2 1962


Uimhir 2 de 1962.


AN tACHT PÍOLOTAÍOCHTA (LEASÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN PILOTAGE ACT, 1913. [21 Feabhra, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Mínithe.

1913, c. 31.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta ;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Pilotage Act, 1913.

Dleachtanna píolótaíochta i leith longa áirithe atá eiscthe ó phíolótaíocht éigeantach.

2. —(1) I gcás—

(a) aicme áirithe longa a bheith faoi réir phíolótaíocht éigeantach i gceantar píolótaíochta áirithe an lú lá d'Eanáir, 1961, agus

(b) fodhlí faoin bPríomh-Acht a bheith i bhfeidhm ag eisiamh na haicme sin longa ó phíolótaíocht éigeantach sa cheantar sin,

féadfaidh údarás píolótaíochta an cheantair sin, le fodhlí, a cheangal go n-íocfar dleachtanna píolótaíochta i leith aon loingseoireachta sa cheantar sin ag longa den aicme sin chun dul isteach in aon chalafort sa cheantar nó amach as nó é a úsáid agus, an fad a bheidh fodhlí faoin alt seo i bhfeidhm i leith longa d'aon aicme, measfar, chun críocha alt 49 den Phríomh-Acht, gur longa a bhfuarthas seirbhísí píolótaí ceadúnaithe dóibh longa den aicme sin.

(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 17 den Phríomh-Acht maidir le fodhlíthe arna ndéanamh faoin alt seo sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm acu maidir le fodhlíthe arna ndéanamh faoin bPríomh-Acht.

Alt 17 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Leasaítear leis seo alt 17 (a bhfuil foráil ann le haghaidh údaráis phíolótaíochta do dhéanamh fodhlíthe) den Phríomh-Acht trí “and in respect of ships of a class which was subject to compulsory pilotage in the district on the 1st day of January, 1961, and which is exempted from compulsory pilotage by bye-law made under section 11 of this Act” a chur isteach i mír (f) d'fho-alt (1) i ndiaidh “licensed pilot”.

Fodhlíthe áirithe faoin bPríomh-Acht a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4. —Má thugann fodhlí a dhéanfaidh údarás píolótaíochta faoin bPríomh-Acht díolúine ó phíolótaíocht éigeantach i gceantar píolótaíochta an údaráis d'aicme longa nár ghnás a bheith díolmhaithe ó phíolótaíocht éigeantach sa cheantar sin ar dháta an Phríomh-Achta a rith agus go ndaingneoidh an tAire an fodhlí sin, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an fodhlí a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an fhodhlí, beidh an fodhlí ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin bhfodhlí.

Aisghairm.

5. —Aisghairtear leis seo an coinníoll a ghabhann le fo-alt (4) d'alt 11 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme.

6. —(1) Féadfar an tAcht Píolótaíochta (Leasú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1952, agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1962, a ghairm den Acht seo agus de na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1952, le chéile.

(4) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.