siad ar feitheamh ar dháta a bháis, nó

(b) go dtionscnófar imeachtaí maidir leis an gcúis chaingne sin laistigh den tréimhse iomchuí nó laistigh de thréimhse dhá bhliain tar éis a bháis, cibé tréimhse acu is túisce a rachaidh in éag.

Dócmhainneacht eastáit arb inchothaithe imeachtaí ina choinne.

10. —I gcás eastát arb inchothaithe imeachtaí ina choinne a bheith dócmhainneach, measfar aon dliteanas maidir leis an gcúis chaingne arb inchothaithe na himeachtaí ina leith a bheith ina fhiach is inchruthaithe i riaradh an eastáit, d'ainneoin gurb éileamh é ar mhodh damáistí neamhleachtaithe a d'éirigh ar shlí seachas trí chonradh nó gealltanas.